Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Thar Cailc


le Mícheál Ó Ruairc


‘Ach bhí sé de chiall agam féin agus Séamas Mór ár bhfiacla a ní ar maidin agus ár n-éadaí a athrú chun boladh an óil agus an tobac a ruaigeadh.’

——◊——
Tháinig an scéal aniar-aduaidh orainn an mhaidin sheaca úd sa seomra foirne. Ba í bean Uí Thuama, Fáidh an Bhrátha í féin, a nochtaigh an scéal dúinn. Chroitheamar ár gcinn go hamhrasach.

‘Máthair Thomáis Mhic Chuilinn básaithe!’

‘An ag magadh atá tú?’

‘Nach rabhas ag labhairt leis an mBráthair Ó Néill anois díreach!’ ar sise ina tuin mhilis, phlámásach Chorcaí. ‘Dúirt sé gur cailleadh aréir í. Fuair sé an scéala ó dheirfiúr Thomáis. Bhí sí ag gol is ag caoineadh ar an teileafón. Ba ar éigean a raibh ar a chumas í a thuiscint bhí sí chomh trína chéile sin. An cailín bocht!’

Cheapas féin go bpléascfainn amach ag gáire. Chaoch mé súil ar Shéamas Mór a bhí suite trasna an bhoird uaim agus cuma na póite air. Thugas sonc sna heasnacha don Loingseach a bhí suite leath ina chodladh taobh liom. Ba bheag nár léim sé as a chraiceann leis an ngeit a baineadh as.

D’imigh Bean Uí Thuama léi faoi dheifir go dtí a seomra ranga a bhí suite thuas ar bharr an tí.

‘Cad is dóigh libh?’ d’fhiafraigh Séamas Mór dínn.

‘An seanscéal céanna go deo deo!’, mar a déarfadh Peig!’ arsa an Loingseach.

‘Ní dóigh liom é,’ arsa Séamas Mór. ‘Measaim go bhfuil bunús leis an scéal an babhta seo. Sin rud amháin nach ndéanfadh sé. Bhí sé féin agus a mháthair ag ithe as béal a chéile. Bheadh eagla air a leithéid a dhéanamh.’

‘N’fheadar mé,’ arsa mise, ‘nach minic cheana féin a dhein sé é. Cad a chuirfeadh cosc air é a dhéanamh arís?’

‘Mar nach bhfuil fágtha sa saol aige anois ach a dheirfiúr Ursula.’

‘Dá mba mise Ursula,’ arsa mise, ‘bheinn ag amharc taobh thiar díom! Ní fada eile a mhairfidh sí siúd ach an oiread!’

‘Ní aontaím leat, a Dhónaill,’ arsa Séamas Mór. ‘Ní haon amadán é Tomás. Tuigeann sé go maith go ndéanfadh an Bráthair Ó Néill an turas ó thuaidh an babhta seo.’

Dhírigh an Loingseach é féin sa chathaoir. Shearr sé é féin. Leagfadh an boladh óil óna anáil capall bhí sé chomh láidir sin. Ní nach ionadh agus an triúr againn sa Bhróg go dtí a haon ar maidin. Ach bhí sé de chiall agam féin agus Séamas Mór ár bhfiacla a ní ar maidin agus ár n-éadaí a athrú chun boladh an óil agus an tobac a ruaigeadh.

‘An turas ó thuaidh go dtí Port Rois! An as do mheabhair atá tú, a Shéamais? Ó bhí an taom croí aige ní raghadh sé chomh fada le Baile an Mhistéalaigh gan trácht ar Phort Rois. Tar éis an tsaoil níor dhein sé an turas nuair a cailleadh athair Thomáis agus bhí sé i mbarr na sláinte ag an am sin. Anuas air sin beidh na bóithre sleamhain ar feadh na seachtaine de bharr an tseaca.’

Sheas Séamas Mór an fód.

‘Níor mar a chéile iad. An uair gur bhásaigh an t-athair bhí retreat ar siúl do lucht na séú bliana amuigh i mBaile Bhuirne agus ní chaillfeadh sé é sin ar ór ná ar airgead. Táimse á rá libh gur scéal fíor é an babhta seo.’

Bhí orm gáire a dhéanamh. D’fhéach Séamas Mór orm go míchéadfach.

‘Ar aon nós,’ ar seisean go cantal­ach, ‘muna dtéann sé féin ann cuirfidh sé an leasphríomhoide ina áit.’

Chroith an Loingseach a cheann go searbhasach agus dhein gáire tur, fonóideach.

‘Ó Floinn ina áit! Is maith a thuigeann Tomás meon an amadáin sin. Tá a obair bhaile déanta ag Tomás agus déanta go maith aige. Bhí an bheirt acu suite le chéile san áit ina bhfuilimidne anois an tseachtain seo caite. Bhí Ó Floinn sceimhlithe ina bheatha nuair a chuir Tomás ar a shúile dó go mbíonn comhaltaí den UDA fós ag crochadh thart faoin teorainn ag faire ar charr­anna ón Deisceart agus é i gceist acu slad a dhéanamh orthu. D’fhliuchfadh Ó Floinn a bhríste dá mbeadh air dul i bhfoisceacht scread asail den teorainn, gan trácht ar thiomáint an bealach ar fad ó Bhóthair an Ghlaisín go dtí tóin poill Aontroma.’

Ach ní raibh Séamas Mór réidh le géilleadh fós ná baol air.

‘Cad faoin nglaoch gutháin mar sin? Nár chuala sibh Bean Uí Thuama ag rá go bhfuair an Bráthair Ó Néill glao gutháin ó dheirfiúr Thomáis ar maidin? Cruthaíonn sé sin go bhfuil an fhírinne á hinsint aige, nach gcruthaíonn?’

Chroitheas mo cheann arís go díchreidmheach.

‘Ní chruthaíonn sé tada, a Shéamais, a bhuachaill. Tar éis an tsaoil, cuireadh glaonna ar an scoil nuair a cailleadh a sheanmháthair, a sheanathair, a aintíní, a uncailí, a cholcheathracha go léir agus gach comharsa atá aige ó Chúil Raithin go Port Rois. Gan trácht ar a athair, ar ndóigh, ….’

‘… atá ina steillebheatha thuas san áit sin i gcónaí!’ arsa an Loingseach go scigmhagúil. ‘Chualas ar Raidió na Gaeltachta é an lá cheana agus é ag caint faoi chúrsaí iascaireachta i Loch Feabhail agus chan sé ‘Gleanntán Glas Gaoth Dobhair’ sular bhailigh sé leis go dtí Rascals Bar nó pé áit a ólann sé a chuid ­piontaí thuas ansin. Nach aisteach mar nach bhfuair oiread agus duine amháin acu bás nuair a bhí an scoil seo dúnta. Cailleadh a bhformhór acu ar an Domhnach freisin. Nach aisteach!’

Ach bhí greim daingean ag Séamas Mór ar an gcnámh i gcónaí agus ní raibh sé chun scaoileadh leis go héasca.

‘D’fhostaigh sé aisteoir mar sin chun an glao a dhéanamh! An é sin atá á rá agaibh liom? Chuaigh sé síos go dtí an Everyman agus d’fhostaigh sé aisteoir chun an gníomh a chur i gcrích, an ea? Ag a hocht a chlog ar maidin!’

Níor cheapas riamh go raibh Séamas Mór chomh saonta sin.

‘Féach, a Shéamais,’ arsa mise. ‘seo mar atá. Tá Tomás ag siúl amach le cailín as Baile an Locha le roinnt míonna anuas. Alcólach eile cosúil leis féin. Bhuaileas léi ina theannta istigh i dtigh tábhairne An Spailpín Fánach coicís ó shin. An bheirt acu ólta. Ise ag déanamh óinseach di féin os comhair an tsaoil agus an inchinn sa leathcheann aici agus í ag déanamh aithris ar thuineacha an Tuaiscirt. Thabharfá an leabhar gur rugadh agus gur tógadh i mBéal Feirste í. Bí cinnte siúráilte de gurbh í a bhí ar an bhfón chuig an mBráthair Ó Néill ar maidin agus mo dhuine caite taobh léi gan aithne gan urlabhra.’

Lig sé osna chléibh.

‘Má’s mar sin a tharla sé is uafásach an scéal é,’ ar seisean go feargach. ‘ Tá sé tar éis dul ró-fhada leis mar scéal an babhta seo. Nach bhfuil náire ar bith air? Éinne a dhéanfadh rud mar sin ba chóir é a chaitheamh isteach i bpríosún. Is geall le dúnmharfóir é. Tá sé imithe thar ­teorainn ar fad leis.’

I gcoinne mo thola, phléascas amach ag gáire.

An phóit a bhí orm ba chúis leis, ar ndóigh. Ar a laghad bhí ar mo ­chumas gáire amach os ard anseo sa seomra foirne. Dá mbeinn istigh sa rang os comhair na mbligeard bheadh orm srian a chur ar m’fhonn gáire trí líomóg a bhaint as mo ­cholpa nó smaoineamh ar dhul a luí le Bean Uí Thuama nó rud éigin den tsórt sin, Dia idir sin agus gach anachain!

‘Sea,’ dúirt mé, ‘tá sé imithe thar teorainn ceart go leor, thar cailc leis, mar a déarfá!’

‘Thar cailc!’

Bhlais Séamas Mór na focail agus dhein meangadh beag gáire ach b’in a raibh ann. Ní dóigh liom go ndeachaigh m’imeartas focal i gcion ar cheachtar acu. De bharr na tuirse agus na póite a bhí orthu bheadh sé fánach ag Niall Tóibín féin a bheith ag iarraidh gáire a bhaint astu. Iad chomh dúr leis an mbus go mBaile na mBocht!

‘Go teicniúil is dúnmharfóir é,’ arsa an Loingseach agus rian na feirge anois ina ghuth. ‘Cé mhéad atá curtha chun báis aige faoin am seo? Deichniúr? Dáréag? Níos mó? Is brealsún ceart é ach níl éinne sásta seasamh suas agus an fhírinne a nochtadh. Ní fheicfear thar n-ais anseo é go ceann seachtaine ar a laghad. Agus, an bhfuil fhios agaibh an rud is measa ar fad faoin rud go léir?’

Chroitheamar ár gcinn.

‘Go mbeidh orainne a chuid rang­anna a thógaint dó faid is atá sé siúd thuas in Aontroim le pé straoill atá ag crochadh as …’

Ghearras féin isteach air.

‘… Aontroim mo thóin! Níl sé ach thíos an bóthar uainn ar Shráid na Beairice ar chaol a dhroma ag srann­tarnach, a dhuine! Ach, a leaideanna, nach bhfuil féith an ghrinn ar bith ionaibh? Nach bhfeic­eann sibh an taobh greannmhar den scéal? Dhéanfainn féin an rud ­céanna dá mbeadh sé de mhisneach agam. Tógann sé misneach chun do mhuintir ar fad a mharú ar mhaithe le bheith as láthair ón scoil, nach dtógann?’

‘Gan amhras,’ d’fhreagair an Loingseach, ‘ach ag an am céanna nach gceapann tú go bhfuil sé thar a bheith truamhéalach. Caithfidh go dtuigeann an Bráthair Ó Néill agus an gamall sin Ó Floinn an scéal. Ní amadáin chríochnaithe iad.’

Ní raibh aon mhaolú tagtha ar racht Shéamais Mhóir.

‘Ceapaim go bhfuil an rud ar fad mínáireach! Má tá fadhb óil aigesan ní hé mo chúramsa é a ranganna a thógaint agus a ualach a iompar aon uair go …’

Sula raibh an abairt críochnaithe aige, bhuail an cloigín amuigh sa dorchla.

Ba bheag nár scoilt géire agus mí­bhinneas na fuaime mo chloigeann tinn ina dhá leath.

D’éiríomar inár seasamh agus thosaíomar ag bailiú ár gcip is ár meanaí le haghaidh ranga.

Thart timpeall orainn bhí na múinteoirí eile ar an dóigh chéanna linne ag ullmhú le haghaidh sclábhaíocht an lae. Laistigh de nóiméad bhí scaip­eadh na mion-éan ann agus ní raibh duine ná deoraí fágtha sa seomra foirne ach mé féin.

Ar mo bhealach amach an doras chonac go raibh an rúnaí tagtha ar an láthair agus liosta á chrochadh aici ar chlár na bhfógraí.

Ní raibh as láthair ach Tomás.

Chonac go raibh m’ainmse agus ainm an Loinsigh breactha air.

Bheadh an Loinseach ag líonadh isteach dó roimh am dinnéir. Ní raibh sé sin ró-dhona.

Bheinnse ag tógaint ranga dó ag a fiche tar éis a trí. An rang deir­eanach. Rang 6C. An rang ba mheasa agus ba thrioblóidí sa scoil. Murach san bheinn saor ag a fiche chun a trí agus d’fhéadfainn dul abhaile agus dul a luí dom féin don tráthnóna. Ach anois bheinn gafa anseo go dtí a ceathair a chlog. Agus an scéal céanna ar feadh na seachtaine.

Bhí an ceart ar fad ag Séamas Mór.

Bhí sé tar éis dul thar cailc ar fad leis an babhta seo.

Ar mo bhealach síos an dorchla chonac an Bráthair Ó Néill chugam. Bhí sé ar tí dul isteach ina oifig.

Thugas sracfhéachaint timpeall orm. Ní raibh duine ná deoraí eile farainn.

Dheineas cinneadh ar an toirt.

Ar ndóigh, ní ligfinn a dhath orm faoin gcinneadh sin don mbeirt eile.

Bheannaíos dó go milisbhriathrach.

‘Dia dhuit ar maidin, a Bhráthair. ‘Bhfuil aon seans ann go bhféadfainn labhairt leat, murar mhiste leat?’

‘Is féidir cinnte, a Dhónaill. Isteach linn i m’oifig ar feadh nóiméid.’

Feasta, Bealtaine 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais