Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Comhluadar na Leabhar 4
Eolas ar leabhair agus imeachtaí litríochta
le Cathal Póirtéir,

a chuireann an clár ‘Comhluadar na Leabhar’ i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ Raidió 1.


Contests and Contexts. The Irish Language and Ireland’s Socio-economic development le John Walsh. Re-imagining Ireland, vol 15. Clúdach bog. 472 lch. Peter Lang €50.

Ní nós linn aird a thabhairt ar leabhair Bhéarla ar Chomhluadar na Leabhar, ach baineann an saothar nua seo le John Walsh go dlúth le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Foilsitheoir acadúil idirnáisiúnta is ea Peter Lang agus tá lorg an léinn le tabhairt faoi deara ar gach leathanach den leabhar. Is léir go bhfuil an taighde déanta go paiteanta, ach don duine nach bhfuil cleachtaithe le teanga agus modhanna an léinn ar an leibhéal seo, bíonn saothar nach beag i gceist lena léamh. Sin ráite, tá an t-uafás eolais bailithe le chéile ag John Walsh anseo agus is iontach an saothar tagartha é ar an-chuid gnéithe de stair chultúrtha na hÉireann.

Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, é John Walsh agus tréimhsí caite aige roimhe seo ag léachtóireacht in Ollscoil Chathair Átha Cliath, leis an Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus le RTÉ agus TG4. Go bunúsach is tráchtas dochtúireachta é seo agus tá an leabhar dírithe ar phobal acadúil idirnáisiúnta go príomha, go háirithe, déarfainn, ar dhaoine a bhfuil sainspéis acu i gcúrsaí forbartha agus sochtheang­eolaíochta. Bheadh súil ag an údar go mbeadh an ­leabhar seo ina thús téagartha plé ar go leor ceist­eanna a bhaineann leis an Ghaeilge agus na bealaí le hathmhacnamh a dhéanamh ar a luach do phobal na Gaeltachta agus do phobal na tíre, mar acmhainn eacnamúil, cultúrtha agus pobail.

Níl dabht ar bith ann ná go gcuirfidh cuid de phobal na Gaeilge spéis anseo fosta. Bíodh is gur scríobhadh é do dhaoine nach mbeadh tuiscint acu ar an Ghaeilge nó ar a seasamh in Éirinn, tá éacht déanta ag an údar i gcruinniú an eolais a theastaíonn uaidh lena argóint a dhéanamh.

Cuireann Walsh roimhe anseo modheolaíocht na sochtheangeolaíochta agus na forbartha a úsáid leis an cheangal idir an Ghaeilge agus cúrsaí forbartha socheacnamúil na hÉireann a scrúdú, le fáil amach an bhfuil siad ceangailte le chéile ar aon bhealach substaint­iúil a d’fhéadfadh bheith ina chuidiú i bhforbairt na tíre ar bhealach nár tuigeadh go hiomlán i gceart go dtí seo.

Ní féidir a cheart a thabhairt do leabhar mór acadúil i nóta gairid mar seo, ach is fiú an pobal léitheoireachta a chur ar an eolas faoi, agus cead ag saineolaithe agus saoithe a mbreith a thabhairt in áiteanna eile.

Tá ráiteas leis an Ollamh J.J. Lee aige mar thúsphointe don taighde seo, agus tugann sé an léitheoir ar thuras tríd an litríocht a bhaineann leis an ábhar trí chéile. Léiríonn sé go raibh smaointeoirí na hathbheochana cultúrtha sa naoú céad déag den tuairim go raibh an ceangal seo ann, ach nár cruthaíodh é sin in aon bhealach eolaíochtúil. Léiríonn sé fosta go ndearna lucht scríofa na staire anseo neamhaird ar cheisteanna faoin athrú mór teanga a tharla in Éirinnn, nó díspeag­adh ar an teoiric go bhféadfadh ceangal deimhneach bheith ann idir an Ghaeilge agus forbairt ­socheacnamúil.

Chuir Walsh chuige, mar sin, scrúdú a dhéanamh ar an cheist mhór sin tré scrúdú eolaíochtúil a dhéanamh ar fhorbairt eacnamúil agus cultúrtha i gcás-staidéir ó cheantair Ghaeltachta agus ó phobal Gaeilge i mBéal Feirste. Chuige sin chruthaigh sé creatlach teoiriciúil. Tarraingníonn sé ar mhórán modhanna éagsúla mar chuidiú le gléas oiriúnach a chruthú don tionscnamh seo: cur chun cinn na teanga mionlaí; forbairt soch-eacnamúil; fás eacnam­úil agus nua-aoisíocht. Tá teoiricí ó shain­eolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ó dhiscipliní éagsúla anseo, figiúirí oifigiúla, anailís agus tuairimíocht nua ón údar féin.

Éiríonn leis a chruthú go bhfuil ceangal láidir agus leathan idir an Ghaeilge agus cúrsaí forbartha taobh istigh de phobal na teanga in Éirinn. Léiríonn sé fosta go bhfuil deiseanna nár tapaíodh i gceart go fóill chun tuilleadh forbartha a dhéanamh, ina mbeadh an Ghaeilge mar acmhainn phobail againn agus muid ag iarraidh teacht ar dhóigheanna le saol inmharthanach a chruthú sna blianta corracha atá romhainn.

Breandán Ó Doibhlinn
Manuail de Litríocht na Gaeilge, 1750-1850 Maidneachan?

Éacht agus acmhainn de chineál eile atá curtha i gcrích ag Breandán Ó Doibhlinn le foilsiú Faisicil 6 de Mhanuail de Litríocht na Gaeilge, 1750-1850 Maidneachan? (Bog, 313 lch. Coiscéim €10).

Is é seo an ceann deireanach den tsraith seo a chuir rogha Uí Dhoibhlinn as litríocht na Gaeilge le 500 bliain anuas ar fáil dúinn. Má tá teacht ag lucht léinn ar na foinsí uilig atá anseo i leabharlanna na gcoláistí tríú leibhéal, ní heol dom aon áit eile gur féidir leis an ghnáth-léitheoir teacht ar a oiread de sheoda ó litríocht na Gaeilge, curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu.

Tá na foilsitheoirí Coiscéim i gcomhpháirt leis an Doibhlineach sa tionscnamh tábhachtach seo ó 2003 i leith, nuair a foilsíodh an chéad faisicil ‘Ar Imeall an Choncais, 1500’, inar roghnaigh criticeoir Mhá Nuad seánraí filíochta agus próis le léiriú a thabhairt dúinn ar shaintréithe agus ilghnéitheacht litríocht na tréimhse, agus ar thábhacht na Gaeilge d’aon tuiscint ceart ar stair chultúrtha na hÉireann. Tá réamhrá, sanasán oibre agus moltaí do bhreis léitheoireachta tugtha i ngach imleabhar aige leis an turas litríochta agus aoiseanna a éascú dúinn.

Tá mórán dá bhfuil bailithe le chéile agus curtha in eagar aige dúinn sa tsraith seo úrnua domsa, agus déarfainn do mhórán eile. Má tá cuid de ar eolas againn roimhe seo, is ró-mhinic na foinsí as cló nó deacair teacht orthu don léitheoir neamh­acadúil. Má bhí fhios agam go raibh Beatha Cholm Cille ann, bhí mé dall ar Leabhar Ser Marco Polo, cuir i gcás.

Sna himleabhair ina dhiaidh sin thug sé faoi rogha a dhéanamh ó thréimhsí eile: Litríocht linn an Choncais, 1536-1616; An ‘Lá idir dhá Shíon’, 1616-1641; Faisicil IV, 1641-1704, Díshealbhú; Faisicil V, 1704-1750, An Dubhaois agus, an ceann deireanach, 1750-1850, Maidneachan.

De réir mar atá na tréimhsí faoi chaibidil aige ag tarraingt níos cóng­araí dár n-aois féin, is mó den ábhar atá roghnaithe aige a aithním féin, go háirithe na hamhráin agus an fhilíocht phearsanta atá bailithe le chéile i gcnuasaigh eile thar na blianta. Domsa, is iad na sleachta próis agus na dánta nach bhfaca mé riamh na hiontais is mó go bhfuil mé faoi chomaoin aige as iad a chur in eagar, agus a gcomhthéacs liteartha agus stairiúil a mhíniú dúinn.

Ba chóir go mbeadh na sé leabhar seo de Mhanuail de Litríocht na Gaeilge in achan leabharlann mhór agus bheag. Is taisce dochreidte iad a léiríonn chomh ­hilghnéitheach agus iontach is atá litríocht na Gaeilge, agus chomh dall is atá cuid againn ar an oidhreacht shaibhir sin. Tá ár mbuíochas ó chroí tuillte ag an eagarthóir agus ag an fhoilsitheoir araon.

Feasta, Bealtaine 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais