Dánta le
Peadar Ó hUallaigh
Niamhracht
Ar thairseach na ndúl atáim
idir tír agus sáile ar Bhinn na Tine
le gealadh an lae is faide sa bhliain.
Cuan an Chaoil ina shuan laistíos.
Solas Cheann Léime anoir
fós ag splancadh roimhe.
Seo chugam cosán flannbhuí gréine
ag scalladh amach
thar mhoing mara
ó Bhéal na Sionainne siar.
Na faillte géara mar a bhfuilim
á lasadh le loinnir.
Thuas ar imeall an domhain
leagaim leathchois stuama
ar charraig na beatha,
an leathchois eile
in uiscí na síoraíochta.
Siar i bhfad sa tsáile
síneann cruth íseal ar íor na spéire,
oileán diamhair na Brasaíle
a théaltaíonn isteach
i réimse radhairc
cothrom an ama seo
uair gach seachtú bliain.
Dreapann rothaí na gréine
thar na Branair
agus Más an Tiompáin,
gúna órga na féile á spré
abhus ar dhroim Cheann Sibéal.
Beannaíonn magairlíní meidhreacha
ina seoda corcra dom,
sciollaim na móna ina seoda glébhuí,
na ceannabháin bhána
ina n-eirmín maorga
is mise im’ rí anseo
in ard an tsamhraidh.
Sléacht
Tá an t-oighear leáite
agus léirscrios an tseaca
le feiscint máguaird.
Na céadta d’éinibh leagtha
ar lár le linn an fhuachta.
A gcroibh righne in airde
feadh an chósta thiar.
Deargáin sneachta
ar an gcuid is mó a luíonn sínte,
smóilíní na mbunchleití rua,
díbeartha ina n-ealtaí
ó Chríocha Lochlainne
is ó choilltibh na dtíortha thuaidh
ag fiántas na doininne.
Easpa bídh agus díobháil dí
a scrios na truáin thraochta.
Locháin uisce ina leaca reo.
Gan faic na ngrást rompu
i gCeann Sléibhe ag a’ deireadh
ach an mhórmhuir scáfar
gan taise gan trócaire.
Feasta, Bealtaine 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo