Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Comóradh Céid an Éirí Amach - -

In Eagarfhocal na míosa seo caite rinneamar tagairt ag a dheireadh do chomóradh céid an Éirí Amach faoi cheann cúig bliana. Ní don chéad uair é bhíomar ag fiafraí céard go díreach a bheadh á chomóradh againn.

Ní rabhamar ar aon chor ag súil go mbeadh an Irish Times ar an bport céanna le halt fada ag a dtuairisceoir polaitiúil, Stephen Collins, dár teideal: Any mature look back at 1916 must honour Redmond.

Aon fhadhb faoin spéir ní bheadh againn le John Redmond a chomóradh, ach oiread le haon duine eile a rinne leas na tíre seo mar a rinne sé siúd. Ó thaobh na staire agus an réalachais, rithfeadh linn go mbeadh easord áirithe i gceist sa mhéid go raibh codarsnacht mhór mhillteach idir an cineál Éireann a bhí mar mhian ag ceannairí an Éirí Amach agus a bhí ag Redmond.

Bheadh cúpla rud le rá againn freisin nuair a luann Collins ‘disowning democratic values in favour of the cult of the gun’ agus in áit eile ‘the concept of blood sacrifice and political martyrdom as promulgated by Pádraig Pearse’.

B’fhada an Páirtí Parlaiminteach ag feitheamh le Home Rule, agus tanaí go maith a bhí an daonlathas sa leagan de a bhí ar fáil ón rialtas thall i Londain, gan trácht ar an ionramháil a bhí ar siúl ag na Caomhaigh, agus i measc lucht airm na Breataine. Má bhí Home Rule ar Leabhar na Reachtaíochta, bhí go leor a bhí in amhras faoina raibh le tarlú tar éis an chogaidh.

Maidir leis an íobairt fola agus an Piarsach is maith is eol do staraithe go raibh an nóisean céanna go mór chun cinn sa Bhreatain agus ar fud na hEorpa ag an am. Go deimhin, bhí sé in úsáid i mbolscaireacht pholaitíochta na linne chun fir óga a mhealladh isteach sna hairm éagsúla a raibh sléacht á dhéanamh orthu i bpáirceanna áir an Chogaidh Mhóir. Ba cheist é cé ba mhó a b’fhiú an íobairt a dhéanamh sna páirceanna sin mar a mhol an Réamonnach, agus mar a rinne a dheartháir féin, nó troid san Éirí Amach ar shráideanna Átha Cliath.

Thar aon ní, níorbh ionann an Éire a bhí ar aigne ag an Réamonnach mar chuid dhílis d’Impireacht na Breataine agus an tír a shamhlaigh lucht an Éirí Amach. Mar a dúradh go coitianta bhí siadsan tar éis dul ar scoil go Conradh na Gaeilge agus bhí fis eile ar fad acu — an fhís chéanna a bhí ag teachtaí tofa an phobail a ­bhunaigh an chéad Dáil i mBaile Átha Cliath i 1919.

Gan amhras tá díospóireacht oscailte bríomhar riacht­anach agus dianmhachnamh ar an fhealsúnacht a spreag an tÉirí Amach, agus cá bhfios nach mbeadh spreagadh ann dúinn sna laethanta dorcha seo. Bheadh súil againn nach tuairimíocht smolchaite a bheadh i gceist, leithéid an tagartha sa chéad abairt in alt an Choileánaigh, ina luann sé dúnmharú chonstábla de chuid an PSNI le déanaí mar chuid d’oidhreacht an Éirí Amach.

Feasta, Bealtaine 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo