Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Tuarascáil Nyberg agus Eile le Seán Ó Loingsigh
Nach bhfuil seans éigin ann, pé beag nó mór é, go mbeadh daoine á gcúiseamh sna cúirteanna ar ball, agus go bhféadfadh siad a mhaíomh go raibh dochar déanta dá gcás ?
****************
Faoin am seo ní haon ionadh rómhór é clampar ar na meáin chumarsáide nuair a thagann tuarascáil eile an treo chun a mhíniú dúinn conas a tharla ár dtubaistí baincéireachta agus airgeadais. Tháinig an ceann is déanaí ó shaineolaí ón bhFionlainn darb ainm Peter Nyberg agus bhí an ceann seo dírithe ar ár mórthubaist baincéireachta.
Is féidir a rá láithreach bonn go raibh an clampar níos mó an dreas seo ná nuair a tháinig tuarascálacha eile ó dhaoine mar Regling agus Wright agus ceann ónár Rialtóir Airgeadais féin. B’fhéidir go bhfuil ceann éigin fágtha ar lár ansin. Tá sé ag éirí níos deacra cuntas a choinneáil orthu.
Ag an bpointe seo níl na tuarascálacha ag cur mórán lenár n-eolas maidir le conas mar tharla ár ndroch-chaoi, agus thar aon ní eile cé hiad go díreach a bhí ciontach ann. Ainmneacha a bhí ag teastáil ó na tráchtairí agus tuairisceoirí. Mo léir, ní raibh siadsan le fáil. Cén mhaith dúinn a bheith ag liostáil arís na ‘gnáth abhrastaigh’. Nach maith is eol dúinn iad, agus faoi fhaillí agus neamhéifeacht na bpolaiteoirí, na státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais, an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais agus, ar ndóigh, na boic mhóra sna bainc féin.
Ach i gcás na tuarascála seo bhí níos mó ná san i gceist. Ní hiadsan amháin atá luaite a bhí ciontach. Bhíomar ar fad amhlaidh — sinne an pobal mór! Nár dheacair cur suas leis sin agus nár shíleamar go raibh de bhaint againn leis an ndrochghnó ach go rabhamar thíos le mí-iompar agus faillí an dreama úd. É sin ar fad, tar éis dúinn ár ndiúite poiblí a dhéanamh agus bata agus bóthar a thabhairt d’Fhianna Fáil agus na Glasaigh!
Ba dheacair go leor cur suas leis an scaipeadh ciontachta agus milleáin, ach bhí sé thar fóir ar fad nuair a luaigh Nyberg nach raibh lucht na meán cumarsáide féin saor ar fad ó locht. Cén fáth nár fhógair siad ‘stop’ le linn bhlianta úd na meala, nuair a bhí oiread sin baothchainte faoin tír a bheith báite le hairgead. Is dócha leis go bhfuil macallaí anseo dá raibh le rá ag ambasadóir na Gearmaine faoi phobal na tíre seo cúpla bliain ó shin agus a rabhamar ag tagairt do an mhí seo caite.
Thuigfí go mbeadh go leor nach mbeadh sásta le scaipeadh seo an mhilleáin, ach d’féadfaí a bheith in amhras go bhfuil Nyberg le cáineadh toisc nár ainmnigh sé daoine a bheadh ciontach inár bhfadhbanna baincéireacha. Nach mbeadh sé sin as ord? Nach bhfuil seans éigin ann, pé beag nó mór é, go mbeadh daoine á gcúiseamh sna cúirteanna ar ball, agus go bhféadfadh siad a mhaíomh go raibh dochar déanta dá gcás de bhrí iad a bheith luaite nó ciontaithe i dtuarascáil dá leithéid seo.
Ní hiad lucht na meán cumarsáide amháin atá ag cur díobh faoin tuarascáil seo agus faoi chinn eile roimis. Tá na státseirbhísigh, na hard-státseirbhísigh go háirithe, míshásta go maith freisin agus a gcumann ionadaíochta gnóthach á gcosaint, pé ar na meáin chlóite nó ar raidió agus teilifís.
Ní hamhlaidh go raibh tuarascálacha á gcáineadh amach díreach faoi conas a d’fheidhmigh siad le linn na mblianta rabairneacha, nó cén chomhairle a chuir siad nó nár chuir siad ar an rialtas. Bheadh sé níos gaire don fhírinne a rá go raibh na tuarascálacha chomh lagmholtach go mba ionann é agus cáineadh. Bhí siad ag cogarnaíl nuair ba chóir dóibh a bheith ag béiceach amach go hard, nó ní raibh aon taifead i scríbhinn a léireodh go raibh aon fhainic curtha acu, nó go raibh aon mhór-imní orthu faoin treo ar a raibh polasaithe an rialtais dírithe.
Bhí sé seo ag teacht le húsáid an fhocail ‘seirbhíseach’ ina n-ainmníocht, focal a thabharfadh le tuiscint nach raibh freagracht ar bith orthu seachas ordaithe a máistrí polaitíochta a chur i bhfeidhm, agus go mba mhó go mór ar a gcompord iad ag oibriú beagnach faoi chlúid.
Is féidir go bhfuil an idirbheartaíocht idir ard-státseirbhísigh agus airí rialtais casta agus caolchúiseach go maith, ach dá mbeadh an idirbheartaíocht sin chomh lagfheidhmiúil leis an gcaidreamh idir an seirbhíseach agus an máistir, tá na fadhbanna inár gcóras riaracháin níos mó ná mar a shíleamar. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás na Roinne Airgeadais, agus i gcás Roinn an Taoisigh a bhfuil a thábhacht méadaithe go mór le roinnt blianta.
Is minic tagairtí déanta ó thosaigh ár ngéarchéim do leasaithe atá riachtanach inár gcórais pholaitiúla agus riaracháin, ach is féidir go bhfuil fadhb le réiteach anseo atá chomh práinneach le haon cheann dár bhfadhbanna iomadúla eile. B’fhéidir nach bhfuil riachtanach ach na státseirshísigh a theacht amach as na cúlseomraí, agus go mbeadh soiléiriú agus níos mó oscailteachta ann maidir leis an gcaidreamh atá idir iad agus na polaiteoirí.
Bhí an t-iar-aire airgeadais Brian Ó Luineacháin ar an BBC le déanaí ag caint faoin idirbheartaíocht a bhí idir é féin agus an triúracht drochthuarach sin ón Aontas Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, sula dtáinig siad i gcabhair orainn, más é sin a dheineadar, maidir lenár bhfadhbanna airgeadais a bhfuil oiread cainte déanta orthu cheana féin.
Ar an gcéad dul síos nach aisteach gur ar an BBC a bhí sé. An raibh sé ag déanamh ráitis de chineál éigin sa mhéid sin féin? Pé ní, bhí sé soiléir nach sásta a bhí sé lena chuid idirbheartaíochta, ná leis an dream a raibh sé ag plé leo. Mura ndúirt sé amach díreach gur chuir siad cluain air bhí sé cóngarach go leor dó, ach go háirithe i gcás fheidhmeannaigh an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Bhí sé soileir go raibh a lán ionramhála ar siúl i ndeireadh an fhómhair seo caite le linn an idirphlé a bhí ar siúl ag an rialtas anseo leis na hinstitiúidí seo a luadh, maidir leis an easnamh sa bhuiséad agus ár bhfadhbanna bainc. Ní raibh fonn dá laghad ar an rialtas géilleadh nach raibh ar a gcumas dul i gcionn ar na fadhbanna san gan dul i muinín iasachtaí na triúrachta, mar a rinne an Ghréig roimhe sin agus an Phortaingéil ó shin. Is cosúil nach raibh fhios ag airí sa rialtas go raibh san le tarlú, agus iad ar a gcroí díchill á shéanadh go dtí an nóiméad deiridh.
Ní hé go raibh aon bhonn lena raibh ar siúl ag an rialtas nó go bhféadfadh aon duine a rá nach raibh siad ciontach ina gcuid fadhbanna féin. Ach fós tá drochbhlas ar an scéal seo. Is de bharr a raibh ar bun gur tháinig scaoll orthusan thar lear a raibh airgead i dtaisce i mbainc anseo acu, agus é urraithe ag an Stát ina theannta sin. D’fhág na billiúin agus na billiúin na bainc anseo laistigh de sheachtain agus bhí port an rialtais seinnte.
Ba léir gur maith a tuigeadh san Aontas Eorpach, ach go mór mór sa Bhanc Ceannais sa Bhruiséal, gur mar sin a tharlódh, ach i dtuairim an Bhainc b’fhearr mar sin é, agus go mbeadh slam maith úis gearrtha ar an airgead a bheadh le haisíoc againn. Admhaítear go bhfuil an ráta úis seo níos airde ná mar atá riachtanach nó réasúnta.
Is mór an t-ábhar imní don tír seo agus do thíortha eile cosúil linn san Aontas Eorpach ról an Bhainc Cheannais Eorpaigh sa ghnó seo. Tá sé soiléir anois gur institiúid neamhspleách atá ann atá saor go huile ó smacht an Aontais féin. Níl aon bhaint ag daonlathas leis an ngnó, agus is beag an mhaith do dhaoine mar Joe Higgins thall sa pharlaimint i Strasbourg a bheith ag rá nach raibh an tAontas féin saor ó mhilleán maidir lenar tharla anseo.
Is beag an mhaitheas ach oiread a bheith ag rá gur airgead ó thíortha an Aontais a bhí á chaitheamh chomh rabairneach sin ag na bainc anseo, agus nach i ngan fhios don Bhanc Ceannais sa Bhruiséal a bhí sé sin ag tarlú. Ní mór a rá arís eile nach amhlaidh atáthar ag déanamh aon leithscéal maidir leis an fhaillí agus mí-éifeacht a léirigh na húdaráis anseo sa ghnó ar fad. Gan amhras tá ceachtanna le foghlaim againn.
Ach tá na dea-laethanta thart gan bhréag, agus tá an tAontas athraithe. Mar a dúradh cheana, is beag a bhíonn le clos ón gCoimisiún nó ó uachtarán an Choimisiúin Barroso. Is í Angela Merkel is mó a dheineann an chaint, cé go gceadaítear corrfhocal do Sarkozy na Fraince. Is léir go dtuigeann siadsan an ról tábhachtach atá ag an mBanc Ceannais i gcúrsaí na hEorpa, agus nach bhfaigheann siad aon locht air.
****************
Tá scéala díreach tar éis teacht go bhfuil Osama Bin Laden curtha de dhroim an tsaoil tar éis deich mbliana a bheith caite sa tóir air. Bua mór ar fad atá ann, a deirtear linn, don Saor-Dhomhan agus do na Stáit Aontaithe. Thuigfeá dó san, i gcás an rialtais i Washington go háirithe. Is dócha gur bua siombalach nó bolscaireachta is mó atá ann.
Is cosúil go raibh sé ina chónaí mar a bheadh seanleaid ar a phinsean i dtigh mór millteach i mbruachbhaile gar do Islamabad. Níl sé inchreidte nach raibh fhios ag na húdaráis sa Phacastáin go raibh sé ann. Cad a chiallaíonn sé sin?
Níl sé soiléir ach oiread cad a chiallaíonn sé ar an leibhéal domhanda, ach i gcás síochána sa MheánOirthear go háirithe, agus i gcás na cogaíochta in aghaidh Ioslaim i gcoitinne. Is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh uachtarántachta Barack Obama agus, ar ndóigh, dá dhara téarma oifige.
Tá cogaíocht athraithe go mór. ‘Assassination’ an téarma a úsáidtear i mBéarla maidir leis an marú seo. ‘Feallmharú’ atá againn sa Ghaeilge. Is cosúil nach bhfuil aon cheist ná gur uirlis nó modh inghlactha agus dlistineach cogaíochta atá ann. B’fhéidir go bhfuil téarma nua de dhíth orainn sa Ghaeilge.
Feasta, Bealtaine 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|