Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Scéilín Cruthanta

le Muiris Ó Meára


(Guinnesses1:1)
An Paratéacs
‘Tá trí ní nár mhún an dreoilín don bhfarraige riamh: Ciall, Steámar agus Múnlach.’
(Banna Céilí an Oidhe Tulla, 1 Feabhra,1979).
An Cruthú: An Dara hInsint ar Fhocal J

I dtús báire, ní raibh na daoine atá thuas leis anois suas agus ní raibh na daoine atá thíos leis anois síos agus fásach folamh a ba ea an talamh. Bhí grá ag na huaisle dos na hísle agus bhí grá ag na hísle dos na huaisle agus bhí Macushla seal thíos thuas ar Mhatúsalach anns a’ mhaidin. Deirtear go raibh dorchadas ar aghaidh Uí Dhuibheagáin san am seo, leis, ach níl cruthú ar bith ann- ó neamh go hÁrainn - níl cruthú ar bith posaibhíteach againn le sin. Ba shin an chéad mhaidin. Agus bhí sin amhlaidh.

I dtús báire, an mhaidin sin, san am fadó, bhí Cydoimus suite go ciúin ar bhruach na habhann ag éisteacht leis an scéal cruthanta seo. Ní raibh náire ná mairg ná scáth fearthainne ná aon luid éadaigh eile ar an Dia glórach seo san am sin mar ní raibh deora náireacha na díle tithe ón spéir anuas go fóill. Anuas ar sin, ní raibh filíocht ar bith sa bhith bhraonach. Ach chuirfeadh Cydoimus aithne agus bitheolas ar fhilíocht na nGael in am is i dtráth. Bhí sé sa tairngreacht go bhfhoilseofaí an crann faoi bhláth dó ar shleasa Shliabh Síonaí. Bhí sé sa tairngreacht, chomh maith, go mbeadh an chraobh ag dul dó nuair a thitfeadh an crann smola ar a cheann. Agus bhí sé sa tairgnreacht, leis, go mbeadh úll ar an gcraobh agus dá mblaisfeadh Dia an t-úll san, thitfeadh sé i Lug an Lagair Láithreach. Scéal thairis, áfach, mar ní raibh aithne ag éinne ar úlla san am sin óir ní raibh domhantharraingt suas san aer go fóill.

Pé acusan é, bhí Cydoimus ag cíoradh a chuid gruaige agus cúpla ceist eile i lár na caithre an mhaidin chlapshoilseach seo ach go háirithe. Nuair a bhraith sé túis an scéala seo ina pholláirí, áfach, thosaigh Dia na glóraí ag liúireach go Liútarach Léatarach Láithreach. Ní mó ná sásta a bhí Dia leis an túis seo, dhealródh, agus dhein sé cíor thuathalach as na ribí gruaige a bhí ina gcolgsheasamh ar a cheann.

Iar sin- nuair a bhí Dia ciúnaithe ábhairín -chuir an Dia glórach fios ar Sheáinín Rua. Nuair a fuair Seáinín gaoth an fhocail ó Dhia na glóraí tháinig sé chuige ar nós na gaoithe. Nuair a ráinig Seáinín an fásach duibheagánch mar a raibh Dia suite chonaic sé Cydoimus sa gclapsholas bualadh bosach. Ní fhaca Dia uilefheasach uilechumhachtach uilethró-craiceach Seáinín ar dtúis. Thuig Dia gur mhaith é an solas ansin agus scar Dia an solas ón dorchadas.

Dúirt Dia: ‘Bíodh solas ann’ agus las San Nioclás coinneal in áras an Uachtaráin láithreach.

Bhí an solas ann ansin agus chonaic Dia gur mhaith é an solas.
Agus bhí sin amhlaidh.

Dúirt Dia: ‘Tig liom an mothall breá gruaige rua atá ort a fheiscint go rí- shoiléir anois, a Sheánín’.

Líonadh Seáinín le hionsparáid ansin ach níor fhreagair Seáinín Dia.
Bhaist Dia ‘Ruach’ mar léas-ainm ar Sheánín ansin.

Agus bhí sin amhlaidh.

Scaoil Dia broim ghlórmhar ghlotharnach ghlugarnach ghlóir-réimneach iar sin agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí ar feadh an lae dá héis.

Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.

Tháinig an chéad oíche sna sála ar an gcéad lá ansin. Bhí ceol aoibhinn le clos sa bhfirmimint an oíche úd. Nuair a chuala Ruach an ceol sin chuir sé ceol La Scala na hIodáile i gcuimhne dó láithreach. Thosaigh an ceol ag bun an dréimire agus ar bhuille an Dó, ar ndóinn. Níorbh fhada, áfach, gur ardaigh an Ré a ceann síthe agus chualathas glór taidhiúir na Ré sin ag soilsiú ar fuaid na bhfuad. Ba gheall le Mí í an Ré le bréathacht, dáiríre, agus sin é an Fáth go mbíonn ceol na cruinne sin le clos in uachtar an sféir phoiblí i gcónaí. Ceol draíochtúil ab ea é. Nuair a chuala Ruach an ceol, dhein sé dearmad ar stró agus Só an tsaoil araon. Bhí an oíche ag teacht chun deiridh taca an ama sin, faraor. Thuig Ruach sin nuair a chuala sé fáinne fann an lae ar an bhfeadóg stáin sa chistin. Nuair a chuala sé an fonn sin arís, thuig sé gur mhaith an fear an fonn agus go raibh port na hoíche seinnte. Bhí sé ina Lá anois. Thug Ruach an bóthar abhaile chun an Tí air féin. Ar oscailt a dhorais Dó, bhraith sé chomh spíonta leis an dara Dó nuair a ráinig sé an chéim dheireanach ar an ndréimire i lár an tseachtú haois déag.
Raphus Cucullatus † R.I.P.

Chuir Ruach séideán as le díomá ansin.

Dúirt Dia: ‘Ná B maol - chluasach’.

D’éist an bheirt acu leis an gceathrú siansa ansin.
Agus bhí sin amhlaidh.

An Ceangal Meáin

Ruach bocht... Bhí séideog mhórtais san ainm ach bhí ceol is inspioráid sa bhfear.
Ní bheidh a fhad ná a leithead arís ann. — FINIS

Noda

• Séard atá ann ná athinsint ar an gcruthú — geineasas.
• Séard atá i gceist le Ruach ná Spiorad Dé san Eabhrais
• Séard atá i gceist le La Scala ná an tonic solfa: dó, ré, mí, fáth, só …. Dódó = raphus cucullatus (dead as a dodo).



Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2011


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais