Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Oscailt "Daonscoil na Mumhan"

Donnchadh Ó hAodha


Donnchadh Ó hAodha - Uachtarán Chonradh na Gaeilge a d’oscail Daonscoil na Mumhan i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge, ar an 14 Lúnasa 2011.
Leagan ciorraithe dá ndúirt anseo.

Ar dtús, cúpla focal faoi Dhaonscoil na Mumhan féin, a bhunaigh Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge ag tús na gcaogaidí. Institiúid ag lucht na Gaeilge is ea an Daonscoil. Bíonn a lán institiúidí ó gach pobal; ní taise do lucht na Gaeilge é. Is é is ciall le hinstitiúid ná córas, nó eagraíocht, a bhunaíonn an pobal féin, pobal ar leith uaireanta mar Ghaelphobal na hÉireann: sampla is ea Oireachtas Gaeilge. Uaireanta eile an Rialtas a bhunaíonn institiúid, ar nós RTÉ, chun freastal leathan foirfe a dhéanamh ar ghnéithe de shaol an phobail, go háitiúil nó go náisiúnta. Is chun an ealaíon, an drámaíocht, an sport dúchais agus araile a chaomhnú agus a chur i láthair is gnáthaí a bhunaítear institiúid; d’fhéadfaí institiúid a ghlaoch ar Raidió na Gaeltachta, ach ní ghlaofaí institiúid ar Roinn Rialtais.

Ní dócha gur féidir TG4 a áireamh mar institiúid atá forbartha i gceart go fóill. Dar liom, tá an iomad comharthaí aitheantais de chuid an spriocphobail fós in easnamh: fógraí gnó as Béarla amháin, geall leis, fotheidil as Béarla amháin, nach mór —rud a chuireann isteach ar dhaoine go bhfuil cumas Gaeilge acu. Is féidir a rá gur ábhar institiúide é TG4, ach admhaímis gur gá do TG4 feidhmiú laistigh de bhuiséad teoranta agus fós an stáisiún a choimeád ar an aer thar raon maith uaireanta cloig gach lá. Ainneoin easnaimh, tá TG4 le moladh as a bhfuil ar siúl chun an Ghaeilge a chur i láthair daoine nach bhfuil taithí acu ar an teanga, agus tá an stáisiún ag feabhsú ar shlite eile de réir a chéile. Fáiltím roimis sin.

Freastalaíonn institiúid ar a phobal féin trí ardán a sholáthar d’imeachtaí, agus deiseanna tionóil a chruthú dá sainphobal. Ar an mbonn san treisíonn an institiúid an pobal, tugann ardú meanman do bhaill an phobail, agus cuireann leis an bhfonn nithe áirithe a bhuanú agus a fhorbairt. Is é an cás céanna é ag Daonscoil na Mumhan agus a phobal, an Gaelphobal.

Beireann an Daonscoil lucht na Gaeilge le chéile chun caidrimh, chun cairdeas a athnuachan, chun aithne a chur ar dhaoine nua agus thar aon ní eile, chun labhairt na Gaeilge a chleachtadh go poiblí. Is é an fáth gur chaitheas tamall ag cur síos ar na cáilíochtaí a bhaineann le hinstitiúid ná chun áit na Daonscoile a shuíomh i gceart i saol phobal na Gaeilge. D’éirigh leis an Daonscoil ón tús na comharthaí soirt a bhaineann le hinstitiúid a léiriú agus a chomhlíonadh. Sin an fáth go maireann sí. Tréaslaím sin libhse anseo ach go háirithe.

Roinnt dul chun cinn

In 2008, bhí sé d’onóir agam bheith mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, bliain go raibh an tOireachtas i mBaile an Róistigh, láimh le Cathair Chorcaí. Ba phribhléid ar leith agam é, mar rugadh agus tógadh mé timpeall dhá mhíle slí ón áit chéanna. Ceann de na cúraimí a bhí orm ná blúirí beaga a scríobh d’fhoilseacháin an Oireachtais. Is cuimhin liom giota áirithe a scríobh an lá go dtáinig BBC Alba ar an aer (19/09/2008). Bhí oscailt an stáisiúin san ar fheabhas. Labhair na láithreoirí go han-soiléir agus d’fhéadfá cuid mhór dá gcaint a leanúint gan bheith ag brath ar fhotheidil. Chuir sin ag machnamh mé ar bhrí diaspora, agus cá bhfuil an diaspora céanna: an bhfuil ‘Éire’ teoranta i ndáiríre do 32 contae na hÉireann i gcúrsaí teanga, agus an bhféachaimid i ndáiríre ar Albain, mar áit atá lasmuigh den ‘tír ‘ againn féin? Nó an é go bhfuil macalla, nó taibhse, fiú, den cheangal Gaelach eadrainn fós le braith? Más ea, nach trua go bhfuilimid ag déanamh faillí sa chuid sin dár n-oidhreacht, dár gcultúr. B’fhéidir go mb’fhiú do na heagraíochtaí Gaeilge breathnú níos géire ar an gceist chéanna agus níos mó teagmhála a chur ar siúl leis an dúthaigh san.

Arís, is gá aitheantas agus moladh a thabhairt do TG4 as roinnt rudaí bisiúla a tharla i mbliana. Ar mholadh ó Mhícheál Ó Máirtín, Ceannaire Fhianna Fáil, tharla díospóireacht thábhachtach toghchánaíochta tráth an olltoghcháin idir cinnirí na bpríomhpháirtithe polaitíochta. Rud mór é sin, ó thaobh seasamh na teanga agus don todhchaí, mar chuir an clár teilifíse san an Ghaeilge féin i lár an aonaigh. Tá rud suimiúil eile le lua. Bíonn, le tamall, blúirí nuachta i nGaeilge na hAlban, le fo-theidil as Gaeilge, á gcraoladh go coitianta ag TG4 ar a gclár Nuachta. Is breá an ní é sin, agus is féidir a bheith dóchasach go mbeifear ag cur lena leithéid. Rud fónta eile is ea go bhfuil an Ghaeilge á labhairt níos coitianta i nDáil Éireann. Tá cuid mhór dá bhuíochas san ag dul do Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin, ach ní fheicimid an chinnireacht chéanna ag teacht ó lucht an Rialtais, mar a léireod ar ball beag.

Dea-scéal eile is ea an phoiblíocht go léir atá á thabhairt le roinnt seachtainí anuas don leabhar a scríobhadh 550 bliain ó shin i dTigh Molaga, Co. Chorcaí, dar teideal Leabhar Fhinghin Mhic Chárthaigh Riabhach (Leabhar na Leasa Móire) mar a thugtar go coitianta anois air. Anois, táimid an-mhórtasach as an saothar seo agus bíonn sé á chur i gcomparáid le Leabhar Ceannanais, leabhar go bhfuil cáil dhomhanda air mar gheall ar an ealaíon agus na híomhánna creidimh a bhaineann leis. Ach féach, b’fhéidir gur tábhachtaí ar deireadh dúinn mar phobal an chéad leabhar, mar shaothar a thugann léargas dúinn ar ár stair agus toisc gurb as Gaeilge a scríobhadh é, rud a chuireann le céimiúlacht na teanga.

Labhairt na Gaeilge

Chuir na ceisteanna san ag cuimhneamh mé ar an méid tacaíochta sa bhreis atá á thabhairt anois ag forais stáit éagsúla do na teangacha Ceilteacha, le hais mar a bhíodh an scéal fiche nó tríocha bliain ó shin. Chuimhníos chomh maith ar an turas a thugas sa bhliain 2008 ar an Eisteidfodd i gCathair Caerdydd i gCymru. B’fhuirist taitneamh a bhaint as an bhFéile san, in ainneoin na drochaimsire, agus chaithfeá suntas a thabairt don slua ollmhór a bhí ag freastal air agus ag glacadh páirte sna comórtais. Is léir go bhfuil an fhéile san fite fuaite i ngnáthshaol na Breataine Bige. Rud mór a bhaineann leosan thall, agus nós é atá titithe i léig in Éirinn, braithim, ná an méid daoine a bhí ag saothrú ar an bhféile go deonach, agus iad chomh mórálach as an deis a bheith acu san a dhéanamh, agus gur Breatnais i gcónaí a labhrófaí leat ar dtús agus tú ag lorg bia nó dí agus araile. Tá i gcónaí a lán le foghlaim againn uathu, as an díograis a léiríonn siad agus as an mbród atá acu ina dteanga féin.

N’fheadar ná go bhfuil an deonachas, agus an meas air, imithe ar gcúl ró-mhór in Éirinn, agus i measc lucht na Gaeilge féin. Má tá, agus is dóigh liom go bhfuil le fada, tá mórán cúiseanna leis an scéal a bheith amhlaidh. Cheaptaí go dtí le déanaí gurb é an bealach le gach fadhb a réiteach, agus gach deis a thapú, ná daoine a fhostú go gairmiúil, mar go raibh, nó ba cheart go mbeadh, airgead ann — ón Rialtas, gan amhras — chun san a dhéanamh. Cad atá i ndán dúinn anois mar sin, agus an tír ar fhíorbheagán airgid? Conas is féidir linn an scéal a réiteach, go háirithe nuair nach bhfuilimid, mar ghluaiseacht, ag tabhairt aghaidh ar bith ar an gceist seo. Táimid ag fágaint gach rud faoin bPlean 20 Bliain, 2010/2030. Réiteoidh san gach ní, agus is féidir linne, lucht na Gaeilge, an saol a thógaint go réidh, arís? An leor a bhfuil de ghaisce déanta againn, má sea? Is beag amhras atá orm ná go bhfuil an pháirtíocht dheonach i leith na Gaeilge, seachas cás na Gaelscolaíochta, b’fhéidir, ag lagú i gcónaí. Canathaobh go bhfuil an scéal amhlaidh?

Is é mo thuairm dhearfa gur cheart oiliúint chumasach, oiriúnach agus leanúnach a bheith curtha ar fáil ag daoine atá cáilithe chuige, agus a bheith á sholáthar do dhaoine deonacha, ag gach leibhéal sna heagraíochtaí. Is gá, chomh maith, go mbeadh sé aontaithe ón tús agus go leanúnach cad iad na cúraimí atá ar dhaoine deonacha; agus is ceart a bheith beacht i gcónaí i dtaobh na hoibre atá le déanamh ag gach coiste, agus gach ball coiste, ag cruinnithe agus idir cruinnithe. Braithim gur beag den nósmhaireacht san atá á chleachtadh faoi láthair. Éiríonn an cheist, dá réir, cad é go díreach atá á dhéanamh?

An Córas Stáit

Bhí tráth ann agus bhí an stát, go speisialta an Roinn Oideachais, ag feidhmiú go díograiseach ar son cur chun cinn na teanga. Mhúintí Gaeilge go maith sna scoileanna, 1922 - 1960. Tá go leor daoine anseo, mé féin ina measc, a d’fhoghlaim an Ghaeilge mar sin. Ní bheadh an géarghá leis na Gaelscoileanna, mar atá, dá leanfaí den saothar san. Tuigeadh dúinn ar feadh i bhfad go bhféadfadh an stát gach a raibh le déanamh a chur i gcrích gan mórán páirtíochta ón bpobal féin. Cé go raibh an tuairim san gan éifeacht, ní i gcónaí a bhíomhar sásta aghaidh a thabhairt ar an bhfíric. Is ina dhiaidh a thuigtear gach ní. Tá a lán Éireann rudaí nach féidir a chur chun cinn go cumasach gan páirtíocht shuntasach stáit. Sin mar atá agus sin mar a bheidh. Ach cad tá againn anois? Roinn Oideachais go bhfuil níos lú ná 1.5% den bhfoireann inti a bhfuil cumas Gaeilge acu — níos lú ná an céatadán sa phobal go coitianta?. Cad a tharla? Go simplí, chaill an stát pé fís a bhí ann don náisiún, don teanga, don dúchas. Níl fhios agam ar cuireadh aon fhís nua, nó rud ar bith eile, ina áit. Saibhreas, rachmas, táirgiúlacht ghnó? Ach níor rudaí nua iadsan. Is dóigh liom gur nithe maithe iad iontu féin. An dúshlán i gcónaí ab ea conas an leas a b’fhearr a bhaint as aon dul chun cinn ábharach saolta a tharlódh. B’é a tharla ná gur chuireamar snas breise ar an saol ábharach amháin.

Is ag plé leis an nGaeilge, mar rud imeallach, atá an stát ó shin, gan fhios acu cad is mian leo a dhéanamh. Tabharfad roinnt samplaí reatha anois den mhearbhall intinne atá ar an stát, agus den easpa díograise a bhaineann leis an stát maidir lena chuid pleananna teanga féin a chur i bhfeidhm:

(a) Grá agus 1972

Thug Enda Kenny, atá anois ina Thaoiseach, le fios tráth an ollthoghcháin go gcuirfeadh sé deireadh le riachtanas na Gaeilge don Ardteist. Thaobhaigh daoine áirithe leis, ach de bharr feachtas leanúnach ó lucht tacaíochta na teanga an uair úd, maolaíodh ar an mbagairt san go fóill. Is gá cuimhneamh siar áfach. Léirigh rialtas Fhine Gael an ‘grá’ céanna i 1972, nuair a d’fhógair siad deireadh leis an nGaeilge mar choinníoll iontrála don státseirbhís, cé go bhfuilimid fós ag fanúint ar aon chéim chumasach sa chóras a chuirfeadh le cumas Gaeilge agus úsáid na teanga, mar a gealladh ag an am. Is maith is eol san d’éinne a bhíonn ag iarraidh gnó a dhéanamh as Gaeilge leis an stát. Ní ambivalence go dtí é. Mar sin féin, nílimid féin gan locht. In ainneoin an mhéid a dhein lucht tacaíochta na Gaeilge le linn an olltoghcháin do Dháil Éireann agus ba mhór an méid é, ba chiúin ar fad a bhíomar le linn na dtoghchán do Sheanad Éireann, go gairid ina dhiaidh san, cé gur chuir mórchuid iarrthóirí ráitis tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais ina gcuid ábhar bolscaireachta.

An é go rabhamar buailte amach? An é gur mheasamar go raibh an cath buaite? Níl deireadh, áfach, leis an bhfuarchúis, leis an doicheall in áiteanna agus leis an imeallú ón stát.

(b) Beart beag suarach

Níor thóg sé i bhfad ar an Rialtas a toghadh cúpla mí ó shin beart beag suarach i gcoinne na Gaeilge a achtú. D’fhéach an tAire Dlí agus Cirt chuige cúpla seachtain ó shin go gcuirfí leagan amach nua i bhfeidhm ar bhonn dlí, i. nuair a bheadh bille rite ina acht, go bhféadfaí leagan den dlí nua i dteanga oifigiúil amháin (an Béarla sa chás seo) a chur ar fáil láithreach ar an idirlíon, fad is a bhí an leagan sa teanga eile (An Ghaeilge) á ullmhú — rud a thógfadh 6 seachtaine dar leis. Ní féidir nach dtuigeann sé nach mar sin atá an scéal. Níl anseo ach sampla amháin: tá moill curtha ar chás atá os comhair na cúirte faoi láthair mar nach bhfuil fáil go fóill as Gaeilge ar Acht Dlí a ritheadh in 2000. Deineadh é seo go léir le déanaí, beag beann ar chomhairle ón gCoimisinéir Teanga, agus ar an socrú atá déanta ag an Rialtas féin go mbeidh athmheas agus athchóiriú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh dheireadh 2011, — chun seasamh na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, is dócha!

Nuair a scrúdódh duine an cheist seo, ní bheadh sé deacair teacht ar réiteach éigin ar an scéal. Más gá do na hAchtanna ar fad a bheith ar fáil as Gaeilge agus Béarla ar deireadh, mar atá ceangailte i mBunreacht na hÉireann, canathaobh nach mbeadh na Billí ar fad ar fáil sa dá theanga ón tús? Tá tábhacht nach beag ag baint leis an smaoineamh seo. De bharr gur as Béarla amháin, nach mór, a bhíonn na Billí, ní féidir leasuithe a mholadh ach i mBéarla, rud a chinntíonn gur as Béarla a chaitheann an díospóireacht a bheith. Is minic sinn ag lochtú na dTeachtaí Dála agus Seanadóirí mar gheall ar a laghad Gaeilge a labhraítear i dtithe an Oireachtais, ach is ceart dúinn a thuiscint nach bhfuil deis ann an Ghaeilge a úsáid go praiticiúil nuair a bhíonn bille á phlé — de bharr go mbíonn an bille féin i mBéarla amháin. Is ceart, dar liom, go dtosnódh lucht na Gaeilge ag áiteamh an cháis anois go mbeadh na billí féin ar fáil go dátheangach ón tús, go háirithe faoi láthair agus nósmhaireacht agus rialacha Dála agus Seanad á n-atheagrú.

c) Faillí na Roinne Sláinte

Ceann de na samplaí is áiféisí, b’fhéidir, is ea an ceann seo a thagann i gceist de bharr gur teanga oifigiúil stáit í an Ghaeilge. Tá treoir tugtha ag an Aontas Eorpach do na baillstáit, go gcaithfidh lipéid ar chógais áirithe a bheith i dteangacha oifigiúla na stát san Aontas. Níl aon bhaint fiú ag an rialú san leis an nGaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, ach go bhfuil sí mar theanga oifigiúil in Éirinn féin. Ciallaíonn an treoir go bhfuil dualgas ar An Roinn Sláinte in Éirinn féachaint chuige go bhfuil na comhlachtaí a tháirgeann ábhair chogasaíochta áirithe sa tír seo á bpacáistiú i dteangacha oifigiúla an stáit i, id est i nGaeilge agus i mBéarla inár gcás. Go dtí seo tá teipthe ar an Roinn Sláinte an treoir a chur i bhfeidhm, agus dá bharr d’fhéadfaí fíneáil a chur ar an tír seo. Ar an 25 Iúil d’aontaigh an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar fhaillí an stáit. Éisteofar an cás níos déanaí i mbliana.

Nach breá mar a thugann seo ar fad le fios go bhfuilimid dáiríre faoi úsáid na Gaeilge sa tír seo, agus ag seasamh leis an nGaeilge san Aontas Eorpach! Cad é mar dhallamullóg agus cur i gcéill! Nach bhfuil sé in am ag an Rialtas glacadh leis go bhfuil feidhm leis an aitheantas atá bronnta ag an bpobal ar an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann agus i ndlithe na tíre, agus déanamh dá réir. Tá saindualgas nó ‘imperative’ bunreachtúil agus dlíthiúil ann!

Is leor san go fóill. Tá sé in am do scéal grinn eile nó b’fhéidir bhéarsa de An ‘Poc ag an Oireachtas’ — 2008. Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Daonscoil 2011 oscailte go hoifigiúil agus go n-éirí an tseachtain libh.


Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2011


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais