Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
An Fhaoileann Aonarach
le Cáit Ní Chatháin Uí Dhubhda
Cóirithe ag Pádraig Ó Siochrú
In eagar ag Tadhg Ó Dubhshláine agus Tracy Ní Mhaonaigh. (153 lch. Crua. Níl praghas luaite)
Pádraig Mac Fhearghusa a sheol ag Ceiliúradh an Bhlascaoid 2011,
Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, 24 Meán Fómhair
Nuair a chéad-léas an leabhar seo ‘An Fhaoileann Aonarach’ le Cáit Ní Chatháin Uí Dhubhda uaigneas a chuir sé orm, ‘uaigneas na mara’. Uaigneas a chuireann a leithéid seo de Ghaelainn agus d’insint phras orm, a bhreacas: tá fuinneamh agus beocht anseo. Ní féidir go bhfuil mórán eile dá leithéid le teacht ó Iarthar Mumhan.
Ba léir gan dabht nach inniu ná inné a saolaíodh an té a scrígh. D’aithníos go raibh acmhainn teangan ann mar shaothar, acmhainn teangan agus scéalaíochta atá ar fáil go hannamh na laethanta seo. Is boichte dúinn ar fad gur mar sin atá. Ach sin an saol.
Sea, nuair a cheapaimid go bhfuil deireadh déanta leis an Oileán, seo chugainn leabhar eile: iníon le hiar-Oileánach, iníon le Muiris Ó Catháin, ab ea an Fhaoileann Aonarach, Cáit Ní Chatháin Uí Dhubhda. Tá an dúchas fuinte scéalaíochta inti.
Tá an t-ádh le muintir Chorca Dhuibhne scéalaithe mar seo a bheith ina measc. Cad a bheidh fanta dínn ar deireadh ach focail. Labharfad le cách is mé faoi cheilt / Mar a bheadh duine den dtreibh shíoraí, mar a dúirt Mícheál Ó Gaoithín, file. Focail sea is faide ar fad a mhairfidh.
Lá a rith an smaoineamh sin liom, thall ar an Riasc, ag breathnú ar an gcloch aibítire ansiúd, a bhíos. Is dócha go bhfuil an áis oideachais sin ina seasamh ansiúd le míle go leith bliain.
Cá bhfuil na manaigh agus na mic léinn a bhain úsáid as chun an aibítir a mhúineadh agus a fhoghlaim, chun ailm agus beith agus col agus dair agus luis agus muin a chleachtadh; chun a gcuid litreacha a chur de ghlanmheabhair? Is fada faoi bhrat talún atáid. Níl a rian le fáil in áit ar bith. Níl dual gruaige, níl ionga, níl cnámh, níl a mbrus le fáil.
Ach tá rud áirithe fanta díobh, an rud is leochaillí ar fad, rud a fhaigheann bás chomh luath is a phreabann as do bhéal ar bharra d’anála: is beo don bhfocal. Tá an teanga a labhair na daoine úd beo i gcónaí inár measc anseo. Is ar bhur mbéalaibh a mhaireann na daoine úd inniu. Is beo fós dóibh tráth a labhrann sibh. Is rud annamh go leor é seo, an teanga chéanna a bheith á labhairt in áit ar leith ar feadh cúpla míle bliain.
An teanga, na focail a fhaigheann bás ar do bheola chomh luath is a deir tú iad, an rud leochailleach chumhachtach sin is teanga ann, a bheireann buaine don duine.
A leithéid de chomaoin atá curtha ag Cáit Ní Chatháin ar an muintir a bhí suas lena linn. Tá níos mó déanta aici ar a son fiú ná mar a dhein fear na cloiche aibítire dá chomhleacaithe féin. Tá cuntas breá réidh filiúnta fágtha aici ar a comharsain agus ar a gaolta. An ghlúin ar a bhfuil sí ag trácht tháinig siad ina inmhe, bhí fuinneamh agus flosc na hóige iontu, i bhfichídí agus i dtríochaidí na haoise seo caite. Mhair siad tríd an Dara Cogadh Domhanda, chonaic siad an t-athrú saoil a lean an Cogadh sin, agus ní i gcónaí a thaitin an t-athrú leo: ‘Tá an fhéile imithe, agus fuair an charthannacht bás, agus ní bhíonn gaol ag éinne, le daoine gan chroí gan aird’, a deir sí i dtreo dheireadh an leabhair (lch 150). Is fearr d’fhilíocht an prós sin ná cuid den bhfilíocht phrósúil a bhíonn á caitheamh chugainn na laethanta seo, murar mhiste é a rá.
Rug Cáit an ghaois thraidisiúnta agus a tuiscint saoil isteach i nóchaidí na haoise seo caite. Agus cuirimis san áireamh go bhfaca sí saol níos leithne ná mar a chonaic Peig Sayers, cuir i gcás, ná an tOileánach féin. Tá trácht aici ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mheirice, agus ar thurasanna sall agus anall, agus ar na blianta deiridh dá saol ar ais anseo in Éirinn, isteach sna blianta go raibh an Torc Ceilteach, nó an Banbh gránna Ceilteach úd, á shaolú. (Níor tháinig tíogar riamh chun tae sa tírín seo).
Tá tuiscint agus léamh ar shaol na glúine sin dar di í curtha ar taifead ag Cáit sa leabhar seo. Is cuntas luachmhar sóisialta é ar shaol atá imithe uainn anois. Is fiú dúinn a mheabhrú gur beag a mhaireann de chuntas ar shaol ar bith i ndiaidh a chaite. Is beag memoir pearsanta a scríobhtar.
Agus dar liomsa, ní ar son mhuintir Chorca Dhuibhne amháin a labhrann Cáit Ní Chatháin sa leabhar luachmhar seo, ach ar son gach éinne faoin dtuath in Éirinn a d’fhulaing cruatan agus imirce sa chéad leath den aois seo caite ach go háirithe. Agus is luachmhaire de fós mar chuntas é go gcuireann sí a cuid Gaelainne agus a cuid tuiscintí ag obair ar an saol a d’fhás chugainn sa dara leath den aois sin.
Tá ceachtanna go leor le foghlaim againn i gcónaí as an leabhar seo, más mian linn breathnú ar an saothar ar an mbealach seo. Ceann acu, agus ceann tábhachtach, is ea nach ionann a bheith bocht agus a bheith míshona. Ach go leor a bheith le n-ithe ag daoine, soláthraíonn siad a gcaitheamh aimsire féin. Níor mhiste giota beag faoi Ulick lena bhlas sin a thabhairt, — gan mo chuid meafar a mheascadh:-
‘Seo an oíche is mó agus is fearr a bhí riamh agam le sult agus greann, rince agus ceol agus amhráin go leor ann, builín bán agus jam dearg, tae breá láidir, Ball Ulick, airgead dreoilíní. Bhí lán tí de chailíní agus de bhuachaillí deasa ann, ó Ghleann Loic go dtí an Seantóir, agus as san go Baile Bhiocáire agus Baile an Ghleanna, siar arís ’an Cam, agus aniar go dtí an Muileann agus Baile Ícín. Agus seo leat i dtreo Bhaile na Rátha go dtí Droichead Ulick (Moran). Sé mo mhórthuairim gur dheacair cruinniú buachaillí agus cailíní a fháil le chéile a bhí chomh meiréiseach leo siúd. Bhí triúr nó seisear acu tar éis a bheith tagtha abhaile ós na Stáit. Ní raibh an áit thall go maith – Depression. Bhí gleacaí glic ann agus é ag ceistiú ceann des na buachaillí mar gheall ar an áit thall. ‘Nach mhór an obair nár phósais?’ ar seisean, agus gan fiú an feag ag mo bhuachaill bocht gan bac le pósadh. Mo léir, labhair mo bhuachaill agus thug sé freagra oiriúnach agus filiúil. ...
Ní ghabhaim riamh thar an tigh sin ná tugann sé an oíche ghrinn sin chun cuimhne, agus na daoine a bhí páirteach, beannacht Dé dílis leo, tá cuid mhaith acu ar shlí na fírinne, agus a dtrioblóidí saolta agus ainnise an tsaoil seo fágtha ina ndiaidh acu go deo deo. Fé mar a dúrt cheana, níor ghá dhom dul ’on Oileán chun oíche dheas chuideachtan a bheith againn. Bhí rince agus greann go leor i dtithe Dhún Chaoin.’ (lch. 48)
Fé mar a deirim, tá rithim agus ghluaiseacht nádúrtha faoin scéalaíocht anseo. Tá sé beo. Tá sé taitneamhach. Cuirtear eachtraí agus ócáidí ina mbeathaidh os ár gcomhair. Agus cuirtear feoil dhaonna ar fhíricí loma na staire agus na staitisticí.
Ach ar eagla aon mhíthuisceana, mar a dúrt, ní ar an saol anseo in Éirinn amháin atá cuntas againn ó Cháit. Tá Corca Dhuibhne anseo; tá cuntaisí greannmhara aici ar an tréimhse a chaith sí ag obair dos na mná rialta i mBaile an Ghóilín; agus tá cuntaisí againn ar a saol i mBaile Átha Cliath, ar na Stáit, Springfield Mass. gan dabht, agus ar chuairteanna abhaile mar a luas, agus ar Quebec; agus tá againn comparáideanna idir an saol anseo agus an saol i Meirice mar a chonacthas di é.
Is duine praiticiúil í Cáit . Duine láidir is léir. Tá cuid mhaith feicthe aici, agus tá go leor céille aici taitneamh a bhaint as an bhfeabhas a tháinig ar an saol sin lena linn. Ardú meanman di ab ea bunú Raidió na Gaeltachta. Tá comhairle aici dúinn ar an ngrá , más fiú a bheith ag comhairliú daoine ar a leithéid d’ábhar; agus ar na sagairt; agus ar an airgead. ‘Ní bhfaigheann balbh beatha’, a deir sí i dtaobh an tsaoil in Éirinn um an dtráth seo, ar a bealach beacht féin. Ábhar cáisimh is ea an easpa blais ar bhia na linne seo. D’fhéadfainn a bheith ag cur leis an liosta ábhar lena bpléann sí sa memoir seo.
I measc nithe eile laistigh de na clúdaigh seo, tá aiste bhreá chun tosaigh ag Tracy Ní Mhaonaigh faoin mbealach a dhéileáileadh le gnéithe de chanúint Chorca Dhuibhe a chur in eagar agus a gceart a thabhairt dóibh, agus is mór an áis sin don té ar mhaith leis an chanúint a thabhairt leis.
Tá sé in am agam scor dem chaint. Tá againn anseo cuntas ar shaol na 20ú hAoise trí shúile gléine Gaelacha. An mbeidh a leithéid arís ann? Fúinne atá sé cúram a dhéanamh dár dteanga, agus tá san á dheanamh anseo. Maireann an crann ar an bhfál, a deirtí, agus maireann an leabhar seo, cé ná maireann an lámh a bhreac. Fógraím An Fhaoileann Aonarach le Cáit Ní Chatháin Uí Dhubhda seolta.
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|