Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Tá buaic bliana eile bainte amach ag Cumann Lúthchleas Gael agus is beag amhras ná go mbeidh siad sásta go maith leo féin agus craobhchluichí na bliana seo díreach thart. Cad a dhéanfaimis gan craobhchluichí na laethanta duairce seo, agus a bhfuil de dhroch-nuacht thart orainn.
Mar sin féin b’fhéidir gur ábhar buartha dóibh an ceannas beagnach dosháraithe atá ag Cill Chainnigh le tamall de bhlianta san iomáint. Má tháinig Tiobraid Árann aniar aduaidh orthu anuraidh, tar éis dóibh Corn Mhic Cárthaigh a bheith tugtha leo ceithre bliana i ndiaidh a chéile roimhe sin, bhí na Cait ar ais ar a seanléim arís i mbliana.
Ina choinne sin, is mór an t-ábhar sásaimh dóibh a fheabhas agus a d’éirigh le hiománaithe Átha Cliath i gcraobhchomórtas na bliana seo. Ba léiriú a dtaispeántais ó thús na bliana ar an dícheall agus an dea-obair atá déanta san ardchathair ag go leor de bhaill an Chumainn le blianta beaga anuas. Bhí an t-ádh riamh ar Chumann Lúthchleas Gael go raibh oiread sin dá mbaill sásta go leor leor dá gcuid ama a chaitheamh ag cur a gcluichí chun cinn i measc na hóige.
Ach sa deireadh, ba iad peileadóirí an chontae a thug an craobhchluiche leo. Deirtear go bhfuil an lucht leanúna is dílse in Éirinn ag peileadóirí Átha Cliath, agus iad foighneach ina fhochair. Le sé bliana déag anuas thit tost ar Chnoc a Sé Déag, nuair a theip bliain i ndiaidh bliana ar fhoirne a raibh oiread sin dóchais astu. Ba chúiteamh éigin ar na blianta gortacha na bratacha gorma ar foluain go buacach ar an gCnoc ar an tríú Domhnach den bhFómhar i mbliana.
Nach beag an sólás do na Ciarraígh go ndeirtear gur blas breise ar an ócáid é — agus é mar phort arís ag imreoirí Átha Cliath i mbliana— nuair is uathasan a sciobtar corn stairiúil Mhig Uidhir. Agus cé déarfadh nár chuir sé leis an ócáid gurbh é an cúl báire a d’aimsigh cúilín drámatúil an bhua, díreach sular shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach.
Is é fírinne an scéil nach an oiread sin a bheidh i dtrua le muintir Chiarraí, agus san go háirithe amhlaidh i gcás na maithe móra i gCLG. Nach maith a thuigeann siadsan an tábhacht ar leith a ghabhann le dea-stádas na peile agus na hiomána san ardchathair.
Dé chúis go bhfuil ainm ar leith ann d’iománaíocht na mban? Aimhrialtacht má bhí a leithéid riamh ann! Ní hamháin sin, ach is iománaíocht den scoth a imríonn siad. Thug Loch Garman dhá chraobh leo i mbliana, ach is iad na Corcaígh a thug an príomhchomórtas leo i bpeil na mban arís i mbliana, an séú ceann le seacht shéasúr anuas.
Cad as ar tháinig an nath cainte sin ‘fómhar na mban fann’ nó cad atá i gceist leis? Is beag atá fann i gcás na mban a bhíonn ag imirt i gcraobhchluichí ChLG gach uile Fhómhar i bPáirc an Chrócaigh.
|