Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Toghchán na hUachtaránachta agus araile
le Seán Ó Loingsigh


Martin McGuinness atá tar éis diminsean eile ar fad a thabhairt don toghchán seo

———◊———

Bhí tráth ann nuair is beag aird a thugtaí ar thoghchán na huachtaránachta. Tuige go dtabharfaí agus a laghad tábhachta a bhain leis. Ní raibh aon duine róchinnte cén fáth a raibh a leithéid d’oifig ann ar aon chor, nuair a bhí sé chomh srianta sin agus a laghad substainte ag gabháil leis na dualgaisí. Post é a bhí oiriúnach go maith do sheanpholaiteoirí a raibh a rás rite.

Gan amhras tá iarracht den áibhéil sa mhéid sin. Is fíor go n-ainmníodh na príomhpháirtithe polaitíochta iarrthóir don toghchán a tharlaíodh de ghnáth gach seacht mbliana. Bhítí ag súil leis sin, agus bhítí ag súil leis gur ag pé duine a d’ainmneodh Fianna Fáil a bheadh an bua.

Pé duine i bPáirtí an Lucht Oibre, Dick Spring is dócha, a smaoinigh i 1990 ar Máire Mhic Róibín a ainmniú i dtoghchán na bliana sin ba bheart cinniúnach é, bíodh gur sheas sí mar iarrthóir neamhspleách. Mar is eol dúinn anois, de bharr a héirime agus a pearsantachta léirigh sí nach raibh oifig an uachtaráin chomh teoranta agus a ghlactaí leis go coitianta. Gan amhras tá deimhniú breise curtha ag tréimhse uachtaránachta Mháire Mhic Ghiolla Íosa leis an tuiscint sin.

Fiú i mbliana agus an chosúlacht ann anois gur ag dul in olcas, más aon ní, atá an staid eacnamaíoch, go háirithe ar an leibhéal domhanda, fós is ionadh an tsuim atá á cur sa toghchán seo. Ar ndóigh, níl aon teorainn leis an ngeáitsíocht: daoine mór le rá agus a n-ainmneacha á lua, Gay Byrne agus Mícheál Ó Muircheartaigh agus níos déanaí Labhrás Ó Murchú, iad mar a bheadh siad ag brath na haeráide agus ag cúbadh chucu féin arís.

Ach má shíleamar go raibh buaic na geáitsíochta sroichte againn leis an seanadóir Norris ag teacht agus ag imeacht agus ag teacht ar ais arís, níl amhras ná gurb é fógra Shinn Féin go raibh Martin McGuinness chun seasamh don uachtaránacht atá tar éis diminsean eile ar fad a thabhairt don toghchán seo. Ní haon gheaitsíocht atá i gceist leis an gcor nua seo.

Tá Sinn Féin ag cur in iúl don tír uile gur beag leo mionról i saol polaitíochta an stáit ó dheas. Níor mhiste leo an t-ionad a bhí ag Fianna Fáil le ceithre fichid bliain a ghlacadh, agus tá siad sásta a bpríomhpholaiteoir a chur chun cinn i rás na huachtaránachta ar mhaithe lena ndáiríreacht a léiriú. Gan amhras bhraith siad le tamall go raibh móiminteam polaitiúil á chailliúint acu, agus seo a mbealach chun dul i bhfeidhm air sin.

Is léir go háirithe go bhfuil an dúshlán seo tar éis geit a bhaint as na páirtithe eile. Idir seo agus an toghchán cloisfear go leor faoi chúlra míleata McGuinness agus a ról san IRA. Um an dtaca seo tá seantaithí ag McGuinness ar conas na cúisimh a fhreagairt. Tá sé trí bliana déag ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Is eol do chách an ról a bhí aige i mbunú na síochána agus go háirithe i mbuanú na síochána i bpáirtíocht le daoine mar Ian Paisley agus Peter Robinson.

Tá mí-eagar Fhianna Fáil soiléir i gcónaí, agus ní haon mhaolú a dhéanfaidh an cor nua seo air sin. Tá ábhar buartha ann do Pháirtí an Lucht Oibre freisin, fiú go bhfuil iarrthóir acu a bhfuil a sheasamh agus a oiriúnacht follasach. Aisteach go leor, b’fhéidir gur lú a chuirfidh sé as d’Fhine Gael ná don dá pháirtí eile. Má bhí easpa éigin dúthrachta le brath i measc go leor acu maidir le Gay Mitchell, agus go mb’fhéidir nach mbeadh fonn mór vótála ar roinnt díobh, d’fhéadfadh go dtiocfadh siad ar mhalairt aigne anois.

Dála an scéil, bhí an tAire Alan Shatter ar an raidió anois díreach ag rá nach mbeadh Martin McGuinness oiriúnach don uachtaránacht, toisc nach raibh sé sásta freastal ar shearmanais fáiltithe don Bhanríon Eilís, nuair a bhí sí anseo linn ar a cuairt oifigiúil. Bhí Gay Mitchell sna sála air agus é ar an téad céanna, ach an uair seo ba é cúlra McGuinness san IRA a bhí i gceist. Ní bheadh an cúlra sin ag teacht le ról an Uachtaráin mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta dar leis. Beidh dóthain mór ar an dul céanna le clos sna seachtainí atá rómhainn.

B’fhéidir go bhfuil oifig an uachtaráin os cionn na polaitíochta, ach beidh an toghchán seo romhainn an-pholaitiúil ar fad, agus níos suimiúla go mór ná aon cheann a bhí againn go dtí seo, ag cur san áireamh an ceann i 1990. Mar is maith is eol, tá cúrsaí na tíre an-chorraithe faoi láthair agus níl fhios ag duine beo cén toradh a bheidh air. Cuirfear suim ar leith sna pobalbhreitheanna sna seachtainí idir seo agus an 27 Dheireadh Fómhair.

De bhrí go bhfuiltear ag tús an fheachtais toghchánaíochta, b’fhéidir nár mhiste cúpla focal faoin nGaeilge. Tá súil againn nach ligfear i ndearmad í, ní hamháin le linn an fheachtais ach ina dhiaidh le linn an téarma nua uachtaránachta. Ag breathnú siar anois ar théarma Mhic Ghiolla Íosa atá ag druidim chun deiridh, agus ar théarma Mhic Róibín roimhe sin, is dócha go mbeadh sé in ord a rá nach an oiread sin Gaeilge a bhí ag an mbeirt Uachtarán sin go háirithe i dtús a dtéarmaí. Ach thuig siad tábhacht na teanga, agus níor thuiscint theoranta a bhí ann bunaithe ar a stádas bunreachtúil. Thuig siad an tábhacht stairiúil a bhain léi, agus a hionad speisialta i saol an phobail ó thaobh saoithiúlachta agus oidhreachta.

Bheadh sé cothrom a rá gur thuig gach Uachtarán dá raibh é sin, siar amach go dtí an chéad Uachtarán agus uachtarán bunaidh Chonradh na Gaeilge, Dúbhglas De hÍde. B’olc an mhaise dúinne a dhearmad gur ceapadh é gan cur i gcoinne, agus le lántoil gach páirtí polaitíochta mar aitheantas ar a raibh déanta aige ar mhaithe leis an teanga. Gan amhras, beimid ag súil go dtabharfar a hionad ceart cuí di le linn an fheachtais toghchánaíochta.

Dá bharr seo, siúd, nó eile ní hionann cumas gach duine sa Ghaeilge. Bíonn cúlra i gceist, nó deiseanna foghlama, agus ní éasca i gcónaí teanga a fhoghlaim. Nach mar sin atá ag an bpobal i gcoitinne. Is mór é an dea-chroí agus an dea-thoil agus, ar ndóigh, is mór í an iarracht.

——◊——

Mar a luadh níos luaithe is cosúil gur in olcas atá an ghéarchéim eacnamaíoch ag dul bíodh gur mó atá san amhlaidh faoi láthair ar an leibhéal domhanda ná anseo in Éirinn. Is deacair a mheas an mó d’fhadhb eacnamaíoch atá againn ná d’fhadhb pholaitiúil, nó níos measa ná sin, go bhfuil an dá fhadhb i gceist. Ní fhéachann sé faoi láthair go bhfuil na ceannairí polaitiúla sna tíortha atá gafa leis an euro laistigh den Aontas Eorpach in ann dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag bagairt ar an gcóras airgid sin, agus atá anois ag cur an Aontais mar struchtúr polaitiúil i mbaol.

Má bhí an aird ar fad beagnach go dtí seo dírithe ar thíortha imeallacha mar an Ghréig, an Phortaingéil agus Éirinn, táthar anois ag éirí buartha faoi thíortha cosúil leis an Spáinn, an Iodáil agus fiú an Fhrainc, agus sin scéal eile ar fad. Ní bheadh acmhainní an Aontais in ann fóirithint orthu ar an mbealach a deineadh orainn féin agus ar an nGréig agus an Phortaingéil.

Maidir leis an gceannaireacht pholaitiúil, táthar go mór ag brath ar Angela Merkel na Gearmáine, agus agus go pointe ar Sarkozy na Fraince. Mar a dúradh anseo cheana, tá an Coimisiún agus Uachtarán an Choimisiúin, Barroso, brúite ar leataobh, pé maith olc é sin. Murab aon Kohl nó Willy Brandt í Merkel, gan trácht ar Konrad Adenauer, is léir gur fearr í mar cheannaire ná a comhleacaithe i dtíortha eile an Aontais. Tá sí an-mhór faoi bhrú, toisc go bhfeictear do phobal na Gearmáine go bhfuiltear rómhór ag brath orthu chun pobail atá níos rabairní ná iad a tharrtháil.

Agus cad is féidir a rá faoi phríomhaire priapach na hIodáile, a deir go hoscailte nach dtugann sé ach riar beag dá chuid ama ag plé le gnóthaí stáit. Is taitneamhaí leis, gan amhras, a bheith ag bualadh leathair lena chomhluadar leathan ban coimhdeachta. Ba dhóigh leat um an dtaca seo, agus an drochstaid ina bhfuil a gcúrsaí eacnamaíoch, go mbeadh fonn ar a chomhthírigh an deis sin a thabhairt dó. Nach deacair a bheith muiníneach as an Iodáil agus a leithéid i gceannas inti. Más mórfhadhb é dá loicfeadh an Ghréig ar a fiacha, ba sheacht measa é dá mba í an Iodáil a bheadh i gceist.

I ndeireadh na dála dá dhonacht an staid eacnamaíoch, agus dá mhéid an brú atá ann faoi láthair, is deacair a shamhlú go ligfidh údaráis an Aontais do chóras airgeadais an euro cliseadh. Bheadh na hiarmhairtí eacnamaíocha ró-thromchúiseach, agus ní do thíortha an Aontais amháin é, ach don domhan uile. Is tuiscint é sin atá forleathan, agus ní lú é sin sa Ghearmáin. Ach ní mór a admháil go bhfuiltear ag éirí imníoch faoi easpa gnímh san Eoraip a raghadh i bhfeidhm ar an ngéarchéim airgeadais.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2011


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais