Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Úna
Gearrscéal le
Pádraig Foley – Ó Cléirigh
‘Tá na mílte milliún de chealla fágtha i d’inchinn go fóill, a Úna. Ní móide go mbuailfidh an galar Alzheimer thú,’ arsa an dochtúir Ó Gormáin liom roinnt míonna ó shin. Bhíos tar éis a rá leis go rabhas ag éirí pas beag dearmadach.
Sular imigh mé ón seomra mhol sé dom mo scéal féin a bhreacadh síos mar chaitheamh aimsire, agus mar theiripe freisin, déarfainn. Ar ndóigh, ní bheidh mo leithéid ag maireachtáil ar an mBaile Mór arís de réir cosúlachta. Cibé ar bith, rinne mé dianmhachnamh ar a chomhairle agus i ndeireadh na dála chuas chun saothair. I m’aonar a shiúlaim an oíche anois agus cuirfidh mé fáilte is fiche roimh thuairim uaibh-se.
Ó ceapadh Barack Obama ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe dírítear aird úrnua ar chiníocha. San Institute of Texan Cultures, San Antonio, léirítear stair agus scéalta gach grúpa eitneach a tháinig agus a ghlac seilbh ar an stát fairsing sin. Ar ndóigh, feictear rian coise na nÉireannach go forleathan ann ón tráth a leag Don Hugo O’Conor súil ar an éasc iontach Los Balcones, atá ainmnithe as, thart ar 1765.
San Instititúid chéanna a cuireadh ar mo shúile dom gur mhair 7,500 glúin ar dhromchla na cruinne ó shiúil an chéad neach ar thalamh na hAfraice fadó go dtí ré mo shinseanathar féin, Muiris, a mharaigh breac ollmór in uisce na Siúire. I gcomparáid le scéal na hAfraice níl an duine lonnaithe anseo i gCluain Meala ach tamall gearr, tríocha glúin ar a mhéid, déarfainn.
Ar feadh na mílte bliain strac fir agus mná leis an saol sa chomharsanacht, ach ba í an abhainn cuisle an bhaile comh luath is a tógadh an céad mháinéar ann. Ba mhinic a réabadh bruacha na habhann le linn na fearthainne, ach rinne na háitreabhaigh obair dhuaisiúil chun an baile beag a réiteach. Thóg siad múrtha timpeall na dtithe agus lean siad orthu ag díol is ag ceannach earraí mar ba ghnách leo. Deirtear liom gur sheas ár dteach breá cathrach féin trí chéad bliain in aghaidh ciréibe, cogaíochta ionsaithe fuilteacha!
B’aoibhinn iad laethanta m’óige sa teach úd: cuairteoirí agus cairde, cluichí agus ceol, damhsaí agus scleondar. Ba mhuirnín m’athar mé agus crá croí mo mháthar.
‘Fan socair, a Úna, fan socair,’ a deireadh mo mháthair liom de ló is d’oíche. Agus nuair a chuas go Scoil na Leanbh: ‘Úna, nach ort atá an teaspach: tig liom do chuid scréachaíola i gclós na scoile a chloisint thar gach leanbh eile. Muna n-athraíonn tú do bhéasa, ní bheidh ionad duit sa scoil ullmhúcháin.’
Ar ndóigh, glacadh liom go fonnmhar sa scoil ullmhúcháin agus sa mheánscoil ardnósach ar fhreastail mo mháthair agus cailíní a clainne inti le beagnach céad bliain. Ar an meánscoil réitigh mé leis na múinteoirí i gcoitinne, cé is móite den mhúinteoir ceoil.
‘Cruinneas agus luas, cruinneas agus luas, ‘a chanadh sí go giorraisc gach lá. Agus b’éigean dúinn go léir na scálaí a chleachtadh ar an bpianó gur tháinig pianta nimhneacha inár méireanna.
D’éirigh mé amach in aghaidh a hansmachta lá. Rás mo mhéireanna ar eochracha an phianó agus líon an seomra folamh le míbhinneas imeaglach. Bhrús síos ar na troitheáin agus chuaigh an fothram i méid. Bhuaileas na deich méireanna in éineacht in aghaidh na n-eochracha bána agus dubha mar bhuille scoir agus réab an torann an talamh fúm.
Á, an faoiseamh aigne a lean an toirneach úd!
Níorbh fhada go bhfuarthas amach sa chlochar gach ar tharla. Tugadh os comhair an phríomhoide agus an mhúinteora cheoil mé.
Ach tháinig mo dhaid i gcabhair orm mar ba ghnách leis. D’áitigh sé ar an Máthair Oirmhinneach Baker mé a scaoileadh ó cheachtanna ar an bpianó ar fad agus caoi a thabhairt dom mo dhúthracht a chaitheamh le spórt. B’shin réiteach rathúil na faidhbe.
Le himeacht na mblianta ní raibh cailín sa scoil inchomórtas liom ar pháirc na himeartha. In aois a cúig déag ba chaptaen ar fhoireann hacaí na scoile mé. Nuair a fhreastail deartháireacha mo chairde ar na cluichí ceannais níor bhac siad leis an útamáil a chleacht a ndeirfiúracha. Ormsa amháin a dhírigh siad a n-aire. Ba mise an banlaoch a dheineadh gaisce sa pháirc, an banlaoch a chaith fáinneoga órga a cinn mar lunula loinnireach.
Ach bhí máithreacha na mbuachaillí agus na gcailíní san amhras orm.
‘Úna Nic Fhlannchadha, an ea? Dá bhfaigheadh an cailín soibealta sin an deis chuirfeadh sí smacht ar chathlán airm,’ a deiridís, ag feannadóireacht orm gan taise. Ba chuma liomsa a dtuairimí tarcaisneacha i mo thaobh.
Bliain na hArdteistiméireachta chas na siúracha ar mo thuistí:
‘Tá d’Úna-sa éirimiúil. Ach tá sí ró-cheanndána agus ní chaitheann sí aon dúthracht lena cuid oibre.’
An lá roimhe sin, tar éis di mo thriail Laidne a dheargadh go fial lena peann, arsa an Mháthair Oirmhinneach liom go drisíneach:
‘A Úna, tá tú thar a bheith cumasach, nuair a bhíonn tú ag gabháil don hacaí, ach creidim nach mbeidh cáil ort riamh mar scoláire.’
An slusaí mór!
Ag an am sin ní raibh ach ceathrar sa scoil ar fad ag foghlaim na Laidne, agus nuair a seacadadh foirmeacha iontrála ón Ollscoil d’ardaigh an gheancóg a ceann, agus dhearbhaigh: ‘Níl call ar bith ag aon chailín sa scoil seo leis na foirmeacha ón Ollscoil. Tá mé siúrálta go gcuirfear riar maith oraibh go léir amach anseo. Ba mhór an trua é blianta fada a dhiomailt i gColáiste Ollscoile!’
In aigne Mother Baker bhí ciste ramhar de scaranna agus de bhannaí stáit curtha i dtaisce ag gach athair dá iníon ionmhain. Gan rómhoill, dar léi, chuirfí gach duine sa rang ar snámh i haut monde an Bhaile Mhóir. Sa saol réimeach úd níorbh iad na luacha a chraobhscaoil na múinteoirí a bheadh ag déanamh buartha dúinn ach cúrsaí ealaíne, gairdíní, faisin agus troscán na Sualainne.
Sea, bhíodh mo mháthair agus na mhná rialta ar a seacht ndícheall i gcónaí mé a chlaochlú i mo stuaire stuama de chuid an bhaile ársa!
Bhuel, pé rud ar domhan a cheap máithreacha faoi mo chumas cathlán a threorú chun catha, fadhb ar bith ní raibh agam mo chairde agus mo lucht leanúna a stiúradh timpeall na Buirge.
Bhíodh leathlá saor ó cheachtanna againn gach Céadaoin, agus leanadh cailíní an ranga mé tríd na sráideanna mar a bheinn i mo Phíobaire Breac. Uaireanta mheallamar buachaillí ó Choláiste Charraig an Tobair chun teagmhála linn. D’éalaíomar uathu i gcónaí tar éis póg faoi cheilt a ghéilleadh don dream ba dhásachtaí orthu.
Séard a theastaigh uaim agus ó mo chairde go léir ná spúinse na beatha a fháisceadh go dtí an braon deireanach. Agus ní raibh de ghloine tomhais againn ach sult is greann is maingléis. Chaithimis ár gcuid airgead póca go tallannach ar éadach, ar bhróga agus ar earraí spóirt.
Nuair a bhíos naoi mbliana déag d’aois thosnaigh fir óga ag teacht chun an tí d’fhonn mé a thionlacan go dtí an Bál Mileata nó Bál an Lucht Seilge. Chuir mo mháthair phostúil ar a súile do na fir óga seo go mba mhór an phribhléid dóibh bheith i dteannta liom.
Mar sin féin, ba dhúthrachtach an dream iad, fáinní óir nó suaitheantas na lánstaonairí i lipéad a bhformhór díobh.
Cuireadh fáilte ar leith roimh na hoifigigh óga. Suirígh shibhialta ba ea iad agus bhí beirt díobh ar a laghad tar éis cúrsaí oiliúna a dhéanamh in West Point, fiú.
Ach ina ainneoin san, ní raibh siad maith go leor don iníon seo. Bhíodh tnúthán i gcónaí ag mo mháthair le lucht na n-eachraí. Agus i ndeireadh an lae do roghnaigh mé Stiofán ó dhíorma saibhir den chineál céanna.
Bhí sé fionn, bhí súile scéine gorma ina cheann agus chaith sé a thriús marcaíochta mar chraiceann. Ba bhainisteoir é ar ghraífheirm a bhí suite i sean-eastát ar imeall an Bhaile Mhóir.
Bhuaileas i gcéaduair leis i mBaile Thiobraid Árann tar éis dom tráthnóna a chaitheamh ag sealgaireacht le pocadáin Chill Fiacal. San oíche bhíomar beirt ag rince do tempo bríomhar Mick Del. Ansan ag am sosa tháinig cailín modhúil ar stáitse leis an gcruit a sheinm! Samhlaím gur chuaigh a draíocht sin i gcion ormsa agus ar Stiofán mar faoi bhreacadh an lae ba mhilse a phóg ná drúcht ar rós.
B’fhéidir nár mhiste dom a insint go raibh muintir m’athar agus clann mo mháthar in aghaidh a chéile le linn don chogadh cathardha a bheith ar siúl sa tír, ach bhí mo thuistí ar aon tuairim faoin uafás, faoin gcoscairt agus faoin laghdú idéalachais a lean é.
Cheapas féin go raibh cairde mo mháthar coimeádach. Bhí cáil an tsean-airgid orthu gan amhras dá laghad. Ar an taobh eile de, bhain m’athair le dream polaitíochta nár saolaíodh a n-aisling: poblacht a bhunú sa tír. Thuigeadar an bealach rompu, áfach, mar sular rugadh mé tháinig siad i gcumhacht.
B’é m’athair an treoraí áitiúil. Gach bliain atoghadh é mar chathaoirleach ar a chumann.
Bhí mise splanctha i ndiaidh m’athar i gcónaí, agus ba léir dom go raibh ardmheas ag a sheancomrádaithe air. Chaitheadh sé mórán dá chuid ama ag déanamh garanna nó ag cur le chéile mionscribhinní d’fhonn pinsin mhíleata a ghnóthú dóibh. Ach, déanta na fírinne, ba bheag aird a thug mo chairde héadónacha ná mo mháthair féin ar pholaitíocht ag an am.
Nuair a tháinig Stiofán ar an láthair ghlac mo mháthair leis ar an toirt. Dream ba ea a mhuintir-sean nach ndearna dearmad riamh ar bhreithlá na Banríona. Chomh maith leis sin, bhí siad mórchúiseach as a sinsear a chuidigh le rathúnas an Bhaile Mhóir i bhfad sular thug Cromaill agus na Cliatháin Iarainn aghaidh ar na seanbhallaí gaineamhchloiche.
Ait go leor b’é tuairim m’athar ná go raibh gach ceart acu bheith bródúil as éachtaí a sinsear.
A luaithe is bhí an fáinne gealltanais ar mo mhéir, chaith Stiofán agus mé féin laethanta leisciúla ag iomramh suas an abhainn i dtreo Inis Leamhnachta, nó tráthnónta geala gréine ag siúl chosán tarraingthe na mbáirsí go dtí Sir Thomas’s Bridge, mar a rinne leannáin an bhaile leis na cianta.
An uair úd bhí breis is ár ndóthain de mhaoin an tsaoil againn. Bhí earraí á n-onnmhuiriú ag m’athair ó ó chéin is ó chóngar. Agus d’éirigh thar barr le gach fiontar a bhunaigh sé ar an mbaile.
Lá ár bpósta chaitheas gúna liath-bhán gan cháim. Ba i Nua Eabhrach a deineadh dom é. Thuairteáil dhá chéad aoi timpeall an ghairdín agus dúirt gach duine go mba bhrídeog spéiriúil mé. Ní gá dom a rá gur úsc mo mháthair idir áineas agus uabhar i rith an lae.
Ba leor dom athair go raibh mé sona.
D’aithin seisean í gcónaí an fuinneamh a bhí ionam agus thosaigh sé am mhealladh i dtreo na polaitíochta áitiúla a luaithe is a d’fhilleamar ó mhí na meala.
Thuig mo Dhaidí stuama an spéis sin a bhí agam sa stair, agus chuir sé i mo láthair fíorscéalta faoi na teaghlaigh a rinne a gcion chun leasa na Buirge: na Malcomsons, Whites, Hacketts — fiú amháin na Bagwells agus na Moores, a charnaigh an t-ór tar éis Réabhlóid Ghlórmhar Uileam!
D’éirigh leis an straitéis agus níorbh fhada go raibh mo shuim múscailte aige i gcúrsaí riaracháin an Bhaile Mhóir. Glacadh liom mar bhall dá chumann áitiúil.
Laistigh de ráithe ceapadh i mo oifigeach mé. Ansan, tháinig lá gur lig Daidí rún liom go raibh an dochtúir pas beag imníoch faoina shláinte agus gur moladh dó lagú ar na maidí. Nuair a chinn sé ar éirí as an bpolaitíocht ar fad, toghadh mise mar chomharba air sa chathaoir.
Tig liom a rá gur ghlac mé go dúthrachtach leis na cúraimí nua a leagadh orm. Cuireadh ar bhoird éagsúla mé, ghníomhaigh mé mar thoscaire d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus uaireanta seoladh chun na Bruiséile féin mé.
Ansan nochtadh dom go raibh mé torthach. Bhí mo chupán ag cur thar maoil!
Bhí an luí seoil an-deacair.
‘Táim ag deireadh mo chuid Laidne,’ arsa an dochtúir Gearmánach de chogar díreach roimh theacht d’Oscar ar an saol.
Ach a luaithe is a cuireadh an birtín i mo bhaclainn bhí gach rud thar barr arís.
Shleamhnaigh na laethanta uainn. Níorbh fhada go raibh Oscar ar léim lúith timpeall agus timpeall an tseomra. Nuair a neartaigh a ghéaga dhreapadh sé sleamhnán sa ghairdín agus sciorradh anuas go talamh ar a bholg i dtrithí áthais.
B’é Oscar beag a mheall m’ athair chun siúlóide cois na habhann leis gach re lá, agus d’éirigh siad an-mhór lena chéile.
Is leasc liom go mór leanúint dem’ scéal.
An céad lá de Dheireadh Fómhair a bhí ann. Bhí Oscar sa bhugaí agam. Ní raibh m’aire ar thruc mór altach a chas isteach san Ollmhargadh. Agus é ag dul tharainn tharainn luasc cúl na feithicile de thurraing obann. Agus bascadh mo bhuachaillín, Oscar.
Deinadh smionagar de mo shaol lom láithreach.
Gach duine cineálta sólásach. Mo chroí istigh á shníomh! Beidh go deo.
Ach níor fhulaing m’aingeal in aon chor.
Ghoill an t-uafás ar Stiofán. D’athraigh sé. Ba mise a bhí chiontach i mbás a mhic. Fiú amháin Daid, theip air crá mo chroí a mhaolú.
Níor mhair Daid féin ach bliain. Cheil sé orainn a bhrón, agus creidim go smior go bhfuair sé bás de bhriseadh croí i ndiaidh Oscair bhig.
Tar éis bliana iarradh orm páirt ghníomhach a ghlacadh arís i gcúrsaí polaitíochta. Ghéill mé. Ba ghearr gur thuigeas go raibh mórathrú tagtha ar bhunluacha na mball. Pragmatachas agus ciniceas a bhí i réim. Níor chás leo riachtanais na ndaoine. Airc, saint agus cíocras airgid orthu!
‘Níl sa pholaitíocht ach pribhléid agus patrúnacht anois,’ a stór, a dúirt fear óg glóirmhianach liom go maíteach.
Theitheas uathu.
Ar raonta ráis na gcon a chaith mo Stiofán na blianta deireanacha. Idir chúnna agus pótaireacht tá lear mór airgid caite aige. Cúpla mí ó shin d’éalaigh sé go Sasana le raicleach atá deich mbliana ar a laghad níos óige ná é féin. Ní gá dom a rá go raibh sé báite i bhfiacha.
B’fhéidir go bhfuil ula mhagaidh á dhéanamh agam díom féin, ach tá cion agam air go fóill. Ní féidir liomsa cuimhní cinn de mo sheal sonais a theilgeadh uaim mar bhruscar!
Anois is faoiseamh aigne agus sólás mór dom an spaisteoireacht a dhéanaim gach uile lá cois na habhann áille a shníomhann uainn i dtreo an tsléibhe. Siúlaim an cosán tarraingthe soir comh mall le gluaiseacht an uisce féin. Feicim agus cluinim mórán ar an turas. Bíonn na fiailí glasa ag lúbarnaíl de shíor sa tanalacht agus corrbhreac ag snámh os a gcionn. Cloisim grágaíl íseal na lachan fiáin agus feicim ealaí bána ag tuirlingt ar an uisce.
Uaireanta le clapsholas ceapaim go bhfeicim dhá scáil ag gluaiseacht soir i dtreo an tsléibhe chorcra. Bíonn greim láimhe acu ar a chéile agus gach ar domhan faoi chaibidil acu beirt!
Feasta, Eanáir 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|