Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


An File agus a Chairdeas Críost (Séamas Ó Dálaigh, Mungairit),

le hÚna Nic Éinrí



— 1 —

Go mbeannaí Dia fá thrí dhuit,
a chairdeas Críost, a Shíle.
Goidé an fáth ná suíonn tu,
4
’s go bhfuil síneadh ’teacht sa lá?
Sin é thall an saoiste
’dhing a lán sa phíopa.
Tá na fir ag síolchur,
8
Is líontar dhúinn cáirt.
Siúd ort sláinte dhíleas
faoi thuairim teacht an Rí chirt
gan duais ’teacht go buíonmhar
12
cois taoibh an oileáin,
’chuirfidh Sasanaigh ar sceimhle,
is lucht na ngúnaí cíordhubh,
mar ’thiocfadh an mactíre
16
le díogras chum áir.


— 2 —

Tá clanna mór Milésius
le cabhair ag teacht in éineacht,
’gabháil tar chaise tréan-mhara
20
’téarnamh le taoid.
An seabhac so i bhfad a gcéin uainn,
thar abhainn ag teacht dár n-éileamh,
is lom do ghreadfaidh meirligh
24
le faobharneart a chlaímh.
Beidh scanradh, scaipeadh is léirscrios
ar dhrong de Ghallaibh Éireann,
agus togha na ndragan tréan tapa
28
taobh leis an Rí.
Beidh logha ar leathadh ag cléire,
is rogha gach acht ag éigsibh,
agus cabhair ar bhailtibh Éibhir
32
ag Séarlas arís.


— 3 —

Tiocfaidh an rabharta rábach
go luath, ní fada an cairde,
do chuirfidh clanna deagh-athar
36

go láidir i dtíos,
’chuirfidh Whigs ó chábaí,
is lucht na rufaí bána,
is stracfaidh a gcoirp dá áille
40
go brách óna bpoimp.
Beidh clann na Gall-chránach
go fann ar easpa cairde
Mar abhainn ag rith le fána
44
ní fhágfar a síol.
Beidh a gcathracha in airde,
’s a mbailte poirt gan áireamh,
a bhfearantas go brách.
48
is a n-áitreamh dá ndíth.


— 4 —

Cá ngabhfaidh Brown Drom Ard thiar,
Pigot, Prinder, Walker,
Monsell mór is Rawson,
52
Dawson is White,
Widenham, Weakes is Taylor,
Col. Quin ’s a chairde,
Westropp, Walter, Dalton,
56
Maud, Lane is Loyd,
Crips is Hill is Sergent
is Standish Dubh Ó Gráda,
Bindon, Dickson, Parker,
60
Tosberry is Creed?
Beidh a bhfuil ag rith le fána
’s a gcoirp ar cnoic ag badhbhaire,
nuair ’thiocfaidh thar muir an Fánach
64
ag áitreamh na gcríoch.


— 5 —

Cá ngabhfaidh Burton cróndubh,
Croker, Cox is Copely,
is Bucknor nach brón liom
68
a chóta dhá dhíth,
Maxwell, Massey is Odell,
Jackson, Hart is Bowman,
is Oliver comhachtach,
72
beidh an tóir air gan mhoill.
Seo an tréad do réab ár ndaoine,
’s do thréig gan cóir an bíobla,
lucht craois is póit gach Aoine,
76
d’fhúig saoithe le fán.
Beidh an brón ar Ghallaibh tríd sin,
is Seoirse ’cac ’na bhríste,
’s an leon so ’teacht ’na Rí chughainn,
80
chun díoltais ’na n-áit.

Mar sin a labhair Séamas Ó Dálaigh, an file a mhair i Loch Mór, i bparóiste Mhungairit, cúpla míle ó dheas ó chathair Luimnigh, sa dara leath den ochtú haois déag.1 Táilliúir ab ea an Dálach,2 agus tá sé curtha i reilig Mhungairit, áit a bhfuil dhá rann Gaeilge greanta ar leac a uaighe. Ó léamh na rann sin ba dhóigh leis an Athair Mac Fhir Léinn gur cailleadh an file sa bhliain 1790, fhaid a chreid an Dr. Tomás de Bháll agus Gearóid Mac Spealáin gurbh é 1810 dáta a bháis.3

Níl aimsithe agam ach ocht ndán ar fad arna leagan ar an Dálach sna lámhscríbhinní, agus níor foilsíodh ach a leath díobh sin go fóill. Chuir Vincent Morley dhá cheann dá chuid in eagar, a bhfuil baint acu leis an gcogadh i Meiriceá sa bhliain 1775.4 Chum sé marbhna ar bhás Sheáin Uí Thuama a cailleadh sa bhliain 1775, ‘Tásc fíor d’fhág saoithe Éireann uais’,5 agus labhair sé lena chairdeas Críost, Síle, sa dán ‘Go mbeannaí Dia fá thrí dhuit, a chairdeas Críost, a Shíle’.6 Sa saothar ­fileata seo beannaíonn an file do Shíle, bean an leanna, agus ólann sé sláinte an Rí Chirt, a chuirfidh an ruaig ar na Sasanaigh. Tá na Géanna Fiáine ag teacht le ­cabhair, a áitíonn sé, in éineacht le Séarlas III. Dá mbarr sin beidh an rath ar an gCaitliceachas, ar an éigse is ar bhailte na hÉireann. Tiocfaidh an rabharta rábach, a gheallann an file, a bhainfidh a bpoimp de na Whigs.

‘Cá ngabhfaidh Brown, Pigot, Prinder, Rawson, Taylor, Col. Quin, Westropp, Standish Dubh Ó Grádaigh?’ a fhiafraíonn sé. A fhreagra féin ná go mbeidh a gcoirp á n-ithe ag na baidhb nuair a thiocfaidh an Fánach, sé sin, an Pretender, ag áitreamh na gcríoch. Meánaicme Gallda Luimnigh a bhí sa liosta aige i véarsaí 4 agus 5 thuas, agus leanann sé air le Croker, Cox, is Copely, Bucknor, Massey is Odell, a mbeidh an tóir orthu gan mhoill, dar leis. Díol suime gur mhol Seán Ó Tuama Croker agus Copely i ndánta dá chuid,7 agus ba ­amhlaidh don Mhangaire Súgach sa dán a thiomnaigh sé do Fitz Odell.8 Ba dhóigh leis an Dálach, áfach, gurbh iad an dream sin a thréig an fíorchreideamh, is a réab na Gaeil. De bharr na ruaige a chuirfear orthu beidh Seoirse, Rí Shasana, ag cac ina bhríste, a thuarann sé, agus Séarlas III, an Rí Ceart, ag teacht chun díoltas a bhaint as.

Níor aimsigh mé ach trí leagan den dán seo sna lámhscríbhinní. An leagan is túisce go bhfios dom, ba é Domhnall Ó Briain, ón Domhnach Mór, Co. Luimnigh, a bhreac i bhfogharscript é, le litreacha an Bhéarla, sa bhliain 1789 – MN C 62(g): 44. Tá cúig véarsa sa leagan sin, mar atá sa cheann in ARÉ 23 B 7: 12, a scríobh Seaghan Ó Maoilriain sa bhliain 1816. Ní fhaightear ach an trí véarsa tosaigh de i ­mbailiúchán na nÍosánach IL 7: 29, a ghraif Tomás Mac Gearailt Mac Geathagáin, sa bhliain 1835, do William Hannon, ag caisleán Chathair Ailí, idir cathair Luimnigh is Brú na nDéise.9

Dán tíriúil atá i gcumadóireacht seo an Dálaigh. Thagadh mná fáithchiallacha, mar Mhóirín Ní Chuill­eann­áin agus Caitlín Ní Uallacháin ‘ar cuairt’ chuig filí an ochtú haois déag, chun an teacht­aireacht Sheacaibít­each a chur os ard.10 In áit spéir­mhná dá leithéid, áfach, is le bean an leanna, Síle, a labhraíonn an Dálach. Tagraítear don lá ag dul chun síneadh, don saoiste ag ól a phíopa, agus do na fir ag síolchur, gnáthimeachtaí an lae oibre. Dearbhaítear go searbhas­ach go gcuirfear sceimhle ar lucht na ngúnaí cíordhubh (na dlíodóirí, is dócha?), go gcaillfidh na Whigs a gcábaí, agus go ­bhfágfar na boic mhóra gan a rufaí bána. Díol suime don táilliúir, níorbh fholáir, éadaí na n-uaisle Gallda!

Sa dán seo chloígh an Dálach le réim comhráitiúil, gáirsiúil, barbartha go leor, a bhfuil easpa gothaí ­reitriciúla na héigse ag baint léi, agus easpa aontachta, leis, mar nach dtagann aon fhorbairt ar théama na mná, Síle, a n-osclaítear an dán léi. Dhein an té a sholáthair an dán don Claidheamh Soluis, sa bhliain 1915, léamh fáithchiallach air, ag áiteamh gurbh í Síle Éire agus gur sheas na fir ag síolchur do na Géanna Fiáine a bhí ag réiteach chun cogaidh. D’oirfeadh an léamh sin do na himeachtaí cinniúnacha a bhí le tarlú sa bhliain 1916, ach ní dóigh liom, áfach, go bhfuil tuin ná teanga na hAislinge fáithchiallaí le brath ar an dán, ón gcéad véarsa ar aghaidh, agus go háirithe i véarsaí 4 agus 5, a fágadh ar lár ó leagan an Claidheamh Soluis.11

Bíodh go bhfuil ornáidí an Dálaigh seanchaite go leor, tá tagairt léannta amháin aige i líne 41 thuas: ‘clann na Gall-chránach’, a mheabhraíonn línte an Chéitinnigh dúinn: ‘deór níor fágadh i gclár do bhrollaigh mhínghil / nár dheólsad ál gach cránach coigcríche’.12 Is ‘cloun ni gallo grano’ a bhreac Domhnall Ó Briain, áfach, in MN C 62(g) sa bhliain 1789, agus níor tagraíodh don chráin go dtí leaganacha 1816 agus 1835. Meabhraímis go raibh an Dálach caillte ón mbliain 1810 ar a dhéanaí, agus nár mhiste a ­fhiafraí, más ea, arbh iad na scríobhaithe Ó Maoilriain agus Mac Geathagán ‘a d’ardaigh’ an tagairt go ­leibhéal an mheafair léannta?

Díol suime nach maireann ach trí chóip lámhscríofa de dhán an Dálaigh; nár ghluais sé lasmuigh dá cheantar dúchais; agus nár foilsíodh é ach aon uair amháin, agus b’in é an leagan ciorraithe de. B’fhéidir go raibh leisce ar na scríobhaithe ábhar loiscneach mar é a chóipeáil. Dob fhéidir, chomh maith, nár thaitin an dán leo ar chúinsí aeistéitiúla. Sa bhliain 2009 thug Breandán Ó Buachalla le fios, ina alt ar sheachadadh na filíochta, gur ábhar scríofa a bhíodh i gceist ag filí an ochtú haois déag, bídis aitheantúil nó áitiúil; sé sin go scrítí síos an fhilíocht, ar an gcéad ásc ach go háirithe.13

Más í cóip fhogharúil Dhomhnall Uí Bhriain ón ­mbliain 1789 an chéad chóip scríofa den dán atá faoi chaibidil anseo, ní haon ionadh é go gcuirfí bac ar a athscríobh, de bharr a dhoiléire. Ina theannta sin, ­gheofá amhrán ólacháin a ghlaoch ar dhán an Dálaigh, nár luadh ainm an fhoinn ‘Lomaire crochta as crann’ leis go dtí an bhliain 1835, i leagan IL 7: 29. Níor cuireadh aon fhonn leis i leaganacha lámhscríofa an ochtú haois déag. Imeartas focal ar Peeler is ea ‘Lomaire’, agus ba iad filí Luimnigh ón naoú haois déag, agus iad ag cumadh faoi na New Lights is túisce a bhain leas as teideal an fhoinn sin. Níor thángthas go fóill, pé scéal é, ar na nótaí ceoil dó.14

An mheicníc ab éifeachtaí a bhí ag na filí chun teacht ar ghnáthphobal a linne ná an ceol, dar le Breandán Ó Buachalla.15 Gheobhadh an reitric Sheacaibíteach, a d’áitigh sé, taisteal ó cheantar amháin go ceantar eile, agus ón aicme liteartha a chum an saothar go haicmí sóisialta eile, trí mheán na bhfonn comónta sin. Dhealródh, faraoir, nár chualathas dán an Dálaigh dá chairdeas Críost á chanadh. Níor mhiste glacadh leis, más ea, mar a scríobh Breandán Ó Madagáin, gur chuaigh áilleacht an cheoil i bhfeidhm ar an bpobal chomh maith le saibhreas na filíochta.16 Bhí a fhios sin ag na scríobhaithe, ní foláir, agus iad i mbun pinn, agus dhein siad freastal dá réir ar a lucht léite.17


Tagairtí

1. Féach Begley, John Archdeacon, 1938, The Diocese of Limerick from 1691 to the Present Time 467-8, ina míníonn sé gur glaodh paróiste ar Loch Mór san ochtú haois déag, de bharr teach an tsagairt is an séipéal a bheith suite ann, ach gurbh é ‘Mungairit’ ainm ceart an pharóiste. Féach, leis, Nic Éinrí, Úna, 2009, ‘Ó Bharr Féile go Dún Diamhair’ in Irwin, Liam, Ó Tuathaigh, Gearóid, & Potter, Matthew, Limerick History and Society, 225-256: 226.

2. ‘James Daly. Taylor’ a ghlaoigh Domhnall Ó Briain air sa bhliain 1789 sa lámhscríbhinn MN C 62(g): 44, fhaid a luaigh Seaghan Ó Maoilriain, sa bhliain 1816 in ARÉ 23 B 7: 12 go raibh sé ina tháilliúir.

3. Féach de Bháll, Tomás, 1909-11, ‘The Gaelic Inscription on the O’Dala Tombstone, Mungret’, in North Munster Archaeological Society Journal : 259-260.

4. Morley, Vincent, 2005, Washington i gCeannas a Ríochta, 23 & 37.

5. In eagar ag Ua Duinnín, Pádraig, 1906, Amhráin Sheáin Uí Thuama agus Aindrias Mhic Craith, 89, agus Ó Foghludha, Risteárd, 1952, Éigse na Máighe, 163.

6. An chéad trí véarsa de i gcló: An Claidheamh Soluis, Iúil 3, 1915, lch 2.

7. Ó Foghludha, 1952, 74 agus 126.

8. Comer Bruen, Máire agus Ó hÓgáin, Dáithí, 1996, An Mangaire Súgach, 116.

9. Féach Ó Madagáin, Breandán, 1974, An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900, 23, 28 agus 99 le haghaidh chúlra na scríobhaithe sin. Tá mo eagrán den dán thuas bunaithe ar leagan MN C 62(g): 44, le malairt ó ARÉ 23 B 7: 12 i líne 41. Véarsaí ochtlíneacha atá sa trí leagan lámhscríofa, ach bhriseas gach líne ina dhá chuid de ghrá na meadarachta. Mar sin, leis, do na línte i leagan clóite An Claidheamh Soluis.

10. Féach Nic Eoin, Máirín, 1996, ‘Secrets and Disguises? Caitlín Ní Uallacháin and other female personages in ­eighteenth-century Irish political poetry’ in Eighteenth-Century Ireland Volume 11, 7-45.

11. Samhlaítear dom gur tógadh an leagan sin ó Bhailiúchán na nÍosánach, IL 7: 29, mar nach bhfuil ach an trí véarsa tosaigh san dá leagan, go bhfaightear ‘Fáilte roimh Shighle’ mar cheannscríbhinn iontu araon, agus go moltar an fonn ‘Lomaire crochta as crann’ don dá cheann. Ráineodh gurbh é an tÍosánach, an tAth. Mac Fhir Léinn a dhein é a sholáthar, mar gur mhaígh sé sa Mungret Annual, 1908, 191 go raibh lámhscríbhinn ina sheilbh aige a raibh dánta breise de chuid an Dálaigh inti.

12. De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán, Ó Concheanainn, Tomás (eag.), 1971, Nua-Dhuanaire, 18.

13. Ó Buachalla, Breandán, 2008-2009, ‘Seachadadh na Filíochta’ in Studia Hibernica No. 35, 69-97.

14. Táim buíoch den Dr. Pádraig Ó Cearbhaill a roinn an t-eolas sin liom.

15. Ó Buachalla, Breandán, 1996, Aisling Ghéar, 612.

16. Ó Madagáin, Breandán, 2005, Caointe agus Seancheolta Eile, 46.

17. Táim buíoch de stiúrthóirí Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gallimh a thug cead cainte ar an ábhar thuas dom ar 15ú Deireadh Fómhair 2010. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl chomh maith don Leabharlannaí, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, a thug cead dom an dán as MN C 62(g): 44 a chur in eagar is a ­fhoilsiú.

Feasta, Eanáir 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais