Reithe i nGairdín Geimhridh
le Gréagóir Ó Dúill
Éirí go drogallach, amharc amach an fhuinneog –
níl sneachta ag titim, ach tá brat bán m’adhlactha,
mo chladharthachta ar fud an gharrdha faoi bhrat ghlas na spéire.
Bheirim amach chun na cruaiche thiar (chéad dualgas an lae a theas)
an cliabh a rinneadh go ceardúil ealaíonta de shaileogaí fite fuaite ar a chéile.
Léim an aibítír nua a bhreac na hainmhithe ar an phár geal sneachta,
rith ghasta mionéan de shiúl nó de léim ar iongacha tríonóide,
siúl cinnte faiteach giorria,
láthair bhándearg mhionbháis, patról chat na feirme
agus rud nach n-aithním, cosa caora ach níos mó, níos troime istigh,
níos faide ó chéile, líne dhíreach ag tarraingt ina ndiaidh.
Sin é, thíos istigh i measc crann úll, reithe mór, leathcheilte ag lomra bán,
ag mungailt an fhómhair a leag na luathghaotha, dhá mhí ó shin,
Iothlann na n-éan, cruach na gcnumh. Amharcaimid a chéile,
cliabh folamh na bhfód i mo láimh dheis, iall na daoirse a bhris sé
ag sileadh lena mhuineál. Gluaisim ina threo, béicim
‘Siud ort, imigh’, mo challán ag réabadh an chiúinis inslithigh.
Ní chúbann sé,
déanann gnúsachtach de pholláirí leata, gail gheimhridh fána shrón.
rince beag ar cheithre chrúb atá róbheag dá mheáchan fireann.
Satlaíonn sé dúshlán de chois chlé tosaigh, trup
toll tobann ar chraiceann oighreata an tsneachta.
Tá sé sáinnithe agam, sa choirnéal idir na sceacha fiúise, an sconsa
agus an trí chrann úll. Níl éalú aige ach ionsair orm, thart orm, amach
an geata cúig bharra nár dhún mé aréir, mé cois tine, an sneachta anuas.
Ní bhogann ceachtar againn chun tosaigh, ní dhéanaimse an dara béic,
Ná eisean gnúsacht eile. Iompraím cliabh donn na bhfód, mé ag amharc air,
seasann seisean daingean ar cheithre chos leata ag féachaint orm,
Dúshlán ciúin ag an bheirt againn, gan a agairt barraíocht.
Ní heol dom cá stopann lomra, cé chomh mór na matáin, trom láidir feoil is cnámh,
ach is róléir nach caora bhaineann í seo romham.
Ní aithníonn seisean cliabh shaileoige ó chliabh duine, is arrachtach
ard Intleachta aige mé.
Siúlaim ar fiar ina threo, luascaim an cliabh, glaoim amach arís.
Briseann sé trén sceach ar chúl an Beauty of Bath, imíonn
i dtreo a ghnótha féin, a thréad dílis caora
a bhfuil ball daite na seilbhe os cionn gach eireabaill acu.
Feasta, Eanáir 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo