Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Más ag tús na hathbhliana is gnách dúinn a bheith ag breathnú romhainn agus ag tomhas a bhfuil i ndán dúinn sa bhliain úr, cé air a bheadh fonn tabhairt faoina leithéid de ghnó faoi láthair? Tuar an t-ádh agus tiocfaidh sé, a deireann an seanfhocal. Nach deacair géilleadh dó!
Ar a laghad tá an buiséad úd a raibh oiread sin faitís agus doichill ag gabháil leis rite tríd an Dáil. Mura raibh aon fháilte roimis, níor bheag d’éacht é gan aon mhór-rírá a bheith i gceist, mar a bhí go leor ag súil leis. Cad a bhí le déanamh?
Tá toghchán romhainn laistigh de chúpla mí. Níl i gceist, de réir cosúlachta agus na bpobalbhreitheanna, ach cé mhéid suíochán a chaillfidh Fianna Fáil agus conas mar a tharlóidh le riar na cumhachta i rialtas nua idir Fhine Gael agus an Lucht Oibre.
Níl amhras ná go mbeidh an bhéim beagnach go huile, ní hamháin sa tsaol polaitiúil ach sa tsaol cumarsáide agus tráchtaireachta sa tréimhse atá amach romhainn, ar ár staid eacnamaíoch. Gan amhras ní hionadh é sin. Déanfar faillí in go leor ceisteanna eile a bhfuil tábhacht leo, agus ina measc beidh an Ghaeilge.
Ach tá níos mó ná sin fós i gceist. Ní faillí amháin a dhéanfar i gcás na teanga. Bheadh sé místuama gan a chur san áireamh go mbeidh ciorraithe agus sábháilt airgid á mbrú i gcás pé soláthairtí atá á ndéanamh faoi láthair ar mhaithe leis an teanga. Ní féidir a ligint i ndearmad na moltaí a bhí i dtuarascáil an Bhoird ‘Snip’ ní chomh fada sin ó shin, agus go ndúradh fúthu san iris seo ag an am gurbh ionann glacadh leo agus éirí as pé iarrachtaí a bhí á ndéanamh ag an Stát an Ghaeilge a tharrtháil agus a chur chun cinn.
Go deimhin tá na ciorraithe seo á ndéanamh agus an t-eagarfhocal seo á dhréachtadh. Tá siad á ndéanamh i gcúrsaí oideachais, agus go háirithe i gcás na gaelscolaíochta. Tá gearradh siar á dhéanamh i gcás múinteoirí. Cathain go deireanach a tugadh aitheantas oifigiúil do bhunscoil nua lánGhaeilge?
Is eol dúinn go bhfuil ciorraithe móra i gceist i gcás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta faoi bhrú. Tá na comharchumainn agus na cúrsaí Gaeilge a bhí á reachtáil acu i mbaol. Má imíonn siadsan cad a bheidh fágtha?
Agus an méid sin uile ar siúl bhí íoróin agus iarracht amhrais ag baint leis an ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 21 Nollaig, nuair a sheol an Taoiseach an Straitéis 20 Bliain don Ghaelge. Níl duine beo ag súil go mbeidh an Taoiseach ná a pháirtí ann chun féachaint chuige go gcuirfear an Straitéis i bhfeidhm. B’fhéidir, mar sin féin, gur ábhar beag dóchais é go bhféadfadh go mbeadh Fine Gael i bhfabhar taighde cuí seachas lom-ionsaí ar ionad na Gaeilge sa churaclam Ardteiste.
|