Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Pholaitíocht agus Misniú Pobail
le Seán Ó Loingsigh


Ardú meanman agus misniú an phobail: nach bhfuil ceangal acusan lenár dteanga ­shinseartha agus go mbeadh sí faoi mheas agus ar bhonn slán mar theanga labhartha. Cén náisiún nó pobal a thréigfeadh a dteanga?

****************
Ceist í a cuireadh anseo go minic ná cad a spreagann daoine chun tabhairt faoin bpolaitíocht, ach go háirithe chun a bheith ina dTeachtaí Dála. Ní hé go raibh aon fhreagra róshásúil riamh againn nó aon fhreagra go bhféadfaí brath air mórán. Bhí gnéithe a bhaineas le cumhacht i gceist gan amhras, agus na geamaí agus mealltacht, nó meabhlachas fiú, a bhaineas leo san. Is maith le daoine go mbeadh aird an phobail orthu.

Is beag duine ar fad sa tsaol seo a chreideann go mbíonn a leithéid i gceist agus tírghrá, nó go mbeadh fonn ar aon duine dul leis an bpolait­íocht ar mhaithe le leas na tíre agus an phobail a dhéanamh.

Is eol dúinn ar ndóigh nár mar sin a bhí i gcónaí. Cé déarfadh gur ar mhaithe lena ngradam nó lena ­bpócaí a chruinnigh Teachtaí na Chéad Dála i dTeach an Ardmhéara i 1918, nó go deimhin iadsan a lean a rian i dTeach Laighean anall go dtí ár linn féin, nó le linn chuid againn pé ní. Ní gá dúinn an scéal dubhach sin a ríomh go mion, ná na polaiteoirí agus airí agus fiú taoisigh a lua, a bhí ag faire amach dóibh féin agus ag baint tairbhe as pé buntáistí a bhí ag teacht go ­héasca leis an oifig.

Is é a chas ar an téama seo inniu sinn ná an scéala go raibh beirt airí tar éis a fhógairt nach mbeadh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile. Níorbh ionadh dá mbeadh a thuill­eadh airí sna sála orthu. D’fhéadfaí a rá, agus déarfar gan amhras, gurb é atá ag tarlú ná tréigeann na loinge agus í ag dul go tóin poill — long dophollta Fhianna Fáil sa chás seo.

Gan amhras leis, ba bheag ag an mbeirt liostacht agus leadrán na gcúlbhinsí, agus ar ndóigh, mar atá cúrsaí ag a bpáirtí faoi láthair, ba dheacair a thuar go mbeadh aon áit sna binsí sin dóibh ach oiread. Mar sin féin, d’ainneoin na mbotún, ba dhóigh liom gur beirt pholaiteoirí chumasacha iad agus ionraic ina theannta.

Is é fírinne an scéil go bhfuil drochtheist ar pholaiteoirí faoi láthair, agus ar an gceird a chleachtann siad. Agus ní hiad polaiteoirí Fhianna Fáil amháin atá i gceist. Thuigfí go mbeadh sciolladóireacht á dhéanamh orthusan tar éis a bhfuil tarlaithe dár staid eacnam­aíochta le trí bliana anuas, ach tá an aithis atá á fháil ag polaiteoirí i gcoitinne le tamall anuas thar fóir ar fad.

Níos mó ná sin, tá sé díobhálach agus is beag amhras ná go gcuir­eann as dóibh sin a mbeadh fonn orthu a bheith gafa leis an bpolait­íocht, agus go háirithe seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin don Dáil, nó don Seanad, nó fiú do chomhairlí contae nó baile. Sa deireadh is é an tír agus an pobal a bheidh thíos leis mura mbíonn daoine fónta éirimiúla toilteanach é sin a dhéanamh.

Bhí an t-iarthaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael, Gearóid Mac Gearailt, ag plé gné eile den cheist seo ina cholún ar an Irish Times. Go deimhin is gné é a luadh anseo tamall éigin siar. Bhí an Gearaltach ag tagairt don éigeandáil eacnamaíoch a bhfuilimid ina lár istigh faoi láthair, agus arís thug sé go láidir faoin gcineál tráchtair­eachta a bhí á dhéanamh uirthi anseo ar nuachtáin agus ar raidió agus teilifís. I bhfad ródhiúltach a bhí sé dar leis. Mura raibh gach aon ní huncaídeoraí, mar a chuirfeadh cólúnaí eile ar an bpáipéar céanna é, níor bhaol go raibh sé chomh ­dorcha ach oiread agus a bhí i gceist acu siúd.

Is dócha gur príomhról do rialtas nua sinn uilig a mhisniú, meanma an phobail a ardú agus scamaill an diúltachais a scaipeadh. Ní ról é gur féidir a fhágáil faoinár dtráchtairí, is léir.

Ardú meanman agus misniú an phobail: nach bhfuil ­ceangal acusan lenár dteanga­ shinseartha agus go mbeadh sí faoi mheas agus ar bhonn slán mar theanga labhartha. Cén náisiún nó pobal a thréigfeadh a dteanga?

Tá an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge seolta ag an Taoiseach. An é an dualgas deireanach aige é ar son na teanga? Bhí cuid againn ag súil go ndéanfadh sé beart fónta ar mhaithe léi, ach caithfear anois dul i bhfeidhm ar thaoiseach seachas é. Mar a tharla, an mhí seo caite nuair a bhí an Straitéis á plé sa Dáil agus lucht an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúta i mbéil na huile, níorbh é an t-am ba thráthúla é don ­seoladh. Bhí an t-osréalachas a bhain leis an ócáid sin le brath arís.

Pléadh an Straitéis anseo cheana agus ní mórán a bheadh le cur lena raibh le rá an uair sin. Ag éisteacht le díospóireacht ar Raidió na Gaeltachta le déanaí maidir leis an Straitéis agus an Ghaeltacht, ba dhóigh leat go raibh an bharúil ann i gcónaí go bhféadfadh an Ghaeltacht maireachtáil ar a cosa féin, beag beann ar cad a bhí i ndán di sa tír i gcoitinne. Bhí ceist na ­dteorainneacha i gceist, mar is gnáth. Seachas an cás ar leith a bhaineas le cathair na Gaillimhe, is é ár ndearcadh riamh anall gur gníomh deireanach ar fad aon cheantar a dhíbirt as an nGaeltacht.

Ach thar aon ní, is é an cineál béarlagair a úsáideann na saineolaithe i gcás na Gaeltachta a chuirfeadh as duit. Tá oiread sin cainte acu ar phleananna teanga, ar phróisis phleanála agus ar chritéir theangeolaíocha nár dhóigh leat gur ghnáthdhaoine daonna a bhí i gceist ar aon chor. Féach air seo, mar shampla: ‘i gcás go dteipfidh ar phobail pleananna teanga inghlactha inbhuanaithe a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain sin ní ­áireofar sa Ghaeltacht iad níos mó’. Beidh siad, mar a déarfá, díbeartha thar teorainn, isteach sa ­duibheagán lasmuigh.

Ar ndóigh, sin an cineál raiméise a chuireann pleananna agus pleanáil i gcoitinne in amhras, agus coimisiúin agus straitéisí chomh maith céanna.

Dúradh anseo cheana gurbh é an chuid sin den Straitéis a bhain leis an tseirbhís phoiblí ba laige ar fad. Mar is eol dúinn, tá Coimisinéir Teanga ceaptha anois a bhfuil de dhualgas air a chinntiú go ndéanfar freastal réasúnta orthu siúd ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaelainn leis an gcóras poiblí.

Is í an státseirbhís an chuid is ­tábhachtaí ar fad den chóras sin. Ní haon ionadh rómhór go mbaineann cuid mhór de na gearáin leis an Roinn Oideachais. Ceithre bliana ó shin, chomh fada lenár gcuimhne, a dúirt an Coimisinéir nach raibh ach 3% d’fhoireann na roinne sin in ann a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge. Sa tuarascáil is déanaí ní raibh in ann é dhéanamh ach 1.5 %.

Go dtí 1974 bhí inniúlacht i nGaeilge riachtanach chun dul isteach sa státseirbhís. Ní fios go cruinn cén fáth go bhfuarthas réidh leis an riachtanas sin, ach bheadh sé réasúnta a shamhlú gur de bharr brú ó státseirbhísigh é agus óna gceardchumainn. Ba léir nár le haon mheas ar an teanga é nó gur síleadh aon tábhacht a bheith léi, beag beann ar an stádas a bhí aici sa Bhunreacht mar an chéad teanga oifigiúil.

Is fíor gur bhain an cinneadh a deineadh i 1974 ón tábhacht a bhain leis an teanga sa chóras oideachais, agus is eol dúinn an staid léanmhar ina bhfhuil sí sa chóras sin faoi láthair. An cuimhin le haon duine an tuarascáil a tháinig amach ­beagnach dhá bhliain ó shin faoin teideal ‘Language Education Policy Profile for Ireland’. Rannóg Polasaí Oideachais Chomhairle na hEorpa agus ár Roinn Oideachais féin a d’fhoilsigh é. Sin an tuarascáil a dúirt go raibh staid na Gaeilge sa chóras oideachais ‘tubaisteach’. Níor chualathas focal faoi ó shin. Is cóir a rá go mbaineann cuid de na moltaí is fearr sa Straitéis leis an gceist seo.

Ach chun filleadh ar staid na Gaeilge sa státseirbhís deir an Coimisinéir nach bhfuil sé ag éileamh go mbeadh sí riachtanach mar ábhar iontrála. Is é an cineál socraithe atá ar aigne aige ná fiú ceann sealadach a chuirfeadh roinnt daoine ar fáil de thruip na huaire i ngach roinn, a mbeadh ar a gcumas an Ghaeilge a úsáid. Socrú den chineál céanna atá luaite sa Straitéis. Conas a oibreoidh sé seo? An nglacfaidh státseirbhísigh agus a gceardchumainn leis? An mbeidh scála difriúil tuarastail i gceist toisc go bhfuil cáilíocht bhreise riachtanach? Feicfimid, gan amhras.

Tá barúil ann le tamall go bhfuil polaiteoirí i ngach páirtí níos ­fabharaí don teanga ná mar a bhíodh. B’fhéidir go bhfuil buíochas dá bharr sin tuillte acu sin a chothaigh an dea-chaidreamh leo. Tá fhios ag an saol go bhfuil tacaíocht na bpolaiteoirí riachtanach, má tá an teanga le teacht slán. Nár mhór a b’fhiú é dá mbeadh tacaíocht na státseirbhíseach ag an teanga freisin. Tá a dtacaíocht chomh riachtanach céanna.

Seachas pleananna agus pleanáil agus coimisúin, agus fiú straitéisí, nach cúram mór é sin d’eagraíocht cosúil le Conradh na Gaeilge.

Ceist nár phléamar, ar ndóigh, ná conas mar rithfidh le Straitéis mar seo in aimsir na práinne mar atá againn faoi láthair. Is féidir fiú go bhfuil airgead á chur amú i gcur chun cinn na teanga. Níor mhiste linn ar aon chor dá ndéanfaí dianscrúdú air sin. Ach cén luach is cóir a chur ar ár dteanga féin i gcomh­théacs iomlán ár n-oidh­reachta agus ár saoithiúlachta? Níor chuí go gclisfeadh orainn anois.

Feasta, Eanáir 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais