Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


An Bád
le Luaí Ó Murchú

aistrithe ag Diarmuid Ó Tuama

Bhí cuma liath ar mhaidneachan an lae taobh amuigh den fhuinneog nuair a dhúisigh an buachaill. D’fhan sé ina luí ansin ar feadh scaithimh agus é ag smaoineamh ar an lá a bhí roimhe. Den chéad uair riamh bheadh sé ag dul chun aonaigh i dteannta a athar. Smaoinigh sé ar an scilling a bhí curtha i dtaisce aige. Go dtí inné bhí an scilling sin i mbosca stáin sa tseantiníl aige. Cheannódh sé orgán béil leis ar an aonach, ar seisean leis féin — maraon le crann tabhaill agus dornán mirlíní gloine. Agus thiomáinfeadh sé an bhólacht roimhe lena bhata nua. Ba é féin a rinne an bata — d’fheirdhris — agus fáinní brocacha gearrtha isteach aige sa choirt ghlas.

Ach ba ar an mbád, thar aon ní eile, a bhí a chuid smaointe. Agus fós féin, ar bhealach éigin, bhí sé ag ­iarraidh fáil réidh leis an smaoineamh sin — ar eagla nach mbeadh sa bhád ach brionglóid ná san aonach ach ábhar díomá. Mar ba ar an lá seo, de réir gheallúint a athar, a bheadh siad ag tabhairt cuairte ar shean-Neid Ó Tomhnair chun an bád a fháil.

Chonaic sé an bád le súile a shamhlaíochta anois. Bheadh crann mór inti, nó b’fhéidir dhá cheann, mar aon le raitlíní agus le téadra. Bheadh dath donn snasta ar an deic, ráille geal práis thart timpeall uirthi agus lintéir chun uisce na bhfarraigí anfacha a ghlanadh den deic. Bheadh teach stiúrach ann, ar ndóigh, agus bheadh ceann an bháid ag cuaradh siar a fhad leis an gcrann spreoide — líne sliospholl ar na taobhanna, agus cíle luaidhe chun í a choinneáil cobhsaí san uisce. Bheadh na seolta mar sciatháin ghléineacha. Go tobann léim sé amach as an leaba, chuir air a chuid éadaigh agus síos leis go dtí an chistin chluthar.
——◊——
Bhí ceithre mhíle siúlta acu sular bhain siad amach barr an chnoic. Ar aghaidh leo ansin le fána an chnoic ar an mbóthar fada go dtí an baile mór agus an t-aonach. Bhí an buachaill ag faire go díocasach chun an loch a fheiceáil, ach bhí sé sin folaithe ag an gceo éadrom a bhí ina luí ar fud an ghleanna. Anois bhí sé in ann géimneach fadálach na bólachta a chloisteáil ón mbaile thíos. Ba dhóigh leis go raibh idir uaigneas, mhearbhall agus eagla ar na ba. Níor tháinig aon mhaolú ar an ngéimneach bhrónach agus an bheirt ag druidim leis an mbaile mór. Ach ar deireadh thiar ní raibh inti ach mar a bheadh cúlra do ruaille buaille agus do challán an aonaigh.
——◊——
I bhfad sula raibh an bhólacht díolta bhí idir ocras agus mhífhoighne ar an mbuachaill. Ba ar an mbád amháin a bhí sé ag smaoineamh. Nuair a tháinig boladh na bialainne chuige ar an leoithne shantaigh sé na stéigeacha mairteola agus na ­prátaí cúránacha a bheadh clúdaithe le súlach donn. Ba ag bord fada ­cistine a d’ith siad. Cailín téagartha a dhoirt amach an tae dó agus dúirt sí leis gur bhreá léi é a phósadh, dá mbeadh seisean sásta glacadh léi gan fortún. Nuair a tháinig luisne i leiceann an bhuachalla le teann aiféaltais chuimil sí a chuid gruaige lena láimh.

Bhí sean-Neid sa bhaile nuair a chuaigh siad isteach sa chistin ­mhosaithe. Seachas an madra agus na héin, ba leis féin a bhí sé ina ­chónaí — na héanadáin ar crochadh ar na ballaí agus ó na rachtaí. Bhí lasracha coille, gleoiseacha agus canáraithe ar fud na cistine, iad ag giolcadh agus ag giolcaireacht — an t-aer líon lán ag seabhrán agus flústar na sciathán bídeach — agus ag scríobadh na gcrág ar fharaí agus ar shreanga na n-éanadán.

Le linn don bheirt fhear a bheith ag caint le chéile, líonadh croí an bhuachalla le mífhoighne. Ar deireadh thiar d’éirigh Neid agus isteach leis sa seomra le cois na ­cistine. Agus an doras ar oscailt thug an buachaill suntas don leaba amscaí agus do na paistí taise ar na ballaí. Tháinig Neid aníos as an seomra, an bád ina láimh aige.

‘Tabhair aire mhaith di,’ ar seisean. ‘Níorbh fhurasta í a chur le chéile. Ní dhéanfaidh mé aon cheann eile go deo.’

Ba í an luisne ar leiceann an bhuachalla a chomhartha buíochais agus an longshamhail ina láimh aige — é ag féachaint ar Neid agus ar a athair. Sheas an bheirt fhear ansin, ag breathnú ar cheann dorcha an bhuachalla a bhí cromtha os cionn an bháid. Bhí callán íseal an aonaigh le cloisteáil i bhfad uathu, agus ciúnas sa chistin, seachas síorthiceáil na gcrotal a bhí ag titim amach as na héanadáin anuas ar an mbord agus ar an urlár.
——◊——
Go luath an mhaidin dar gcionn bhí an buachaill ar bhruach na habhann a ritheann tríd an ngleann. Bhí líne fhada ceangailte den bhád aige. Chuirfeadh sé an t-árthach bídeach ar snámh go dtí go n-iomprófaí go mall í go lár na habhann — agus ar aghaidh caol díreach ina dhiaidh sin. Ba air a bhí an lúcháir ar ­fheiceáil dó an bád ag déanamh a bealaigh trí na driúillíní — ag ísliú agus ag titim ar leataobh faoi chóir na gaoithe — agus ag gluaiseacht go réidh leis an sruth. Agus nuair a rith an t-uisce go ciúin dorcha faoi scáth na dtoim draighin chonaic sé, mar a bheadh, dhá bhád ar snámh. Uaireanta tharraingíodh sé an bád isteach chun tíre arís agus chuimlíodh í le teann áthais agus mórtais — é ag déanamh iontais d’áilleacht a cuid línte agus den néatacht a bhain leis na crainn agus leis na seolta. Ba ina aonar mar sin a chaith sé laethanta an earraigh.
——◊——
Go mall tráthnóna amháin, nuair a scaoil sé amach an líne le tarraingt an tsrutha, shleamhnaigh an lúb amach as greim a lámh. Bhuail taom líonrith é ar ­fheiceáil dó an bád á síobadh amach go lár na habhann agus síos leis an sruth. Rith sé de sciuird ar bhruach na habhann, é ag tuisliú agus ag titim le linn dó a bheith ag iarraidh an bád a choinn­eáil faoi luí a shúl. Ba chuma leis faoin bhfál a bhí os a chomhair amach. Phléasc sé díreach tríd, beag beann ar a chuid éadaigh stróicthe ná ar an gcaoi a raibh a lámha agus a chosa á scríobadh aige. De ­thoradh a phianpháise, bhí sé ag caoineadh os ard le linn dó a bheith ag rith. Ach níor chuala aon duine é sna páirceanna ciúine. Go tobann sheas sé. Bhí an bád ina stad i lár an tsrutha. Srachfhéachaint eile agus bhí a fhios aige gur comhartha dóchais a bhí ann. Bhí líne an bháid imithe in aimhréidh i measc fréamhacha agus craobhacha.

San áit áirithe sin bhí seantamhan lofa crainn, a tháinig anuas leis an sruth na blianta fada ó shin – é ina luí ansin i lár na habhann, cuid de san uisce agus an chuid eile os a chionn. Bhí tranglam dlúth i measc na bhfréamhacha feoite de thoradh tuilte na mblianta agus d’fhéadfaí líne bharr láin an uisce a rianú sna broibh thuartha féir a d’fhág féasóg ar na craobhacha os cionn dromchla an uisce.

Bhí an bád ar ancaire leathbhealaigh amach, na seolta bána le feiceáil go doiléir sa lagsholas. Bhí driúillíní bídeacha ag leathnú amach sa sruth mall agus an bád ag tarraingt gan stad ar an líne.

Sheas an buachaill ansin ag breathnú ar a bhád thar an uisce liath­dhorcha, ruainne beag dóchais ag borradh ina chroí. Fiú dá bhfanfadh an líne socair go maidin…! Thiocfadh sé ar ais go bruach na habhann le breacadh an lae, a bheartaigh sé go fíochmhar. Faoi dheireadh d’iompaigh sé go mall ón abhainn dhorcha. B’fhaoiseamh éigin ón méala é an rún daingean ina chroí an bád a tharrtháil. Níor ghá go mbeadh a fhios ag a athair go raibh sí caillte aige. D’iarrfadh sé ar a mháthair é a choinneáil ina rún. Ach ní inseodh sé fiú amháin di féin faoin rún a bhí ina chroí an bád a shaoradh ón áit ina raibh sí ar luascadh san abhainn. Bhí an dorchadas ann cheana féin faoin am ar bhain sé amach solas geal na cistine.
——◊——
D’éirigh sé le bánú an lae, agus i ndiaidh dó é féin a ghléasadh faoi dheifir, shleamhnaigh sé síos an staighre. Agus é ag trasnú an chlóis ar a bharraicíní, chonaic sé go raibh an cat buí fós ina chodladh i gcrúca na habhla. A luaithe is a bhí sé as raon na gcluas, d’imigh sé leis ar na cosa in airde síos an cabhsa, thar an tseantiníl, go dtí gur bhain sé amach an pháirc a thabharfadh síos é go himeall an ghleanna. Bhraith sé aer fuar na maidine trína chuid éadaigh, ar a cheathrúna agus ar a bholg. Bhí fearthainn i ndiaidh titim agus bhí an féar leagtha síos san áit ar luigh an bhólacht i rith na hoíche. Chaith na coiníní cáitheadh airgeadúil uathu agus iad ag pléascadh amach as a gcuid poll.

Nuair a tháinig sé a fhad le for­fhleasc an ghleanna d’fhéach sé siar. Ní raibh aon deatach ó shimléar an tí go fóill. Shíl sé ar feadh soicind go raibh an teach ag faire air ón talamh ard, faoi mar a bheadh sé ag ­cromadh go himníoch ina threo — ag faire air ina n-áit siúd a bhí fós ina gcodladh taobh thiar de na ­dallóga dúnta. Chas sé go tobann agus rith síos an gleann i dtreo na habhann.

Bhí an bád ann go fóill. I gcoinne chúlra na dtoir airní chonaic sé léaró na seolta agus an ráille práis a bhí thart timpeall ar an deic. Bhí an t-uisce ag rith go ciúin, lasmuigh den mhaolgháire glugach a rinne sé agus é ag sileadh trí chraobhacha an chrainn thite.

Thástáil sé a chos ar an tamhan leathbháite. Bhraith sé seasmhach agus shiúil sé go cúramach air go dtí gur shroich sé na craobhacha marbha a bhí ar crochadh os cionn an uisce. Go fíorchúramach, greim láimhe aige ar ghéag a bhí os a chionn, thosaigh sé ag déanamh a bhealaigh thar bhrainse a bhí os cionn an uisce, orlach i ndiaidh orlaigh. Anois bhí sé cóngarach go leor chun creathadh na sreinge a fheiceáil agus an sruth ag tarraingt ar an mbád.

Stad an buachaill, ag tomhas an dainséir — eagla an domhain air agus a intinn ag rá leis nár cheart dó dul níb fhaide. Agus é ag breathnú ar an sruth luadrach, dóbair dá chroí tuairgneach é a thachtadh. Gan focal d’impigh sé ar an eagla gan é a ligean síos agus thosaigh na deora ag teacht lena shúile le linn dó a bheith ag féachaint ar an mbád. Mhothaigh sé an t-allas ag úscadh óna ascaillí agus ag briseadh amach ar a chliabhrach agus ar a dhroim. Níl ach cúpla troigh fágtha, a phléadáil sé leis féin. Rug sé greim ní ba dhaingne ar an mbrainse a bhí os a chionn agus rinne sé a bhealach níb fhaide amach thar an uisce go dtí go raibh sé díreach os cionn an bháid. Ansin, go mall cúramach, chrom sé síos agus shín a lámh eile i dtreo na líne a bhí ar snámh san uisce. Ansin, ní ba chúramaí fós, thosaigh sé ag tarraingt an bháid ina threo.
——◊——
Go tobann, bhris an chraobh lofa a bhí thíos faoi agus bhí an buachaill san abhainn. Rug sé go fuascrach ar an mbrainse a bhí os a chionn, saothar air agus é coscartha ag turraing an uisce fhuair. Ansin, nuair a bhraith sé ­tarraingt ghéar an tsrutha scréach sé le himeagla. Thosaigh an chraobh ag crith agus ag lúbadh i dtreo an uisce faoi mheáchan an bhuachalla. Lig sé béic as nuair a mhothaigh sé steallóg an tsrutha ar a chliabhrach agus ar a leiceann. De réir mar a ­tarraingíodh timpeall é san uisce, thosaigh sé ag bogadh na gcos go tritheamhach, ag iarraidh teagmháil éigin a dhéanamh le craobhacha an chrainn a bhí thíos faoi. Ansin, go domhain san uisce, d’éirigh leis seasamh ar cheann de na géaga báite. Chaill sé an greim coise sin ar feadh soicind, ach fuair ar ais é.

Tugadh deis dó, ar feadh scaithimh, cuid dá neart a bhailiú chuige féin arís — an t-uisce ag cuimilt a choirp le méara mífhoighneacha. Ansin rop sé é féin go sliopach chun tosaigh agus, lámh thar láimh, d’éirigh leis cúpla troigh a chur de go dtí gur thug sé faoi deara go tobann an ­bruach ag titim le fána thíos faoi. Maolaíodh ar neart an tsrutha. Agus greim ag an mbuachaill ar chré shleamhain an bhruaigh, d’éirigh leis é féin a chaitheamh isteach san uisce éadomhain. Agus é ag éirí go hamscaí dá ghlúine bhí a bholg ag at go pianmhar.

É fliuch báite agus ag crith, thiontaigh an buachaill go mall agus d’fhéach trí shúile taise isteach san abhainn. Bhí an bád ag bogadh. I dtosach báire ghluais sí go liosta i dtreo lár na habhann.

Ansin ­thosaigh sí ag ísliú agus ag ardú sa sruth láidir. Níorbh fhada ansin go raibh sí ag bailiú luais agus ag ­gluaiseacht gan stad le sruth na habhann. D’fhan an buachaill ag stánadh ar an mbád, téadra bídeach agus dathanna gleoite uirthi, go dtí nach raibh inti ach mionspota san uisce tae-dhonn. Ansin bhí radharc ar feadh soicind aige ar thaobh an bháid agus ar an seol bán.

D’fhan an fear beag ag faire, é mairbhiteach ina cuid balcaisí ­fliucha, go dtí gur imigh an bád as radharc ag cúinne na habhann, ag imeacht léi i dtreo na gréine éirithí agus na farraige móire.

Nóta: Luaí Ó Murchú (1909 – 1999) a scríobh Journey Home - a selection of short stories with an Ulster background (Sliabh Gullion Books, 1997). Duine de bhunaitheoirí Sheachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, i 1971, ab ea Luaí, i gcomhar le Tim Danaher, John B. Keane, Bryan MacMahon, Nora Relihan, Anthony Gaughan agus Séamus Wilmot.

Feasta, Feabhra 2011

abhaile | barr | clár na míosa seo