Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


‘Fág An Bealach’

le hArt Ó Maolfabhail



Le déanaí d’fhreastail mé ar ócáid cheiliúrtha cumainn de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Is é Cumann Báire Fág an Bealach i mBaile Átha Cliath an cumann atá i gceist, cumann atá ar bun le 125 bliain, is é sin, atá níos óige d’aon bhliain amháin ná Cumann Lúthchleas Gael féin. Timpeall 1898 d’éirigh an club as imirt na peile agus ó shin i leith tá sé ag cloí leis an iomáint.

Dála clubanna eile a bunaíodh ag lucht tuaithe i gcathracha, níor chlub paróiste é Cumann Fág an Bealach agus ní raibh páirc imeartha dá chuid féin aige go dtí le déanaí. I 1981 fuair an club talamh ar léas ón Chomhairle Contae i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Anois tá clubtheach maiseach ann leis na háiseanna cuí agus faichí imeartha, agus an chamógaíocht curtha leis an iomáint. Cuireann an club breis agus fiche foireann chun páirce iomána agus camógaíochta. Is é ainm an chlub sin, ‘Fág an Bealach’, atá idir chamáin anseo.

Tá an t-ainm Tomás Ó Mórdha / Tommy Moore ceangailte go buan le stair an chlub. Cill Chainneach ab ea Tommy Moore, fear a bhuaigh boinn shinsearacha iomána na hÉireann le Contae Bhaile Átha Cliath sna blianta 1917 agus 1920. Ba é Cathaoirleach an chlub é ó 1929 go dtí gur cailleadh i 1968 é, agus is i gcuimhne air atá Corn Uí Mhórdha ainmnithe, an corn a bhronntar in aghaidh na bliana i gComórtas Chraobh Shinsearach na gclubanna iomána a mbítear ag iomaíocht ina thaobh sa chraobhchluiche ar Lá le Pádraig.

Tá sé beagnach cinnte go raibh aithne ag Tommy Moore ar chuid de na fir a bhunaigh an club in 1885. Lá amháin, nuair nach raibh an t-eolas agam atá anois agam, d’fhiaf­raigh mé de Tommy cén bunús, nó scéal, a bhain le Fág an Bealach a bheith ina ainm ar an chlub. Ní dúirt sé ach go raibh baint éigin ag an ainm le hArm Shasana, rud a chuir mearbhall orm.

De réir Mharcuis de Búrca, a scríobh stair Chumann Lúthchleas Gael,1 agus a scríobh, freisin, stair Chumann Báire Fág an Bealach Bhaile Átha Cliath,2 bhí ar a laghad deich gclubanna den ainm ann a bunaíodh i mblianta tosaigh na heagraíochta.3 Díobh san ní mhaireann ach trí clubanna inniu — club Bhaile Átha Cliath, club Chathraí i mBaile Bhóidh i dtuaisceart Chontae Aontroma a bunaíodh in 1903 agus atá tiomnaithe don chamán amháin, agus club i mBaile na Lorgan i gContae Mhuineacháin a bunaíodh timpeall 1889, ar chlub peile agus iomána é. Sna cásanna eile tá an t-ainm imithe as le fada, ach is dócha go maireann na clubanna faoi ainmneacha eile. Más fíor do Mharcus, stairí coinsiasach, bhí Cumann Fág an Bealach tráth in An tIúr, Contae an Dúin; An Srath Bán, Contae Thír Eoghain; Ros Liath, Contae Fhear Manach; Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh; An Chathair, Contae Thiobraid Árann; Míleac, Contae an Chláir; Maothail, Contae Liatroma; Loch Garman, Contae Loch Garman.

Cad ba chúis leis an ainm seo a bheith ar chlubanna breis agus céad bliain ó shin? Agus cén fáth nár lean an t-ainm sa chuid is mó de na cásanna? Caithfidh stair shuimiúil a bheith ag an abairt ‘Fág an bealach’. Níl anseo thíos ach cuid bheag den scéal. Mar ainm club sa Bhéarla is gnách an foirm ‘Faugh a Ballagh’, a ghiorr­aítear go dtí ‘Faughs’.

An Bhriogáid Éireannach

De bharr theacht i réim Phoblacht na Fraince in 1789 scoradh in 1792 ‘La Brigade irlandaise’ (‘An Bhriogáid Éireannach’) a bhí go dtí sin ina cuid d’Arm na Fraince. De réir théarmaí Chonradh Amiens in 1802 thug Sasana aitheantas foirmeálta do Phoblacht na Fraince agus ba ghearr gur fhéach Arm Shasana leis an teideal sin ‘The Irish Brigade’ a ghabháil chuige féin, faoi mar a bheadh sin de cheart aige de bharr Acht an Aontaithe a tháinig i bhfeidhm in 1801. Tosaíodh ar an Chláirseach agus an tSeamróg a oibriú isteach i suaitheantais na reisimintí ‘Éireannacha’ a bunaíodh in Arm Shasana.

Cheana féin, ón mbliain 1783 bhí ‘Ord Ridireachta Phádraig’ bunaithe ag Seoirse III, Rí Shasana, mar ghradam dá lucht tacaíochta in Éirinn. Ag an am ­céanna ceapadh ‘Crois Phádraig’ agus nuair a tháinig Acht an Aontaithe in 1800 bhí ‘Crois Phádraig’ ullamh le cur isteach i dteannta ‘Crois Sheoirse’ agus ‘Chrois Aindriú’, a bhí cheana féin i mbratach na Ríochta Aontaithe, an Union Flag (an Union Jack).

Chomh maith le Naomh Pádraig, agus le comharthaíocht ar bhratacha, tosaíodh ar ‘thraidisiúin Éireannacha’ a aimsiú chun cur le hÉireannachas san Arm. Tosaíodh ar cheol ‘Éireannach’ a fhorbairt mar thaca trampála leis na hÉireannaigh in Arm Shasana. Le himeacht ama cuireadh ‘An Phíob Mhór Éireann­ach’ agus ‘An Filleadh Beag Éireannach’ (cróch nó uaine), agus ‘An Chú Mhór Éireannach’, agus gan amhras, Ceiliúradh Lá le Pádraig, le repertoire an Airm. Agus cuireadh an abairt ‘Fág an Bealach’ leis an ­repertoire sin.

Is é The 87th Irish Regiment of Foot / An 87ú Reisimint4 Coisithe Éireannacha, a earcaíodh i mBaile Átha Cliath i 1793, go díreach bliain tar éis scor na Briogáide sa bhFrainc, an chéad reisimint a bhfuil an mana luaite leis. Tá ráite gur le linn an chogaidh in aghaidh na Fraince ar an leithinis Ibéirigh, i gcath in aice le Cadiz i ndeisceart na Spáinne, sa bhliain 1811, a ceanglaíodh an mana leis an reisimint. Insítear scéalta i dtaobh na nÉireannach a bheith ag scairteadh ‘Fág an Bealach’ le linn comhraic. Lean an mana sin ag na reisimintí in Arm na Breataine a tháinig in oidhreacht ar an reisimint sin, is iad sin, The Royal Irish Fusiliers / Fiúsailéirí Éireannacha an Rí5 (1827), The Royal Irish Rangers / Fiannóglaigh Éireannacha na Banríona (1968), The Royal Irish Regiment / Reisimint Éireannach na Banríona (1992). Tá seanbhratacha na reisiminte ar crochadh in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath. Tá a séipéal reisiminte in Ardeaglais Phádraig (Eaglais na hÉireann) in Ard Mhacha. Tá a depôt reisiminte in Saint Patrick’s Barracks ar an mBaile Meánach i gContae Aontroma. Is léir an ‘ról lárnach’ atá tugtha do Phádraig Aspal Éireann.

‘Fág an Bealach’ 1842

Sa bhliain 1842 bhunaigh Séarlas Gabhánach Ó Dufaigh agus Tomás Dáibhís agus Seán Blácach Diolúin nuachtán seachtainiúil — The Nation, nuachtán na gluaiseachta ‘Éire Óg’. Sa tríú heagrán, aran 29 Deireadh Fómhair 1842, foilsíodh amhrán tírghrá ‘Faugh a Ballagh’ leis an Dufach, príomheagarthóir an pháipéir, faoin ainm cleite ‘Black Northern’. Mar fhotheideal leis an amhrán deirtear ‘A National Hymn chaunted in full chorus at the last symposiac of the Editors and Contributors of “The Nation”’. I nóta mínithe deirtear: ‘Faugh a Ballagh, “Clear the road!” was the cry which the clans of Connaught and Munster used in faction fights to come through a fair with high hearts and smashing shillelahs. The regiments raised in the South and West took their old shout with them to the Continent.’

Ar mhaithe le cruinneas staire, agus ar eagla na mí­thuisc­eana, is dócha gur fearr gan ach ábhar grinn a dhéan­amh den ráiteas gur ‘especially for the Regiment’ a chum Charles Gavan Duffy an t-amhrán. Tá an ráiteas sin déanta ag coimeádaí mhusaem na reisiminte in Ard Mhacha.6

Ní gá ach tagairt a dhéanamh do thús an dara véarsa chun an áiféis sa ráiteas a aithint.
Know, ye suffering brethren ours,
Might is strong, but Right is stronger;
Saxon wiles or Saxon powers
Can enslave our land no longer, …

Éire Óg v. Ó Conaill

Chuir The Nation spreagadh úr i meanma náisiún na hÉireann. Meas agus tacaíocht aige ó réimse leathan daoine. Ón bhliain 1840 bhí Cumann na hAisghairme / The Repeal Association a bhunaigh Dónall Ó Conaill an-ghníomhach. Ba é aisghairm Acht Aontaithe 1800 b’aidhm don Chumann ach de réir a chéile tháinig an chuid ba radacaí de na hÉireannaigh Óga ar an tuairim go raibh díograis Uí Chonaill ag maolú agus go raibh sé, mar aon lena lucht leanúna, ag géilleadh do bhladar agus do bhreabaireacht Rialtas Shasana.

Bhí aird na nÉireannach Óga ar Mhór-roinn na hEorpa agus ar na gluaiseachtaí pobail sa bhFrainc, san Iodáil, san Ostair-Ungáir agus sa Phrúis. Thairis sin, bhí ­leithéidí William Smith O’Brien agus Thomas Francis Meagher den tuairim gur chóir Garda Náisiúnta, nó Mílíste Náisiúnta, a bheith in Éirinn faoi mar a bhí i gCanada agus sna Stáit Aontaithe. Ansin, in 1845 ­cailleadh an Dáibhíseach agus cuireadh John Mitchel ar fhoireann The Nation.

I rith na mblianta seo bhí an Gorta Mór ag céasadh mórán den tír agus ag dul in olcas. Scríobh an Mistéalach gur chuid de pholasaí Rialtas Shasana é ­ligint don Ghorta pobal na hÉireann a lagú. Chomhairligh sé don phobal easportail bia a chosc trí chur i gcoinne síochánta a dhéanamh, ach dúirt sé nach raibh sé ag cur an lámh láidir as an áireamh ar fad. Bhí a thuairimí ró-thréan d’eagarthóir The Nation agus mar sin d’imigh sé leis agus bhunaigh sé The United Irishman i dtús 1848.

Bliain mhór réabhlóidíochta ba ea 1848. Leagadh an rí Louis Philippe sa bhFrainc agus fógraíodh an Dara Poblacht. Mar thoradh air sin tharla réabhlóidí náis­iúnta éagsúla ar an Mór-roinn. Chuaigh Ó Briain agus Ó Meachair go Paris go luath in 1848 chun Dara Poblacht na Fraince a cheiliúradh. Is ó Pháras a thug siad ar ais leo an bhratach uaine agus bán agus oráiste ar aithris thrí-dhathaí na Fraince.

Síleadh ag tús 1848 go raibh deireadh ag teacht le dubh na bprátaí agus leis an ngorta agus leis an ngalar a lean é. Ní hamhlaidh a bhí. Bhí tuilleadh den tsórt le teacht. Agus ansin tháinig cruatan de chineál eile. I mí Bealtaine gabhadh Seán Mistéal mar gheall ar rudaí a scríobh sé, agus tar éis trialach daoradh chun Van Diemen’s Land san Astráil é.

Ar an 22 Iúil 1848 chuir an Rialtas an tAcht habeas ­corpus ar fionraí. B’ionann sin agus imtheorannú gan triail cúirte a thabhairt isteach. Láithreach chuaigh cuid de na hÉireannaigh Óga tríd an tír ag eagrú ceannairce agus tharla troid idir iad agus an Chonstáblacht i mBaile an Gharraí, gar do na Coimíní i gContae Thiobraid Árann. Gabhadh cuid de cheannairí na nÉireannach Óg, Ó Briain agus Ó Meachair ina measc, agus daoradh chun báis iad. Maolaíodh an pionós agus i mí Iúil 1849 seoladh go dtí Van Diemen’s Land iad. Tar éis turais 110 lá cuireadh Meagher agus a chompán­aigh i dtír in Van Diemen’s Land ar Lá Samhna 1849.

I rith na mblianta seo go léir bhí an mana ‘Faugh a Ballagh’ á thabhairt ar fud an domhain ag Arm Shasana. Anois bhí sé ar tí a leathnaithe ar bhealaí eile. Ní raibh aisling an ‘Arm Éireannach’ imithe as. Sa bhliain 1852 d’éirigh le Meagher éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.

‘Fág an bealach’ thar lear

I mí Iúil 1861 troideadh an chéad chath i gCogadh Cathartha Mheiriceá, Cath Bull Run, Virginia. Faoin am sin bhí Thomas Francis Meagher ina oifigeach in Arm na hAontachta (an Tuaisceart). Tháinig sé slán ón chath agus d’fhéach le ‘Briogáid Éireannach’ a eagrú le haghaidh Arm na hAontachta. Gníomh polaitiúil a bhí san iarracht sin. Bhí Éireannaigh ag féachaint le ‘Arm Éireannach’ a chur le chéile a fhéadfadh ar ball tabhairt faoi shaoradh na hÉireann le fórsa míleata. Freisin, d’oir sé do na Stáit Aontaithe foláireamh a thabhairt do Shasana a bhí claonta chun tacú le stáit Chónaidhm an Deiscirt.

I mí Mheán Fómhair na bliana sin tháinig an cead foirmeálta ó Rúnaí Cogaidh na Stát Aontaithe chun an Bhriogáid Éireannach a eagrú. Ar an 23 Meán Fómhair bhí Meagher i mBoston ag stocaireacht ar son na Briogáide. An lá dar gcionn cuathas i mbun eagraithe. Ar an 8ú Deireadh Fómhair thosaigh earcú an 28th Massachusetts Volunteer Infantry Regiment. Agus an tseachtain chéanna, in eagrán 12 Deireadh Fómhair 1861, foilsíodh an t-amhrán ‘Fág an Bealach’ in Pilot, nuachtán mór na nÉireannach i mBoston. Ba é sin an t-amhrán a chum Charles Gavan Duffy, Eagarthóir The Nation in 1842, ‘A National Hymn’ mar a thug sé air.

Tugadh ‘The Faugh a Ballagh Regiment’ ar The 28th Massachusetts Volunteer Infantry Regiment agus is ón reisimint seo a tháinig ‘Faugh a Ballagh’ a bheith in úsáid ag an mBriogáid Éireannach. Bhí ceithre reisimint eile sa Bhriogáid, trí cinn i Nua-Eabhrac agus ceann in Pennsylvania. Maireann ceann amháin de reisimintí Nua-Eabhrac go dtí an lá atá inniu ann, an 69ú, an ‘Fighting 69th’ mar is gnách a thabhairt air, agus an mana ‘Faugh a Ballagh’ aige.

Bhí mórán Éireannach in arm Chónaidhm an Deiscirt chomh maith agus bhí ‘Fág an Bealach’ in úsáid ag cuid acusan. I ndáiríre bhí siad chun tosaigh ar an Tuaisceart. Bhí The 8th Alabama Infantry (Emerald Guards) ann ó mhí an Mheithimh 1861. Bratach dháthaobhach a bhí acu — ar thaobh amháin George Washington, ar an taobh eile cláirseach, fáinne seam­róga, na focail ‘Erin go Bragh’ agus ‘Faugh a Ballagh’, iad ar fad in ndath órga ar chúlra uaine. Ar an 30 Meitheamh 1862 tharla na hEmerald Guards agus Meagher’s Irish Brigade in éadan a chéile ag Cath Glendale i Stát Virginia. An lá dar gcionn bhí leath na nGuards ar iarraidh agus bhí cailliúint mhór ar an mBrigade.

Brí agus Tábhacht

Ag deireadh an 19ú haois nuair a glacadh ‘Fág an Bealach’ mar ainm ag clubanna le Cumann Lúthchleas Gael is dócha go raibh cuid de dhánaíocht na gluais­eachta náisiunta á léiriú. ‘Is Gaeilge é, is linne é, ní féidir é a choimeád uainn agus gabhaimid ar ais é.’ Ní raibh an dlúthcheangal fós éirithe idir an club agus an paróiste Caitliceach. Glacadh ainmneacha pearsana agus eachtraí i stair na tíre ina n-ainmneacha clubanna, agus bhain roinnt mhaith ainmneacha le cúrsaí na bhFíníní, mar shampla, ‘Dóchas Éireann’ ‘Erin’s Hope’, ainm na loinge a rinne iarracht gunnaí a thabhairt go hÉireann sa bhliain 1867. Fiú má bhain ‘Fág an Bealach’ le saighdiúireacht na Breataine, ní le saighdiúireacht na Breataine amháin a bhain sé faoin am sin. Bhí sé bunaithe in Arm na Stát Aontaithe agus Fíníní líonmhar in Arm Shasana féin. Agus bhí níos mó ná sin ann. Bhí teachtaireacht san ainm, bhí foláireamh ann. Fág an Bealach! Fág ár Sealúchas! Bhí neamhspleáchcas na hÉireann á fhógairt.

Pointe beag ioróine. Más fíor, is faoi Wellington a tháinig an abairt ‘Fág an Bealach’ chun cinn in Arm Shasana. Inniu is ar Lána Wellington atá faichí agus clubtheach Chumann Fág an Bealach i mBaile Átha Cliath. Nár chóir a rá le Wellington an bealach a fhágáil, an t-ainm a athrú go dtí Lána Fág an Bealach?

Tagairtí:


1. The G.A.A., a history of the Gaelic Athletic Association, Baile Átha Cliath, 1980
2. One Hundred Years of Faughs Hurling, Baile Átha Cliath,1985
3. One Hundred etc. lch 22
4. The Royal Irish Fusiliers, Marcus Cunliffe, Londain, 1952
5. Is é ’Fiúsailéirí Ríoga an hÉireann’ an leagan Gaeilge atá ag focal.ie. Is ait é sin. ‘Gardaí Eilvéiseacha’ atá ag focal.ie ar ‘Swiss Guards’. Níl an téarma ‘Papal Swiss Guard’ liostaithe ach is é ’Nuinteas an Phápa’ atá tugtha ar ‘Papal Nuncio’.
6. A short history of the Royal Irish Fusiliers, Amanda Moreno, Ard Mhacha, 1999

Feasta, Feabhra 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais