Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta le Colin Ryan

Cois trá

Sa gheimhreadh ab fhearr léi
an fharraige
í ag siúl na trá báine
i gcoinne na gaoithe dorcha
ag tnúth le hionsaí an dé

Seachain! a deireadh na faoileáin léi
is na glórtha báite
Seachain! a deireadh sí féin
is lorg a cos ag leá

tháinig an dia ina réabadh
á cloí le colg
rinneadh sáile den solas
is sáile dá cuid fola
í á bá ag grá na mara
sular tréigeadh í


Eilís Ní Cheallacháin in Hobart,
Van Diemen’s Land 1821

Ag teacht i dtír di bhraith sí
Sasanachas na háite
Londain bheag eile beagnach
murach íoróin na sléibhte

airgead falsa
a chuir an loch amach í
an fharraige ghlas ag slogadh
na staire
is an séan ag seadú
ina haigne
Contae an Chláir ina cheo
is Whitechapel á dhearmad

pé anbhás a thiocfadh feasta
níorbh fhiú léi í féin a chaoineadh
is a bróga go beo ar na clocha
le ceolta an dóchais

nárbh fhearr seo ná an chroch
a gealladh di lá gaoithe


Amharclann Fhobhailteach
Prionsa

É ina phrionsa an uair seo,
fear dílis míshásta uaigneach
is an bríste beagán rótheann air:

bheith ann nó gan a bheith ann
sin an cheist chéanna i gcónaí
is gan réiteach ag a leithéidí uirthi

maolán de bhaitsiléir
a stánann air ón scáthán
in éide bhreá bhrónach
(é ag cuimhneamh go fóill
ar an gcailín úd nach bpósfadh é)

b’fhearr leis páirt an chúirteora
a fhanann ar an gcúlstaighre
ag tnúth le cor sa scéal

anois tá an t-am tagtha:
an stáitse folamh, an scáil
is an scáthán roimhe amach
an bheatha is an bás


Banríon

A súile sa ghloine, an smideadh
is tinsil na corónach
í ina banríon i ríocht
a bhfuil siorradh isteach inti

rósanna feoite sa seomra sosa
is gúna seanchaite:
bean í atá idir dhá aois
is taithí aici ar aistíl na bhfear
(a mac ar seachrán sa chaisleán
ag beartú claímh)

aicise is fearr a fhios cén teir
a bhaineann le réimeas rí:
ní thiocfaidh sí slán ón mbreith:
éiríonn sí suas lena saol a léiriú arís
is na línte go beacht ina béal
ag cur na cinniúna in iúl
gach oíche go héag.

Feasta, Feabhra 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo