Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Sa deireadh, tar éis go leor útamála agus mífheidhmiúlachta, tá dáta socair don olltoghchán. Ba ríshoiléir le tamall anuas go raibh an tír i gcineál idir-ríocht pholaitiúil a chiallaigh nach rabhamar ag dul i ngleic mar ba chóir leis na fadhbanna iomadúla eacnamaíocha agus sóisialta a bhí ár gcrá. Ar a laghad anois, is féidir aghaidh a thabhairt ar an olltoghchán le súil go mbeidh rialtas daingean seasmhach mar thoradh air. Níl ansin ach tús na hoibre, ar ndóigh.
Agus níl aon amhras faoi thrombhrí na hoibre sin. Táimid anois ag streachailt le mórualach fiacha atá thar cuimse do thír bheag mar seo. Gan amhras is mórcheist í conas mar a ghlac an rialtas freagracht as na fiacha an chéad lá, agus níl lucht eacnamaíochta ná na saineolaithe den uile chineál, ar aon fhocal faoi. Níl siad ach oiread cinnte go raibh sé ceart gurb é an gnáthphobal a bheadh thíos le neamhfhreagracht na mbaincéirí agus neamhéifeacht lucht rialaithe.
Is léir gur cóir go bhfiosrófaí conas mar a tharla ár ndroch-chás, agus conas mar a theip ar na dreamanna sin a raibh dualgas maoirseachta orthu maidir le feidhmiú an chórais airgid, ach go háirithe an chórais bhaincéireachta. San am céanna is tábhachtaí fós go mbeifí ag dul i ngleic lenár bhfadhbanna ar an mbealach is cothraime agus is éifeachtaí.
Tá fhios againn go bhfuil an tAontas Eorpach tar éis teacht i gcabhair orainn, más cabhair é i ndáiríre. Féachann sé go bhfuilimid thíos go dóite leis an gcabhair chéanna agus go bhfuil srianta agus ciorruithe ag gabháil leo a bhfuil dífhostaíocht agus cruatan thar fóir mar thoradh orthu.
Ní hionann agus séanadh é ar ár bhfreagracht féin inár gcúrsaí féin, ach bheadh sé réasúnta an cheist a chur maidir le haon fhreagracht a d’fhéadfadh a bheith ar an Aontas féin maidir leis an ngéarchéim airgeadais, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an Aontais.
Is cinnte gur thaobhaigh siad go huile le fealsúnacht na margaí airgeadais gan srian ba chúis leis an ngéarchéim. Mar bharr air sin, is fíor gur ó bhainc Eorpacha a tháinig formhór an airgid a bhí á scaipeadh chomh rabairneach sin ag ár mbainc anseo.
Nuair a ardaíodh an cheist seo i bparlaimint na hEorpa le déanaí, ba léir nach raibh Uachtarán an Choimisiúin Barroso róshásta faoi. Is féidir go raibh sé beagán róghoilliúnach sa mhéid sin. An labhrann sé le haon cheannaire eile na laethanta seo seachas le Merkel agus Sarkozy?
Go háirithe is ceart go bhfiosrófaí na téarmaí a ghabhann le pé iasachtaí atá á gcur ar fáil don tír seo ag an AE. An bhfuil siad thar fóir, fiú gur measa dúinn an leigheas ná an galar? D’fhéadfaí bheith ag súil go mbeadh uachtarán an Choimisiúin, agus an Coimisiún féin, i bhfad níos báúla faoin gceist. Is féidir fiú gur dualgas níos mó ná báúlacht a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis. Nach comhphobal atá i gceist i gcónaí?
|