Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Faoiseamh faoi dheoidh
le Seán Ó Loingsigh


Mar atá anois, is í an eagla atá ar chúlbhinseoirí an pháirtí ná go mbeidh an ­t-olltoghchán mar bháire na fola acu agus nach sroichfidh siad fiú an 14% den vóta a bhí á thuar dóibh sna pobalbhreitheanna tamall éigin siar.

****************

Tar éis fuirseadh agus fústair, ruaille buaille, rírá agus cipeadraíola, agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcíréib agus ar an gciseach, nach mór an faoiseamh é go bhfuil dáta an olltoghcháin buailte linn. Féach leis, mar a léirítear thuas, conas mar is féidir dul thar fóir le raidhse na bhfocal agus gan aon amhras bhí go leor de sin ann le cúpla seachtain anuas, agus súile an tsaoil mhóir arís orainn. Ní nós lenár dtráchtairí a bheith faicheallach lena dteanga.

B’fhéidir leis gurb é an t-ionadh is mó faoin gclampar is déanaí sa saol polaitíochta anseo, agus fógairt an olltoghcháin, ná gur aon ionadh ar aon chor é. Nár chíréib agus ­clampar ba thrúig bháis do gach uile chomhrialtas dá raibh againn, riamh anall ó thit an chéad cheann díobh as a chéile i 1951.

Maidir le Fianna Fáil, murab ­amhlaidh nach raibh a n-ainriocht dona go leor, is léir anois go ­mb’fhearrde iad dá mbeadh glactha acu le ceann­aire nua, nuair a chuir Mícheál Ó Máirtín a ainm chun cinn an chéad uair. Bhí smacht caillte ag Brian Cowen ar chúrsaí um an dtaca sin. Tar éis an bhirt a aithnímid ár leas.

Mar atá anois, is í an eagla atá ar chúlbhinseoirí an pháirtí ná go mbeidh an t-olltoghchán mar bháire na fola acu agus nach sroichfidh siad fiú an 14% den vóta a bhí á thuar dóibh sna pobalbhreitheanna tamall éigin siar. Mar a chuirfeadh an file T.S. Eliot é, ní le pléasc a tharlaíonn deireadh an domhain ach le cnead.

Ní mór tagairt a dhéanamh do Bhrian Cowen agus don chríoch anabaí atá tagtha anois lena théarma mar thaoiseach, muran lena shaol mar pholaiteoir é. Ní féidir gan smaoineamh siar ar an dóchas a spreag a cheapadh mar thaoiseach i measc go leor, sinn féin ina measc. Gan amhras bhí cuid againn meallta nuair a dúirt sé go raibh grá aige don Ghaeilge. Ní raibh a leithéid sin cloiste cheana againn ó aon pholait­eoir ná go háirithe ó aon taoiseach. Ní chreidim gur meallta ar fad a bhíomar maidir lena ndúirt sé faoin teanga.

Níorbh é sin an scéal ar fad ach an oiread. Bhí taoisigh roimis óna pháirtí ar bhain drochbhlas lena dtéarmaí oifige, agus bhíothas go mór ag súil le ré úrnua nuair a ceap­adh é. Gan dabht, d’fhás amhras luath go leor, ach rug an ghéar­chéim eacnamaíoch amuigh ar fad air. Cén fhreagracht a bhí aige sa ghéarchéim nó an raibh fhios aige cad a bhí ar siúl? Nach é a bhí ina Aire Airgeadais nuair ba mheasa a bhí mí-iompar na mbaincéirí. Thit a sheasamh de phlimp.

Nuair a tharla an mhórchorraíl cúpla seachtain ó shin baineadh an bonn ar fad uaidh. Bhí cosúlacht ann go raibh sé ag feidhmiú gan tuairimí daoine eile a chur san áireamh, pé an teachtaí ina pháirtí féin iad, nó i bpáirtí eile ar a raibh sé ag brath i gcomhrialtas. Mar bharr ar sin, bhí nós aisteach aige a mhaidí a ligean le sruth in am an ghátair, beagnach le dímheas ar a chéile comhraic.

Is fánach mar ghnó, b’fhéidir, an cineál seo tuairimíochta faoi phearsantacht nó faoi mheon ár gceannairí polaitiúla. Níl fhios agus seo á scríobh an bhfuil i gceist ag Brian Cowen a bheith ina iarrthóir san olltoghchán a bheidh againn faoi cheann cúpla seachtain, ach níorbh ionadh rómhór é dá mba mhar sin a bheadh. Gan amhras ba thrua é sin.

Caithfear bualadh ar aghaidh, ar ndóigh, agus iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an saol úrnua polaitiúil atá romhainn go luath. Síothlóidh an callán ar feadh tamaill éigin, agus ní beag an méid é sin féin. Is cinnte gur comhrialtas eile a bheidh againn, agus nach maith is eol dúinn conas mar thagann deireadh leosan!

Tá fhios ag an saol go bhfuilimid i lagtrá eacnamíoch agus pholaitiúil faoi láthair. B’fhéidir nach fearr am go ndéanfaimis machnamh agus athbhreithniú ar ár gcúrsaí. Tá roinnt­ éigin de sin ar siúl cheana féin, go háirithe maidir lenár gcóras riaracháin agus toghchánaíochta, ár státseirbhís, agus an Dáil agus an Seanad. Tá sé follasach go bhfuil easnaimh agus laigí go leor ag roinnt­ le conas mar fheidhmíonn siadsan. Deinimid tagairt fhánach dóibh anseo ó am go chéile.

Sa chomhthéacs sin b’aisteach ar fad conas mar a chaith an tAire Airgead­ais oiread ama ag plé an Bhille Airgeadais leis na teachtaí neamhspleácha Healy-Rae agus Lowry d’fhonn a mianta agus a n-éilimh a shásamh. Gan amhras bhí na Teachtaí Gilmore agus Ó Cionnaith ag déanamh a marana.

Is fíor go bhfuil plé agus athmhachnamh riachtanach maidir leosan agus go leor eile. Is fíor leis, dá mhéid de sin a deintear, sea is mó a thuigtear nach bhfuil leasaithe chomh héasca agus a shamhlófaí iad, nó nach bhfuil siad gan a mí-bhuntáistí féin. Ní hé gur leithscéal é sin chun go n-éireofaí as an gcuardach.

Bhí dóthain le rá tamall éigin ó shin faoi cheisteanna dá leithéid sin ag Éanna Ó Cionnaith. Ní hionann gach a ndeir polaiteoirí, agus iad sa bhfreasúra, agus a bhíonn caothúil dóibh a dhéanamh nuair a thagann dóibh i gcumhacht. Bíonn sin ­amhlaidh go háirithe nuair is comhrialtas a bhíonn ann, agus is é is dóichí ná gur ceist achrannach a bheadh ann dá mba iad Fine Gael agus an Lucht Oibre a bheadh i bpáirt ina leithéid, mar a deirtear linn go ­cinnte a tharlós.

Rithfeadh leat gan mhoill leis ná gur beag locht a gheofaí air dá mbeadh níos mó ban sa Dáil agus sa Seanad (má mhaireann sé), agus nár chóir nach mbeadh sé thar acmhainn ár lucht rialaithe é sin a éascú gan aon chur ina aghaidh.

Ní mór a rá arís eile, in ainn­eoin na ndeacrachtaí agus na gciorraithe atá ag brú ar go leor daoine, nach bhfuil ár staid chomh dubh, dorcha, agus a thugtar le tuiscint i gcónaí. Mar a luaitear go minic le déanaí is ábhar mór dóchais é go bhfuil ag éirí go maith le heaspórtálacha na tíre seo agus go bhfuil go leor comhlachtaí iasachta ag infheistiú anseo i gcónaí. B’fhearr fós dá mba iad na cinn dhúchasacha a bheadh á dhéanamh!

Is aisteach gur beag aird a tugadh air le déanaí nuair a chuaigh an Taoiseach ó thuaidh go hArd Mhacha chun bualadh le polaiteoirí den uile chineál, pé aontachtach nó náisiúnach nó idir eatarthu iad, ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Nár mhór go deo an dul chun cinn é sin, seachas mar a bhí ní i bhfad ó shin, nuair nach bhfeicfí i ngiorracht scread asail dá chéile iad, nó níos measa ná sin nuair a bhí an chogaíocht agus an t-éirleach ar siúl a lean ar feadh breis agus tríocha bliain. Go deimhin bhí Éanna Ó Cionnaith ann thart ar an am ­céanna ag caint le baill de Pháirtí an Chomhaontais.

Ba thrua gan dul chun cinn leis an mórbhealach úd, mar a gheall an Taoiseach é, ó Bhaile Átha Cliath ó thuaidh thar Bhaile Shláine agus Muineachán agus thar teorainn taobh le hAchadh na Cloiche go dtí an Ómaigh, an tSraith Bhán, Leitir Ceanainn agus Doire Cholm Cille. Fiú nach mbeinn in earráid le haon duine, má ba ar Londaindoire a ­triall!

Tá sé fíor-riachtanach nach dtiocfadh lánstad iomlán le hobair den chineál seo, go mór mhór nuair atá an t-oileán ar fad i gceist. Ní hamháin go gcuireann sé obair ar fáil in am go bhfuil sé sin práinn­each, ach ba mhór an t-ábhar ­misnigh é don phobal. Is obair riacht­anach ó thaobh na heacnam­aíochta é, agus is cinnte go mbeadh an costas i bhfad níos ísle ná mar a bhí leis na blianta.

Is féidir leis go bhfuil ciorraithe agus gearrtha ag dul thar fóir faoi láthair, agus in áit téarnaimh gur scrios na heacnamaíochta ar fad a bheidh mar thoradh orthu. Tá eacnam­aithe ar fud an domhain ag éirí imníoch faoin bhfadhb seo. Fadhb í a mbeidh ar rialtas nua aghaidh a thabhairt uirthi, agus más gá, sin a áiteamh ar ár máistrí sa Bhruiséil go bhfuil athmhachnamh riachtanach agus, b’fhéidir, malairt treo.

Ní mór ná go bhfuil an iomarbhá aisteach pholaitiúil a bhí ar siúl sa tír le cúpla seachtain anuas ag druidim chun críche, seachas an t-olltoghchán féin ar ndóigh, a chuirfidh an chaidhp mhullaigh air. Tá sé díreach fógartha go bhfuil Mícheál Ó Máirtín tofa mar cheann­aire ar Fhianna Fáil. Ní maíte air é, mar ní conair réidh atá roimis. Tá sé tagtha i gceannas i dtráth a bhfuil meanma a pháirtí in ísle brí. Narbh é an t-ionadh gur sheas triúr ina aghaidh? Go n-éirí leis.

I mí an Mheithimh 2007 bhíomar ag tuairimíocht anseo faoi thoradh an olltoghcháin a bhí díreach thart. Cuireadh an cheist ar chóir do Bheirtí Ahern seasamh ar leataobh agus go gceapfaí taoiseach nua, Brian Cowen, b’fhéidir! Agus ­luamar go raibh roinnt bheag saineol­aithe ag tuar go raibh lagtrá san eacnamaíocht romhainn, agus go rabh­amar ag brath rómhór ar ­thionscal na tógála! Ní fhéadfaimis a mhaíomh gur shíleamar go raibh an ceart acu. Ní rabhamar ach ag díriú airde air.

Ach conas a bheadh a fhios againn cé mar a tharlódh agus gur léir­scrios eacnamaíoch a bhí romhainn laistigh de roinnt míonna. Cé chaoinfeadh an tréimhse Dála atá thart. Tá go leor atá thíos go mór lenar tharla lena linn.

Cé chreidfeadh ach oiread go bhfuil go leor ag tuar go mbeidh Fianna Fáil sa cheathrú háit laistiar d’Fhine Gael, an Lucht Oibre, agus Sinn Féin sa toghchán atá romhainn. Ach is mó bealach go bhfuil daoine ag tuar. Is fíor go bhfuil breis fuinnimh ag roinnt le Sinn Féin ó tháinig Piaras Ó Dochartaigh an treo. Is ­cinnte gur mó de throdaí sráide é ná Caoimhín Ó Caoláin. Is féidir leis go mbaineann Gerry Adams le ré eile, agus go mb’fhearr brath ar an bhfear nua. Cén páirtí is mó a ­bheidh thíos leis má thagann breis vótaí i dtreo Shinn Féin? Feicfimid.

Feasta, Feabhra 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais