Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Peacaigh nó daichead scáth den uaithne
scéal le Pádraig Foley Ó Cléirigh
Bhí Art Ó Grádaigh faoi Bhinn Ghulbain ag léamh an nóta a sheol a bhean chuige:
‘Lón leis an Aire. Fear aoibhinn. Thug sé na heochracha dom. Dúras leis go mbeidh áthas orm súil a choimeád ar na rósanna. Guíonn sé gach beannacht ort i gConnacht. Táim ar tí an t-aistear siar a dhéanamh leis na leanaí.
Slán go fóill, mon amour,
Barbara.’
Rinne Art meangadh gáire. Chleacht a bhean stíl ghonta ar an idirlíon. Mhothaigh sé uaidh í. Deich lá a bhí sé as baile, an tamall scartha ab fhaide ó Bharbara ó chuaigh siad chun na haltóra. Gairneoir oilte ab ea í agus, amhail Art féin, ba mhór a spéis sa taisteal, sa stair agus sa tseandálaíocht.
——◊——
An chéad uair ar chas sí le hArt sa Chlub i Sráid Fhearchair mheas sé go raibh sí difriúil.
‘Tá mo Mham agus mo Dhaid mar bhean agus fear tí agam fós’, a dúirt sí go haoibhiúil. Ní raibh Art cinnte an ag magadh nó i ndáiríre a bhí an cailín. Ach níor leasc leis gabháil léi.
Tamall tar éis dó casadh ar Bharbara a chuala Art faoin leabharlann a bhí i dteach a muintire, ciste luachmhar a d’fhág a sin-seanathair le huacht. Bhí fáilte roimhe sa teach, agus tugadh cead dó na cóipeanna de léarscáileanna agus d’Annála ársa a scrúdú. Thóg sé corrleabhar abhaile leis ar iasacht nuair a fuair sé amach go raibh beagnach gach leabhar agus gach léarscáil sa leabharlann léite nó cíortha ag Barbara.
——◊——
Phós siad.
In ionad eitilt i dtreo na gréine le haghaidh mhí na meala, bheartaigh siad ar thuras tuathalach a dhéanamh timpeall na hÉireann i gcarr leictreach!
Tar éis dóibh iontas a dhéanamh de iarsmaí Thrumpa Loch na Séad in Eamhain Mhacha, agus de Ghrianán Ailigh i dTír Chonaill, sheas siad beirt ar fhothracha Chill Bharrain.
‘Is eol dom gur theagasc muintir an Chaisleáin seo seanchas, filíocht agus ginealeolaíocht i gcaitheamh na gcéadta blian, ach ba mhaith liomsa eolas a bheith agam mar gheall ar na glasraí, na spíosraí nó na bláthanna a chuir siad,’ arsa Barbara, an gairneoir.
‘Bhuel, táimse aineolach ar an taobh sin dá saol, ach deirtear liom gur úsáid siad torthaí agus plandaí na foraoise go forleathan. N’fheadar an scarfadh pátrún saibhir de Mheiriceánach mar Chuck Feeney le roinnt dá mhaoin chun tochailt agus taighde chuí a dhéanamh ar an scéal, ‘arsa Art.
‘Dá bhfaighinnse Meiriceánach a bhí toilteanach fiontar dá leithéid a mhaoiniú, séard d’iarrfainn air an daingean seo a atógáil cloch ar chloch agus ollscoil nua a bhunú ann, campas ina múinfí na trí ábhar a bhí i gceist agat, agus ábhair eile mar réalteolaíocht, luibheolaíocht agus foinsí fuinnimh inathnuaite.’
‘Bravo, Bharbara! Smaoineamh iontach!’ d’fhreagairArt.
‘Dáiríre, ceapaim go mbeadh spéis ag milliún Meiriceánach de shíolra Éireann id’ ollscoil, a Bharbara, ach is i gCluain Mhic Nóis a bhunóinn í. D’fhéadfadh craobh di a bheith i gCill Bharrainn agus craobh eile fós i gCill Mhic Dhuach , áit a bhfuil Cloigtheach Claonta an hÉireann.’
Lean Barbara uirthi: ‘Aimseoimid láithreáin oiriúnacha eile d’Ollscoil an tseachtain seo chugainn i dtailte Uí Chonchúir, thart ar Chruachan Aí nó i gcomharsnacht Chloch an Tuair Rua, Co. na Gaillimhe.’
‘Ar aghaidh leis an gcuardach, mar sin!’ arsa Art.
——◊——
Le himeacht ama bhain siad sonas as saol na cathrach agus saolaíodh triúr páiste dóibh. Agus bliain áirithe tairgeadh post in iarthar na tíre d’Art. Bhí sé le ceapadh mar cheann ar eagras nua a bunaíodh chun rathúnas an iarthair a chur ar aghaidh. Thoiligh Barbara gabháil siar leis.
B’amhlaidh gur ceapadh cara leis mar aire Rialtais an tráth úd, agus fuair siad an teach a bhí ina dháilcheantar ar chíos íseal. Bhí áthas ar Thurlach, an tAire, tionónta mar Art a aimsiú don teach, ar ndóigh.
Barbara a thiomáin an chlann trasna na tire go croílár Chonnachta. Chaith na leanaí na mílte fada tuirsiúla siar ag portaireacht. Mhacnaigh Barbara ar mhí chiorraithe na meala a chaith Art agus í féin i bhfad roimhe sin ag taisteal thart — ‘Tráth ar nocht Art a aisling agus a chuid mianta dom,’ ar sise léi féin.
Nár mhór iad na hathruithe a tháinig ar an tír ó bhí siad ag brionglóidigh faoi Ollscoil Ghael-Mheiriceánach a chur ar bun san iarthar!
Gheit sí as a haisling féin nuair a scairt Fionnuala: ‘Sin é an teach, a Mhamaí. Aithním é ón ngriangraf.’
——◊——
Áras mór téagartha a bhí ag Turlach, an tAire. Ar thrí thaobh den teach bhí crainn ghiúise ag fás. Taobh thall de na crainn bhí páirceanna fliucha agus abhainn bhruach-íseal ag síneadh go bun na spéire; agus fallaí beaga liatha ag sineadh i gceann a chéile go dtí an tAtlantach.
Bhain an chlann fúthu sa bhaile ardeaglaise gan stró, agus ba bhreá leis na páistí an tsaoirse fánaíochta ar fud na háite a bhí acu.
Shíl Barbara nár oir an gairdín mór ar chor ar bith don cheantar, ach bhí sí toilteanach aire a thabhairt do rósanna an Aire Rialtais.
Luigh sí isteach ar an obair.
Ar fhilleadh abhaile tráthnónta d’Art ní hannamh a tháinig sé uirthi ag scoitheadh, ag scagadh nó ag cur tacaí leis na rósanna.
Gach seachtain d’fhill Turlach ar a Dháilcheantar ar ghnó pholaitiúil. Ba ghnách leis scaoileadh lena thiománaí ag bun an bhaile, agus an tsráid a shiúl chun tae a ól le hArt agus le Barbara.
Mholadh sé a cumas mar ghairneoir i gcónaí.
Anois is arís d’fhanadh an tAire an oíche leo, agus chaitheadh an bheirt fhear na huaireanta ag plé cúrsaí móra an domhain. Go hiondúil, shuíodh Barbara eatarthu, ina tost.
B’eol di éisteacht!
‘Cas port dom, a fheara,’ a deireadh sí leo go déanach san oíche, nuair a bhíodh fadhbanna an tsaoil réitithe ag an mbeirt.
Théadh Art i mbun an phianó agus thógadh Turlach veidhlín ina láimh. Sheinneadh siad an raon iomlán de sheancheol na hÉireann, an goltraí an geantraí agus an suantraí. Agus nuair a sheinneadh Turlach An Páistín Fionn nó Sliabh Geal gCua na Féile théadh an ceol go croí na mná óige.
——◊——
Bhí cúram cheantair fhairsing den iarthar mar chúram ar Art. Thaistealaíodh sé ó Cheann Léime go Cionn Mhálanna, dúiche álainn ach bocht go leor. Coinníollacha a chruthú a chothódh forfhás buan rialta sa réigiún gan seantraidisiúin ná luachanna an phobail a scrios, b’shin a chúram. B’éigean dó fanacht oícheanta in óstáin, ach is minic a thiomáin sé na bóithre fada lúbacha le bheith ar ais ar a thinteán féin istoíche.
Thiomáin sé abhaile gan choinne ó Charn Domhnach lá. Nuair a chonaic Barbara é ag teacht chun an tí las loinnir na gréine ina súile.
‘Bhuail Turlach isteach arís chugam ar maidin.’
‘Agus conas tá ár n-Aire Rialtais?’
‘Ar fheabhas. Thug sé leis cloch mhór mharmair ó Chonamara, cloch uaithne álainn.
‘Don ghairdín, an ea.’
‘Sea, díreach. Chuir sé an chloch i measc na rósanna buí.’
‘Ar fhan sé i bhfad?’
‘Thart ar uair a chloig. Bhí tart agus tuirse air agus shlog sé siar dhá mhuga tae. Thosaigh sé ag clamhsán faoi thútacháin nach féidir athrú a áiteamh orthu: “Á, a Bharbara dhil, ní mhairfeadh aon pholaiteoir beo sa Chúige seo gan seoladh leis an sruth go minic,” ar seisean, roimh imeacht dó i dteannta a thiománaí.’
Thuig Art tuairimí a chara.
‘Abair é, a Bharbara, is diabhalta mar dhúshlán é dul chun cinn a chothú in áit mar Cheathrú na gCon nó Cill Ala. Amanna ceapaim nach n-éireoidh linn forbairt eagraithe a bhaint amach sa cheantar seo go deo. Ach féach, mar shampla, a bhfuil déanta acu sa Bhaváir i réigiún an Chiemsee!’
‘Á, cuir uait na fadhbanna ar feadh tamaill, Airt. Tar liom agus taispeánfaidh mé duit an chloch as Conamara a thug Turlach chugainn.’
——◊——
Le teacht na laethanta saoire rinne Art freastal ar fhéilte agus scoileanna samhraidh éagsúla. Thug sé faoi deara gur mealladh na mílte go ceantracha cois farraige le bileoga ildaite, ach nár seasadh leis na gealltanais a bhí iontu go minic. B’annamh, ach oiread, a cuireadh doineann san áireamh.
Tharla an Domhnach seo gur chuaigh sé agus dream ón óstán ina raibh sé ag cur faoi in airde ar Cruach Phádraig. Ar mhullach an tsléibhe chroch caille an cheo chun siúil; baineadh an anáil de chách nuair a chonaic siad na céadta oileán ag spréachadh fúthu faoin ngréin.
Dhearbhaigh duine den chomhluadar gur chaith a seanathair deich mbliana i lár trilseán oileán taobh thuaidh den mhullach. Katie a thug sí uirthi féin.
Tionóladh dinnéar agus rince i dteach Seoirseach Newport an oíche sin. I rith na hoíche shleamhnaigh Katie taobh thiar d’Art agus chumhdaigh sí a shúile lena lámha.
‘Tomhais cé atá anseo.’
‘Madeline, go cinnte,’ arsa Art, ag bréagadóireacht agus san am céanna ag cur sonrú san sifín de ghúna tráthnóna a bhí á chaitheamh aici.
‘Déanaimís damhsa,’ arsa Katie agus rug sí amach ar an urlár é chun váls mall collaí a dhéanamh.
Ní ba dhéanaí san oíche bhain Art gin agus oráiste den tráidire dó féin, agus gin agus tonic di. Chuaigh siad ag spaisteoireacht go bun an ghairdín.
Bhí an ré ag lonradh ar Chliara lastall de Chuan Mó.
Léigh Katie a intinn.
‘Sea, go deimhin. Ba dhásachtán de bhanfhlaith í Gráinne.’
‘B’fhéidir nár miste do Chonnachtaigh roinnt dá cumas fiontair a ghlacadh chucu féin,’ d’fhreagair Art.
Dhearc sí idir an dá shúil air.
Ansan tháinig siad chun a chéile.
——◊——
‘B’shin rud. ‘Chríost, bhí sin a dhíth orm.’
‘Ní thuigimse…,’ thosnaigh Art.
‘Ná habair focal, níl ann ach dúil bitheolaíochta nach féidir a shéanadh.’
D’fhéach sí go géar ar Art.
‘Tá tú pósta, déarfainn.’
‘Táim, agus tusa.’
‘Tá, thosaigh mo Chonchubar mar thréidlia, ach le fada an lá tá sé ag gabháil do mhargadh na tithíochta.’
Thost sí tamall. Ansan, ar sise, go dubhach: ‘Is cuma sa tsioc le Conchubhar má bhíonn caidreamh collaí agam anois agus arís.’
Ach scaoileadh a cuid cainte thar chluasa Airt. Air féin agus ar a iompar scáfar a bhí sé ag smaoineamh. Bhí náire air.
Choinnigh Katie ar an gcaint: ‘Dála scéil, is duine discréideach mé agus ní gá duit bheith buartha faoin gcaidreamh eadrainn anocht.’
Chreid Art í. ‘Táimse dall fós ar mhistéir na gConnachtach,’ ar sé.
‘Agus beidh tú dall inár dtaobh go deo, Airt. An cuimhin leat ar scríobh G.B.S. faoin gCúige seo ina shaothar John Bull’s Other Island?’
‘Níor léas Shaw leis na blianta.’
‘Coinnigh cuimhne air seo. “Maireann gaois ar leith i gCúige Connacht a chuireann an t-aineolaí faoi dhraíocht.” Anois, abhaile leat chun do chlainne!’
Phóg Katie é agus d’imigh as radharc sa scrobarnach.
D’fhan Art ag stánadh ar Chliara, é cráite agus a aigne trí chéile. Shamhlaigh sé aghaidh Bharbara: díchreideamh agus déistin — dá ndéanfadh sé faoistin léi. Agus céard eile?
Le breacadh an lae bhí an cinneadh déanta aige. Ní abródh sé faic léi!
——◊——
Mhothaigh sé soilbhreas a glóir ar an nguthán.
‘Tú ag teacht abhaile inniu. Beidh sé sin go seoigh, Airt. Ceannóidh mé cúpla stéig mhairteola agus ólfaimid an Beaune breá sin a bhí i dtaisce againn.’
Ar shroichint an tí d’Art bhí na leanaí ina gcodladh. Chonaic sé an bord feistithe le linéadach agus lárscaraoid de Chriostal Thiobraid Árann ina raibh rósanna ó ghairdín an Aire.
Chaith Barbara truaill de ghúna a d’oir go foirfe dá cuma chaol.
‘A Thiarcais ! Féachann tú go spéiriúil, Bharbara. Cad í an ócáid?’
Bhronn Barbara gloine seirí air agus póg éadrom ar a bhéal.
‘Bíodh an béile againn i dtosach.’
Agus bhí an buidéal Beaune beagnach críochnaithe sular labhair sí.
‘Bhuail Turlach isteach chugam um nóin.’
‘Céard a theastaigh uaidh?’
‘Dada. Bhí breis agus taoscán ólta aige.’
‘Mar is gnách leis. Ar dhearc sé ar na rósanna?’
‘Ó, rinne sé an-chigireacht go deo orthu. Ansan ghlac sé tae agus canta mór dem thoirtín cáise. Mhol sé mo shaothar go spéir agus…’
‘An chluain á cur ort arís,‘ arsa Art ag gáire.
‘Sea… ach, Airt,… thosaigh sé ag suirí liom.’
‘Ag suirí leat? Is maith le Turlach bheith ag déanamh grinn.’
‘Ach, a Airt, ní mar mhagadh a bhí sé. Thosaigh sé ag scaoileadh sip mo sciorta.’
‘In ainm Dé, céard tá á rá agat, a Bharbara?’
‘Bhí an cladhaire chomh neamhchúiseach san go gceapfadh duine nach raibh sé ach ag oscailt iall a bhróige.’
Rinne Barbara aithris ar ghuth domhain an Aire Rialtais: ‘Beidh gach rud ceart, Bharbara. Ní bheidh an Merc anseo go ceann cúpla uair a’ chloig.’
‘Chríost, cad a rinne tú?’
‘Bhuel, d’éirigh liom lúbarnaíl as a lámha, rugas greim ar an mbior airgid agus …’
‘Bharbara’
‘…agus thugas paltóg láidir sa leathcheann dó.’
‘Ó, a Dhia na bhfeart!’
‘Bhí a cheann ag cur fola go fras agus é gan aithne… chuireas glaoch ar an Dr. Ó hÍceadha.’
‘Sean-Tom?’
‘Sea. Tháinig sé gan mhoill. “Feicim gur chnag an tAire a cheann ar an tinteán arís,” ar seisean ar an toirt.’
‘Dealraíonn sé go dtuigeann an dochtúir ár dTurlach,’ arsa Art ag scaoileadh osna faoisimh uaidh.
‘Chuir an Dr. Ó hÍceadha paiste ar an gcloigeann agus d’imigh sé.’
‘Deireadh scéil.’
‘Ní hea in aon chor. A luaithe is d’imigh an dochtúir, bhog Turlach im threo athuair agus faghairt ina shúile. Tarrtháladh mé nuair a bhuail an tiománaí cloigín an dorais.’
‘Alltacht a chuireann tú orm.’
‘Ó, d’imir mé mo dhíoltas ar an mbligeard. Rugas ar an gcloch mharmair ón ngairdín agus rinneas smidiríní de chúlfhuinneog an Mherc.’
‘Cúlfhuinneog an Mherc?’
Rinne Barbara gáire go dtáinig deora lena súile.
‘Touché!’ arsa an tAire Rialtais, Turlach, agus d’imigh sé agus a thiománaí mearaithe faoi dheifir.’
D’fháisc Art de Búrca a sheoid chun a chroí.
Feasta, Iúil 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|