Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Manuail de Litríocht na Gaeilge:
Faisicil VI 1750-1850: Maidneachan?
le Breandán Ó Doibhlin
á léirmheas ag Liam Prút
Seoladh Faisicil VI i Má Nuad, an 5 Bealtaine, 2011
Ar na cuspóirí atá le cur i bhfeidhm i dtiomsú na manuailí seo, luadh ag tús na sraithe:
(i) an scáileán léannta a fhágann ár litríocht chlasaiceach doshroichte ag léitheoirí an lae inniu a bhaint as; agus
(ii) aiste ionadachta1 a bheith roimh gach earnáil mar réiteach nó soilsiú ar chuid de bhunchonstaicí an tsleachta agus mar aibhsiú ar ábhair spéise an tsleachta nó, uaireanta, ag míniú toighis liteartha na haimsire go bhfuil an sliocht ag freagairt di.
Le Faisicil VI, cuirtear críoch le turas eachtrúil trí litríocht chlasaiceach na Gaeilge ó 1500 go 1850 agus tá ár n-aghaidh anois ar ré an amhráin agus ar ré na clódóireachta, turas ar chuspóir dó ó thús ‘an tsean-oidhreacht dúchasach a athghabháil in aigne agus i samhlaíocht na léitheoirí, a gcroíthe chomh maith lena n-intinn a théamh cois an tsean-teallaigh’—mar a míníodh thuas.
Maidir leis an manuail seo agus leis an tsraith iomlán, saothar grá a bhí ann ag Breandán Ó Doibhlin. Bhí mioneolas ar obair scoláirí na Gaeilge riachtanach don tiomsaitheoir: bhí air gach póirse liteartha a chuardach. Níorbh é roghnú na héascaíochta aige é, mar shampla, agus é ag plé le dán crábhaidh Raiftearaí sa sliocht ó ‘Agallamh Raiftearaí agus an Bháis’2:
‘An saol ar fad ní chuirfeadh i gcéill dom
gur tú a chuir cluiche ar leath an méid sin!’3
—an freagra ábhartha a thugann Raiftearaí ar mhaíomh an Bháis faoina bhfuil de mhóra an tsaoil curtha ó chrích aige.
Ar ndóigh, is rud tábhachtach é go dtugtar aitheantas sa saothar seo do scoláirí na dtéacsleabhar taighde, amhail Ciarán Ó Coigligh sa chás seo, a shaothraigh na goirt éagsúla léinn atá i gceist sna sé leabhair seo.
Airí amháin de chuid na bhfaisiclí seo gan amhras is ea go leanann an rogha seo snáithe na staire, sóisialta4 agus eile, síos trí na blianta atáthar a chuimsiú. Ar an ábhar sin, níor cheart gan a leithéid de mhanuail a mheas mar áis do staraithe agus iad ag plé le speictream leathan de ghníomhaíochtaí an tsaoil in Éirinn idir 1750 agus 1850—leis na Seacaibítigh, le cúrsaí talmhaíochta, le cúrsaí Ripéil, leis an nGorta, leis an oideachas, leis an gcreideamh agus leis an gcráifeacht; le drochthréithe an Ghaeil, freisin—leis an ól, leis an achrann, leis an gcúl le cultúr—leis an pharlaimint mar sheánra liteartha.
Tagann leabharfhoinse Phádraig Uí Fhiannachta, An Barántas, i gceist anseo chomh maith, gan amhras, le Párliament na mBan agus Pairlement Chloinne Tomáis.
Is féidir súil oilte an Doibhlinigh a bhrath ina léamh ar an dea-thuairisc a chuala na Gaeil faoi Emancipation a bheith bainte amach ag Ó Conaill. Ní gach aon duine a d’aireodh an iarracht bheag den ghéarchúis agus den déjà vu sa bhfáilte a chuireann Raiftearaí roimpi in ‘Bua Uí Chonaill’, áit a ndeir sé—
‘Fuair Éire réiteach, cabhair is éisteacht;
’s mura síocháin bhréige é, níl dochar ann’.5
Chímid teaglaimí agus díolaimí Gaeilge is Béarla ag teacht ar an bhfód i ndiaidh a chéile chomh flúirseach le bileoga bhiúracrasaí an Aontais Eorpaigh. Ach má tá údarás le bheith ag teaglaim ar bith, braithfidh sin go huile is go hiomlán ar pheirspictíocht an teaglamaí. Le cruinneas peirspictíochta nó cruinneas urchair (as gunna!) a chinntiú, tá gá le dhá phointe nó trí phointe léargais ar feadh bharaille ghunna ár mbreithiúnais agus ní leor bealach oibre ghrá mo chroí úd De Valera.
Agus is é an chéad phointe léargais sin ná tréimhse chlasaiceach na Gaeilge fhéin—teanga na gclasaicí agus na litríochta i gcoitinne—a deineadh a iniúchadh tríd síos sna faisiclí tosaigh. Pointe léargais eile is ea an staidéar a dhein sé ar an mBíobla agus ar fhriotal an Bhíobla. Agus is é an tríú pointe léargais ná smaointeoirí agus scríbhneoirí Ré na Léargas san Eoraip.
Go deimhin, mar gheall ar na trí points de repère a luaigh mé thuas, chítear domsa go ndearna Breandán Ó Doibhlin teanga na Gaeilge clasaicí a thabhairt os comhair aos litríochta na Nua-Ghaeilge ar shlí an-iomlán, an-tathantúil, an-chríochnúil, an-chomhthéacsúil.
Dúshlán
Is é an fhadhb a bhain leis an gcorpas clasaiceach sna faisiclí tosaigh ná gur fáltas roghnach é agus nach gá do lucht litríochta na Gaeilge aon aird a thabhairt ar an saothar saibhrithe sin. Is é an buntáiste a ghabhann leis ná é a bheith chomh nua-aimseartha sin agus gur léir don scríbhneoir leathdháiríre féin go bhfuil bearnaí agus easnaimh ar an teanga atá á múnlú aige nó aici féin agus go bhfuil cuid ollmhór de líonadh na mbearnaí agus na n-easnamh sin sa chorpas clasaiceach foclóireachta atá fágtha mar oidhreacht againn ag Breandán anseo agus in áiteanna eile.
Is de réir a chéile a thagann an ghné sin d’ollsaothar an Doibhlinigh i gcabhair ar an aos critice. Canúint bhreise iad na téarmaí sin go gcaithfidh an scríbhneoir próis dul i ngleic leis na nathanna a thugann sí chun léire dhúinn, de réir mar a oireann, go mall agus ceann ar cheann.
Is mar gheall ar shaibhreas cuimsitheach an taisceadáin nó an thesaurus Dhoibhlinigh seo nach ealaí, a thuilleadh, dár nuascríbhneoirí próis, ar a laghad, neamhaird a dhéanamh ar a leithéid de thairiscint dhochreidte. Bhí dúluachair fhada ag an teanga. Bhí fuireach triomaigh nó fuireach díle ar an mbeagán scríbhneoirí a fágadh ag an teanga. Mar gheall ar chaolú nó ar thriomach an traidisiúin—nó mar gheall ar an díle—agus is solaoidí ón mBíobla iad araon—bhí chuile ghníomhaíocht ina stad, nó craptha agus bactha chomh fada is a bhain le huirlisí teanga na cruthaitheachta.
Níorbh fholáir do cholm na hÁirce filleadh orainn agus craobhóg as soláthar an Doibhlinigh ina ghob—mar is é an soláthar sin an domhan nua atá amuigh ansin! Nuair a chífimid an soláthar sin dár gclasaicí fhéin agus de chlasaicí an domhain inár láthair is ea a chreidfimid go bhfuil deireadh leis an triomach. Ansin amháin is féidir a bheith ag súil le fás uaibhreach na litríochta sa dlínse dhúchais.
‘Maidneachan?’ le comhartha ceiste, breacadh agus dúiseacht, céimeanna tosaigh ar shála na ré clasaicí atá á rianú i bhfaisicil seo a sé—ina bhfuil filíocht an amhráin agus suaitheadh na polaitíochta ar fud an domhain go mór i dtreis i bprós agus i bhfilíocht.
Cuid de chomhthéacsú litríocht na Gaeilge, idir chlasaiceach agus eile, i bpríomhshruth liteartha mhór-roinn na hEorpa a léiríonn na mantanna agus na heasnaimh foclóra, dar le Breandán, agus a spreagann an mórshaothar foclóireachta atá á chur i gcrích agus i gcleachtadh aige anseo agus ina shaothar iomadúil i leith na Gaeilge, idir shaothrú litríochta, aistriúcháin, staire agus chreidimh—i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí6, mar shampla.
Faoi mar atá ráite ag an bhfear eagair, ní mar bhailchríoch taighde agus scolárthachta is ceart tiomsú mhanuail a sé ná na manuailí frí chéile a mheas. Tá an compás chomh leathan sin nárbh fhéidir d’aon duine a leithéid de dhúnghaois a chomhlíonadh.
Ní ionann sin is a rá nach spreagadh nó athspreagadh chun taighde é an fhaisicil seo do lucht a léite.
Nuair a deirtear, mar shampla, ar lch. 15 de F VI faoin mbanfhile, Eibhlín Ní Chaoilte, ‘nach bhfuil aon eolas eile le fáil uirthi’, dúisítear ceist faoi cérbh iad na hEibhlíní eile go gcuirtear an dán ‘Stadaídh bhur ngéarghol, a ghasraidh caomha’ síos dóibh chomh maith le hEibhlín Ní Chaoilte.
Ar na hEibhlíní sin tá, Eibhlín Ní Artnain, bean an Bhúrcaigh, tábhairneoir i gCathair Dún Iascaigh, dá bhfuil an caoineadh táscmhar ‘Och! mo nuar, mo ruaig’ scríte ag Liam Dall Ó hIfearnain7—
‘Ba shuairc do mhéara ar ghéis go seolta’8, a deir Liam Dall léi ina chaoineadh substaintiúil uirthi. An dara duine acu, Eilín Ní Eachiarrainn9. arb in mórán an leagan céanna den sloinne Ó hIfearnáin i gClár Lsí Choláiste na Tríonóide freisin. Luaitear an dán céanna léi sin freisin i gclár lsí, sa Boston Atheneum in Folia Gadelica. Tá an tuairim nochtaithe in áit éigin go mb’fhéidir gur dheirfiúr í an Eibhlín sin do Liam Dall féin agus, más ea, cá bhfios nach foinse bhreise eolais é an sloinne ‘Ní Chaoilte’ faoi Liam Dall freisin!
Tréaslaímid a mhórshaothar leanúnach le Breandán Ó Doibhlin, go háirithe sna faisiclí seo, ar féidir an tsraith iomlán acu a fháil i mbosca agus sin ar phraghas réasúnta. Bainfidh an gnáthléitheoir tuisceanach sásamh as an ilghnéithíocht bhreise seo i léitheoireacht na Gaeilge. Gura fada buan é.
Tagairtí
1. —entrance essay nó introductory essay—focal atá ag Ó Dónaill—entry, entrance, eg. Ionadacht na flaithe = the entry to the kingship; an bealach ionadachta = the entrance path
2. F VI, lgh. 197 go 200
3. F VI. Lch. 198
4. Ní raibh taighde sóisialta Liam Uí Chaithnia—fiú an leagan Béarla, The Way of the People, le Leo Canny—ar fáil fós don Doibhlineach sa saothar seo, faoi mar atá anois.
5. F VI, lch. 160
6. Veritas, 2001—ina bhfuil foclóir dhiagachta ó lch. 913 go lch. 1018,
7. Ar Bruach na Coille Muaire, lgh. 68-72, eag. Risteárd Ó Foghludha, Oifig an tSoláthair, 1939
8. Géis, ‘cleite géise’ (eala) dar le Ó Foghludha, nó ‘peann’
9. Cornelius G. Buttimer, Folia Gadelica, lch. 115, eag. De Brún/Ó Coileáin/ Ó Riain, Cló Ollscoile Chorcaí, 1983
Feasta, Iúil 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|