Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Dánta
le Seán Ó Leocháin, Brian Ó Baoill agus Derry O'Sullivan
‘Ba é an chéad chapall, ar ndóigh, an ceann a fágadh ag geataí na Traoi fadó, agus “pacáiste díobhálach” i bhfolach ann. Capall de shórt eile a d’fhág an IMF agus an chuid eile acu ag ár ngeataí féin, agus pacáiste chomh díobhálach céanna ag gabháil leis,’ a deir Seán Ó Leocháin.
‘Maidir leis an bpictiúr sa dá líne deiridh,’ a deir sé, ‘sa lá atá inniu ann, nuair a bhíonn dream ag géilleadh nó ag iarraidh téarmaí réitigh, crochann siad brat nó éadach bán. Sa tseanaimsir, nuair nach mbíodh fonn troda ar na gaiscígh a thuilleadh, bhí sé de nós acu na sciatha a iompó droim ar ais chun é sin a chur in iúl, agus taobh garbh, nó eascaoin, a sciath a thaispeáint mar chomhartha umhlaíochta.’
Capall Eile
‘Timeo Danaos et dona ferentes.’
le Seán Ó Leocháin
Nuair a fágadh an capall mór
ar leac an dorais acu
an féidir nach bhfaca na fir
ach duais thar an ngnáth a bheith chucu?
Ach d’íocamar as ó shin,
d’íocamar as is d’íocamar go daor as,
gach mac máthar is iníon athar againn,
gan uainn ach bheith ar ais mar bhíomar
sular leagamar súil ar an radharc
a d’fhág ar míthreoir sinn.
Ach nuair atá ár margadh déanta
ní bheimid arís mar a bhí
ó thogair na fir gaisce a dhéanamh
a chuir thar ár n-acmhainn sinn,
iad fós á chur ina luí orainn
gur lá dár saol a bhí ann
nuair a leag siad an t-ualach orainn,
ag cur leis ó bhliain go bliain,
orainn féin is ar chlann ár gclainne
ó ghlúin go glúin inár ndiaidh,
gach náireachán is sárachán ar fud an stáit
ag faire na faille ar a chéile,
gan ógfhear infheidhme fágtha san áit
ó chuaigh ag an mbaois ar an ngaois,
ó thugamar beannacht ar mhallacht
nuair a ligeamar an t-arracht isteach,
gan an dara rogha againn
ó chuaigh ár mbeart ó rath,
ach seasamh i láthair na bhfathach
le heascaoin ár sciath amach.
Sa bhliain 2003 a foilsíodh Soupe Du Jour, ollchnuasach filíochta le Seán Ó Leocháin. (An Clóchomhar Tta. ISBN 0903758636). I mbliana tháinig an dara cnuasach déag uaidh, Scannán gan Fuaim.
Mo Thír Dhúchais
Sí an Ghaeilge mo thír dhúchais,
Coimhthíoch domhsa aon tír gan í.
Éilíonn mo shúile í, mar gur aoibhinn liom a cló,
Éilíonn mo chluasa í, mar gur aoibhinn liom a ceol,
Éilíonn m’intinn í, mar gur inti a scríobh na glúnta Gael,
Éilíonn mo chroi í, mar gan í, níl sa stáitín seo ach bréag.
Scríobh file ón bPortaingéil, nach eol dom a ainm, dán ina raibh an líne: ‘Is í an Phortaingéilis mo thír dhúchais’. Thaitin an smaoineamh liom agus scríobh mé na línte thuas bunaithe ar fhoirm an dáin sin.
Brian Ó Baoill
Saoránach Sealadach
le Derry O’Sullivan
Chaith mo scamhóga a gcéad scread
i dtír nach raibh ann.
Thóg Dia an domhan, ach fágadh ár n-oileán
Mar sceitse ar a chlár:
Tír gan tuaisceart amhail béirín dícheannach,
Tír ar cheithre Chúige ach an cúigiú ar iarraidh —
Mura bhfuil sé ceilte i bportach,
Mar a mbaineadh sleán m'athar an mhóin
A ghabhadh ina deatach suas simléar na scoile náisiúnta
Ag téamh ár mbuidéil chócó am lóin,
Is ‘Náisiún Arís’ á chanadh go gasta againn.
Saoránach sealadach mé de náisiún taibhrimh,
Deoraí ar an Mór-Roinn,
Gan chead vótála i mo thír dhúchais shealadach féin,
Ná i mo thír aíochta.
Thuas le hurnaí an fhaoileáin
A screadann ar na géanna fiáine,
Cumann túis na scoile náisiúnta gan náisiún
Léarscáil scamallach ár gcríocha mara,
Is crochaim mo ghnúis as láthair
Ar SKYPE na spéire os cionn chloig an tSeandúin
Faoina snámhann Cathair Chorcaí ar uisce na Laoi
I dtreo na farraige, i mo threosa i gcéin,
Ag seoladh ealaí is sceitse neamh-thíre
Ó chamhaoir go cróntráth gach uile lá.
File as Beanntraí é Derry O’Sullivan a bhfuil blianta fada caite aige i bPáras, áit a bhfuil Béarla á mhúineadh aige ag an Sorbonne agus ag an Ollscoil Chaitliceach, l'Institut Catholique. Tá a shaothar aistrithe go Béarla agus Fraincis. D’fhoilsigh sé cnuasach i bhFraincis in Quebec chomh maith. An t-ealaíontóir Reginald Gray a dhear ar roinnt de na clúdaigh ar a chuid leabhar.◊
Feasta, Iúil 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|