Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
I laethanta seo na gannchúise, nuair atá ciorraithe agus teorannú de gach cineál coitianta, agus riachtanach, go deimhin, i bhfianaise ár ndrochstaid eacnamaíoch, is gá do phobal na Gaeilge go háirithe, ach i ndáiríre don phobal uile, de bhrí gur leis an bpobal uile an teanga, go mbeifí aireach maidir le haon dochar dosháraithe a fhéadfadh tarlú do staid agus inmharthanacht na teanga. Is mó atá sé riachtanach nuair is léir go leanfaidh na ciorraithe gan mhaolú ar feadh tréimhse mhaith ama.
Táthar á lua seo anois de bhrí go bhfuil sé tugtha le tuiscint dúinn go bhfuil glactha ag rialtas Fhine Gael/an Lucht Oibre leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a d’fhág an rialtas a bhí ann rompu mar oidhreacht acu. Is faoiseamh é sin dóibh siúd a chreideann go bhfuil an teanga ag brath ar chur i ngníomh na Straitéise. An bhfuil baol ann go bhfuilimid ag brath rómhór ar an Straitéis chéanna?
Gan amhras is fearr agus is ciallmhaire a bheith ar an airdeall. Tá lánleor molta agus fiú beartaithe sa Straitéis atá le moladh, ach is ceist é an mbeidh an t-airgead ar fáil atá riachtanach chun iad a chur i bhfeidhm agus ár staid eacnamaíoch mar atá. Nach minic cheana a cuireadh púicín orainn!
Is suimiúil ar fad go bhfuil leasuithe tábhachtacha beartaithe ag an rialtas cheana féin, seachas mar a bhí i gceist sa Straitéis, agus is suimiúla fós gur cosúil go bhfuil na heagraíochtaí teanga ag cur fáilte roimh na hathruithe.
Sé an t-athrú is mó atá i gceist, b’fhéidir, nach bhfuiltear anois chun Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhunú mar a bhí i gceist sa Straitéis, ach go leanfaidh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar aghaidh mar a bhí, ag déanamh cúram den Ghaeilge sa Ghaeltacht, agus go bhfágfar an cúram sin lasmuigh den Ghaeltacht faoi Fhoras na Gaeilge.
Más fíor go bhfuil a lán atá sásta go leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh lena bhfreagracht i leith na Gaeltachta, ní féidir gan an cheist a chur conas gur féidir leis an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich a mhaíomh go bhfuil sé ag iarraidh trasnaíl agus dúbláil a sheachaint agus san am céanna go mbeadh dhá eagraíocht stáit, Roinn agus Údarás, riachtanach chun plé le ceantar atá beag go leor cheana féin, agus a d’fhéadfadh a bheith níos lú fós, má chuirtear moltaí eile maidir le teorainneacha i bhfeidhm.
Ní trasnaíl agus dúbláil go dtí é: Roinn agus Údarás ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus Foras ag feidhmiú sa chuid eile den tír. Is léir nach féidir barra méire a leagadh ar an bhForas de bharr a ról mar eagras Thuaidh /Theas.
Ba ghné shuntasach de stádas an Údaráis go raibh cuid de na baill tofa go daonlathach ag pobal na nGaeltachtaí éagsúla. Is rídheacair glacadh leis gur dul chun cinn é an cúram a leagadh ar chomhairlí contae.
Agus ní féidir arís gan a bheith imníoch faoin mBille Gaeltachta ina mbeidh sainmhíniú nua déanta ar cheantair Ghaeltachta, bunaithe mar a deirtear ar chritéir theangeolaíocha, pé ní a chiallaíonn siadsan, nó pé bealach a chuirfear i bhfeidhm iad.
|