Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Uachtaránacht agus Gnaoi an Phobail
le Seán Ó Loingsigh


Níl siad mar a bhí ag an rialtas ­deireanach ag brath ar ­thacaíocht ó theachtaí neamhspleácha nach raibh d’aidhm lom acu ach greim daingean a choinneáil ar a suíocháin Dála féin.

——◊——

Is beag duine atá ag súil anois go mbeidh iarrthóir ag Fianna Fáil sa toghchán uachtarántachta a bheidh againn amach sa bhFómhar. Ní beag de chomhartha é sin féin ar an míthreoir atá ar an bpáirtí sin; ní gá ach cuimhneamh gur faoina scáth a sheas gach uachtarán dá raibh againn, seachas Máire Mhic Róibin amháin, ó bunaíodh an oifig i 1937.

Ina choinne sin tá ceathrar ag lorg ainmniúchán Fhine Gael, agus sheas triúr don Lucht Oibre sula roghnaigh siadsan Mícheál D., polaiteoir gan amhras, ach file agus fear cearta an uile dhuine chomh maith. Ní fios ar fad fós faoi na neamhspleáigh nó pé mhéid díobh a thiocfaidh tríd an gcóras, nó an bhfuil a phort seinnte ag David Norris, ar léir gurbh fhearr dó gad a choinneáil ar a theanga agus é ag ríomh dúinn a ghean ar roinnt de na cleachtais a luaitear leis an nGréig ­chlasaiceach.

B’fhurasta, a bheith ródhian ar ­Norris. Is eol do dhaoine a chlaonta pearsanta, agus bhí sé ag caint ar ábhar atá an-leochailleach ar fad faoi láthair. Níor chóir a ligean i ndearmad go bhfuil an-mheas tuillte aige i saol poiblí na tíre seo le blianta fada, agus i gceart dó labhair sé go hoscailte agus fiú go cróga faoi ábhar a raibh barraíocht den rúnmhair­eacht ag baint leis. B’olc an mhaise dúinn dá mbeadh aon chineál géarleanúna mar thoradh ar a raibh le rá aige.

Is é is mó a rithfeadh leat faoi oifig seo na huachtarántachta ná conas mar chuir na huachtaráin dheirean­acha, Mhic Ghiolla Íosa agus Mhic Róibín roimpi, le tábhacht agus le gradam na hoifige. Rompu siúd agus ag fágáil Dúbhglas De hÍde, ar chás ar leith ar fad ab ea é, agus b’fhéidir Cearbhall Ó Dálaigh, as an áireamh, ba pholaiteoirí a raibh a rás rite ba ghnách mar iarrthóirí. Ba mhó ba gheall le hoifig gan chúram é.

Ní bhíonn daoine chomh gearánach anois agus a bhíodh faoin gcostas a ghabhann leis mar oifig, nó ar a laghad tairbhe a bhaineann leis seachas pé dualgais a bhíonn i gceist ar ócáidí searmanais. D’athraigh an bheirt bhan dheireanacha an scéal sin, agus b’fhíor a rá go bhfuil oileán na hÉireann ar fad faoi chomaoin acu. Is dócha gur leithcheal thar fóir a bheadh ann dá gcoiscfí an post ar na fir!

An le barr díchuimhne a ritheann liom go raibh an Taoiseach luaite uair éigin siar leis an bpost seo? Má bhí, ba roimh an réabhlóid é, mar tá dualgais níos tromchúisí air anois. Is ­aisteach conas mar a bhí Fine Gael ag cur oiread sin de stró orthu féin ag iarraidh Éanna Ó Cionnaith a dhíbirt mar cheannaire ar an bpáirtí. Is míorúilteach ar fad an seasamh atá aige mar thaoiseach sna pobal­bhreitheanna faoi láthair, agus é sin i dtráth a bhfuil ciorraithe agus fiú cruatan ag luí go trom ar go leor daoine. Ní fios conas mar bheidh faoi cheann seacht mbliana eile.

Is fada an lá ó thug Maigh Eo leo Corn Sam Mag Uidhir sa pheil. Más buan mo chuimhne, tá sé trí fichid bliain glan ó bhuaigh siad craobh na hÉireann dhá bhliain i ndiaidh a chéile. Ní raibh Henry Kenny, athair Éanna, ag imirt leis an bhfoireann cháiliúil sin ach oiread, cé go raibh sé ina shárimreoir lár páirce acu blianta beaga roimhe sin.

Le seasca bliain anuas ba mhinic gur chosúil go dtabharfadh Maigh Eo an chraobh leo arís, agus ba mhinic é sin a dhul sa bhfraoch orthu. Ach cé déarfadh nach í seo an bhliain chinniúnach, an bhliain a rachaidh corn Mhig Uidhir go buacach thar Sionna teacht an Fhómhair seo chugainn. Cuimhnigí gur ar Feasta a ­tuaradh é seo an chéaduair!

Go deimhin féin, samhlaím nach féidir anois é a chur as an áireamh ar fad ná beadh Éanna Ó Cionnaith ag imirt ar an bhfoireann sin, ní, b’fhéidir, i lár na páirce, cosúil lena athair roimis, ach i mbéal na cearnóige ag scóráil cúl cinniúnach, Nach ag dul i n-óige atá sé.

Ach chun éirí as an scaothaireacht ar feadh tamaill, tá an Taoiseach fada go leor ar an mbóthar chun go dtuig­feadh sé guagacht na polaitíochta agus neamhbhuaine na bpobal­bhreitheanna. Ní mhairfidh gnaoi an phobail sa bhfadtéarma mura ­dtagann feabhas ar ár staid ­eacnamaíoch, agus mura dtagann maolú éigin ar an gcruatan atá á fhul­aingt ag go leor faoi láthair.

Tá sé d’ádh ar an rialtas seo go ­bhfuil farasbarr mór suíochán sa Dáil acu. Níl siad, mar a bhí ag an ­rialtas deireanach, ag brath ar ­thacaíocht ó theachtaí neamhspleácha, nach raibh d’aidhm lom acu ach greim daingean a choinneáil ar a suíocháin Dála féin.

Is eol dúinn anois go raibh sé sin go mór i gceist leis an rialtas sin sna laethanta deiridh go háirithe, agus beirt theachtaí ag déanamh éileamh agus bagairtí go rialta nach mbeadh a vóta ar fáil mura mbeadh buntáiste éigin mar thoradh air ina gceantair féin. Ní le ceann faoi a bhí sé ar bun acu, ach ag déanamh gaisce as.

Níorbh é sin an scéal iomlán ach oiread. Is cosúil go raibh liúntais ar fáil do na Teachtaí Dála neamhspleácha uile a bhí, agus go deimhin atá fós, ar aon dul leis na liúntais a íoctar le páirtithe ­polaitíochta aitheanta, chun costais a bhainfeadh le cúrsaí riaracháin agus oifige a chlúdach. Ní raibh aon teora leis an gcumhacht a bhí acu.

Is gné an cineál seo oibre, cuid mhór, den chóras vótála atá againn sa tír seo, an córas aonvóta inaistrithe, a gcloistear oiread sin faoi ó am go chéile – agus de ghnáth ní d’fhonn é a mholadh. Ní mór a admháil, ar ndóigh, go dtarlaíonn an rud céanna agus córais eile vótala i bhfeidhm. Is baolach nach bhfuil aon chóras foirfe ar fad. Ar bhealach is fadhb é a bhaineann leis an daonlathas.

Níl i gceist ach go bhfuil sé níos coitianta i gcás an chórais atá againne. D’fhéadfaí a rá go gcuirfí stop leis na héilimh agus an bhagairt seo, dá ndiúltódh an rialtas géilleadh dóibh. Ach is annamh ar fad nach lúbann rialtais faoin mbrú, ar mhaithe leis an tír, gan amhras, mar a tharla leis an rialtas deiridh go minic.

Ní mór a admháil san am céanna go raibh, agus go ­bhfuil, teachtaí dála neamhspleácha den scoth againn. Ní gá a n-ainmeacha a lua mar beidh aithne go forleathan orthu agus ba bhoichte an Dáil dá n-éagmais. Ní chucu atáthar anseo. Ach níl aon amhras ná gur minic gur féidir le duine nó beirt neamhspleáigh an córas daonlathach a chur as a riocht nuair a bhíonn riar na cumhachta acu, mar a tharla go follasach faoin rialtas deireanach.

B’fhéidir go bhfuil níos mó teachtaí neamhspleácha sa Dáil ná mar a bhí ann le fada, ach is beag tionchar atá acu i gcomparáid leis an Dáil dheir­eanach. Tá san amhlaidh de bharr an mhóraimh an-mhór atá ag an dá phríompháirtí sa rialtas. Go deimhin, tá cuma chomh scaipithe sin ar an bhfreasúra faoi láthair gur baolach gur beag éifeacht a bheidh leo.

Is fíor go bhfuil go leor a shíleann gurb é córas na bpáirtithe polait­íochta is mó atá le lochtú, agus nach mbíonn sna teachtaí a bhíonn ­ceangailte leo ach fir mhaide nó mná maide, má tá a leithéid sin de théarma oiriúnach i gcás na mban, gur daoine iad a dheineann mar a threoraíonn aoire an pháirtí dóibh.

Bheadh sé fíor a rá go nglactar le córas na bpáirtithe go coitianta mar chóras atá inoibrithe agus nárbh fhéidir, go praiticiúil, feidhmiú ar aon bhealach eile. Más féidir go ­bhfuil fadhbanna níos práinní le réiteach againn faoi láthair, bíonn san leis amhlaidh i gcónaí, agus mar a ­luaigh an Taoiseach féin roimh an toghchán, ba léir gur ghlac sé leis go raibh fadhb ann a gcaithfí dul i ngleic léi uair éigin.

Roimh an olltoghchán ba mhinic an Taoiseach ag tagairt do na leasuithe a bhí ar aigne aige maidir leis an gcóras vótála agus riaracháin, agus ina measc bhí leasú a chabhródh leis an bhfadhb atá luaite anseo a réiteach. Beidh sé suimiúil céard a dhéanfaidh sé fúthu anois go bhfuil an deis sin aige, nó an dtabharfaidh sé droim láimhe leo ar an mbonn go bhfuil fadhbanna eile fós ann a ­bhfuil níos mó prainne ag baint leo. Mar a dúradh níos luaithe, nach mar sin a bhíonn i gcónaí.
Feasta, Iúil 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais