Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Shanghaighte? (1)
Éire, an Iasacht agus an tArd-Oideachas
le Neil Buttimer
‘Scrúdaíodh go hard os cionn míle institiúid ar fud na cruinne. Leagadh amach in ord feabhais i dtáblaí iad ó uimhir a haon anuas. Eisíodh cothrom an staidéir bhunaidh gach bliain ó 2003 go dtí anuraidh, is tá an chuma air go leanfar de bheith á fhoilsiú feasta.’
——◊——
Séard a thuigim leis an téarma ‘Shanghaied’ tú a shacadh ar bord loinge i gcoinne do thola, mar a bheifeá i do sclábhaí inti. An té a dhéanfadh sin leat, ní rachadh san árthach ach fanacht cois cuain ag breith ar a bhuntáiste. Caladhphort taibhseach ar chósta thoir thuaidh na Síne a thug a ainm don chleachtas toisc a liachtaí uair a tharla ann, ní foláir. Má thagraítear don tseift anseo, ní chun caitheamh anuas ar phobal na tíre lena samhlaítear, ach de bhrí gur cor sa ghnáthchaint an úsáid. Go deimhin, níorbh aon nath ag Éireannaigh a muintir féin a chur de dhroim seoil ar an gcuma chéanna, pé acu an ag baile nó ar an gcoigríoch é. Tharlódh go bhfuilimid curtha dár dtreoir i réimsí eile anois seachas an loingseoireacht. Is é éirim na cainte thíos éirí áirithe slí san acadúlacht, mar a mheasaim, a shoiléiriú beagán dúinn. Fáilteofar roimh choigeartú ar aon iomrall eolais nó tuisceana a bhraithfidh an léitheoir sa chuntas.
Ollscoileanna a Aicmiú
Tháinig tuairisc shuimiúil as Ollscoil Jiao Tong Shanghai, dara cathair na Síne, ag tús na 2000í a bhfuil a tionchar le brath forleathan i saol na scoláireachta ó shin. Thug beirt údar inti (N. C. Liu agus Y. Cheng) faoina bheachtú cad iad na coláistí tríú leibhéal is fearr dá bhfuil ar domhan. I measc a gcuid slat tomhais bhí an líon duaiseoirí Nobel (nó duaiseoirí Fields na Matamaitice) a bheadh bainteach leo, a mhinice a dtagraítear do shaothar taighde na foirne acu in irisí le dealramh, is an táirgiúlacht úd ar fad a bhreithniú i gcomórtas leis na hacmhainní a cuireadh ar fáil d’aon ionad léinn díobh ar leithligh.
Scrúdaíodh go hard os cionn míle institiúid ar fud na cruinne. Leagadh amach in ord feabhais i dtáblaí iad ó uimhir a haon anuas. Eisíodh cothrom an staidéir bhunaidh gach bliain ó 2003 go dtí anuraidh, is tá an chuma air go leanfar de bheith á fhoilsiú feasta. Dealraíonn faoin tráth seo gur faoi choimirce comhlacht comhairleoireachta (‘Shanghai Ranking Consultancy’) atá riaradh an tionscnaimh (‘Academic Ranking of World Universities’, ARWU, a theideal).
Taibhsíonn sé nach é amháin go bhfuil nós déanta den mheasúnú, ach go bhfuil sé iompaithe amach ina thionscal, munar faisean é, geall leis. Tá mórán dreamanna i ndiaidh tabhairt faoin ollscolaíocht a iniúchadh idir dhá linn. Áirítear orthu an ghnólacht ‘Quacquarelli Symonds’ (QS, a bunaíodh i 1990) agus a chuir tús lena suimiú bliantúil, ‘QS World University Rankings’, in 2004. Théadh lucht an fhoilseacháin sin Times Higher Education Supplement i bpáirt le QS ar feadh tamaill, ach thosnaigh siad ar bheartas nua, ‘Times Higher Education World University Rankings’, in 2010. Na modhanna ag na grúpaí dá bhfiosrú, difríonn siad ó chéile, agus bíonn éagsúlacht shuntasach chomh maith idir na torthaí a thagann uathu. Ní léir, ámh, cén mhonatóireacht a deintear ar na heagraíochtaí léirmheasa mar earnáil.
Sa mhéid seo, ráineodh go bhfuil na heagrais úd ar aon dul le cuideachtaí rátála i ngort an airgeadais, nach cinnte an mbítear ag faire orthu ná á rialú, nó conas sin. N’fheadaraís ná gur póitseálaithe is máistrí géim a leithéidí san am céanna. Is cosúil, dá bharr, go raibh ceist na gcoláistí a scrúdú ag déanamh scime le deireanas don bhforas mórchlú, na Náisiúin Aontaithe. Is spéis lena nOllscoil sin (‘United Nations University’, UNU) na bealaí ina ngintear eolas nó a scaiptear é (bhí ‘Think Tanks’ faoi chaibidil acu in Earrach 2011, mar shampla). Reáchtáladh comhdháil faoi choimirce UNU i mí Dheireadh Fómhair ghabh tharainn ar an téama a leanas: ‘Ranking is not Enough: Measuring University Performance’. Bhíothas ag tnúth le séala ceart a chur ar phróiséas na tástála, ionas go mbeadh bonn údarásach, inghlactha faoi.
Ós é Innéacs Shanghaí a thosnaigh an plé, níor mhiste na comharthaí sóirt aige a cheistiú a thuilleadh. Is cosúil gur cóiríodh é le go bhféadfadh na Sínigh a fháil amach cad is ollscoil fhiúntach ann, mar threoir dóibh féin. I ndiaidh coláistí eile a chur sa liostáil, is suntasach an rud é nach bhfuil mórán tráchta in aon chor ar a gcuid siúd institiúidí inti. Is áitithe nach bhfaightear scoil ar bith ón tír sa rannóg a leanas den uimhriú: na hollscoileanna a ainmníodh, go fiú uair amháin, i measc an 100 ionad léinn is cumasaí ar domhan dár áiríodh i ngach bliain de bhlianta an tsuirbhé ó 2003 anuas go dtí 2010.
Is é 111 an figiúr iomlán deiridh de líon na n-institiúidí a shroich a fhaid leis an gcéad chéad sin. Tá móramh thar na bearta ag scoileanna Mheiriceá ón tús anseo thar gach aon mhór-roinn eile díobh. Ná ní raibh lucht na dúiche oirthearaí ar liosta an deich gcoláiste is rathúla sa chearn den chruinne a chlúdaíonn an Áis is an Astraláis. Is deacair a rá an bhfuil a neamhláithreacht ar fud go leor den chuntas a chum na Sínigh féin dóibh féin á mbuaireamh an méid sin. Shamhlóinn ná beadh go fóill. Má tá údaráis na Síne ag cuimhneamh ar thriall i ndeireadh báire ar Róimh sin na gcoláistí aithnidiúla domhanda, ba dhóigh liom gurb éard atá ar siúl acu anois grinnstaidéar a dhéanamh féachaint conas is fearr is féidir bheith ina Rómhánaigh i dteannta na coda eile sula ngabhfar an treo úd.
Eiseamláirí
Ní dócha go bhfuil amhras dá laghad ná go bhféadfadh pobal na Síne institiúidí ar chaighdeán idirnáisiúnta a chruthú go mear dá mba é a b’áil leo. Léireodh scéal Mheiriceá Thuaidh go pointeáltha nár dho-dhéanta an beart sin. Bhí ollscoileanna na hEorpa saolaithe cheana le forgla leathmhíle bliain tráth ar tosnaíodh ionad oiliúna san iargúil le hais abha an Charles i gCambridge, Massachusetts, i 1635. Le teacht an 20ú Céad, faoi bhun leath an achar aimsire ó seoladh coláistí an tSean-Saoil, rachadh Harvard an uair sin féin chun cinn go suntasach ar fhorais eile na cruinne. Ba threise fós príomhscoil na Stát Aontaithe, dá dtoileodh sí brainsí áirithe de léann na heolaíochta feidhmí a chothú i lár na 1800í. Nuair nár aontaigh, cuireadh Institiúid Teicneolaíochta Mhassachusetts (MIT) ar a bonnaibh go neamhspleách in 1861. D’iompaigh seo amach ina suíomh den chéad ghrád in imeacht (ar a mhéid) an tríú cuid den fhad ama a thóg sé ar Harvard buaic dá shórt a shroichint.
Chuaigh ollscoileanna na Stát ar aghaidh go tapaidh thiar agus thoir. Níor tháinig Ollscoil Stanford i gCalifornia, ar mhinic di bheith sa dara áit ar rogha na gcoláistí Meiriceánacha, ar an bhfód go dtí 1891. Ní ollscoil ar scála leathan í an California Technical Institute, ionad aitheanta taighde eolaíochta sa Stát iartharach úd, ach ba sa bhliain chéanna le Stanford a thosnaigh Caltech leis. Bhí Ollscoil Chicago ag oibriú le dhá mhí dhéag rompu in 1890. Thuill sí sin an oiread cáile gan mhoill as na duaiseoirí móra a bhainfeadh feasta léi gur minic ‘Nobel Alley’ mar leasainm uirthi. Léiríonn an ghearrinsint seo nár chóir do scoil ar bith, pé tír ina bhfuil, a cheapadh go mbeadh sí thuas seal — ná thíos seal ach oiread — go brách.
Tharlódh, áfach, go mba é ab ansa le hoideachasóirí na Síne patrún Meiriceánach eile a leanúint le leas a réimse treas leibhéal a dhéanamh, seachas sampla na n-ionad iomráiteach thuasluaite. Tá cineál coláiste ag na Poncáin de bhreis ar na láithreacha suntasacha a liostáladh romhainn, ach gur lú an cur amach coiteann air suas leis an aird a bheadh ar na ‘hEidhneáin’, abair (más ceadmhach an t-ainm a chloistear á ghlaoch i mbéarlagar Mheiriceá ar bhallraíocht an ‘Ivy League’ a ghaelú). Dá gcaithfeá súil thar n-ais ar áireamh na n-ollscoileanna a bhí ar choláistí an domhain a ainmníodh babhta aonair amháin, fiú, i measc an chéad ionad is fearr dá bhfuil ann, gach bliain ó eisíodh cuntas Shanghai, chífeá gur ó chatagóir faoi leith sna Stáit Aontaithe a thagann thart ar an gcúigiú cuid acu, agus gur chuimsigh an aicme sin féin timpeall trian de na forais Mheiriceánacha sa liosta i gcaitheamh na tréimhse uile ó 2003 anuas. An chatagóir institiúide atá i gceist na ‘hOllscoileanna Deontas Talún’ (‘Land Grant Universities’ nó ‘Colleges’, sa téarmaíocht bhunaidh). Is earnáil phoiblí seachas ceann príobháideach é seo.
Socrú é seo ó 1862 faoinar chuir an rialtas feidearálach maoin, tailte go hiondúil, i leataobh i stáit an Aontais ar mhaithe le cothabháil na hardfhoghlama. Bhí na mílte acra le dáileadh, ar a lonnófaí foirgníocht choláistiúil mar a leagfaí béim ar ábhair phraiticiúla ar nós na feirmeoireachta, na n-eolaíochtaí beatha eile, is ar a gcomhchosúlacht. Dá mhéid a bheadh na hionaid seo tógtha le gnéithe den teicneolaíocht, ní dhearmadfaidís choíche fairsinge an léinn, is tá a n-áit sainiúil féin ag na daonnachtaí iontu riamh anall.
Feictear tréithe i bpáirt ní hamháin ag an scór nó mar sin Ollscoil Deontas Talún a bhí uair éigin sa taobh uachtarach de liostáil Shanghai, ach a roinneann an bhreis is seachtó coláiste san rangú céanna lena chéile. Léiríonn ard-ábaltacht na bpearsan a theagmhaigh leo tráth, nó a bhfuil nasc acu leis na forais seo i gcónaí, cumas na láithreacha léinn i gcúrsaí acadúla. Is in Ollscoil Stát Pennsylvania (1855 dáta a bunaithe) a chéadcháiligh an t-eolaí Paul Berg i 1948, duine de dhuaiseoirí Nobel na Ceimice i 1980. An Barry Marshall a rug an chraobh Iorúach leis i gcúrsaí leighis don bhliain 2005, ghlac sé le tairscint chomhollúnachta ón Ollscoil úd, chomh maith, le gairid.
Tá comhollúnacht tugtha ag Ollscoil Stát Michigan (1855 bliain a bunaithe in éineacht) do Albert Fert, duine de bhuaiteoirí Nobel na Fisice in 2007 agus a shaothraíonn de ghnáth i gceann d’ollscoileanna Pháras na Fraince. An bhliain chéanna leis sin, tharraing scoláire iarchéime, lá dá raibh, de chuid Ollscoil Stát Carolina Thuaidh (NC State, dar dáta bunaidh 1887) duais Nobel na Síochána i gcomhluadar Al Gore, iarLeas-Uachtarán Mheiriceá. Ba é an té seo Rajendra Kumar Pachauri, a cáilíodh san innealtóireacht is san eacnamaíocht le linn a sheal in NC State, mar ar thug dornán blianta fairis ar an bhfoireann. Eisean ba Chathaoirleach ar an Phainéal Idir-Rialtais um an Athrú Aeráide (IPCC), nuair a fuair sé an gradam nótálta a raibh a sheanchairde ollscoile breá sásta a thréaslú leis.
Ní hamháin go bhfuil éileamh ag na hinstitiúidí Deontas Talún ar arda an taighde is na cruthaitheachta, tá creidiúint ag dul dóibh as a mbeann ar chúrsaí teagaisc, fiú ag na leibhéil is bunúsaí dá gcuid freagracht oiliúna. B’fhuirist an t-áiteamh sin a chur abhaile ar scoláirí óga na tíre seo nó ar ghrúpaí ar leithligh díobh ach go háirithe. Is téacsleabhair ó Mheiriceá iad na saothair a theagmhaigh ina lámhaibh siúd a chláraigh i UCC i mbliana don chéim BSc sna hEolaíochtaí Bitheolaíocha is Ceimiceacha (CK 402 a códuimhir seo ag an Lár-Oifig Iontrála, an CAO). Gach ceann de cheithre ábhar an chúrsa, an Bhitheolaíocht, an Cheimic, an Fhisic is an Mhatamaitic, tá lámhleabhar ainmnithe ina chomhair foilsithe ag an gcomhlacht céanna, Pearson. A lán dá n-údair, ba as na hOllscoileanna Deontas Talún iad, ina measc seo: Ollscoil Nevada, Reno; Ollscoil Illinois, Urbana-Champaign; Ollscoil Stát Ohio.
Fiú munarb iad a scríobh, cuireadh caibidlí nó coda eile astu thart chuig léachtóirí i mórán scoileanna den chineál céanna lena dtuairim a lorg faoi bharántúlacht nó faoi sholéiteacht na faisnéise. Scaiptear dlúthdhioscaí leis na leabhair i dteannta treoracha do nascanna cabhracha idirlín. Comhartha a leithéid go ndéantar na modhanna cumarsáide idirghníomhacha is nua a insealbhú le linn bheith ag buanú cleachtais oideachasúla ar léir a ndoimhneas is a scóip ar críochnúlacht na bhfoilseachán féin. Ná níor dheacair teacht ar a macasamhla d’áiseanna oiliúna i gcomhair gnéithe de shiollabas mórán mór disciplíní i mblianta eile na fochéime, is as san i leith go dtí pointí mullaigh an iliomad speisialtóireachtaí.
Mianach an teagaisc a thugtar dóibh, i measc nithe eile, ní foláir a spreagann dílseacht don alma mater i mórán de chéimithe na gcoláistí úd. Is iad is fearr le comhlachtaí a fhostú go minic leis, rud a léirigh suirbhé a choimisiúnaigh an Wall Street Journal ar a chonlán féin an Fómhar seo caite (ar clódh a chuid torthaí in eagrán Mheiriceá amháin den iris, go bhfios dom), mar a bhfacthas iardhaltaí Ollscoil Stát Pennsylvania, cuirim i gcás, chun tosaigh ar go leor d’iarscoláirí na gcoláistí Eidhneáin maidir le postanna a bhaint amach. Bheadh amhras ort arbh shin páipéar nuachta le claonadh de shórt nár ghá, a cheapadh gur ceann leathan-aigeanta é, ag stocaireacht ar son fostaithe a mbeadh oiliúint chaolchúiseach choimeádach faighte acu i rith a dtéarma ollscoile.
B’ionann an leagan amach úd ar an gcás, áfach, agus sofaisticiúlacht go leor cuideachtaí gnó, a earcaíonn scoláirí óga, a mheas faoi bhun an chirt. Tá a lán eagraíochtaí tráchtála is eile ann ar barrshamhail eitice is foirfeachta iad i mbun a gcúraim. Tá malairt na n-eagras seo ag crochadh timpeall chomh maith, ámh, pé acu an i réimse forbartha acmhainní aiceanta é nó sa riarachán poiblí, ar léir gur céimithe dea-oilte ionraice tuisceanacha, maraon lena gcomh-mhaith de cheannaireacht, atá de dhíth orthu go géar, pé acu an thall nó abhus dóibh.
Ní haon tionóisc é go bhfuil slacht ar an scoláireacht is ar an teagasc le sonrú ar na háiteanna a luaim. Bhí siad ag réiteach ar bhonn eagraithe chun na spriocanna seo beagnach ón am ar tugadh na deontais dóibh. Áirítear iad mar pháirt den chónaidhm ollscolaíochta is sia dá maireann sna Stáit Aontaithe, arb é seo is ainm di ó 2009: ‘Association of Public and Land-Grant Universities’ (APLU). Shíolraigh ar a seal ón ‘National Association of State Universities and Land-Grant Colleges’ (1887 bliain a bunaithe sin), i dteannta eagraíochtaí gaolmhara eile. Bheadh go hard os cionn 4 mhilliún mac léinn Meiriceánach faoi chúram ginearálta APLU, fara suas le trí-cheathrú milliún de lucht teagaisc, agus a chuid institiúidi ag caitheamh dhá thrian den airgead a thugann rialtas na Stát uaidh don taighde go bliantúil. Tá a ceannáras i Washington, D.C., agus an t-eagras féin roinnte ina bhrainsí ar fud ceantracha ar leithligh sna Stáit. Oibríonn trí mheán comhairlí inmheánacha is trí choimisiúin dá chuid féin.
Ní hamháin go raibh na coláistí a deirim ag obair i bpáirt ó cuireadh sa chatagóir sin iad sna 1860í. Dhein údaráis Mheiriceá tindeáil leanúnach orthu ón aimsir úd i leith trí bheith ag cur leis an reachtaíocht a thacaigh leo. Tháinig éagsúlacht mhór réimsí oibre is freagrachtaí a dtreo de bharr an bheartais seo. Fuair siad breis acmhainní i gcomhair trialacha eolaíocha in 1887, leagadh dualgais orthu i ngort an oideachais aosaigh is i dtraenáil an phobail i 1914. Leathnaíodh raon imeachtaí go leor díobh ó lár an 20ú hAois ar aghaidh, nuair a cuireadh léann na mara agus an taighde ar an spás ar chlár saothair go leor acu.
Níor ghá glacadh leis, gan dabht, go bhfuil na cnoic seo chomh gléineach glas an t-am go léir is a thaibhsíonn siad a bheith ó i bhfad i gcéin. Ba leor an cor is déanaí ina gcás a lua mar sholaoid den cheartú sin ar an bpictiúr. Is minic é mar choinníoll go soláthródh na stáit féin ina bhfuil na hollscoileanna cóimhéid an mhaoinithe a thugann an rialtas láir dóibh, chun go dtiocfaí ar na pinginí ón lár. Dealraíonn go bhfuil baol mór ar eacnamaíocht scata ballstát Meiriceánach inar treise córas na nOllscoileanna Deontas Talún, más fíor a ndeirtear faoi láthair i dtaobh cistí California nó New Jersey, nó Texas féin, a measadh a bheith teann tráth. Is mó fós sa tsáinn iad an t-airgead tarrthála a shroich chucu i ndiaidh thoghchán na huachtarántachta in 2008 a bheith ag triomú le fíordhéanaí.
Éifeacht an Mheasúnaithe
Bíodh is go bhfuil lón machnaimh san mbealach a n-eagraítear na gnéithe seo den earnáil treas leibhéal sna Stáit Aontaithe, chaithfeadh saineolaí ar an tSín a rá leat an ar an mbrainse úd den ollscolaíocht Mheiriceánach atá oideachasóirí na tíre sin ag faire agus iad ag athmhachnamh ar a struchtúir ollscoile féin. Pé ceist a bheadh air ina thaobh seo, is cinnte go bhfuil Innéacs Shanghai i ndiaidh croitheadh a bhaint as coláisteánaigh thiar is thoir. Chun gan ach solaoid amháin de seo a lua, dealraíonn gur ábhar imní do na Francaigh é a gcuid institiúidí a bheith in easnamh ó rungaí arda an liosta. Is cosúil go bhfuil siad ag déanamh dianscrúduithe ar fhiúntas na sistéime acu, féachaint an gá í a chur in oiriúint a thuilleadh do chleachtais idirnáisiúnta eile, le go bhfaigheadh sí breis aitheantais dhomhanda.
B’ait leat an easpa muiníne, go háirithe nuair a chuimhneofá ar an rath atá ar mhórán eilimintí de shaol na Fraince, a bhuíochas san ar a ghairmiúla is atá a gcóras oideachais leis na céadta bliain. Amach as na grandes écoles do na hinnealtóirí, do lucht eolaíochta is do na feidhmeannaigh stáit faoi deara an tír sin seirbhísí taistil, sláinte is riaracháin den chéad ghrád a bheith le feiscint inti. Is leor na mórscoláirí Levi-Strauss (san antraipeolaíocht), Lacan (sa tsocheolaíocht), Foucault (sa stair) a lua le méid na tosaíochta sa smaointeoireacht a léiriú.
Ach oiread le hacadúlaigh na Fraince, nílimidne saor ón mbuaireamh faoinár stádas. Ní raibh coláiste Éireannach riamh i measc an chéad 100 ionad léinn ar domhan san áireamh Síneach. Bítear ag faire go géar le blianta beaga anuas ar na táblaí eile fairis. Gach fómhar ar theacht amach do thorthaí ‘QS World University Rankings’, cuirim i gcás, d’fhéadfadh a n-áit orthu a bheith ina hábhar maíte nó ina cúis díomá, mar a ráineodh, ag na hinstitiúidí againne.
Ní taise é dár gcaitheamh i ndiaidh ghradam ‘Ollscoil na Bliana’ ag an Sunday Times (leathbhádóir na n-oileán seo den ‘Times Higher Education World University Rankings’). Féach gur mór idir éileamh ár n-aimsire féin ar lipéad dá leithéid a fháil ón bhfoilseachán úd agus an col a ghlactaí leis an bpáipéar céanna, tráth á mbíodh pobal na hÉireann á tháinseamh coitianta ann i gcaitheamh an 19ú Céad, ach go háirithe. Má tá ath-ríocht déanta dúinn, is áitithe gur ar na coda is fiúntaí d’ollscolaíocht na Breataine ba chóir dúinn aithris a dhéanamh.
Agus tá taobh an-dáiríre leis na comparáidí ar fad seachas a bheith ina gcomórtas áilleachta. De bharr na mbealaí a bhfuiltear i ndiaidh ionaid léinn na hÉireann a chothú le tamall, nó iad sin tar éis a maoin a bhainistiú, is mó ná riamh an fonn ar ár gcoláistí mic léinn a mhealladh chucu ón imigéin. Fiú má tá adharca fada ar na buaibh thar lear, seans go bhféadfaidís tál. Meastar gur ón Domhan Toir a b’fhéidir le hacmhainní gluaiseacht chugainn nach furasta a lorg ar sparán spíonta na tíre seo féin.
Chun eachtrannaigh a mhealladh, anois, áfach, tá ardán maith ard ar liostaí na mbreithiúntas idirnáisiúnta ar ollscoileanna an domhain de dhíth níos mó ná cheana. De réir mar atá ag iompó amach, tuigtear gur riachtanach na liostaí a dhreapadh le bheith tugtha faoi deara. Fáistine á fíoradh féin, geall leis, is ea cruthú na n-innéacsanna, tú a bheith iontu pé acu an ded dheoin nó ded ainneoin é. Ar éigean, ar a shon sin, má táthar á fhiafraí ar chóir d’ollscoileanna an oileáin seo imeacht sna hárthaí úd nó, muna bhfuil an dara suí sa bhuaile ann, cad iad na bealaí is éifeachtúla le seoladh orthu. Go deimhin féin, n’fheadar an bhfuilimid ag féachaint i gceart conas mar atá ag an earnáil againn ar bhealach uileghabhálach.
Acadamh Éireann agus a chuid Aidhmeanna
Beidh an dara leath den chaint seo a tugadh ag Tionól na Mumhan, a d’eagraigh Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge i mBaile Bhuirne ar an 10 - 12 Meitheamh 2011,
ar eagrán Meán Fómhair de Feasta
Feasta, Lunasa 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|