Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ceithre hAirde an Domhain


le Pádraig Ó Néill




Deiseal agus tuathal, deas agus clé, thuaidh agus theas, uachtar agus íochtar, soir agus siar, trasna agus thar agus faoi, agus i ndiaidh na gcos: caitheann Pádraig Ó Néill súil eolgaiseach ar ár bhfoclóir treoshuite
——◊——
Tá gach éinne sách cleachtach ar na frásaí ‘sna ­ceithre hairde’, ‘as cúig hairde na hÉireann’, ‘na hairde ó thuaidh’, ‘as gach aird’. Ach céard a chiallaíonn an focal ‘aird’?

Sampla eile den aistíl teanga seo is ea an úsáid a bhaintear as na focail ‘uachtar’ agus ‘íochtar’, e.g. Uachtar Ard agus ‘íochtar tíre’. Ciallaíonn uachtar an taobh theas agus íochtar an taobh tíre i bhfad i gcéin nó gar don chósta. Samplaí eile den úsáid sin ab ea an dá ­leagan a úsáidtí i leith na mBúrcach sa sean-am chun an dá threibh a idirdhealú óna chéile viz. Mac Uilliam Uachtar agus Mac Uilliam Íochtar —i nGaillimh agus i Maigh Eo fá seach.

Samplaí eile den dóigh a n-úsáidtear dobhriathartha chun treo a chur in iúl is ea an nós cainte atá coitianta sa Bhéarla viz. ‘Going down to Cork’ ag Corcaígh, ach ‘up to Cork’ ag lucht lár tíre. Tá go leor samplaí eile a léiríonn neamhaird an phobail i dtaca le sonrú treo e.g. ag ‘trasnú an droichid’ agus ‘ag dul an droichead anonn’ nó ‘ag dul thar an droichead’. Maidir le fanacht slán ar thimpistí tráchta, tá an chéad chur chuige ­contúirteach agus an dara ceann le moladh.

Agus ag fanacht leis na réamhfhocail a chuireann treo in iúl, is fiú tagairt a dhéanamh do cheann amháin eile e.g. ‘faoi’. Má táthar ag dul go dtí an sráidbhaile ag siopadóireacht, deirtear go hiondúil: téimis ‘faoin mbaile’ nó ‘síos faoin mbaile’. Tá an nós seo coitianta i dteangacha na hEorpa. Sa Laidin úsáidtear ‘apud: faoi nó i measc’ agus sa Rúisis nua-aimseartha cantar slua-amhrán draíochtúil ar a nglaotar ‘Podmoskovnai Vechera’, tráthnóntaí faoi Mhoscó, nó i measc a muintire is dócha — leagan ba dheise liom.

Ag trácht ar chomhthéacs na foirgníochta, tá fíorthábh­acht ag baint le sonrú treo e.g. tógáil séipéal. Le fada an lá, de réir dealraimh, bhí sé de nós san Eaglais in Éirinn an séipéal paróiste a thógáil sa dóigh go mbeadh sé suite ar an ais soir siar, ceann an fhoirgnimh ar an taobh thoir, dírithe ar éirí na gréine agus an doras dírithe siar ar luí na gréine. Tá an tréith seo le tabhairt faoi deara go fairsing ar fud na hÉireann. Tóg Conamara agus Cois Fharraige mar shampla: An Cheathrú Rua, Ros an Mhíl, An Tulach, An Cnoc, An Spidéal agus Na Forbacha. Iontu siúd ar fad feictear fianaise na rialach. Ach is i mBearna a thiocfar ar an gcéad athrú, an chéad chúl le traidisiún, áit a bhfuil an altóir agus an pinniúr i gceann thiar an tséipéil, iarsma an bhrú ó ­riachtanais tithíochta. D’fhág an brú úd a lorg ar shuíomh na séipéal i mbailte móra ar fud na tíre i gcoitinne ar ndóigh, áit a bhfeictear foirgnimh tógtha ar iliomad cineál aise, ach fós féin tá lorg an tsean-nóis le tabhairt faoi deara faoin tuath in Éirinn, agus go fiú i Nás na Ríogh. Agus cé as a d’fhás an nós? Iarús­ailéim a bheith suite thoir?

Feictear dom go bhfuil an freagra le fáil sna cianta cairbreacha i bhfad siar. Tóg Brú na Bóinne agus cinn­eadh ghrianstad an gheimhridh: na sluaite daoine ag bailiú féachaint an bhfaighdís spléacadh ar shamhail na gréine i dtóin an tolláin, thiar ar ndóigh i dtreo luí na gréine — faoithin. I leataoibh ó cheist an ama agus cinn­eadh fisiciúil an ghrianstaid, spreagadh éirí na gréine ‘dóchas’ as an todhchaí in aigne daoine chomh maith. San oirthear atá, agus a bhí riamh tuar an dóchais. Ní san iarthar, mar níl san iarthar ach críoch agus deireadh lae agus, go minic, an t-éadóchas.

Tá léargas againn ar aigne an chine dhaonna, go háirithe i dtaca le ciníocha na hEorpa, maidir le gné an dóchais. Má ba mhian le Rómhánaigh a chinntiú cén áit a raibh siad, i dtaca le sprioc éigin sa taobh tíre anaithnid inar casadh iad, ba é an chéad rud a dhéanaidís ná a n-aghaidh a dhíriú ar an taobh thoir, is é sin ar éirí na gréine. Uaidh sin an briathar ‘orientari’ agus ‘oriens’ (ortus soli: éirí gréine). Bhí an cineál céanna nóis ag a gcomharsain, na Gréagaigh (Προςανατολιζωμαι (προς + ανατολιζωμαι), casaim i dtreo an oirthir. Anatolia an taobh thoir, agus féach gur Antalia an t-ainm atá fanta fós mar theideal ar cheann de na cúigí in oirthear na Tuirce sa lá atá inniu ann.

Tá tuilleadh fós fianaise ann a chruthaíonn cé chomh tábhachtach agus a bhí na treonna i gcaint na ndaoine. Tógaimis na téarmaí’deiseal’ agus ‘tuathal’. Gabhann an dá théarma le treo gluaiseachta. Ciallaíonn an chéad cheann casadh ar dheis, is é sin le treo na gréine nó leis an gclog, ag glacadh leis gur soir atá an duine nó an cainteoir ag breathnú. Ciallaíonn an dara ceann i gcoinne threo na gréine nó i gcoinne an chloig. Ach tá deacrachtaí anseo. Má ghlactar leis go bhfuil gaol ­diamhair éigin idir an suíomh ‘theas’ agus an aidiacht ‘dheas’, céard faoin dís aisteach seo, ‘chlé’ agus ‘thuaidh’? B’fhéidir go bhfuil nath éigin cainte sa teanga a thabharfadh léargas dúinn.

Tá sé an-éasca a thabhairt faoi deara gur baineadh ­feidhm as an dá leagan cainte na cianta cairbreacha ó shin, agus is deacair a thomhas céard a spreagadh daoine le leagan amháin a úsáid seachas an ceann eile. Bhí baint ag an gcomhthéacs leis an rogha i mo thuairim. Tóg, mar shampla, na leaganacha seo a leanas ón litríocht: ‘Sciath mór ar clí gach oen fir’, ‘Clébheart’ (gníomh suarach) agus ‘Ar foláireamh aingil na cléláimhe’ (an deabhal), agus ‘An clébhord’ (taobh chlé an bháid). Ach tá na leaganacha seo a leanas againn leis ón bhfíor-shean-am: ag trácht ar na galláin oghaim thugtaí an ‘tuathdruim’ ar an taobh chlé, áit a mbíodh na marcanna do h, d, t, c, agus q. ‘Tuathchliar’ a bhíodh ar chlaonchompánach, lán d’urchóid. ‘Tuathdhall’ a deirtí maidir le daoine a raibh radharc na súile clé caillte acu agus ‘tuathleas’ ar chlúmhilleadh nó béadchaint.

Ní hionadh go rithfeadh sé le duine a fhiafraí de féin an as an bpréamh chéanna a shíolraigh an aidiacht ‘tuathal’ agus an t-ainmfhocal ‘thuaidh’. Sa ghnáth­chaint ciallaíonn ‘tuathalach’ easpa stuaime láimhe, abair go rabhthas ag trácht ar cheardaíocht éigin. Sa sean-am dhéantaí láí faoi leith don duine ciotógach a bheadh ag iompó báin, agus don duine a bheadh ag baint mhóna sa phortach e.g. bheadh lug nó céim do chois an duine sin ar an taobh chlé d’fheac na láí mar áis dó. Agus maidir le fear bainte na móna a bheadh ciotógach, bhíodh adharc an tsleáin ar an taobh chlé chomh maith. Agus i bhfad siar sa stair, i ré na boghdóireachta, e.g. ní fhéadfadh fear ciotógach a bheith ina bhoghdóir mura ndéanfaí gléas dó a d’oirfeadh don láimh chlé. Ní fhéadfadh saighdiúir ar bith eile feidhm a bhaint as an arm sin go deo. Tuigfear go héasca go mbreathnófaí ar dhuine den chineál seo mar dhuine neamhchoitianta nó, ‘tuathalach’. Agus is intuig­the leis go mbreathnófaí ar a leithéid mar dhuine corr, deacair nó deoranta. B’fhéidir gurb as sin a d’fhás an téarma dímheasúil sin, ‘tuathalach’, don chineál a bheadh in aghaidh gach sórt rúin agus ar dheacair teacht ar chomhréiteach leis.

Ach tá téarma amháin fós le hiniúchadh: ‘ciotógach’ agus ‘ciotóg’. Dhealródh nach bhfuil aon idirdhealú idir an ainmfhocal agus an aidiacht sa chás seo: cas ‘ar do chlé’, ‘an lámh chlé’. Ach cad as an téarma ‘ciotóg? ­Feictear dom gur ón bhfocal ‘ceataí’ a shíolraigh sé. Dar leis an duine deasógach — agus déanta na fírinne is iad is líonmhaire sa phobal — go ngabhann ceataí nó ciotaí le húsáid a bhaint as uirlis an duine chiotógaigh. Ach ní cúis imní é sin don duine atá ciotógach ón gcliabhán.

Anois tá ré nua i bhfeidhm: saoirse an duine ­aonair — sin í an bharrshamhail. Ach ná ­labhartar ina thaobh seo le seandaoine, daoine a bhfuil cuimhne bheo acu ar a dtréimhse sa bhunscoil. Caith­eadh oidí bunranganna an-chuid saothair agus dúthrachta le teagasc na gciotóg. Níorbh fholáir na gasúir chiotógacha a chasadh sula mbeadh sé ró-dheireanach.

Bíodh an focal scoir ag na mairbh, más ceadmhach san a rá. Nach i ndiaidh na gcos a thugtar cónra an duine mhairbh isteach sa séipéal le haghaidh Aifreann na Marbh? Go hiondúil bíonn aghaidh an duine mhairbh dírithe ar an oirthear. I gcodarsnacht leis an ngnáth­dhuine, áfach, is i ndiaidh a chinn a iompraítear an sagart nó ball eile den chléir isteach chun na haltóra. An féidir gur seo ceann amháin de na dóigheanna inar ghlac an Eaglais le nós a bhí i réim leis na mílte bliain roimh theacht an Tiarna, á fhí sin isteach ina cuid deasghnátha féin?

Feasta, Meán Fómhair 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais