Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Tuarascáil Chluana - -

I gcaitheamh na bliana anuraidh, idir Eanáir agus Aibreán, bhí dhá eagarfhocal anseo a bhain le ­tuarascálacha faoi mhí-úsáid ghnéis ar dhaoine óga ag sagairt in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath. Anois tá ­tuarascáil eile tagtha inár dtreo a bhaineann le Deoise Chluana, agus b’fhíor a rá go bhfuil géarú déanta arís ar chonspóid atá go mór mar scamall ar shaol na tíre i gcoitinne le tréimhse rófhada.

Dúradh sa dá eagarfhocal go raibh sé riachtanach go gcuirfeadh an rialtas in iúl don chliarlathas, agus do nuinteas an Phápa go háirithe, a míshástacht maidir leis an mbealach drogallach a bhí an Eaglais ag caitheamh le ceist a bhí thar a bheith práinneach. Tá san déanta anois agus is bisiúla ár saol poiblí dá bharr.

Ní mór a rá láithreach bonn, pé toradh eile a bheidh ar óráid an Taoisigh sa Dáil, go bhfuil an cheist agus an phráinn sin a ghabhann leis curtha anois ar leibhéal nach féidir don Vatacáin féin neamhshuim a dhéanamh de: nó níos measa ná san, gur chosúil gur bheag ab fhiú leo drochchás na ndaoine óga a d’fhulaing an mhí-úsáid i gcomparáid lena mór-is-fiú féin.

Ní hé, ach oiread, go bhfuil aon ní le maíomh ag an Stát féin faoi conas amar a caitheadh leis an gceist thar na blianta, agus ag polaiteoirí de gach uile pháirtí. Nach raibh daoine ann a dúirt go raibh riar maith den ‘ardán­aíocht’ i gceist i bhfogha gan choinne an Taoisigh! Agus cad fúinn féin, sinne an pobal, nach raibh de ghus nó de mhisneach ionainn idirdhealú cuí a dhéanamh idir an dea-bhéasacht agus an uirísleacht.

Agus leis an gcallán ar fad faoin gcléir is furasta a ligean i ndearmad nach fadhb í mí-úsáid ghnéis ar dhaoine óga a bhaineann le sagairt amháin. Go deimhin, is cosúil gur céatadán beag go maith atá i gceist ina gcás siúd. B’fhéidir leis gur ceist thábhachtach í go mbeadh fhios againn an fadhb í atá ag méadú agus ag éirí i bhfad níos práinní de bharr an fhoráis atá ag tarlú ar mhodh­anna nua-aimseartha cumarsáide agus áineasa, go háirithe i gcás na hóige.

Is cinnte gur mó athrú ar ár saol agus ar ár ndearcadh a leanfaidh an chonspóid seo. Tá na hathruithe ó thaobh chreidimh follasach, agus ní fios cad é an toradh nó tionchar fadtéarmach a bheidh i gceist leosan. Tá daoine éirithe i bhfad níos cáiréisí maidir lena n-iompar agus a dteagmháil, nuair is daoine óga atá i gceist. Deirtear nach bhfuil sé éasca anois oibrithe ­deonacha a fháil a chabhródh le clubanna óige agus le himeachtaí spóirt agus a leithéid.

B’ionadh a laghad a bhí le rá faoi thuismitheoirí agus faoina ról agus a bhfreagracht i gcúram a bpáistí. B’fhéidir nár mhiste go leagfaí béim níos mó orthu, seachas mar a bhí i gceist i gcás na cléire agus an stáit.

Feasta, Lunasa 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo