Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Geilleagar, Gaeltacht & Gaeilge
le Seán Ó Loingsigh


Is sa bhealach ina bhfuiltear ag iarraidh an bhearna sin a líonadh atá an baol is mó don rialtas. …

——◊——

Mar a dúirt an t-amhrán tá an samhradh tar éis fill­eadh orainn, agus cé hiad is mó a chuirfidh fáilte roimis ná Teachtaí Dála, agus go háirithe airí rialtais a bhfuil téarma Dála cinniún­ach go maith curtha díobh acu. Má b’olc an tráth é chun teacht i gcumhacht, braithfidh siad go bhfuil a mbriseadh tuillte go maith acu, agus dá dhonacht an staid eacnam­aíoch nárbh olc ar fad ar aon chor a chuaigh dá gcéad téarma in oifig. Breathnaigh ar na pobalbhreith­eanna, a déarfaidh siad.

Ach i gcás an Taoisigh, céard is féidir a rá ach go bhfuil sé ar a sháimhín só, nó mar a luamar leis bliain ó shin go díreach, ar a chúilín seamhrach, tráth gur chuir sé scaip­eadh na mionéan ar a naimhde ina pháirtí féin. A leithéid de bhliain!

Fiú an eacnamaíocht féin, nach ábhar éigin dóchais go bhfuil an ráta úis laghdaithe ar na hiasachtaí úd ón Eoraip, a rabhamar chomh gearán­ach fúthu, agus ina fhochair sin go bhfuil síneadh curtha leis an tréimhse aisíoctha.

Ar ndóigh is fada fada go mbeidh geilleagar na tíre ar ais ar bhonn go bhféadfaí a rá go bhfuiltear tagtha slán. Tá an bhearna ollmhór sin le líonadh sna blianta atá romhainn idir an méid a chosnaíonn sé an tír a rith agus an teacht isteach atá ar fáil trí chánacha éagsúla. Is sa bhealach ina bhfuiltear ag iarraidh an bhearna sin a líonadh atá an baol is mó don rialtas.

Is léir ón gcáin is déanaí atá beartaithe, i.e. €100 in aghaidh an teaghlaigh, gur cur chuige gearr­théarmach atá i gceist, mar atá le go leor de na cánacha eile a bhfuil trácht orthu, agus gurb iad is mó a spreagann conspóid agus fiú cur i gcoinne. Tá sé de locht orthu nach gcuireann siad tuilleamh an íocóra san áireamh.

Ó thaobh cothromaíochta agus soiléire, nárbh fhearr go mór cloí leis an ngnáthchóras cánach ioncaim ina bhfuil tairsigh agus céatadáin leagtha síos a chuireann teacht ­isteach nó tuilleamh san áireamh. Nuair a bhí Charlie McCreevy ina Aire Airgeadais, agus tionchar an Pháirtí Dhaonlathaigh i rialtas na linne go mór chun tosaigh, bhí pol­asaí ann rátaí cánach a laghdú go leanúnach. Dá thoradh, tá na rátaí sa tír níos ísle ná in aon tír san Eoraip.

Is gné eile dár bhfadhb eacnam­aíoch an dífhostaíocht, agus mar is eol dúinn is mó é sin i gcúrsaí tógála agus bonneagair ná in aon réimse eile den saol oibre. Maith is eol dúinn an borradh a tharla sa réimse, sular thit ár gcúrsaí as a chéile trí bliana ó shin. Is furasta a lán den obair thógála a cháineadh, ach ní cóir go ndéanfaí dearmad iomlán den dea-obair a tharla i gcúrsaí bonneagair agus timpeallachta.

Ní féidir filleadh ar an staid mar a bhí, ach sé an donas, ó thaobh na dífhostaíochta go háirithe, an chríoch iomlán a tháinig ar an gcuid a b’fhearr den obair fhorbartha. An mbeadh sé dodhéanta é sin a chur ina luí ar ár ndea-chairde sa Bhruiséil?

Sé an cheist mar sin, más léir go ­bhfuil cánacha breise riachtanach, agus glactar leis go bhfuil, an fearr iad a ardú laistigh den ghnáthchóras cánach. Is cinnte gurb é an bealach is saoire agus is éifeachtaí é, nuair atá an córas ann cheana féin chuige sin. Gan amhras is eol dúinn gur mó a mheánn cúrsaí polaitiúla ná éifeachtúlacht agus costas i gcásanna mar seo.
——◊——
Níl aon tagairt déanta againn don óráid iomráiteach a rinne an Taoiseach sa Dáil, inar ionsaigh sé an Vatacáin faoin mbealach faillíoch agus mí-éifeachtach — mura bhfuil an téarmaíocht sin ró-cheansa — inar chaith siad leis an gceist seo ó tháinig sí chun cinn roinnt blianta ó shin. Ar an gcéad dul síos tá eagar­fhocal ar an iris ag plé na ceiste cheana féin, agus d’fhéadfaí a rá gur leor a bhfuil san óráid chun seasamh agus dearcadh an Stáit a léiriú go neamhbhalbh agus go soiléir, gan a bheith ag baint uaidh ná ag cur leis. Is leor a bhfuil ráite agus tá sé in am bualadh ar aghaidh.
——◊——
An bhfuil sé in am dúinn a bheith ag éirí imníoch faoina bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge — nó nach bhfuil ag tarlú? Is cosúil go bhfuilimid ag glacadh leis go bhfuil an Straitéis 20 Bliain úd a bheag nó a mhór ar bord ag an Rialtas, agus mar sin go bhfuil gach uile ní ina cheart. Nuair a thag­ann sé go bladhgar na bpolaiteoirí agus an Ghaeilge éirímid corra­thónach. Fanann sé sa cheann an méid a dúradh anseo cheana faoina bheith ag seoladh an amadáin píosa eile den bhóthar!

Is cosúil go bhfuil Aonad Straitéise bunaithe laistigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair ar fhorfheidhmiú na Straitéise agus, go sonrach, ar reachtaíocht a bhaineann le hathbhreithniú ar theor­ainneacha na Gaeltachta. Deirtear ‘go sonrach’ mar nárbh ­ionadh dá mba é sin an chloch ba mhó ar an bpaidrín ag an Aonad seo faoi láthair.

Níl sa chaint faoi chritéir theangeol­aíocha in áit ­limistéir gheograifeacha ach béarlagar. Nach limistéir gheograifeacha a bheidh ann pé ní. Bhíomar riamh in amhras faoin mórbhéim ar theorainneacha, agus go deimhin faoin mbeartas go mbeadh pobail ag cur pleananna teanga ar fáil. Cé déarfadh nach laghdú ar an gceantar Gaeltachta a bheidh dá thoradh, agus sin teip shuntasach i gcás na Roinne a bhí i bhfeighil an cheantair sin le breis agus leathchéad bliain, agus atá anois i mbun straitéis a tarrthála. Tá fadhb inchreid­teachta i gceist.

Ba mhór i gcónaí an locht é i gcás polasaithe, agus an cur chuige oifigiúil, maidir leis an nGaeltacht nach raibh dóthain taighde ná bunmhachnaimh a dhéanamh, agus dá bharr san gur mhinic gur bheag de thoradh a bhí ar an obair.

Mholfaimís arís, mar a deineadh anseo cheana, comparáid a dhéanamh idir Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge agus Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí. Sílim gur i 1956, an bhliain chéanna a bunaíodh Roinn na Gaeltachta, a bunaíodh Meánscoil San Niocláis sa Rinn. Sa bhliain sin, cúig bliana agus caoga ó shin, ba bheag a bheadh idir staid na Gael­ainne sa dá Ghaeltacht. Féach inniu iad. Níor bunaíodh scoil dara leibhéil trí Ghaelainn riamh i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh!

Gan amhras bhí an Ghaelainn ag cúlú sna teaghlaigh i ngach Gaeltacht. Luadh anseo cheana féin leis conas mar a deireadh múinteoirí bunscoile sna Gaeltachtaí ba laige nach dtiocfadh leo múineadh trí Ghaelainn, mar nach raibh an teanga sin ag na páistí ag teacht ar scoil. Is eol dúinn anois gurb é sin go díreach is cás do ghaelscoileanna ar fud na tíre, agus múintear trí Ghaelainn.

Is chuige atáthar anseo, i ndáiríre, ná go mb’fhéidir nach straitéisí nó pleananna teanga nó critéir teangeol­aíocha is mó atá de dhíth ach roinnt beartas atá tábhachtach, indéanta agus soiléir go leor, sé sin ar ndóigh, má bhíonn an pobal sásta glacadh leo. Mura mbíonn, sin scéal eile.

Ní mór a chur san áireamh cad atá ag tarlú i ndáiríre fad atá an Straitéis á plé ag an Roinn. Tá deireadh curtha le scéimeanna seanbhunaithe fad atá an plé seo ar siúl. Tá na scéimeanna tithíochta a bhí ann ó 1929 imithe.Tá deontas Labhairt na Gaeilge atá ann níos sia ná sin imithe. Bhíodh an-éileamh ar an scéim sin, ag máithreacha go háirithe. Bhí gradam agus buntáistí ag baint leis, agus ba mhinic raic nuair a diúltaítí an deontas. Deirtear go gcuirfear scéim eile ina áit, ach ní fios cathain nó céard a bheidh i gceist. Cén fáth nár fágadh an seanscéim ann go dtí go raibh an ceann nua i bhfeidhm?

An bhfuilimid ró-somheallta? Dóthain mór le rá faoi phleanáil agus faoi straitéisí, agus gan ag tarlú i bhfianaise ár súl ach srianta agus ciorraithe.

Tá grúpaí oibre bunaithe laistigh den Roinn, trí cinn díobh. Baineann an chéad cheann leis an Roinn, le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Séard is cúram dóibh ná deighilt na gcumhactaí faoin Straitéis a shoiléiriú agus trasnaíl a sheachaint. Nár dhóigh leat gur bheag mar chúram é!

Baineann an dara grúpa leis an Roinn (Gaeltachta) arís, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Fiontar, Post agus Nuálaíochta. Beidh siad ag plé le cúrsaí fiontraíochta sa Ghaeltacht. Cá bhfuil an tÚdarás?

Sa tríú grúpa tá an Roinn móide an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl sé soiléir an bhfuil an grúpa seo ag feidhmiú go fóill, ach luíonn a thábhacht sa bhfreagracht atá ar an Roinn Oideachais maidir le múineadh na Gaeilge.

Séard is mó atá suntasach maidir leis na grúpaí agus an cur chuige i gcoitinne ná chomh cúng, teor­anta, atá an plean forfheidhmithe. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an plean go dlúth faoi riar na státseirbhíse. Fiú an tÚdarás agus Foras na Gaeilge, na heagraíochtaí stáit a bhunaigh an rialtas chun freastal ar an nGaeilge, is ról imeallach ar fad atá acu. Níl aon ról ag na heagrais dheonacha nó ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhunaigh an Stát chun labhairt thar a gceann. Más leor sop dóibh, tá tagairt in áit éigin go mbeifear sásta i gcónaí glacadh le haighn­eachtaí.

An féidir a bheith ar aon bhealach muiníneach as an gcóras seo? Tá fhios ag an saol an staid fhíordhona ina bhfuil an teanga sa státseirbhís, agus an fhaillí agus easpa suime ina leith go coitianta. Anois, táthar ag brath go huile ar an dream céanna chun í a thabhairt slán. Conas nach bhfuil tagairt d’aon chineál don Choimisinéir Teanga, nó d’aon ról a d’fhéadfadh a bheith aige? Is dócha go ndéarfar go gcoisceann a oifig a ­leithéid de ról.

Táthar tar éis a fhógairt leis go ­bhfuil Coiste Rialtais faoi chathaoirleacht an Taoisigh chun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé. Níl aon eolas faoin gcoiste seo ach go mbaineann rúndacht lena chuid imeachtaí.

Ón méid is eol dúinn faoi láthair is deacair ar fad a bheith dóchasach go bhfuil leas na teanga á dhéanamh, nó go mbeidh sí mórán chun cinn lena bhfuil á bheartú ar a son.

Feasta, Lunasa 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais