Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Tarraingt na Téide


Gearrscéal le hÉadhmonn Mac Suibhne


Minic é á rá leis féin go gcaithfeadh nach raibh fear sa chathair nár aithin a dheirfiúr Sorcha. Cad eile a bheadh le tuiscint as an méid díobh a bhíodh de shíor ag cur a tuairisce?

‘Conas tá sí in aon chor? Is fada ó bhuaileas léi. Á, an-chailín, an-chailín go deo!’

Ba ró-chuma ach nár bhean í go raibh an-tóir aici ar an gcomhluadar riamh, go háirithe ar chomhluadar na bhfear. Bhí sí ag siúl amach le duine díobh uair, fear ciúin dáiríre acadúil, ach ní raibh mórán measa aici air, de réir dealraimh, agus ní raibh le glacadh as an gcaint a bhíodh aici ach nárbh fhearr ní sa saol léi ná a bheith réidh leis. Níor lean sé i bhfad.

Ba shine de dhá bhliain í ná a deartháir, ach cheapfadh duine gur mhó go mór ná san a bhí eatarthu ón mbealach a chaitheadh sí leis. D’fheictí dósan nár thug an dá ­bhliain sin teideal dá laghad di a bheatha a riar dó, nós a ghlac sí chuici ón gcéad lá a leag sé troigh leis ar an ardán ag Stáisiún Uí Oistín, is go raibh sise ag feitheamh leis tar éis a thuras aneas ón áit inar tógadh iad cois Abhann Buí.

Ar fhágáil na meánscoile di tháinig sí go Baile Átha Cliath le dul ag obair sa státseirbhís agus bhí ag cur fúithi i dteach ósta a bhí á stiúradh ag ord de na mná rialta, teach ‘do chailíní tuaithe nach mbeadh aithne i gceart acu go fóill ar shaol na cathrach, agus a bheadh i mbaol dá dheasca’. In am agus i dtráth lean an deartháir an chonair chéanna agus chuir faoi i lóistín a d’aimsigh sise dó le seanlánúin nach raibh fágtha ina saol acu ach iad beirt amháin, agus madra.

Ar ndóigh, ní raibh mórán ina phóca aige, ná ní bheadh go ­dtósófaí ar a thuarastal a íoc i gcionn roinnt seachtainí, agus níorbh fholáir nó gurbh í Sorcha a ghlan bille an lóistín san idirlinn – níor thagair sí riamh don cheist ná, go deimhin, níor dhein seisean ­amhlaidh ach an oiread.

B’fhada gur thuig seisean gur sa tréimhse áirithe san a dhaingnigh sí mar a bheadh lámh na fuipe air féin, agus a chuir sa riocht é go raibh sé faoi chaimpirín aici as sin amach – nó gurbh é sin ba mhian léi ar aon nós. Ach bhí an tuiscint sin le teacht sa todhchaí, agus anois díreach ba bhreá leis go bhféadfadh sé brath uirthi agus níor mhiste leis é ach an oiread.

Níor léir dó cén treo ina raibh an sruth ag sní gur thosaigh sé ag bogadh thart le scata leaids agus cailíní gealgháireacha a bhí ag saothrú sa Roinn in éineacht leis. Bhí a dheirfiúr glan ina gcoinne ón tús, agus níor mhoill léi san a rá glan amach in ainneoin nach raibh d’eolas aici fúthu ach an méid a d’insíodh seisean di ina dtaobh. Ba é a tuairim ná gur dhream droch­bhéasach aineolach drochthógtha iad a tharraingeodh an drochainm orthu féin luath nó mall, is gurbh fhearr i bhfad nach mbeadh aon bhaint aigesean leo. Ní thaitníodh na cailíní léi ach go háirithe, agus bhíodh sí de shíor ag tathant air gan aon teagmháil a bheith aige leo, mar nach bhféadfadh a theacht as ach an t-olc is an trioblóid is an náire.

Ba chailín ciúinchainteach foighneach ón nádúr í, agus a mbíodh le rá aici ba go bog is go béasach a scaoileadh sí uaithi í. Ba mhóide san a théadh na focail i bhfeidhm ar na héisteoirí, agus ar an deartháir ach go háirithe. Anuas air sin, ní bhíodh aon cheist ar lucht a cloiste ach gurbh óna hanam amach a thagadh a ndeireadh sí, is go mbíodh sí lán i ndáiríre faoi na tuairimí a nochtadh sí. Ba sna míosa tosaigh san aige sa phríomhchathair a d’aithin an buachaill na tréithe sin a bhí inti, agus a mhothaigh don chéad uair an ceangal ar leith a bhí eatarthu beirt.

D’éisteadh sé go béasach agus go foigneach lena mbíodh á rá aici faoin gcomhluadar a thaithíodh sé agus dhein sé iarracht ar rud a dhéanamh uirthi, sa mhéid is gur chúlaigh sé beagáinín uathusan nár thaitin léi, ach ba chrá croí dó an t-uaigneas is an t-aonaránachas a d’eascair as sin. B’shin an uair gur thug an deirfiúr suas de bheith ag siúl amach le fear na hacadúlachta, agus ba é an tráth freisin gur threise a thosaigh sí ag gabháil dó féin faoin gcomhluadar a thaithíodh sé, agus gur thromchéillí a mbíodh le rá aici faoi na cailíní go mór mór.

Ná níorbh é sin iomlán a chuid deacrachtaí ach an oiread: cibé slí inar thángadar ar an eolas, thosaigh a chairde ag fonóid faoi agus ag caitheamh leis go raibh sé ina chime ag a dheirfiúr mhór gurbh eagal léi gur leis an diabhal a rachadh sé in áit a bheith ina naomh, mar ba mhian léi féin.

Ba é a d’éirigh as an iomlán ná gur áitigh sé air féin go raibh sé go maith thar am aige a neamhspleáchas féin a léiriú agus éalú ó smacht na deirféar. Ach ba ghearr gur léir dó nárbh éasca san a dhéanamh, gur chreid sise go daingean go raibh de dhualgas uirthi eisean a choimeád slán ar gach olc idir anam is chorp agus go raibh sí leagtha amach ar an dualgas sin a chomhlíonadh, cuma cad a cheapfadh aon duine.

Thosaigh sí ag caint ar bhogadh amach as an teach ósta ina raibh sí ag cur fúithi agus árasán a ghlac­adh. Agus dhein sí talamh slán de go mbogfadh a deartháirín óg ina teannta. Ach dhiúltaigh seisean é sin a dhéanamh; nó ba chirte a rá gur dhein sé iarracht ar dhiúltú. Dúirt sé go raibh sé láncompordach mar a raibh sé, go raibh an lóistín an-chóngarach agus an-áisiúil don oifig, agus nár mhaith leis masla a thabhairt do na sean-daoine uaisle a bhí chomh cineálta san leis. Bhí a haigne socraithe ag Sorcha, áfach, freagra doshéanta aici, dar léi féin, ar gach argóint dar dhein sé, agus nuair a sheas sé go daingean ina coinne bhí an t-urchar ba chumhachtaí san armlann aici – na deora. Lig sí leo go fras; dúirt sí leis go raibh a croí á bhriseadh aige agus gur dhuine diomaíoch é i ­ndiaidh ar dhein sí ar a shon. Shocraigh­ san an argóint; ní fhéadfadh sé seasamh ina haghaidh.

Seans gur aithin sise ina croí istigh an íobairt a dhein sé, mar thosaigh sí ag freastal air amhail is nach raibh ní ar bith eile ar an saol uaithi — cócaireacht, glantóireacht, níochán agus uile, ba bheag mar thasc uirthi iad is níor dhein sí an gearán ba lú fúthu. Ní raibh aon ghearán aigesean ach an oiread, dá bfágfaí as an áireamh gur mhó go mór an méid ama a bhídis i ­dteannta a chéile anois, gurbh eol disean an uair go dtéadh sé amach is go dtagadh isteach — ní thugadh sí an leaba uirthi go mbíodh sé tagtha, agus gur ghrinne dá réir a cuid cheisteanna faoina mbíodh idir lámha aige.

B’fhada gur scaoil sé léi go raibh sé ag siúl amach le Peigí. Ní raibh ceist air um an dtaca seo ach gur mhian lena dheirfiúr é a choimeád chuici féin chomh fada is a bhféadfadh sí, agus nach bhfáilteodh sí roimh bhean ar bith eile a thiocfadh eatarthu. Ar shlí, ba phléisiúrtha leis mar smaoineamh é sin, beirt bhan a bheith ag coimhlint lena chéile faoi, in ainneoin gur dheirfiúr leis bean díobh. Ach ba ghearr a mhair an pléisiúr aige nuair a chuimhnigh sé ar an toradh a d’féadfadh a theacht as sa todhchaí. Bhí sé i ngrá le Peigí, an uair sin, agus ní fhéadfadh sé a shaol a shamhlú ina héagmais.

Bhailigh sé chuige a chuid misnigh agus ghlac le huain leis an mbeirt acu a chur in aithne dá chéile, ach ba léir dó ón tús gur bheag an bhá a bhí ag Sorcha leis an gcailín eile. Bhí sí béasach cuirtéiseach léi, ró-bhéasach agus ró-chuirtéiseach, ach ní raibh an bhoige ná an chroíúlacht lena raibh sé ag dúil le sonrú uirthi. Go deimhin, b’fhacthas dó nach raibh de shamhail uirthi ach an madra a bheadh ag faire go gcuirfeadh a chéile comhraic cor as — agus gan le haithint ar an gcailín eile ach an míchompord agus an cotadh. Níor thaitneamhach mar ócáid aige í.

Ar imeacht do Pheigí níor scaoil an deirfiúr fiú is focal fúithi, agus nuair a luaigh seisean an cailín ní bhfuair sí i modh freagra uaithi ach ‘Huh!’ neamhairdiúil.

——◊——

Agus mar a chuireadh tús leis an ngaol idir an bheirt bhan, ba shin mar a lean sé as sin amach. Ní raibh an buachaill in éagmais an dóchais go dtiocfadh feabhas ar an scéal le himeacht ama, ach in ainneoin a dhíchill ní mar sin a tharla. Gach uair go dtarlaíodh go mbíodh an triúr i dteannta a chéile — agus níorbh annamh san, mar b’fhacthas dósan go raibh an t-uaigneas ag goilliúint go mór ar Shorcha is ba mhaith leis an cian a thógáil di — uair ar bith go dtarlaíodh san bhíodh sise mar a bheadh sí cuachta chuici féin agus gan pháirt ar bith aici sa chaint, ach amháin nuair a tharraingíodh sí ábhar éigin anuas nach mbeadh aon eolas ag an gcailín eile faoi, rud a bhaineadh leis an gclann sa bhaile, mar shampla, agus leanadh uirthi ag gabháil dó go dtí go n-éiríodh leis an deartháir casadh eile a chur ar an gcomhrá.

Trí bliana nó mar sin a bhí sé féin agus Peigí ag siúl amach sarar bheartaíodar ar phósadh. Thug Sorcha bronntanas flaithiúil dóibh, agus fiú is nach n-aithneofaí uirthi ach gurbh áthas léi mar ócáid an lá mór, ní raibh aon amhras air féin ach gur bhriseadh croí faoi rún di é. Thagadh sí ar cuairt chucu ina dtigh nua anois is arís agus bhíodh Peigí, mar a bheadh nua-bhrídeach ar bith, ag briseadh na gcos le fáilte a chur roimpi agus lena raibh faighte acu mar bhronntanais a thaispeáint di go díomasach, ach ba bheag, mar a shamhlaítí dósan, ar aon nós, a théadh a cuid iarrachtaí i bhfeidhm ar an gcuairteoir. Bhíodh sé mífhoighneach agus míshásta léi sin agus ina ainneoin féin mhothaíodh mar a bheadh an ghráin aige ina croí chuici. Scanraigh an smaoineamh san go mór é agus chuir sé uaidh ar an toirt é, amhail gur pheaca é.

Bhí smaoineamh eile ann freisin a bhain as go mór dó: an chorruair go mbíodh fonn cainte ar Shorcha agus í sa tigh, níor dhóichí ábhar aici ná a chompordaí is a bhí siad ina n-áitreabh­ breá nua i gcomparáid leis an seanscioból tais fuar ina raibh sí féin ag cur fúithi. Ní raibh le glacadh aige as an gcaint ach gur mhaith léi bogadh isteach leo agus, ar shlí, dá mbeadh cruth eile ar ngaol idir na mná níor mhór gur mhiste leis san ach an oiread. Ach ba mhó í an tuiscint a bhí aige do dhearcadh Pheigí anois ná mar a bhí go dtí sin: níor ghá di a raibh ina croí aici a cheilt a thuilleadh, agus ba smaoineamh eile é sin a chuir sé uaidh ar an toirt.

Níorbh fholáir nó gur léir don deirfiúr go raibh an cath áirithe sin caillte aici, ar aon nós, fiú is gurbh é sin a bhí i gceist aici in aon chor, mar ba lú is ba lú fós a thagadh sí ar cuairt chucu. Théadh seisean chuici sin go measartha rialta agus d’fháiltíodh sí go mór roimhe, ach ní bhíodh aon fhonn ar Pheigí dul ina theannta. Ar éigean a chuireadh Sorcha a tuairisc riamh, agus má dheineadh níor léir go mbíodh spéis ar bith aici sa bhfreagra a thugadh sé.

Agus ansin go tobann, gan choinne gan fógra, d’éirigh an deirfiúr mhór as a post, gur fhág an chathair is gur fhill ar a fód dúchais ó dheas. A raibh den gclann fágtha ansin ­bhíodar pósta agus scaipthe um an dtaca san, agus ar éigean aithne aici ar neach san áit. Bhí cónaí uirthi i dtigh beag tuirseach gar don séipéal, mar a chaitheadh sí an chuid ba mhó de gach lá de réir dealraimh. Nuair a luaigh seisean lena bhean go raibh Sorcha bailithe léi, ba é an freagra a thug sí air ná ‘Bliain mhaith ina diaidh!’ agus ba ar éigean a choinnigh sé smacht ar an racht feirge a bhuail uime ar a cloisteáil. Ba é sin tús a gcuid deacrachtaí mar lánúin.

Níorbh fhada iad na blianta a mhair Sorcha ó dheas, agus níor mhó ná an leathdhosaen iad na cuairteanna a thug seisean uirthi. Ina aonar a théadh sé, ar ndóigh, agus ní raibh turas díobh nár fhill sé agus a chroí buartha faoina dheirfiúr mhór a dhealraigh i bhfad ní ba shine ná a haois, í cromtha éadóchasach agus gan aon spéis aici sa saol toisc, mar adeireadh sí leis, nach raibh tada fágtha ann di.

——◊——

D’fhéach sé ar leataobh ar a bhean anois agus iad ag tiomáint ar ais chun na príomhchathrach tar éis na sochraide. N’fheadar sé cad a bhí ina smaointe aici, ach b’fhada imithe an lá go bhféadfadh sé ceist mar sin a chur uirthi, ná go deimhin go mbeadh spéis aige sa bhfreagra a thabharfadh sí. Agus, ar ndóigh, ní raibh a choinsias féin gan a ­phriocadh faoin mbealach inar chaith sé le Sorcha thar na blianta. Ná níorbh fhiú an cheist eile a chur anois: cén cruth a bheadh ar a shaol dá mba rud é gur thug sé aird ar a mbíodh á rá ag a dheirfiúr mhór leis na blianta fada san ó shin?

Feasta, Márta 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais