Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Micheál Mac Cárthaigh
Iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, 1959 – 1965
Fíor-Ghael Thiobraid Árann
Mar a labhair Donnchadh Ó Duibhir a sheol ‘Micheál Mac Cárthaigh, Fíor-Ghael Thiobraid Árann’, in eagar ag Dónal Ó Muirgheasa, i mBrú Bórú, Caiseal Mumhan, ar an 14 Nollaig 2010
Chuireas aithne ar Mhicheál Mac Cárthaigh i dtús mo shaoil; comharsain ba ea an dá mhuintir, agus bhí smearadh éigin gaoil ann, i bhfad amach. Nuair a éiríos suas ba mhinic ina fhochair mé. Ní trom mar chúram orm, má sea, an leabhar tábhachtach seo a sheoladh, mar a gcuimsítear a chuid scríbhinní agus a óráidí béil, é déanta le slacht agus le dúthracht ag iarscoláire leis, ag Dónal Ó Muirgheasa. Gheofaí a rá gur scáthán anois againn é, inar féidir linn athspleáchadh a fháil ar an nGaeilgeoir uasal ardaigeantach úd.
Rugadh Micheál Mac Cárthaigh sa bhliain 1911 sa Chill Mhór i bparóiste Chnoc a’ Bhile, i gCo. Thiobraid Árann. Ba chorraitheach an aimsir í. Bhí an áit ar tinneal le náisiúnachas agus le hathmhuscailt an dúchais, agus sagart fuinniúil groí ina bhun. D’fhostaigh an tAthair Mathúin Ó Riain cainteoirí dúchais a mhúin an Ghaeilge sna scoileanna ó thús an chéid amach, chuir sé ranganna oíche ar siúl, d’eagraigh sé feiseanna agus aeríochtaí, léigh sé paidreacha ar Aifreann i nGaeilge. Bhí Bríd Uí Dhireáin as Árainn ina cailín aimsire aige; fuair sí bás seacht mbliana ó shin in aois a naoi mbliana is céad. Dá chríonna í ba chuimhin léi Cogadh na Saoirse, agus go gcuireadh an tAthair Mathún bia amach léi i gcomhair na bhfear a bhí ar a gcoimeád sa phortach le hais an tséipéil. Bhí Micheál ró-óg chun troda, ach bhí a dheartháireacha amuigh. Chuaigh sé le múinteoireacht agus chaith sé formhór a shaoil ina pharóiste dúchais, i Scoil Choill an Easpaig agus i Scoil Chnoc a’ Bhile.
Is as corraíl agus suaitheadh na mblianta sin a fáisceadh Micheál. Ní hionadh gurbh é an Piarsach laoch mór na staire, dar leis. ‘Ní raibh ach an t-aon Phiarsach amháin ann’, ar seisean liom uair. Agus is féidir rian an Phiarsaigh a shonrú ar fud an leabhair seo, fiú amháin sa dráma beag ‘Tadhg Ó Riagáin’. Tá’s agam go bhfaightear go leor lochtanna ar an bPiarsach ar na saolta seo, gur shantaigh sé an íobairt fola, mar shampla, ach i dtaca leis sin de, áitítear gur ghnáth-théama é sin san aimsir úd, i Sasana, agus ar an Mór-Roinn. Leag Micheál béim ar thionchar na híobartha sin ar leithéidí Yeats agus George Russell (AE). Ba mhinic véarsa seo an Ruiséalaigh ina bhéal aige:
Your dream had left me numb and cold,
But yet my spirit rose in pride ,
Refashioning in burnished gold
The images of those who died,
Or were locked in a prison cell.
Here’s to you, Pearse! Your dream, not mine,
But yet the thought, for this you died,
Has turned life’s water into wine.
Bhí sin aige sa tóstal nó aeraíocht bunaithe ar shaol an Phiarsaigh a léirigh sé i 1979; tá sé sa leabhar ina iomláine, agus is sampla maith é de na léirithe sin. B’í an Ghaeilge bun agus barr a chuid fealsúnachta. Ní gá dul thar an méid a dúirt sé i 1964:
Is í an Ghaeilge ár dteanga féin, an teanga lenar chuir ár sinsir rún a gcroí agus a n-aigne in iúl; is í an rud is Éireannaí dá bhfuil againn, níos Éireannaí ná na cnoic, ná na sléibhte, mar is í éirim agus aigne na nGael a mhúnlaigh, a fhorbair agus a thug chun foirfeachta í. … Is í an Ghaeilge an teanga inar cumadh litríocht na hÉireann ar fad anuas go dtí 1700, agus is inti a cumadh cuid mhór den litríocht a cumadh in Éirinn ina dhiaidh sin. Mar sin, is í teanga na litríochta agus na saoithiúlachta í, teanga a chloígh gach glún Gall dá dtáinig chugainn ar feadh ceithre chéad bliain.
Mar le litríocht na Gaeilge, thug sé an-ghrá don Chéitinneach agus dá scríbhinní. Tá óráid sa leabhar a thug sé ar uaigh an Chéitinnigh i 1984, agus d’fhéach sé siar ar chomóradh mór eile ann i 1962, nuair a bhí sé féin agus Labhrás Ó Murchú i mbun eagrúcháin: ‘Dhein Labhrás ard-obair’, a dúirt sé.
Tá fianaise sa leabhar ar a ghrá don cheol Gaelach, do na hamhráin go háirithe. Tá léirmheas aige ar ‘Claisceadal an Radió’: ‘An clár i nGaeilge is fearr dá raibh riamh ar Radió Éireann’. Nuair a cailleadh an t-amhránaí mór Labhrás Ó Cadhla, chuir Micheál méid a bhróin in iúl. Is cuimhin liom féin an bheirt acu d’fheiscint suite ar bhinse le hais a chéile lasmuigh de Choláiste na Rinne, agus iad ag malartú amhrán lena chéile. Caoineadh áirithe a chanadh Labhrás thug Micheál an-thaitneamh dó:
Táimse ag dul amáireach ag tógaint do leapan,
San áit ná tagann trálach ar lámha na bhfearaibh,
San áit nár ghá dhuit bia ná éadach,
Is cuirfimid a chodladh le solas an lae thú.
Ba mhinic Micheál sa Rinn – thuig sé tábhacht na nGaeltachtaí. Ba bhreá leis Baile an Fhirtéaraigh agus Múscraí Uí Fhloinn, agus, go deimhin, na Gaeltachtaí uile. Chuir sé féin agus Pádraig Ó Meadhra Coiste na bPáistí ina shuí, scéim iontach chun páistí a chur go Cúil Aodha, fiontar a raibh toradh fónta air. Is mó duine ón gcontae a fuair a chéadbhlas den Ghaeltacht dá bharr.
Mhúin sé carn amhrán dá scoláirí agus do mhuintir an pharóiste. Ní foláir a rá nárbh eisean amháin a dhein sin ach foireann na scoile chomh maith, Filis Uí Dhuibhir go háirithe, agus múinteoirí eile an pharóiste, ach eisean ba mhó a bhí i mbéal an phobail. Is é an beart atá déanta ag an eagarthóir i leith na n-amhrán sin ná roinnt de na cinn ab ansa le Micheál a scaipeadh tríd an leabhar: ‘Sliabh na mBan’, ‘Táimse im’Chodladh’, ‘Túirne Mháire’, ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’, mar shampla. Duine deabhóideach ba ea Micheál, agus mhúin sé na dánta diaga, leithéidí ‘Deus Meus Adiuva Me’, ‘Is maith an Bhean Muire Mhór’, agus, go deimhin, Aifreann Uí Riada. Agus dá réir sin, d’fhéach sé chuige go múinfí na paidreacha i nGaeilge: ‘Cuimhneofar ar na paidreacha’, a deireadh sé.
Scríobh sé stair an pharóiste : ‘A Tipperary Parish’, agus ní raibh éinne ann a b’fhearr chuige. Is é a bhí mórálach as Clann Cárthaigh, agus a rá gurbh as Dún na Sciath ina pharóiste féin do Chormac Mac Cárthaigh, an fear a thóg Eaglais Chormaic ar Charraig Chaisil. Bhí bua faoi leith ag Micheál chuige: bhí na leabhair staire aige, bhí taighde déanta aige, ach bhí lena chois sin aige béaloideas na háite.
Léiriú air sin an cuntas fíorshuimiúil sa leabhar ar eachtraí Michael Doheny, a bhíodh ina chónaí anseo i gCaiseal in ‘Alla Ailín’ – tá an tigh ann fós. Bhí an-bhaint ag Doheny le heagrú ollchruinniú Uí Chonaill anseo amuigh ar Palmer’s Hill in 1842. Ach tá an béaloideas ag Micheál, cé ná fuil sé go léir luaite sa leabhar.. Is amhlaidh a chuaigh a sheanathair ann, seacht míle de shiúl cos, é féin agus Big Dinny. Ní raibh de bhia acu ach babhla tae agus bulóigín aráin a cheannaíodar ag ‘Carroll’s of the Lower Gate’, agus ní raibh blúire bídh ná braon dí sa bhaile mór faoi thráthnóna. Bhagair a bhfostóir an bóthar orthu dá rachaidís go Caiseal ‘Ná feicim anseo amáireach sibh má théann’, ar seisean. Ainneoin sin chuadar ar ais lá arna mhárach, agus nár ghlac sé leo. Bhí an craiceann agus a luach acu.
Tá cur síos ag an eagarthóir ar na himeachtaí éagsúla a chuir Micheál ar bun: na coirmeacha ceoil, na léachtaí, na díospóireachtaí, na drámaí, agus thar ní ar bith eile, na feiseanna agus na haeraíochtaí. Ábhar iontais na daoine mór le rá a mheall sé chun teacht chugainn, Gearóid Ó Tuathaigh ó Ollscoil na Gaillimhe, abair; Na Caisidigh, Micheál Ó Súilleabháin, Nóirín Ní Riain, agus scoth na gceoltóirí. Is iontaí fós a phobal dílis féin nár loic riamh air, a ghlac páirt ins na himeachtaí sin nó a d’fhág an tine istoíche chun freastal orthu.
Cuimhnítear ar chuid des na drámaí, ar ‘Geamaireacht Dhroichead an Diabhail’, agus ar ‘Heirciléas’, agus ar an ngleo agus gleithearán a bhain leis na haeraíochtaí. Roghnaítí téama éigin, na Géanna Fiaine, mar shampla, agus shníomhtaí na himeachtaí go léir timpeall air. Ba ghnáth mórshiúl ó gheata an Chlochair go páirc na himeartha, agus píobairí Mhaigh Chairce ina cheann air, capaill diallaite ag falaireacht, feisteas taibhseach ar na pearsain staire, agus aoibhneas ar an lucht féachana. Leanadh den scléip sa pháirc: ceol, amhránaíocht, damhsa, drámaíocht, agus óráid spreagúil ó dhuine éigin iomráiteach a tháinig ann le fonn.
Níor phós sé riamh. ‘Ná fuil sé pósta le Róisín Dubh?’ arsa bean liom, agus b’shin fírinne an scéil, is dócha. Fialach breá fir a bhí ann, agus glacadh leis go minic nárbh fhear gan chéile é. Tharla anois agus arís agus mise ina fhochair gur cuireadh fáilte chroí roimis: ‘Ó, Dé bheathasa chugainn, a Mhichíl, céad fáilte romhat’. Ansin d’fhéachaidís ormsa, ar a chompánach óg, agus déarfaidís: ‘Ó, mo dhearmad, a Mhichíl, do mhac, an ea?’ ‘Bhuel, ní hea …’ Ach ní chuirfeadh sé sin aon chorrabhuais air: bhí acmhainn mhaith grinn aige. Bhaineadh sé spórt as a leithéid, as gothaí daoine agus as ráiteasaí barrúla. D’aithris sé faoi Big Denis Godfrey, the Blather agus a scéalta áibhéil. Bhuail Denis sliotar in airde sa spéir, chomh hard sin is nár tháinig sé anuas, agus nuair nár tháinig, chuaigh sé isteach agus d’ith sé a dhinnéar. Tar éis an dinnéir shiúil sé amach, agus is ansin a thit an liathróid go talamh, agus cad deir tú ná go raibh oighear air! Dhearbhaíodh a bhean scéalta Denis. ‘Isn’t that the truth, Mary?’ ‘Faith and truth it is, Denis’.
Nuair a toghadh Micheál Mac Cárthaigh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1959 measadh ná raibh éinne ab oiriúnaí ná é ar uaisle a mhéine agus ar mhéid a dhúthrachta don Ghaeilge. D’fhan sé ina cheann air go dtí 1965, agus faightear sa leabhar óráidí a thug sé uaidh i rith an ama sin. Ba dhóigh lena mhuintir féin i dTiobraid Árann go ndearna sé cion fir, ach ní mar sin a chonacthas do Phroinsias Mac Aonghusa é:
Gael dílis a bhí san Uachtarán; coimeádach righin a bhí ann freisin a raibh amhras air faoi smaointe nua agus a bhí seachantach maidir le tuairimí sóisialta agus eacnamaíochta na nua-aoise. Óráidí deasa simplí a thugadh sé: déanaigí an ceart mar a mhol de hÍde agus Mac Piarais sin a dhéanamh agus beidh an lá libh. Ní léir gur chuir sé aon ní nua chun cinn sna blianta a raibh sé i gceannas. Ach bhí gean air agus bhí dínit ag baint leis. Ní duine a cháinfeadh rialtas, eaglais nó maorlathas ar bith eile é, ná níor léir dó gur gá sin a dhéanamh anois agus arís.
Ní lia duine ná tuairim, a deirtear, agus tugadh gach éinne a bhreithiúnas féin air. Cailleadh Micheál Mac Cárthaigh sa bhliain 1985.
Eagarthóir an leabhair seo, Dónal Ó Muirgheasa, is de bhunadh na háite é. Chuaigh sé ar scoil go dtí Micheál, agus ba mhaith an scoláire é. Nuair a cailleadh Micheál tháinig Dónal i gcomharbacht air. Lean sé conair na Gaeilge, leis, agus dhein gaisce i ngach réim scoile, agus i láthair na huaire tá traidisiún an cheoil Ghaelaigh fós beo sa scoil faoi Eleanor Ní Dhuibhir agus a foireann.
Nuair a thagadh an Dr. Ó Muiris go Cnoc a’ Bhile fadó chun na scoláirí a chur faoi lámh easpaig chuireadh an ceol Gaelach gliondar air. ‘Ba dhual sinsear daoibh é’, a deireadh sé le díograis. Gheofaí an rud céanna a rá faoi Dhónal: bhí ainm na Gaeilge agus an náisiúnachais ar na Muirgheasaigh riamh. Cheadaíos Daonáireamh 1911 féachaint cérbh iad cainteoirí dúchais na háite. Ba ghann iad, ach bhí seanduine 90 bliain i mBaile an Locha – Billy Morrissey.
Anois, agus an méid sin ráite, leagaimís an chloch seo ar charn Mhichíl Uasail Mhic Cárthaigh.
— Donnchadh Ó Duibhir, 14 Nollaig 2010
Feasta, Márta 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|