Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta

le Caitríona Ní Chléirchín & Liam Prút


Rós na Cuimhne

le Caitríona Ní Chléirchín

Dhá rós déag,
cródhearg sa vása,
uaitse, a stór.
Titeann na piotail anois ceann ar cheann, ag feo.
An bhfeofaidh ár ngrá ar an chuma chéanna?
An bhfeofaidh do mheangadh gáire?
Chonaic mé feo roimhe seo
ar rós na cuimhne,
ar rós an ghrá.
Tháinig tost is d’imigh ceol.
D’éirigh sé tirim,
triomacht in áit drúchta.
Chonaic mé bean na dtostanna,
í traochta spíonta cloíte
stuama is faoi bhuairt.
Chonaic mé rósanna stróicthe ár mbrionglóidí,
céasadh an ghrá neamhshásaithe,
dólás an ghrá shásaithe.
Seo an gairdín ina bhfuil deireadh leis an ghrá.
Bhí ceachtanna brónacha le foghlaim againn.
Ár dtriall ar ghairdín dheireadh an ghrá.
Is beannaithe muid idir bróin, idir saileacha silte.
Ní fhanann anois ach na dealga, an bior sa bheo?


Dán le Liam Prút

An chéad bhróg (...agus an dara bróg!)

— Dán agus gluais do Muntazer-al-Zaidi
le cabhair ó Dháibhí Ó Bruadair

Ní bhfuairis, a Mhuntazer, ach an seans ba lú dár tugadh d’aon iriseoir riamh agus is tú a thapaigh an deis. Ní i ndiaidh a chúil a tháingís air, ach oiread, captaen lucht foghla do thíre dúchais.

Is mairg nach bhfuil ina olaire*
eadraibhse, a dhaoine maithe,
idir dhá leacht a mhairid sin,
fuil agus ola-ghadaíocht.
An fear ar a mbí dea-chulaith
más ilmhurdaróir id theach,
mo thrua gur chaillis bróg leis:
mo dhá thrua péire maith!
Dá bhfaighfeá fear do mhalarta,
leis do reicfeá an suairceas,
do bhéarfadh a luach duitse
é bhuaileadh i log na cluaise.

*An bunfhocal— ‘ola’.


Feasta, Márta 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo