Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Tréimhse gan faoiseamh romhainn! - -

Dian go leor a bhí sé ag dul ar lucht nuachta agus tráchtairí polaitiúla abairtí agus colúin a chum­adh a chuirfeadh ina luí orainn an tábhacht agus tromchúis a bhain le torthaí an olltoghcháin atá thart. Ba dheacair dóibh dul thar fóir ar an ócáid seo. Tá saol polaitíochta na tíre athraithe ó bhonn.

Sa deireadh, ar ndóigh, ní i ngan fhios dúinn a thit amach mar a tharla. Nár mhinic a dúradh linn nach bhfaighheadh Fianna Fáil ach thart ar fiche suíochán, agus go bhféadfadh sé go mbeadh tromlach glan ag Fine Gael sa Dáil nua. Ó thaobh na staire agus ár dtaithí ba dheacair glacadh leis go dtiocfadh an tuar faoin tairng­reacht áirithe sin, nó gar go leor dó ar aon nós.

Is ­cinnte nach mbeidh aon mhí na meala ag an rialtas nua agus iad ag dul i mbun oibre. Tá ár staid eacnam­aíoch agus an phráinn ina bhfuil ár gcúrsaí airgeadais ró-thromchúiseach dá leithéid.

Is cinnte go mbeidh bá agus dea-thoil an phobail go huile laistiar den rialtas, agus é sin go háirithe i gcás an Taoisigh nua agus a chuid airí san obair dhuaisiúil atá rompu. Tuigeann an uile dhuine go bhfuil tréimhse fada romhainn ina mbeidh dianriachtanas leis an ­teorannú atá i bhfeidhm cheana féin maidir le caiteachas an státchiste. Ní cosúil ar aon chor, pé mionleasaithe is féidir a dhéanamh, go bhfuil aon fhaoiseamh mór i gceist maidir leis na ciorraithe atá ag cur as do go leor daoine.

Ach leanfaidh an saol ar aghaidh agus ní hacmhainn ná ní cuí dúinn gach gné eile dár saol a ligean i ndearmad. Nár dhóigh leat gur dhein roinnt de na tráchtairí ­barraíocht d’ionadh as a fheabhas agus a d’éirigh leis an díospóireacht i nGaeilge ar an teilifís idir cheannairí na bpríomhpháirtithe. Bheadh fonn ort a rá leo nach ró-ionadh go mbeadh an chéad teanga oifigiúil ar a dtoil ag ár gceannairí polaitiúla.

Is fíor go bhfuil sé suimiúil i bhfianaise a mbíonn d’imní­ orainn faoi dhrochstaid na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní hé nach bhfuil bonn leis mar imní, agus is léir go bhfuil sé riachtanach dul i ngleic leis sin ar bhealach tuisceannach, loighiciúil. B’fhéidir, áfach, go ndíríonn sé aird ar a raibh le rá roimhe seo ag ceannaire Fhine Gael, agus gan amhras ár dTaoiseach tofa, nach mbeadh an teanga mar ábhar riachtanach amach anseo i scrúdú na hardteistiméireachta.

Tá cuimhne ghlé ag pobal na Gaeilge ar a tharla i 1974 nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís. Is cuimhin linn, chomh maith, a ndúradh an uair sin agus conas mar a chabhródh sé ar chuma éigin diamhair leis an nGaeilge sa tseirbhís. Focail na heasóige, gan amhras, mar a déarfaí sa Bhéarla, agus is eol dúinn conas mar a tharla.

’Sé an toradh céanna a bheadh ann dá raghadh rialtas nua ar aghaidh lena leithéid de bheart místuama.

Feasta, Márta 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo