Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Rialtas nua faoi dheoidh
le Seán Ó Loingsigh
… agus cé ach oiread nach mbeidh ag guí go n-éireoidh leo ar an mbóthar diachrach atá rompu.
Sa deireadh ní olltoghchán a bhí ann ach réabhlóid. Gan amhras bhíothas ag rá linn le fada gur scrios a bheadh ann d’Fianna Fáil, ach mar a tharlaíonn b’fhéidir le réabhlóidithe, ní dheachaigh sé i bhfeidhm orainn go bhfacamar an léirscrios. Tá sé fíor leis gan amhras, agus é tuairiscithe go forleathan, go raibh an pobal ag feitheamh lena ndeis chun a ndíoltas a agairt ar Fhianna Fáil, de bharr ár dtubaist eacnamaíoch.
Maidir le raon na tubaiste sin, nótáil thar aon ní nach bhfuil anois ach an t-aon Teachta Dála amháin ag an bpáirtí sin i gcathair Átha Cliath. Sin tubaist.
Is ceist í, ar ndóigh, cad a bheidh dá bharr againn nó céard a bheidh mar thoradh air, nó an mbeimid mórán níos fearr as. Is léir go mbeidh na fadhbanna céanna le réiteach ag rialtas nua agus a bhí ag an seandream. Ach beidh siad buíoch nach mbeidh an t-ualach milleáin agus aithise orthu a bhí orthusan. Cé déarfadh nach bhfuil an t-ádh leo sa mhéid sin, agus cé ach oiread nach mbeidh ag guí go n-éireoidh leo ar an mbóthar diachrach atá rompu.
Táthar ag tuar go bhfuil deireadh mar pháirtí polaitíochta le Fianna Fáil, nó mar ghluaiseacht pholaitíochta, mar a deirtear linn a bhí i gceist leo i ndáiríre. Fágtar fúibh féin a thomhas an difríocht atá ann, i gcomhthéacs na polaitíochta, idir ghluaiseacht agus pháirtí.
Ach ná bíodh aon amhras orainn ná go bhfuil an difríocht ann. Is ró-mhinic b’fhéidir a deintear tagairt don óráid cháiliúil úd a rinne De Valera siar i ndaichidí an chéid seo caite faoi ‘frugal comfort’ an phobail, agus gan dearmad a dhéanamh ar na maighdeana sonasacha úd a bhíodh ag rince ag na crosbhóithre. Nach maith is cuimhin linn iad, bíodh nach ag na crosbhóithre ba ghnách linn bualadh leo. Dia go deo leo, is iad a bhí sonasach.
Bhí Máire Mhac an tSaoi ag cur síos dúinn ina beathaisnéis faoi chomh cáiréiseach agus a bhíodh a hathair nuair a bhí sé ina aire rialtais, agus nach mbeadh aon cheist go mbeadh sé ag baint buntáiste as a oifig, nó go mbeadh sé ag teacht i dtír ar aon airgead nach raibh dlite dó de réir gnáis agus riail.
Luaitear a raibh le rá ag De Valera agus ag Máire Mhac an tSaoi mar léiriú ar dhearcadh a bhí coitianta i measc polaiteoirí a bhí gníomhach i mblianta tosaigh an stáit. Is maith is eol dúinn gur daoine den scoth a bhí iontu agus gur bheag ba chás leo a leas nó a maoin phearsanta féin. Bhí sé sin fíor i gcás gach uile pháirtí. Is féidir go raibh sé fíor fiú faoi Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann a cuireadh de dhroim seoil i dtoghchán na bliana 1918.
Ar eagla go mbeifí ag dul thar fóir leis an ardmheasúlacht seo, níl fhios agam an raibh a bhfuil ráite fíor ag gach leibhéal den saol polaitiúil, nó ar bhain sé le leibhéal na parlaiminte nó Dála amháin. Seans nach raibh sé fíor ar fad, ach is ar éigean a bhaineann san ón mbunargóint.
Cathain a tharla an t-athrú mar sin, nó cathain a tharla sé i gcás Fhianna Fáil, ós chucu atáimid. Is dócha gur tharla sé nuair a d’fhág na bunaitheoirí an stáitse. Ní cosúil go raibh na daoine nua, nó ar mhaithe le cothroime, roinnt bheag díobh, chomh mionchúiseach céanna. Ba mhó a bheadh siad ag faire amach dóibh féin, agus de ghnáth ní raibh aon dlí á bhriseadh.
Bunaíodh grúpa ar ar baisteadh Taca, agus ba léir go raibh daoine ag teacht isteach sa pháirtí de bhrí go raibh buntáiste ann dóibh agus, go grod, iad ag tarraingt i dtreo a muilte féin. Cé hé nó cé hí nár chuala faoin bpuball cáiliúil úd ag rásaí capall na Gaillimhe? Ba léir leis nach raibh an bhéim chéanna ar idéalachas an tseandreama.
Ar ndóigh, is éasca dul pas rófhada leis an gcineál seo anailíse. Ní i bhfolús a tharlaíonn athruithe mar atá luaite. Bhí an saol athraithe agus an pobal féin mar an gcéanna. I ndeireadh na dála, b’fhéidir nach ionadh mór ar fad conas mar a tharla maidir lenár dtubaist eacnamaíoch, ná an tubaist a lean é sin d’Fhianna Fáil san olltoghchán.
Ní féidir a rá an dtiocfaidh an páirtí sin slán ón ngábh ina bhfuil siad anois, nó gurb é deireadh an róid atá sroichte acu i ndáiríre. Tá an t-ádh leo sa mhéid go bhfuil ceannaire cumasach acu nach féidir aon phioc den bhféinchúis a luadh níos luaithe, ná aon chlaonbheartaíocht, a chur ina leith; agus chun a bheith cothrom, ní fhéadfaí sin a dhéanamh ach oiread i gcás an té a bhí i gceannas roimhe. Ach tá an ród úd ar ais fíorachrannach go deo. Mura n-éiríonn leis dul i bhfeidhm ar dhaoine óga tá deireadh leis an bpáirtí.
Saol guagach na polaitíochta; nach minic dúinn tagairt dó. Tá aiséirí Éanna Uí Chionnaith agus ollbhua Fhine Gael beagnach chomh mór de scéal le claochlú Fhianna Fáil. Agus más é an suíochán amháin a fuair siad in Átha Cliath is fearr a léiríonn sléacht Fhianna Fáil, is iad na ceithre suíocháin i Maigh Eo a léiríonn ollbhua Fhine Gael.
Ní mór a bheith aireach, ar ndóigh. Is fada fós atá le dul ag an ngéarchéim seo. Leanfaidh na ciorraithe agus an cruatan agus tráfaidh an t-ardú croí agus an eofóiria. Pé ní eile, ní féidir dearmad a dhéanamh ar an nguagacht úd; agus mar a dúradh mí ó shin, is mó rud aisteach a tharlaíonn le comhrialtais.
Is ar éigean go bhfuil spás againn do pháirtithe eile. Tá an Lucht Oibre agus Sinn Féin breá sásta, agus an Comhaontas Glas scriosta. Ní féidir gan a bheith díomách nuair a chailleann fear maith mar Trevor Sargent a shuíochán. Is dócha gur cás ag a lán é. Tá slam mór neamhspleách ann, ach murab ionann agus Healy-Rae agus Lowry sa Dáil dheireanach, seans gur beag tionchar a bheidh acu. Tá Fine Gael agus an Lucht Oibre róláidir.
Ní mór sa deireadh tagairt d’impleachtaí don Ghaeilge i dtorthaí an olltoghcháin seo, fiú is gur maolchluasach go leor atáthar á gcur i láthair. Is deacair gan a bhrath go bhfuil míthreoir éigin i gcúrsaí na teanga faoi láthair. Táimid le cúpla bliain anuas ag plé, agus b’fhéidir ag portaireacht, faoin doiciméad sin a tháinig ón rialtas faoin teideal Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. I gcoitinne fuair sé moladh forleathan, ó lucht na Gaeilge féin agus ó pholaiteoirí den uile chineál. Bhí go leor ann, gan amhras, a bhí le moladh agus go leor moltaí dírithe ar an teanga sa chóras oideachais.
Ansin d’fhógair ceannaire Fhine Gael go raibh a pháirtí i bhfábhar deireadh a chur leis an gcoinníoll go mbeadh an Ghaeilge riachtanach mar ábhar san Ardteistiméireacht. Bhí mearbhall ar go leor. Níor fhéach sé go raibh an fógra seo ó Éanna Ó Cionnaith ag teacht lena raibh sa Straitéis. Bhí níos mó ná sin i gceist. Tá cuimhne fhada ar conas mar a d’fhógair ceannaire eile ar Fhine Gael agus Taoiseach na linne, Gearóid Mac Gearailt, go raibh deireadh le cur leis an gcoinnioll go mbeadh an Ghaeilge riachtanach chun dul isteach sa státseirbhís. Ní raibh aon mhíniú ar fáth an athraithe, ach gur dúradh go mba é leas na seirbhíse agus na teanga go dtarlódh sé.
Má tá sé ráite go minic cheana, ní mór é a rá arís. Dhein an cinneadh sin dochar as cuimse don Ghaeilge, agus ní lú ná san é ar aon chor sa chóras oideachais. B’fhéidir go ndearna sé dochar don státseirbhís féin. Is ceist í an mairfidh an Ghaeilge fad a sheasann an cinneadh. Ach ní héol go bhfuil aon duine ag iarraidh é chur ar ceal.
Anois tá an port céanna á reic maidir leis an nGaeilge san Ardteist agus a bhí i 1973 leis an státseirbhís, agus is deacair é shlogadh an dara huair. Is ródhócha gur tubaist den chineál céanna a bheadh ann, ach gur mheasa é, toisc gur leithne a bheadh a thionchar.
Ach ag filleadh ar an gcodarsnacht atá idir an Straitéis agus a bhfuil ar aigne ag Fine Gael, rithfeadh leat arís eile go bhfuilimid meallta go ró-éasca ag coimisiúin agus ag fiosrúcháin, ag tuarascálacha agus pleananna agus straitéisí. Is cuimhin liom fear ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne fadó, nuair a bhíos ag déanamh scéal fada de nach mbeadh deontas éigin le fáil aige. ‘Á’, ar seisean, ‘Sin é mar bhíonn agaibhse i gcónaí: ‘Send the fool farther’. Státseirbhísigh a bhí i gceist aige, agus b’fhíor do. Tá baol ann gur ag seoladh an amadáin, nó fiú na hóinsí, piosa eile den bhóthar a bhíonn i gceist leis na straitéisí. Tá na státseirbhísigh an-oilte air.
Ar aon chuma cé déarfadh nach cur amú ama agus iarrachta a bheith ag brath rómhór ar an Straitéis faoi láthair. B’fhearr a bheith ag tabhairt aire dá bhfuil againn agus ag éileamh na nithe sin a bhfuil a dtairbhe soiléir agus nach gcosnódh a dhath.
Nuair a athraíonn rialtas bíonn sé riachtanach cur chun oibre arís mar a bheadh as an nua, ach is féidir go mbíonn deis ann leis. Is aisteach go mbíonn sé riachtanach tábhacht na teanga dúchais a chur ina luí ar rialtas dúchais, ach is léir nach mbíonn dul uaidh ach a mhíniú dóibh an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar an ghné is luachmhaire dár gcultúr, agus go deimhin mar ghné shuaithinseach de shaíocht na hEorpa.
An fearr a thuigeann scoláirí san Eoraip é sin ná cuid dár n-aos eagna anseo sa bhaile? Nach minic tagairt déanta againn do neamhaird ár staraithe ar mheath na teanga faoi mar nár chás leo é, nó nár shíl siad go raibh aon tábhacht mhór leis. Gné sea é, is dócha, den Trahison des Clercs úd a bhí ag déanamh buartha do na Francaigh céad bliain ó shin agus a luadh anseo cheana.
Tháinig sé seo chun cuimhne le déanaí nuair a chonaiceamar comhfhreagras a chuir Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán an Chonartha chuig eagarthóir na hirise seo agus an tUachtarán faoi láthair.
Bhí sé ag tagairt do thaispeántas sa Leabharlann Náisiúnta faoi Alice Milligan, bean phrotastúnach ó Cho. Thír Eoghain a bhí an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge i luathbhlianta an chéid seo caite. Ba cheannródaí í in athbheochan na Gaeilge agus an náisiúin, agus í gníomhach freisin i gcúrsaí amharclainne agus ealaíne. Ba dhuine fíorthábhachtach í sna blianta corraitheacha sin. Léiríonn an taispeántas leis chomh réabhlóideach agus ceannródaíoch a bhí an Conradh ag an am.
Maidir le neamhaird na staraithe níl sé i bhfad ó shin ó tháinig leabhar toirtiúil agus tábhachtach chugainn ó pheann Diarmuid Ferriter, Ollamh le Nuastair i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Fuair an leabhar ardmholadh. Is leabhar an-chuimsitheach é agus is ar éigean má tá duine a raibh iomrá uirthi nó air nach bhfuil luaite ann. Níl tásc ná tuairisc ar Alice Milligan. Ach is beag faoin nGaeilge nó a hathbheochan ann ach oiread. Is aisteach ar fad é.
Tugann sé chun cuimhne athrá a chonac le déanaí ar rud a dúirt an scríbhneoir Seiceach Milan Kundera: ‘The struggle of man against power is the struggle of memory against forgetting’. Thuigfeá céard a bhí i gceist aige. Cé déarfadh nach bhfuil sé fíor, go háirithe i gcás na staraithe a bhfuil baint acu le Scoil na Staire i gColáiste na hOllscoile in Átha Cliath.
Feasta, Márta 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|