Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Scéal — mar a bhí tráth!
Deireadh Fine
le Mícheál Ó Coisdealbha
I mBaile an Ghleanna a rugadh Séamas Ó Stoic, isteach is amach le trí scór go leith bliain ó shin. Deireadh mo mháthair gur i mbéal an chairéil aolchloiche ar bhruach Loch an Iúir, an áit sin a mbíodh tarraingt ag an lucht siúil uirthi riamh anall go dtí an linn seo féin, a saolaíodh é. An oíche úd bhí campaí eile ann ag ridirí bóthair seachas í féin agus a fear céile, Frainc Mór agus a mhuirín iomadach.
Sea, in aon líne, ach ar an taobh eile den bhóthar, bhí Muintir Neifín, Muintir Uí Raghaille, Clann Mhic Dhonnchadha agus Clann Mhic an Bhaird. Bhí a gcuid eallaigh, gabhair, asail, madaí agus capaill ag innilt timpeall orthu, nó an chuid acu nach raibh ag bradaíl ar fheirmeoirí na háite, a raibh sé de mhí-ádh orthu a gcuid talún a bheith ag síneadh le bóthar.
Ardtráthnóna a bhí ann nuair a shrois na Stoic an áit aoibhinn seo. Bhíodar tuirseach traochta tar éis a n-aistir ó Bhéal Átha na Slua, áit a raibh trí lá caite le spórt, scléip agus ólachán acu. Ba chuma, mar bhuaileadar le cairde agus gaolta, agus má chuaigh siad thar fóir beagán le leann dubh agus cúpla babhta achrainn, cén dochar, mar nach mbíonn an t-aonach cáiliúil sin ann ach uair amháin sa bhliain.
Ní rófhada a bhí siad sa chairéal nuair a tháinig an chuid eile dá dtreibh. Ba ghearr go raibh plúchadh deataí i mbéal gach pubaill agus boladh láidir bhrosna na coille a bhí timpeall an ghleanna ag líonadh aer an tráthnóna Fómhair.
B’aoibhinn go deo an tráthnóna é. Ní raibh puth as aer, rud a d’fhág líne chaol ghorm deataí ag éirí as an tine a bhí ag téamh gach puball. Ní raibh na línte deataí sin a bhí ag éirí chun na spéire neamhchosúil leis na crainn chaola iúir a bhí go dlúth san áit le taobh a chéile. Bhí an ghrian ag maolú léi ar chúl na gcnoc agus gealach an fhómhair ag cur a cinn go faiteach thar an maológ chnoic, a bhí ar aon taobh thall den loch. Bhí pléaráca ag bric bheaga an locha, agus iad go craosach ag slogadh na gcuileog a bhí go dordánach os cionn an uisce. Bhí callán agus gleo ag an slua páistí a bhí ag súgradh i gcladach an locha. Maidir leis an seandream, bhíodar go séimh grámhar ina suí i gciorcal timpeall ar thine mhór de chraobhacha coille. Bhí siad ag roinnt an óil agus an tobac a bhí fágtha acu tar éis an aonaigh; greim láimhe acu ar a chéile agus iad ag maitheamh dá chéile an t-achrann a d’éirigh eatarthu, cé gur thuig gach duine acu go raibh an maithiúnas sin teoranta ag an méid óil a bhí ina mbolg.
Chuathas a chodladh chomh luath is a scairt an ghealach órdha a scáilí draíochta i dtimpeallacht na bpuball. Fágadh an oíche faoi thaibhsí agus sprideanna an tsléibhe agus na coille, nós a bhí ag an lucht taistil ó chuir Dia anáil iontu.
Ba é an dóigh chéanna le mórán dá seilbh é: chuaigh na gadhair ar foscadh faoi na carabháin; shín mada agus cú a gcnámha i mbéal gach pubaill. Ba ghearr go raibh srannadh ainmhí agus duine araon ag briseadh chiúnas séimh an ghleanna. Ba ghearr, freisin, go raibh corr-bhaothléim as corp duine agus beithíoch, de bharr eachtraí an lae a bheith ag suathadh a n-inchinne.
——◊——
In am mharbha na hoíche a bhuail cúram an mháithreachais Nóra Uí Stoic. Dhúisigh Frainc Mór gach máthair chlainne a bhí sna pubaill ina thimpeall mar a d’ordaigh gnás dó. Ní raibh easpa ban cabhartha ar Nóra Uí Stoic agus í ag tabhairt Séamais, an páiste, as snáth a colainne.
Ní go baileach a bhí an chéad bhéic ligthe ag an bpáiste nuair a ghlaoigh an coileach, a bhí go dtí seo ag ligint na hóiche thairis, ar acastóir an charabháin.
Sin an uair a thosaigh an rí rá agus ruaille buaille i ngleann seo an chiúnais. Suaitheadh an dúlra le gol, le paidreacha, le horthaí agus le míshástacht ban. Labhair mada agus cú. Ghrág asal agus miúil. D’éirigh colúr agus seabhac as craobh. Thug coinín agus giorria do na boinn é. Chuaigh an dobharchú faoi uisce. Chuaigh an broc faoi thalamh. Scinn an sionnach as amharc. Tógadh olagón a chuirfeadh bean sí ar neamhní.
Rug Nóra ar a páiste agus d’fháisc lena croí é. Bhí gach bean ar aon fhocal agus ar chomhchéim phráinne ag fógairt ar Frainc Mór an deabhal de choileach mallaithe a chaitheamh thar dhroim an phubaill naoi n-uaire.
‘Go sábhála Dia mo pháiste ar sprid chnoic is choille, ar dhó is ar bhá, ar bhás le hól is ar bhás gan aithrí,’ a deireadh Nóra. ‘Go sábhála Mac Mhuire ar ortha agus ar dhrochshúil é. Go dtuga sluaite na bhFlaitheas dó triuch, leicneach agus bruitíneach a chur thairis gan lorg ná máchaill choirp ná inchinne.’
Bhí gach bean ag guí: ní bheadh a fhios agat cad a bhí aon duine a ghuí leis an mbulla báisín a bhí i gceann gach duine.
Bhí Frainc Mór á threascairt agus é ag rith i ndiaidh an choiligh. Ní raibh ainsprid in Ifreann nach raibh ar a bhéal agus é féin agus an coileachín ag corraíl a chéile ar fud an bhaill.
Bhí sé i ndeireadh na feide nuair a cheansaigh sé an t-éan bocht, agus níor lúide sin don éan. Ceanglaíodh cosa an phríosúnaigh le sreangán agus is fearr gan an sruth teangan a bhí le béal Fhrainc a lua anseo. Níorbh áit é d’iníon mhinistéara gan dabht, mar deirimse leat nach raibh ceannach na mallacht ar Fhrainc ná ar a lucht éisteachta dá n-abróinn é. Ar aon nós, táim cinnte go mb’fhearr leis an gcoileach dá gcoinníodh sé snaidhm ar a theanga faoin am a bhí sé réidh leis an tseirbhís a lean a ghabháil.
——◊——
Bhuail gach duine a bhí ina shuí ag an am seo isteach sa phuball chun a dhea-mhéin a chur in iúl don pháiste agus dá mháthair. Bhí an páiste ar bhrollach na máthar, é ag diúl shruth na beatha isteach ina choirpín éidreorach. Go deimhin, ba chosúil an coirpín beag lag céanna leis an éan bocht a bhí ag ligint an t-am thairis anois i ngabhal an charabháin, agus meascán mearaí air de bharr a pháirt in eachtraí na hóiche.
Sea, moladh an páiste. Moladh craobha a ghinealaigh agus fiúntas a thuistí. Cuireadh beannachtaí agus paidreacha chun Dé ar a shon, agus ar son na máthar a thug gan mhairg isteach sa saol é. Le cur leis an dea-mhéin ar fad, caitheadh seile as béal gach duine ina threo.
Ba dhuine é Frainc Mór Ó Stoic a raibh riar a cháis i gcónaí aige agus níor chlis sé anois ach oiread. Thug sé an choill air féin agus d’fhill sé le dhá bhuidéal de shú na heornan. Cá bhfuair sé iad? Tá a fhios againn go raibh sé tar éis filleadh óna thuras bliantúil ar Bhéal Átha na Slua, áit ar casadh cairde fiala flaithiúla air.
Ní gá a rá anseo nach bhfuair an stuif crua saol fata i mbéal muice. Fuair gach duine fliuchadh a bhéil idir fhear, bhean is pháiste. Níor fágadh Nóra, máthair an naíonáin, ná na mná cabhartha ar deireadh. Óladh sláinte an linbh naoi n-uaire as fad a chéile agus craitheadh lámha chomh grámhar carthanach go gcuirfeadh sé lasair náire i ngrua na cléire.
Bhí sé ina lá geal anois agus capaill, asail agus miúileanna le lorg sula n-éireodh feilméaraí na háite. Cuireadh stócaigh ag lorg an eallaigh. Thosaigh na fir, nó an chuid acu a bhí ar a gcosa, ag déanamh árthaí stáin. Ba ghearr go raibh ciúnas Bhaile an Ghleanna scaipithe ag gleo gasúr agus ag greadadh stáin, gan bacadh le callán na mban. Sea, bhí an ciúnas scaipthe, díreach mar a bhí an ceo ag scaipeadh de chliatháin na gcnoc mórthimpeall roimh theas na gréine an mhaidin aoibhinn úd.
‘Cuairt ghearr i dtigh do charad agus í sin féin a dhéanamh go hannamh,’ a deir an seanfhocal, agus ghéill ridirí an bhóthair do sheanráite agus piseoga. Níor mhaith leo go dtarlódh focal corrach eatarthu a mhillfeadh cuimhne na dtrí lá a bhí caite acu i bhfochair a chéile le taobh Bhóithrín Bhaile an Ghleanna.
Craitheadh lámh, rugadh barróg agus beannaíodh an páiste le comharthaí agus le seilí an áidh. Bhí scaipeadh chlann na caróige ar an gcomhluadar callánach, agus faoi dheireadh thiar bhí muintir Stoic fágtha ar a gconlán féin. D’fhanadar naoi lá agus naoi n-oíche i mbéal an chairéil, mar ba dhual dá sinsir riamh anall tar éis saolú clainne.
Chuir comhlíonadh an gheasa seo Frainc Mór go barra a bhionda, mar ba dhuine neamhshuaimhneach a bhí ann ó nádúr ach ní raibh dul as aige. Bhí eascann an mhíshuaimhnis ag lúbadh istigh ina bholg, ag iompú agus ag cartadh, á tharraingt ar na bóithre a chuir draíocht air, cosúil leis an eascann a bhí ar ghrinneall Loch an Iúir, a thug aghaidh ar an bhfarraige ollmhór in am trátha de réir a nádúir féin.
Ar an naoú lá baisteadh an páiste i Séipéal Bhaile an Ghleanna. Séamas a tugadh air, mar ba dhual seanathar dó. Sea, Séamas Óg Ó Stoic. Níor chuir sé cos i mbróg, fear a b’fhearr ná sean-Séamus Ó Stoic. Níor chuir an té a b’fhearr ná é tóin i mbuicéad ná lúb i gceaintín. Máistir ar a cheird! Go bhfóire Dia ar an té a ghabhfadh ina chrúb. Ní raibh marach ná fabht ina chorp, agus níor lúide don té seo ab óige de na Stoic é.
——◊——
Le himeacht aimsire tháinig Séamas Óg i mbrí agus in inmhe. Bhí goile Chonáin aige agus rian a chodach go maith air. Bhíodh ar a mháthair ubh úr a chur ar chuid dó len a ghoile a shásamh.
Ní raibh sé ach ceithre bliana nuair a bhíodh sé lena cois agus í ag díol buicéad, ceaintíní agus sáspan ar fud na mbailte. Buachaill éirimiúil a bhí ann a bhí so-mhúinte. Ní raibh stró ná bac air ceird na tincéireachta a thabhairt leis óna athair. Ba mhaith lena mháthair beagán scolaíochta a thabhairt dó, ach ní ghéillfeadh Frainc Mór do sheafóid mar sin.
‘Cén mhaith atá i bhfoghlaim leabhar?’ a deireadh sé. ‘Níl i leabhra ach cothú leisciúlachta. Tá sin ceart go leor ag bufairí leisciúla nach bhfuil in ann cluas a chur i mbuicéad ná crobhnasc a chur ar asal. Níor bhain aon scolaíre leis na Stoic, ach bhain fir agus mná leo. Bhain mhuis, scoth na bhfear agus plúr na mban!’
Bhí deireadh leis an gcomhrá, mar ní raibh aon mhaith a bheith ag sárú ar Fhrainc Mór. Ní dheachaigh argóint a athar amú ar Shéamus. Ní chaillfeadh seisean codladh na hoíche mar gheall ar nósa foghlama bufairí. Ní fhaca seisean aon bhufaire go fóill ar theastaigh uaidh ceird nó cultúr na dtincéirí a fhoghlaim. Nach ag caitheamh anuas orthu a bhíonn a bhformhór, ach choinnigh sé a dhraid dúnta an iarraidh seo.
——◊——
Lena cheart a thabhairt do Fhrainc Mór, níor chlis sé ar a mhac. Mhúin sé an tincéireacht go cuí agus go paiteanta dó, agus chuir sé an tslí bheatha ba dhual dá threibh amach roimhe. Mhúin sé dó le súil ribe a chur ar chosán an choinín, le cochall a chur roimh bhreac agus eascann i sruth abhann agus i sruthán sléibhe, le bradán a thabhairt as cúr easa, agus thar gach ní eile, maireachtáil ar fhéile agus ar fhlaithiúlacht an dúlra.
Thug sé eolas dó ar íocshláinte luibhe agus phlanda a leigheasfadh goin agus créacht ón ngearradh drúichtín go titim cleithín. Mhúin sé ortha agus paidir dó, a d’fhág leigheas ó chultúr a threibhe aige, seachas bufairí a bhí riamh anall ag rith i ndiaidh dochtúirí nuair a d’athraíodh gaoth agus séasúr orthu.
Mura ndeachaigh Séamas ar bhunscoil, chuaigh sé ar ollscoil a athar, rud a d’fhág le himeacht aimsire gur fhás sé aníos ina ógánach aigeanta cliste. Bhí sé láidir dúshlánach, agus mar a dúirt an file fadó: ‘Ba chuma leis fear ar bith.’ Ní raibh sé trodach, óltach ná achrannach, ach tuigeadh do chách nár baineadh as a ainm é an lá a tugadh ainm a sheanathar air. Cé go raibh a sheanathair i gcré reilig Bhaile an Ghleanna leis na blianta cairbreacha, bhí a cháil go fóill ina ábhar cainte pé áit a mbailíodh an lucht siúil. Mar sin, b’fhearr le cách gan bheith in earraid leis an ógánach, Séamas Ó Stoic.
——◊——
Ní raibh na fiche bliain slánaithe ag Séamas nuair a thosaigh sé féin agus Treasa Ní Chonchubhair ‘ag caint le chéile’. I mBéal Átha na Slua, ar an aonach, i bhfómhar na bliana sin, a casadh ar a chéile iad agus a bhuail siad comaoin ar a chéile don chéad uair. Girseach in aois a seacht mbliana déag ba ea Treasa, a dóthain airde inti, aghaidh bhricíneach uirthi, agus lasair órdha ina cuid gruaige, a bhí ag sileadh ina duala troma thar a guaillí banda. Nuair a chonacthas don seandream go raibh bainis ar bhruach an bhaile acu, rinneadh an ócáid a chomóradh de réir nós an lucht taistil.
Níor fágadh tart ar aon duine. An Satharn dar gcionn ceiliúradh an pósadh agus ón lá sin amach bhí Séamas Ó Stoic agus Treasa Ní Chonchubhair amach ar a n-aghaidh féin, i muinín a sláinte agus a gceirde, ag taisteal bóithre agus cosán, mín agus garbh, ó éirí gréine go fuineadh néal nóna. Bhíodar óg, láidir, lán le croí agus misneach, gan stró gan imní, ach ag maireachtáil mar chuid den dúlra as ar fáisceadh iad.
Ní raibh cloigeann bóithrín ná coiléar (cairéal) dóibe ó Bhaile an Ghleanna go Gleann na Muaidhe nár chaith siad tamallacha ann ar feadh an dá scór bliain a d’fhág Dia ag a chéile iad. Ní raibh baile fearainn, tulach ná tamhnach sléibhe nach raibh aithne agus eolas acu orthu.
Níor thug lucht na tuaithe riamh mar ainm orthu ach ‘Séamas Tincéara agus Treasa Tincéara’. Nárbh é Séamas a bhí mórálach, bródúil as an ngradam ársa sin. Nár chuir an teideal sin ar chomhchéim é leis an siúinéir, an gréasaí, an saor cloiche, an bádóir, an táilliúir agus gach ceardaí eile.
Go deimhin, chuir, agus céim chun tosaigh orthu! Nár ghabha stáin é, cosúil leis an ngabha dubh, agus leis an ngabha geal. Níos mó ná riamh chorraíodh agus choipeadh a chuid fola gach uair a gcloiseadh sé na teidil ‘an lucht siúil nó an lucht taistil’ á thabhairt ar a threibh. Níor lucht taistil iad na Stoic ná Muintir Chonchubhair ach tincéirí, agus tincéirí ar fónamh! Ní raibh feirmeoir ar na réigiúin nach raibh a gcuid buicéad, ceaintíní agus sáspan á n-úsáid acu.
——◊——
Mo mhallacht ar an aois phlaisteach. Sé a chuir deireadh le ceird agus le cultúr an tincéara, agus a shaolaigh an lucht taistil, sea, lucht na veaineannaí, lucht na gcadhanraí, lucht an chopair agus lucht na ngeataí: an dream nach bhfuil ar a gcumas feire a chur ar cheaintín, tóin a chur i mbuicéad, ná lámh a chur ar sháspan.
‘Dia á réiteach! Tá deireadh ré tagtha. Tá deireadh fine tagtha, ó tharla nár bhronn Dia oidhre orm. Mise an t-aon mhac amháin a bhí ag Frainc Mór. Ní bheidh na Stoic ann a thuilleadh!’
Bhí milleán ag Frainc Mór air féin, fiú ar leaba a bháis: ‘Cén fáth nár mharaigh sé an coileachín an oíche a rugadh mise? Cén fáth?’
‘Ní fada eile go sínfear mise i bPlásóg na Stoic le taobh mo thuismitheoirí agus mo Threasa bhocht. Deireadh ré! Deireadh Fine!’
——◊——
‘Beir ar do bhosca uirlisí agus rachaimid abhaile, a Shéamais,’ arsa an sagart mór. ‘Tá deireadh lae ann. Fág an suíochán sin agus an chearnóg ag lucht an bhaile mhóir. B’fhéidir go mbeadh tóin le cur i mbuicéad amárach!’
‘B’fhéidir… B’fhéidir…’ arsa Séamas.
Feasta, Meán Fómhair 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|