Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Shanghaighte?
Éire, an Iasacht agus an tArd-Oideachas

leis an Dr Neil Buttimer
Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh


An dara cuid de léacht a tugadh ag Tionól na Mumhan,
eagraithe ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge, in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne,
ar an 10 Meitheamh 2011


Acadamh Éireann agus a chuid Aidhmeanna

Dá mba mhaith leat trácht ar an saol acadúil trí chéile, abhus nó in aon bhall eile, níorbh fhuirist sin, de bhrí nach léir cá raghfá ag tóraíocht faisnéise is tuairimíochta air. Is é dícheall éinne labhairt ar a ghort féin, fiú, mar nach annamh gur réimse gabhlánach iltaobhach é. Bíonn staraithe ag insint ar chúlra institiúidí áirithe. Ní nós leo, ámh, plé le héabhlóid ­disciplíní aonair siar amach ar fad ina gcuntais ach iad ag soláthar léargais níos leithne ná sin. Acadúlaigh i ranna oideachais ár n-institiúidí ollscoile, is mó i bhfad atá siad tógtha le ceisteanna faoin mbunleibhéal is faoin dara ­leibh­éal in áit labhairt ar an earnáil a bhfuilid féin lonnaithe inti.

Áirítear lucht riaracháin ina mbrainse thábhachtach den ollscolaíocht faoi láthair. Is beag duine díobh, áfach, a bhreac a chuimhní inar dhírigh go sonrach ar a sheal i mbun bainistíochta. Bíonn pobal na heacnamaíochta (i bhforas mar an ESRI) tógtha le maoiniú na n-ionad iar-mheán­oideachais. An sórt sin fiosraithe, ní gnách go gcuimseodh sé cúrsaí oiliúna per se, seachas déileáil leis an gcothabháil airgid a fhaigheann na coláistí. Dá bharr sin, mhothófá an-ghátar le tionscnamh comhordaithe taighde ar ardoideachas na tíre. Chuige seo, níor mhiste a rá cé hiad siúd ar chóir glaoch orthu chun an t-iniúchadh a chur ar a bhonnaibh, na mionsonraí a thiomsú is an togra a stiúradh. Is iontas é gan ­tionscnamh eagraithe dá shórt a bheith tosnaithe cheana, ag cuimhneamh duit ar an éabhlóid shuntasach a tharla abhus san earnáil chéanna le formhór leathchéad bliain.

Munar féidir trácht go mion thar ábhair faoi leith, ach oiread leis an mórphictiúr ar fad, ar a shon sin is acmhainn dúinn coda den struchtúr bunaidh ina bhfeidhmíonn an réimse seo den léann a ríomh, is machnamh éigin a dhéanamh orthu siúd. Is páirt sheanbhunaithe den bhfráma í Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (‘National University of Ireland’, NUI). Cuireadh tús léi i 1908, tráth a raibh príomhcholáistí i mBaile Átha Cliath, sa Ghaillimh is i gCorcaigh faoina coimirce, is ­tugadh aitheantas do Choláiste Phádraig, Má Nuad, agus d’ionaid oiliúna de chineálacha éagsúla eile thar na blianta. Leis an mborradh a tháinig ar líon na mac léinn i láithreacha treas leibhéal na Poblachta thart ar thús na 1970í, agus de bharr institiúidí nua ard-oideachais i Luimneach is san ardchathair (UL agus DCU na haimsire seo) a theacht chun cinn de réir a chéile, is ea a tosnaíodh Comhghairm Cheannairí Ollscoileanna Éireann (ar fearr aithne anois uirthi faoi chló an Bhéarla dá hainm, ‘Conference of Heads of Irish Univer­sities’, CHIU) i 1972. Tugadh seasamh mar aonad corparáid­each is mar charthanacht do CHIU i 1997. Deineadh Cumann Ollscoileanna Éireann (‘Irish Universities Association’, IUA) di siúd in 2005, ar a bhfuil seacht n-ionad ollscoile na tíre, Ollscoil Bhaile Átha Cliath-Coláiste na Tríonóide san áireamh.

Níorbh fhada roimh CHIU a thosnú a cuireadh an tÚdarás um Ard-Oideachas (‘Higher Education Authority’, HEA, i mBéarla) ar a chosa i 1968, eagraíocht a fuair seasamh statúideach i 1971. Tá cúraimí a bhaineann leis na hollscoileanna uirthi sin agus leis na hInstitiúidí Teicneol­aíochta (IT), comharbaí na gColáistí Réigiúnacha Teicneol­aíochta a saolaíodh i gcaitheamh na 1970í chomh maith. Bhí stádas mar IT bronnta ar 13 acu faoi dheireadh na 1990í. IOTI (‘Institutes of Technology Ireland’) is ainm don gcomhaontas a labhrann ar a son ó shin.

Fágtar as an ngearr­insint seo ar na mórstruchtúir is cás dom na heagraíochtaí a dheineann ionadaíocht d’ollscoileanna Thuaisceart Éireann is d’fhorais tríú leibhéal na Breataine trí chéile. Ní beag a thuilleadh (ach gur ceann cineál folaithe í) a rannpháirtíocht siúd in imeachtaí acadúla an Deiscirt chomh fada le líon na ndaltaí cumasacha meánscoile a earcaíonn siad ó dheas, agus leis na hiarchéimithe a imíonn chucu ar chúrsaí cianfhoghlama faoi scáth leithéidí an Open ­University. Tugtar neamhaird anseo leis ar scéal ár gcaidrimh ar instit­iúidí san Aontas Eorpach is ar a gcuid feidhmeann­achtaí, dreamanna a theagmhaigh linn ó chuamar sáite i gcomh­cheangail le hionaid léinn de chuid an Chomhphobail ó na 1970í luatha anuas. Ní labharfad ach chomh beag ar earnáil eile tríú ­leibhéal a bhfuil borradh fúithi inár measc, agus a n-áireoinn inti na forais ar a dtabharfainn ‘coláistí an bhrabúis’.

Níor mhaith liom a thabhairt le fios nach raibh cúiseanna maithe ann go dtiocfadh go leor de na forais atá díreach ­luaite ar an saol. Ní bheinn á áiteamh ach chomh beag nach dtéann siad i mbun gnó go coinsiasach. Nílm á rá ach oiread nach bhfaightear a gcothrom i dtíortha thar lear, ná go deimhin i bhfad níos mó eagraíochtaí dealraitheach leo sna dúichí sin thar sáile. I Meiriceá féin, cuirim i gcás, ní hé amháin go bhfuil a gcumann féin ag na Coláistí Deontas Talún, tá eagras ar leithligh leis ag na hollscoileanna príobh­áideacha (‘National Association of Independent Colleges and Universities’, NAICU), agus tá tuilleadh eagraíochtaí ann ina bhfuil ionadaíocht i bpáirt ag na hinstitiúidí poiblí maraon leis na hEidhneáin agus a macasamhla sin (‘Association of American Universities’, AAU, mar shampla). Dá bhféachfá trasna na farraige, ba ghearr an mhoill ort teacht suas le díorma ad hoc an-speisialta, an ‘Russell Group’, dream a tháinig le chéile sa chearnóg an-cháiliúil sin i Londain chun stocaireacht a dhéanamh le rialtas na Breataine thar ceann na gcoláistí is cumasaí thall, ionas ná beidís chun deiridh leis i gcúrsaí tacaíochta ó chiste an Stáit ach go háirithe.

Ceisteanna eile ar fad a bheadh agamsa faoi na forais Éireann­acha a d’ainmníos, seachas an fiú dúinn iad a bheith againn. Is é sin a n-éifeacht ar bhealach ar leithligh agus, go baileach, an ndeineann siad leas an chórais go haontaithe agus trí chéile. Chaithfinn a rá go mbeinn in amhras ar an bpointe úd. Mar léiriú ar an argóint, féachaimis anois ar na heilimintí dar tagraíodh thuas de réir a ngnéithe leathana ar dtús, agus ansin anuas go dtí míreanna sonracha, ainneoin ná féadfadh an píosa seo den chur i láthair a bheith cuimsitheach in aon saghas slí. Bearna fhollasach amháin atá le haithint láithreach ag an leibhéal uachtarach fairsing, más ceadmhach na téarmaí sin a úsáid, ná gan aon chomhstruchtúr a bheith ann eatarthu féin a chuimsíonn na hollscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta faoin aon díon amháin. Tá an IUA againn don gcéad aicme, agus IOTI don dara buíon, ach sin a bhfuil.

Conas mar sin a thuigeann siad a chéile, nó cad tá ar siúl ó earnáil go chéile, nó nithe chomh bunúsach le heolas a roinnt ar a chéile? Is trí thionóisc, beagnach, a gheofá amach go bhfuil taighde ar siúl i bhforas ar leith ó thaobh taobh. Tá, admhaím, nós an chomhoibrithe ag fás ar bhonn aonarach. Bheadh na comhaontaithe a tháinig chun cinn le beagán blian idir Ollscoil Chorcaí agus Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí mar sholaoid de sin (agus b’fhéidir cinn eile idir forais eile sa tír i ngan fhios dom). Ní comhthuiscint shistéimeach é seo, áfach, ach comhtharlachaint. Cén tslí, dá réir, is féidir linn gabháil amach ar fud na cruinne ag díol is ag reic ár n-earraí oideachasúla, más ina bhlúire is ina ­bhlúire é, agus gan radharc fairsing againn féin ar a ­n-iomláine in éineacht?

Tagaimis i leith anois ó na frathacha arda ábhairín níos giorra do leibhéal na talún. Fágann sin go bhfuilimid sroichte go dtí ceann de na príomhchuspóirí acadúla, is é sin an teagasc (ach nach ealaí dom focail Dhonncha Rua a mheabhrú d’éinne faoin gceird). Maíonn gach eagras oideachais dá ­bhfuil sa tír go bhfuil beann acu ar an gcúram úd. Tá a chothú seo mar sprioc ag an IUA, is an chothabháil leagtha mar fhreagracht ar cheann dá gcúig coistí seasta, Coiste na gCláraitheoirí Ollscoile. Tugann an coiste sin cuidiú don Acadamh Náisiúnta um Chomhtháthú Taighde, Teagaisc agus Foghlama nó, mar is fearr aithne air i mBéarla, NAIRTL ­(‘National Academy for Integration of Research Teaching and Learning’). Cumann é sin a bhfuil an aidhm a leanas aige: ‘to develop and implement policy and practices aimed at ­enhancing the student learning experience at both undergraduate and graduate level’, trí ‘research-led teaching’, ­‘research-oriented teaching and learning’, ‘research-based teaching and learning’ agus ‘research informed teaching and learning’. Chuige sin, cuirtear cúrsaí traenála ar fáil d’oidí tríú leibhéal, mar shampla. Thosnaigh amach mar thogra comhpháirteach idir Ollscoil Chorcaí, CIT, NUIG, TCD agus WIT. Níl NUIM, DCU, UCD ná UL bainteach leis, ach tá a n-aonaid ­oiliúna is foghlama féin ag na hionaid ollscoile seo. Níor éirigh liom a dhéanamh amach an bhfuil IOTI ag tacú go foirmeálta le NAIRTL. De réir an eolais is déanaí a dtiocfá air, tá ballraíocht mar cheart ag na hInstitiúididí Teicneolaíochta i gCorcaigh is i bPort Láirge ar a bhord stiúrtha. Féach, áfach, nach bhfuil ionadaíocht air sin ag an Foras um Ard-Oideachas. Is é an HEA de réir a dtuairisce féin orthu féin ‘the statutory planning and development body for higher ­education and research in Ireland. The HEA has wide ­advisory powers throughout the third-level sector.’ Tá so mar Ráiteas Misin acu: ‘To foster the development of a higher ­education sector which is accessible to all potential students and which is recognised internationally for the high quality of teaching, learning and research and which has the ­capacity to address the changing needs and challenges in our society’. An féidir spriocanna oiliúna den chineál atá i gceist acu a réaladh agus mianach na hoideachta sin a ­fhógairt ar fud an domhain, agus iad i leataoibh go díreach ó leithéid an Acadaimh Náisiúnta um Chomhtháthú Taighde, Teagaisc agus Foghlama?

Tá sé mar chuspóir ag an bhForas um Ard-Oideachas an taighde a chur chun cinn abhus chomh maith leis an teagasc. Deintear amhlaidh gan dabht trí mheán na n-ollscoileanna agus na nInstitiúidí Teicneolaíochta. Tá bealaí eile ann chuige leis. Ceann acu an eagraíocht sin ‘Science Foundation ­Ireland’ (SFI). Cuireann an fhondúireacht úd an méid a leanas roimpi mar fhís: ‘Ireland will be a global knowledge leader that places scientific and engineering research at the core of its society to power economic development and ­social progress’. Seo a leanas a misean: ‘SFI will build and strengthen scientific and engineering research and its infrastructure in the areas of greatest strategic value to Ireland’s long-term competitiveness and development’. Tugadh Euro 1.4 billiún di le caitheamh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta anuas go dtí 2013. Aon duine dhéag ó Éirinn agus ó thar lear atá ainmnithe ar an mbord, ina measc Príomh-Fheidhm­eannach an HEA. Seo an t-eagras a luann go bhfuil ‘wide ­advisory powers’ aige i leith an ard-oideachais sa tír seo, agus féachaimis timpeall orainn dá réir.

Ní déarfainn go ­bhfaighfí macasamhail SFI le ceart san léann daonna, ach tá eagraíocht ar an bhfód a bhfuil forbairt an taighde sa ghort seo mar aidhm aici ceart go leor. Is í sin ‘Irish Research Council for the Humanities and Social ­Sciences’ (IRCHSS), a tosnaíodh timpeall 1999. Cuir­eann comhaltachtaí iarchéime, iardhochtúireachta agus ­sinsearacha ar fáil do scoláirí Bhanba is na hiasachta. Má bhí Euro 50 milliún le caitheamh aici i rith na haimsire ar fad ó bunaíodh í (agus cuirtear sin i gcomórtas leis an méid adúrt atá le dáileadh ag SFI go ceann dhá bhliain eile), is é a mhéid ar fad é. Aon duine dhéag leis atá ar choiste stiúrtha IRCHSS, ach gan ball ar bith ina measc ón HEA. Cén chomhairle is féidir leis an IRCHSS agus an HEA a chur ar a chéile in ­éagmais nascanna eatarthu mar sin? Cad ina thaobh go ndealraíonn gur mór idir na heolaíochtaí agus na daonn­achtaí i dtír seo na hÉireann, má bhítear á aithint in imigéin a fheabhas atáimid chun na healaíne is chun an chultúir?

Cuireann an HEA roimpi ‘high quality’ a chinntiú sna himeachtaí faoina coimirce. Deineann IUA amhlaidh. Tá go deimhin chuige sin Aonad Cothaithe Feabhais ann faoi stiúradh an IUA céanna. Ní déarfainn gur aon eisceacht í IOTI maidir leis an téama úd ach oiread. Measaim gur ag aithris go pointe ar chleachtas na Ríochta Aontaithe a tháinig an dearbhú caighdeán chun cinn. Chomh fada lem thuiscint, seo mar a shocraítear a leithéid sa Bhreatain. Scrúdaítear taighde na ranna ollscoile uile i ngoirt áirithe léinn sa tír ar fad in aon bhliain amháin gach cúigiú bliain. Is den riachtanas é bheith páirteach san iniúchadh.

Níor deineadh anailís ag an am céanna ar gach roinn acadúil ach aon uair amháin in aon ollscoil Éireannach léi féin, Ollscoil Chorcaí. Tharla sin go deonach. Is é gnáthnós abhus é cúpla roinn ollscoile a thógaint bliain áirithe sna hinstitiúidí aonair le scrúdú a chur orthu, seachas déanamh amhlaidh leis an iomlán dá bhfuil ann acu ar fud na dúiche. Tá sé éigeantach ceart go leor bheith rannpháirteach san anailís. I mbliana i UCC, mar shampla, tugadh cuairt ar ocht n-aonad. Bhain dhá cheann leis an riarachán agus bheadh leath­dhosaen faoin rúibric acadúil. Scrúdaíodh Scoil Léann na Gaeilge agus Ionad na Gaeilge Labhartha, is d’oir iad a bheith á meas ar an tslí sin. Bhí leis ‘Food Business and Development’ agus ‘Physics’ ar an liosta. Déarfá nach ionann an Ghaeilge agus an Fhisic, ach is cabhair é ó am go ham smaoineamh ort féin i dtéarmaí eile ar fad, féachaint cén dearcadh a bheadh ag dream difriúil ar cheisteanna comónta, cuirim i gcás úsáid acmhainní agus pearsanra.

Taibhsíonn sé domsa, áfach, gur beart míloighciúil é gan an Ghaeilge a iniúchadh trátha an ama chéanna le ranna teanga eile na hOllscoile, an Béarla is nua-­theangacha na hEorpa, abraimis, gur dealraithí ar fad a gcás lenár gceann-na. Rud eile de, fad a bhí Gaeilge Ollscoil ­Chorcaí faoin spotsholas, ní raibh Gaeilge Ollscoil na ­Gaillimhe ná Gaeilge Ollscoileanna Bhaile Átha Cliath á ­bhfiosrú. D’fhág sin ná faighimid grian­ghraf de gach cúinne den ghort seo ná d’aon bhrainse eile léinn go comhuaineach. Muna gcuirimid a leithéid ar fáil dúinn féin, conas is féidir linn léargas ar gach aon ní dá bhfuil againn a sholáthar do dhreamanna lasmuigh, ar bhealach a ligfeadh dóibh ciall nó earraíocht a bhaint go héasca as an bpictiúr sin?

Deirim arís nach ag caitheamh anuas ar dhea-shaothar aon eagrais dár luas atáim. Má fhanaim im thost faoin obair mhaith sin, ní hé nach molaim í. D’áiteoinn athuair leis, ámh, go bhfuil tréithe diúltacha le sonrú ar a bhfuil feicthe againn go fóill. Orthu sin mhothófá rian den bhearnú, den easpa leanúnachais, den scaoilteacht nó fiú den éagothroime. ­Ráineodh go bhfuil tuilleadh samplaí de na hairíonna úd le brath, má amharcann tú ar dhul eile ar fhianaise bhreise fós, seachas mar a dhealraíonn sí seo ar an gcéad éachtaint. Socraíodh comhréiteach le déanaí idir Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Luimnigh. Ní fada roimhe sin ó tosnaíodh an ‘Dublin Region Higher Education Alliance’ chun leas an ard­oideachais a dhéanamh i gcomharsanacht na hardchathrach. Más deimhniú na beartais seo ar an gcomhbhádóireacht, an bhfuil aon tseans ann gur comharthaí ar an láimh eile ­timp­eall chomh maith iad den bhristeacht is den scaipeadh atá ag dul orainn go hinmheánach? B’fhéidir, fairis fiú, den choimhlint?

Ní bheinnse in éadan an chomórtais i measc ollscoileanna nó grúpaí coláistí aon uair, de bhrí go bhfuil aicsean dá leithéid chomh spreagúil san tsaol acadúil is atá i gcúrsaí spóirt, cuirim i gcás. Cuimhnimis leis, mar sin féin, gur comhrac go príomha é, ní déarfainn comparáid shimplí féin, d’ionad a chinntiú ar liostaí na n-ollscoileanna is fearr ar domhan lenar thosnaíomar. Chomh fada leo seo, ní foláir duit do chás féin a dhéanamh go diongbháilte, agus do chúinne a throid le dul ar aghaidh iontu. Músclaíonn sin ceist dúinn go léir: cathain a imítear ó fholláine na gnáthiomaíochta thar tairseach ­isteach i réimse na díobhála a leanann na heilimintí is strusmhaire den chineál seo coinbhliochta? Ná dearmad­aimis, chomh maith, na deis-chostais: an t-am, an fuinneamh is an mhaoin a théann amú leis na héilimh uile dá dtagraím a chomhlíonadh dá ­bhfuil anuas ar an leibhéal oideachasúil seo san am i láthair. Acmhainní iad ab fhéidir a bheith caite ar an teagasc is ar an taighde, arb iad ár mbunchúram iad sa chéad áit.

An comhthéacs ginearálta is na deacrachtaí a ghabhann leis a áirítear anseo, ní mise amháin atá i ndiaidh a leithéid a thabhairt faoi deara. Tharla go bhfuil na táblaí idirnáisiúnta ina n-ábhar staidéir ag taighdeoir in Institiúid Teicneol­aíochta Bhaile Átha Cliath, ar ball de bhord an HEA chomh maith í. Tugaim mo léamh féin anseo ar an scéal. Féadfaidh an léitheoir an tuiscint úd a chur i gcomórtas lena bhfuil i gcló ag an Ollamh Ellen Hazelkorn faoin téama. Caithfear trácht leis ar thuairisc a eisíodh i dtús na bliana 2011, ­National Strategy for Higher Education to 2030, ar a nglaotar coitianta an ‘Hunt Report’.

Fear gnó, Colin Hunt; ba é a bhí ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chóirigh. Labhartar ina ráiteas seisean ar an bpleanáil, ar an bhfoghlaim is ar an múineadh, ar an taighde is ar an gcaidreamh seachtrach, agus léirítear conas a chuaigh an grúpa comhairleach i mbun oibre. Déantar sraith moltaí faoi gach ceann de na rúibricí aonair sin. Thógas ceann de dhornán ráiteas ar fud an chuntais faoi leagan amach an réimse trí chéile: ‘the system needs to evolve within a clear framework’, nó a leithéid seo, a ghátaraí a bhí sé ‘to develop system-wide collaboration’. Ní cheapaim gur luadh go sonrach na solaoidí a tharraingíos anuas ó chian­aibh. Níl dabht ann ná go bhfuil an tátal ginearálta céanna le baint astu siúd chomh maith.

Má tá sé deacair easaontú le conclúidí ginearálta Hunt, níor mhiste ar a shon sin aird a tharraingt ar easnamh ar leithligh sa cháipéis aige. Is é sin gan a shúil a bheith caite siar ag an gcoiste iniúchta oiread leis an bhféachaint chun cinn. Cailltear seans, mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar iarracht a tharla sa tír cheana ar an tríú leibhéal a eagrú i slí chomh­tháite. Thagraíos thuas don sistéim atá ar intinn agam: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Seo cúpla focal scoir ina taobh.

Nuair a bhí an NUI i mbarr a réime, tugadh le chéile inti mórán gnéithe dá bhfuil sa treis againn. Bhíodh radharc aontaithe ón lár ar churaclam na gcoláistí aonair sa chomh­aontas seo. Chaití na cúrsaí acadúla a sheoladh chuig an gceanncheathrú le faomhadh. Théadh na scrúdaitheoirí eachtracha in ábhair ar leithligh timpeall chuig gach institiúid dá raibh nasctha léi, agus dheineadh iniúchadh ar na fochéimeanna chomh maith leis na hiarchéimeanna agus na tráchtais iontu (rud nach dtiteann amach inniu). Ní thagadh cúrsaí maoinithe i gceist oiread an uair úd. Mar sin féin, bhíodh glac éigin cistí agus a sparánachtaí maoinithe taighde ag an Ollscoil Náisiúnta d’ábhar scoláirí agus d’acadúlaigh sheanbhunaithe. Tá go leor de na socruithe, a deirim, leáite go maith anois ó chuaigh na ballcholáistí a dtreo féin i ndeireadh na 1990í. Cuimhnigh gur moladh an NUI a ­dhíscaoileadh ar fad go gairid ó shin. É sin ainneoin go bhfuil ainm an NUI ar na suaitheantais ollscolaíochta is aitheanta thar lear de na brandaí oideachais atá againn, agus gá mar a cheaptar i gcónaí le roinnt de na seirbhísí a cuireadh ar fáil. Cad eile atá sa socrú leathphríobháidithe sin, ‘Undergrad­uate Awards’, ag an seoladh seo, ‘Google Ireland, Dublin’, ach leagan de na comórtais i gcomhair na saothar fochéime is fearr dá mbíodh á reáchtáil (is atá i gcónaí) ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann le haghaidh scoláireachtaí Henry Hutchinson Stewart nó ceann Teach an Ard-Mhéara?

D’aithneofá na cúiseanna go mbeadh lagú áirithe dulta ar an Ollscoil Náisiúnta. Shamhlófaí léi tuiscint thraidisiúnta go maith ar an acadúlacht, abraimis, meon aigne mós calcaithe de shaghas ná ligfeadh di glacadh le forbairtí nuálacha. Cá bhfios ná go mbeadh coimeádachas aicmeach nó sóisialta le casadh léi ina theannta sin, bíodh is nach inti amháin (ná ba threise) a bhraití an claonadh úd. Dá mba ann do na míbhun­táistí sin, níor chóir dóibh ligint dúinn a mheas nach bhfuil ceachtanna fónta le foghlaim ón NUI, go háirithe cinn leathana seachas mionsonraí i mbrainse na bainistíochta amháin. Ina measc sin, thabharfainn tosaíocht don fhealsún­acht laistiar di, agus don ré aimsire inar saolaíodh í.

Níl mo dhóthain eolais agam ar cheachtar díobh chun ­labh­airt go húdarásach ar na téamaí seo, ach n’fheadar ná go mbeadh dealramh áirithe leis an méid a leanas a rá ina dtaobh. Mhothófá go mbaineann teacht chun cinn chóras an NUI le tréimhse athneartuithe is athnuachana in Éirinn. Ó dhéanaí an 19ú haois i leith, bhíothas i mbun seilbh na talún a thabhairt don phobal, tharla éabhlóid san riarachán áitiúil. Dá achrannaí mar a bhí an díospóireacht ina leith, bhí an fhéin-riail ar na bioráin thart ar chéad bliain ó shin go díreach, beagnach. Nílim á rá go mba pharthas é an mhaireacht­aint faoin seanréimeas. Mar a dúirt an Bhanríon Eilís II is í ar cuairt chugainn le deireanas, b’fhearr go mbeadh mórán nithe tar éis titim amach ar chuma eile go léir, nó gan iad a bheith tarlaithe puinn.

Ba pháirt í an Ollscoil Náisiúnta dá réir de phróiséas athréimnithe. Chuimsigh an athbheo­chan chéanna an cultúr is an tsaíocht go follasach. Is é sin le rá go raibh muintir na tíre ag an am i mbun faire amach dóibh féin tríd na gléasanna a cuireadh ar fáil dóibh an uair úd. Cad eile atá na Sínigh ag déanamh i láthair na huaire ach an rud céanna? Cad a b’fhearr dúinne ach a sampla seo a leanúint? Má ­oireann scéal ollscoileanna Mheiriceá agus a riaradh fuaimintiúil siúd do mhuintir na Síne is dúinne, ná déarfá go gcaithfimis súil eile ar chóras ár gcomharsana thall ansin? Muna bhfuil do leas féin mar sprioc agat, cén tairbhe tú d’éinne eile? Le linn an tír agus ár n-earnáil oideachais a atógáil, ba bhreá liom a leagadh mar dhualgas ar na hollscoileanna, ar na hinstitiúidí teicneolaíochta agus ar an ngort ina bhfuilid suite le linn a dtreisithe, ní hamháin iad a láidiriú a thuilleadh ach na ceisteanna seo a fhreagairt in éineacht: cén fáth go dteipeann orainn a liachtaí uair mar dhream daoine, agus conas a chinntiú ná tarlóidh sin níos mó.

Feasta, Meán Fómhair 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais