Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó
do Mháire Uí Chathmhaoil,
iníon fhile bhinn Chill Dara, Seán Mac Fheorais
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó:
File baitsiléara ba mhúinteoir i Sceichín a’ Rince
’s é a theacht ar chruinnithe
d’fhonn fileatachta agus friotal-charadais
le Seán Mac Fheorais file i bhFionnghlais:
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó.
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó:
Séamas Ó Céileachair i stáisiún Heuston
’s é ag teacht chun cruinnithe an lá a buaileadh Seán
de thaom croí maidine
ach gur fhág sé scéala ag an gcallaire do Shéamas:
‘Don Uasal Séamas Ó Céileachair, paisinéir
ar thraein a naoi a’ chlog as Mala:
Ní thig le do chara comhlíonadh an choinne leat
óir buaileadh breoite é agus is oth leis na dáltha san!’
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó.
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó:
Gur bhain Séamas amach an leaba a bhí agat sa Mater
is gur phléigh do chás leat, a Sheáin, go fáigiúil
lá úd do bháis ghil, lá úd do bháis dhuibh,
ansúd sa Mater, file binn Chill Dara, oide mín na ngasúr
i bhFionnghlas cathrach, lá léigh Séamas duit
dhá thaobh bileoige do thinnis mharfaigh:
‘Tig daoine astu, na taomanna croí so,
’s tá daoine ná tagann, a Sheáin, mo chomhairle...!’
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó.
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó:
Gur fhill Séamas ar an traein tráthnóna
go Mala agus go Sceichín ’a Rince an lá san
tar éis dó a chara a fheiscint ar a eatramh sláinte:
Ach maidir leatsa, a Sheáin,
gur chuaigh do dhán ina thost an lá san:
Ní chuirid na nithe sin i ndánta níos mó.
Nóta:-
Baineann an dán seo le beirt de bhunfhilí na Nua-Ghaeilge, Seán Mac Fheorais [1915-1984] agus Séamas Ó Céileachair [1916-1988]. Is cuid de stair na Nua-Fhilíochta ábhar fírinneach an dáin, a chuala údar an dáin ó iníon Sheáin Mhic Fheorais, Máire Uí Chathmhaoil, tuairim dhá bhliain ó shin. Trí chnuasach filíochta a luaitear le Seán Mac Fheorais: An Dáinleabhar a d’fhoilsigh Cló Uí Mheára thart ar 1950, a raibh tionchar gan áireamh aige ar aos bunscoile, tionchar atá fós ar marthan ganfhiosach sna Feiseanna aon uair a aithristear ‘Anseo i Lár an Ghleanna’ le Seán Mac Fheorais, nó ‘An Gunnadóir Mag Aoidh’ le hEoghan Ó Tuairisc, nó dánta le filí eile amhail na dánta grinn an-tarraingteacha leis an bhfile beagaithnid, Lionard Ó hAnnaidh. D’fhoilsigh na foilsitheoirí céanna Gearrcaigh na hOíche sa bhliain 1954 agus d’fhoilsigh Seán Mac Fheorais féin Léargas go príobháideach sa bhliain 1964. Tá fáil ar na trí cinn dá dhánta fada—‘Trí Oícheanta Airneáin’. ‘Scáthán na hImeachta’ agus ‘Club an Uaignis’ sa phaimfléad seo ar gearradh cúig scilling air. Sa bhliain 1986, dhá bhliain roimh a bhás, d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair Drúcht an Ghleanna, rogha dánta agus dánta nua, le Séamas Ó Céileachair. Ar na cnuasaigh le Séamas as ar tógadh an rogha dánta seo bhí Bláth an Bhaile (Oifig an tSoláthair), Coillte an Cheoil (Oifig an tSoláthair), Mil na mBláth (Cló Uí Mheára, 1956), Grian na gCnoc (Oifig an tSoláthair, 1968), cnuasach de dhá dhán fhada déag le Séamas Ó Céileachair. Chuir Séamas dhá chnuasach dánta do dhaoine óga in eagar, Dánta don Scoláire a d’fhoilsigh C.S. Ó Fallúin Tta. agus Hup-Hup (Dánta don Naí-Scoil) a d’fhoilsigh C.S. Ó Fallúin Tta. Ba é Séamas Ó Céileachair, sa bhliain, 1956, a chnuasaigh agus a d’eagraigh an chéad mhír de shraith trí imleabhar—Nua-Fhilí:1942-1952. Cuireadh trí athchló ar an leabhar sin. Agus, sa bhliain 1968, ba é Séamas a chnuasaigh agus a d’eagraigh Nua-Fhilí 2:1953-1963 agus Nua-Fhilí 3 sa bhliain 1979. Níl aon chaint ar athchló sa dá chás dheireanacha seo den tsraith a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair i ngach cás, ná ní shonraítear na blianta dá bhfreagraíonn roghnú na ndánta sa tríú foilseachán díobh. — Liam Prút
Feasta, Meán Fómhair 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo