Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Oideachasóirí gan Oideachas - -

Nuair a luaitear ‘séasúr na seafóide’ leis an tráth den ­bhliain atá díreach thart, séard a thuigtear as de ­ghnáth ná an tráth sin a mbíonn dóthain mhór seafóide ar na nuachtáin agus raidió agus teilifís, d’uireasa aon nuacht a mbeadh tathag nó substaint ag gabháil leis. Bíonn go leor ar saoire, agus go háirithe na polaiteoirí, a mbíonn na meáin go mór ag brath orthu ó thaobh nuachta.

Anois le tamall de bhlianta bíonn biaiste de chineál ann, nuair a fhógraítear torthaí scrúduithe na hArdteist­iméireachta i lár Lúnasa. Is é an fhadhb leis an mbiaiste ná go mbíonn a riar mór féin den tseafóid ag baint lena mbíonn á thuairisciú, agus níos measa ná sin, go dtagann dóthain de ó dhream a bhféadfaí a bhéith ag súil le níos mó breithiúnais uathu maidir lena gcuid tuairimí.

Bliain i ndiaidh bliana, seo chugainn na tagairtí céanna faoina laghad scoláirí atá ag déanamh an cúrsa ónóracha sa mhatamaitic, nó an méadú ar an líon nach n-éiríonn leo sa scrúdú. Bíonn a chomhionann de phort i gceist i gcás na n-ábhar eolaíochta.

Is beag duine nach n-aontódh leis an mórthábhacht a bhaineann leis na hábhair seo i saol ár linne. Is beag duine ach oiread nach nglacfadh leis gur chóir gach ­iarracht a dhéanamh an mhórthábhacht a aithint. Má tá fadhb ann ó thaobh na múinteoireachta, ba cóir dul i ngleic leis sin. Deirtear coitianta nach mbíonn céatadán mór de mhúinteoirí na matamaitice, sa chúrsa onóracha go háirithe, cáilithe chuige sin.

Féach air seo, ámh, as litir ar an Irish Times ó bheirt léachtóirí ollscoile: ‘It is true they won’t know as many poems by Yeats by heart or the words of Báidín Fheilimí after 15 years of education, but they will be better trained to think’. Scoláirí a bheadh ag déanamh matamaitice agus ábhair ­eolaíochta, in áit a bheith ag cur amú ama ar ábhair gan tábhacht, atá i gceist.

Nuair a thagann ráitis mar sin ó lucht ollscoile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil fadhb níos mó lenár gcóras oideachais ná mar a shíleamar. Nár dhóigh leat go bhfuil cumas machnaimh na beirte léachtóirí easnamhach go leor, pé oiliúint a cuireadh orthu. Is é donas an scéil nach bhfuil a leithéid neamhchoitianta ar fad, fiú i measc daoine ardchéimiúla i réimse an oideachais.

D’fhéadfaí a rá, ar ndóigh, go mbíonn a leithéid de dhaoine inár measc i gcónaí — agus nach gá dúinn dul in ngleic leis an gcineál aineolais agus míthuisceana atá ­forleathan go maith maidir lena léamh ar cad is ciall agus ábhar don dea-oideachas, agus cad is ról cuí dó i saol agus saíocht na tíre seo? Fós, céard a tharla don ­tuiscint leathan a bhí ann riamh anall maidir le ról ceart an oideachais inár saol, agus go raibh i bhfad níos mó i gceist leis ná an tsaoltacht nó an t-ábharachas lom?

Feasta, Meán Fómhair 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo