Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Seo chuige mar sin! le Seán Ó Loingsigh
Tá ár bpolaiteoirí bochta á mbrú ar leataobh ag pearsana móra na meán.
——◊——
Nach maith is eol dúinn gur mór an t-iomrá a bhaineann go háirithe leis na daoine maithe sin atá luaite leis an teilifís, ach b’fhéidir chomh maith céanna leis an raidió, nó fiú le nuachtáin agus na meáin chlóite — dá mb’áil linn a bheith giorraisc ba lán leor dúinn na meáin chumarsáide i gcoitinne a lua.
Féach an rírá ar fad nuair a thug Gay Byrne le tuiscint go mb’fhéidir, nó go dtarlódh, nó go raibh leathsheans go mbeadh suim aige féin san oifig. Ba dheacair a rá sa deireadh cad a bhí á phriocadh, nó cad a bhí i gceist aige. Cá bhfios, b’fhéidir, dá bhfanfadh Mícheál Ó Máirtín glan den chúram ná gur críoch eile ar fad a bheadh leis mar scéal. Ní bheidh fhios againn go deo.
Ar na laetha seo ‘tocsaineacht’ a luaitear le Fianna Fáil. Nach gránna an téarma é, pé ní faoi aon tuillteanas a bhaineann leis. Mar a tharla, níor léirigh a chomhbhráithre sna meáin aon dúthracht mhór i bhfábhar Gay mar uachtarán. Bhí duine mar Fintan O’Toole searbhasach go maith. Tá uileláithreacht ag baint leis siúd, duine de ghúrúnna móra ár linne. Pé an litríocht, nó drámaíocht, nó eacnamaíocht, nó socheolaíocht, nó an pholaitíocht féin atá faoi chaibidil, tá a thuairimí siúd go mór chun tosaigh.
Ní dócha gur mhór ar fad an bhaint leis an scéal a bhí ag a raibh le rá ag Gay Byrne faoi na ‘geilt’ thall sa Bhruiséil, agus a dtionchar ar ár saol. Bheadh go leor a aontódh leis. Níor thúisce Gay Byrne cúlaithe ó pháirc an chatha, nó ó pháirc an áir féin, ná Mícheál Ó Muircheartaigh mar a bheadh ag brath treo na gaoithe, mar neamhspleách eile, gan amhras. Ní dócha go raibh sé riamh ródháiríre ar fad, agus tá sé go díreach tar éis a fhógairt nach bhfuil i gceist aige seasamh. Tá sé rófhada ar an mbóthar.
Ar ndóigh, cé gheobhadh locht ar aon duine den bheirt a luadh maidir leis an uachtaránacht. Ní chuige sin a bhíomar ar aon chor, ach ag díriú airde ar an mbealach a bhfuil ár bpolaiteoirí bochta á mbrú ar leataobh ag pearsana móra na meán. An cuimhin le haon duine George Lee na cianta ó shin, agus gliondar an Taoisigh á chur i láthair an tslua — níor ghá é a chur in aithne — i bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath. Nach é a sheol isteach gan stró.
Ní hé an sampla is fearr ar fad é, b’fhéidir, mar go raibh a dhíntiúirí go maith aige siúd. Ach tá na ‘celebrities’ go mór chun cinn anois. Is trua liom nach bhfuil le fáil sna foclóirí don ‘celebrity’ ach ‘duine cailiúil’ nó ‘duine le cáil’, agus tá fhios ag an saol nach bhfuil an blas ceart orthu sin. Nach mbeadh ‘ceiliúraí’ nó ‘iomráití’ níos fearr?
Ar aon chuma, d’ainneoin ar tharla le George Lee, níorbh aon am amú é liosta a bheith réidh againn de na ‘hiomráitigh’ seo le haghaidh an chéad réabhlóid eile nuair a thabharfar an bóthar do na polaiteoirí ar fad, mar a tugadh d’Fhianna Fáil ní i bhfad ó shin. Tugtar faoi deara leis go bhfuilimid gafa céim ar aghaidh ón uachtaránacht lenar thosaíomar an colún seo.
Seo chuige mar sin, ag tosnú go moch ar maidin le hÁine Lawlor. Tá sí géar agus staidéartha, agus níl fhios againn cén fáth nach bhfuil sí ainmnithe cheana féin don uachtaránacht, go háirithe agus a liacht eile daoine atá luaite leis. Ní mór dúinn a comhleacaí Cathal a lua, ní hamháin de bharr a chumais mar chraoltóir agus mar cholúnaí polaitíochta, ach ina fhochair sin gur duine dínn féin é. Tá go leor eile ar aon dul ar chláracha cosúil le ‘Morning Ireland’.
Ina dhiaidh sin, tá an gort fairsing, gan a lua ach Seán Ó Ruairc agus Eoghan Harris, a bhfuil oiread sin taistil déanta aige ar bhoithríní casta na polaitíochta, agus a chead sin aige. Cad faoi Vincent Browne a bhfuil a thuairimi i gcónaí géar agus conspóideach, agus nach féidir le Kevin Myers a bheith amhlaidh freisin, fiú gur annamh a bheadh a thuairimí siúd ag teacht leosan a bheadh le fáil ar Feasta. Ach d’fhéadfaimis a cheithre oiread eile a lua. Luaifimid George Hook agus Tom McGurk, agus sin deireadh déanta.
Is fuirist ar fad a bheith ag déanamh grinn faoi na polaiteoirí atá againn, agus ag casaoid a neamhéifeacht agus fiú a gcníopaireacht, faoi mar a deintear go coitianta sna meáin chumarsáide. Is amhlaidh é sin níos mó ná riamh ó tharla ár dtubaist eacnamaíoch. Cuimhnigh anois nach iad na polaiteoirí amháin ar beireadh amuigh orthu sa tubaist sin. Beireadh ar shaineolaithe den uile chineál, pé arbh eacnamaithe nó baincéirí, lucht forbartha nó ard-státseirbhísigh iad. Go deimhin féin ní mór de ghíocs a chualamar ó na tráchtairí agus na tuairisceoirí ag an am, dá mhéid agus atá a ngangaid dírithe ar na polaiteoirí anois.
I ndáiríre ní leor an ghangaid. Tá fhios againn go bhfuil go leor sa tír atá i gcruachás de bharr ar tharla, agus is é is riachtanaí ar fad ná dul i ngleic leis an gcruachás sin. Is beag is fiú a bheith ag agairt díoltais ar Fhianna Fáil de bharr ar tharla. Is é is cosúla ar fad gur beag tionchar a bheidh ag an bpáirtí sin i saol poiblí na tíre seo san am atá romhainn. Is leor de léiriú air sin an mhíthreoir atá ar an bpáirtí i bhfeachtas toghchánaíochta na huachtaránachta ar a rabhamar ag cur síos níos luaithe.
Mar sin féin, tá ceacht nár mhiste a fhoghlaim ó sheachtainí deireanacha Fhianna Fáil in oifig. Léirigh na seachtainí sin arís eile na lochtanna agus na heasnaimh atá ar ár gcóras vótála: an córas aonvóta inaistrithe a d’fhág rialtas na Breataine mar oidhreacht againn. Beag an baol go nglacfaidís leis ina gcóras féin. Ba thruamhéileach an radharc an rialtas deireanach ag iarraidh fanacht in oifig ar feadh roinnt seachtainí breise, agus ag géilleadh a n-iarrfaidís do bheirt theachtaí neamhspleácha ar mhaithe leis na seachtainí breise sin.
Má gheall an Taoiseach roimh an olltoghchán go raibh sé chun leasú a dhéanamh ar an gcóras seo i measc leasuithe eile, is beag dithneas a léiríonn sé anois agus an deis sin aige. Níl aon bhrú air, agus é beag beann ar neamhspleáigh, nuair atá líon mór teachtaí eatarthu ag an dá pháirtí sa rialtas. Ní bheidh an scéal amhlaidh i gcónaí. Is eol dúinn gur tréith a bhaineann lenár gcóras gur ag teachtaí neamhspleácha go minic a bhíonn riar na cumhachta. Is tuairim choitianta lasmuigh den tír seo nach chun leas an daonlathais go mbeadh sé sin amhlaidh.
Ag tagairt arís don tráchtaireacht pholaitiúil, ní hé leas an daonlathais ach oiread go mbeifí de shíor ag déanamh díspeagadh ar bhaill na Dála, fiú gur léir go bhfuil an córas lochtach. Tá go leor le clos i láthair na huaire faoi thionóil phobail. Go deimhin, is cosúil go raibh a leithéid de thionól ann le déanaí agus go bhfuil cinn eile beartaithe. Níl sé soiléir ar fad céard atá i gceist leo, cén ról atá acu, nó cé ar a son a labhrann siadsan a bhíonn i láthair. Ní dócha go bhfuil sé i gceist baint ar aon bhealach ó na feidhmeanna agus dualgais a bhaineann ó cheart, agus de réir na bunreachta, le baill tofa na Dála.
Ach b’fhéidir leis go bhfuil siad mar a bheadh foláireamh eile dúinn go bhfuil, mar a luadh níos luaithe, ár gcórais toghchánaíochta agus vótála lochtach, agus go bhfuil sé thar am dúinn dul i mbun a leasaithe. B’fhéidir, fiú, gur ceist í ar chóir do na tionóil phobail a phlé!
——◊——
Is annamh ar fad dúinn ag déanamh aon tagairt anseo do chúrsaí idirnáisiúnta, ach is deacair gan aird a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú sa Libia faoi láthair, agus go deimhin sa Mheán-Oirthear i gcoitinne. Ní hé go mbeadh aon chorrabhuais ar aon duine dá mbeadh Gaddafi díbeartha ná aon deachtóir eile ach oiread leis, fiú iadsan atá fós cáirdiúil le tíortha an Iarthair agus go háirithe leis na Stáit Aontaithe. Mar a shoiléirigh an tUachtarán Lyndon Johnson a bpolasaí san fadó: ‘He might be a sonofabitch but he’s our sonofabitch’.
Is deacair aon tomhas nó breithiúnas ceart a dhéanamh nuair a bhítear i bpáirt le duine lá amháin agus glan ina aghaidh an lá dár gcionn. Ní bhíonn i gceist, is dócha, ach caothúlacht nó real-politik. Tá níos mó ná sin i gceist. Ní fada ó shin ó bhíomar ag tagairt anseo don Aontas Eorpach agus conas mar a bhí an Coimisiún, agus go háirithe uachtarán an Choimisiúin, Barroso, á chur ar leataobh ag an Seansailéir Merkel agus ag an Uachtarán Sarkozy.
Tá sé sin ag tarlú go hoscailte anois. Ní hé gur athrú chun feabhais é ach oiread. Aon uair a bhuaileann siad le chéile, ba dhóigh leat gur míthreoir a bhíonn mar thoradh air. Ar an dóigh chéanna i gcás Libia, is beag ról atá ag na Náisiúin Aontaithe le hais mar a bhíodh tráth. Is iad na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Fhrainc atá i dtreis faoi scáth a n-uirlis tofa, NATO. Tá na Náisiúin Aontaithe go mór as feidhm ó ceapadh Ban Ki-moon ina Ard-Rúnaí. Ní hionann agus mar a bhí nuair a bhi Kofi Annan i gceannas.
Tá sé soiléir gur bhain NATO úsáid thar fóir as buamáil ón aer i Libia, bíodh nach raibh ceadaithe dóibh de réir na Náisiún Aontaithe ach limistéar saor ó eitiltí a chur i bhfeidhm. Tá eagraíochtaí mar Amnesty agus Human Rights Watch tar éis a n-imní a chur in iúl faoi seo. Tá sé fuar acu. Tá an saol athraithe. Cad faoin Araib Shádach, Bairéin, an tSiria agus Poblacht Éimin?
Feasta, Meán Fómhair 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|