Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Cad a Dhéanfadh Mac an Chait?


le Gabriel Rosenstock


Nach ormsa a deineadh na chéad tástálacha a chruthaigh go heolaíoch a leithéid d’andúil a bheith ann agus í gach aon phioc chomh casta le handúil ar bith eile is mian leat a lua!

Ach luch a mharú! Is ball den eagraíocht Gaeil gan Ainm anois mé le ceithre bliana déag anuas, a déarfainn. Ba dhóigh leat go mbeadh an dáta agam go cruinn nuair a smaoiním ar cé chomh cinniúnach is a bhí sé mar lá. An chéad bhall riamh d’eagraíocht a bhfuil breis is 8,000 ball inniu aici.

Murach Gaeil Gan Ainm bheinnse glan as mo mheabhair ar fad faoin tráth seo is dócha. Ná bac ‘is dócha’. Le gealaigh a bheinn. Le craobh­acha. Im ghealt chríochnaithe amach is amach. Craiceáilte. Im Shuibhne i measc na n-éan binn agus mé bodhar acu. Cleití ag bogadh amach as mo thóin.

Gaeil gan Ainm. Mura mbeidís ann chaithfí iad a chruthú agus pé rud a cheapann tú fúm is féidir an méid seo a rá i mo thaobh — ní bheidís ann gan mé sa chéad áit. Nach ormsa a deineadh na chéad tástálacha a chruthaigh go heolaíoch a leithéid d’andúil a bheith ann agus í gach aon phioc chomh casta le handúil ar bith eile is mian leat a lua.

Tá a fhios ag an saol mór an mhaitheas go léir a dhéanann Alcólaigh gan Ainm, do na halcólaigh féin, Dia á mbeannachadh, dá gcairde is dá muintir is don tsochaí trí chéile. Is iomaí duine a bheadh béal faoi ar thaobh an bhóthair gan iad. Ar thaobh an bhóthair ar m’anam agus an drúcht á shú de na neantóga feoite acu. Sin í an fhírinne.

Is ag cruinniú d’Alcólaigh gan Ainm a chuala mé Gaeil gan Ainm á lua an chéad uair. Ní raibh aon trácht orthu ag an am (mar nach rabhadar ann). Níor chreideas-sa go mbeadh a leithéid ar an saol go deo ná go mbeadh páirt lárnach agam féin i mbunú na heagraíochta sin. Cé a chreidfeadh é? Alcólach gan ainm le linn grúptheiripe, é ag smaoineamh os ard, Gaeil gan Ainm atá uaimse, ar sé. Sea, arsa mise, tá an ceart ar fad agat. Gaeil gan Ainm, tá géarghá lena leithéid.

Bhí an-chúnamh faighte agam roimhe sin sin maidir le réimse leathan andúile – andúil san ól, sa ghnéas, sa tseacláid, sa chearr­bhachas, sa chócaon agus mar sin de go heireaball siar (Facebook fiú amháin, andúil eile acu), ach bhí a fhios agam nach leigheasfaí go deo mé mura dtabharfainn aghaidh ar an andúil ba mhó orthu, is é sin an Ghaeilge bhinn mhilis ar milse liom í ná bainne cíche na mban basgheal, mar a dúirt Ian Lom fadó, sea go deimhin, níos milse ná neachtar na ndéithe má tá a leithéid de dheoch ann agus is cinnte go bhfuil.

Hello, I’m Tadhg, arsa Tadhg, nár Thadhg in aon chor é ach Conallach agus níor bhuaileas riamh le Conallach a raibh Tadhg air. How’ya Tadhg, arsa gach éinne ar ais leis. I’m Hiúdaí, arsa Corcaíoch léannta. Gháireamar. Nach ait an rud é, bhí léann ar a leath dá raibh i láthair ag an gcéad chruinniú sin de Ghaeil gan Ainm agus ardléann ar bheirt acu. Ceadaíodh ainmneacha Gaeilge a úsáid sa chlinic ar dtús ach níor ligeadh dúinn aon fhocal eile Gaeilge a rá ina dhiaidh sin. Oiread is siolla. Bhí sé faoi mar a bheifeá ar ais arís i laethanta an Bhata Scóir agus an teanga faoi chois.

Luíonn sé le réasún. B’ionann leanúint orainn ag stealladh Gaeilge agus scata Alcólach gan Ainm a thabhairt isteach go dtí an Stag’s Head, abair, agus iarraidh orthu fiche saghas fuisce a bhlaiseadh ar mhaithe le taighde margaíochta. Chuala mé ina dhiaidh sin nach gceadóidís fiú Tadhg a rá a thuill­eadh. I’m Timothy, a chaithfeá a rá, ar eagla go gcuirfeadh ainm Gaelach – Colmán, Sorcha, Luisne – sceitimíní neamhcheadaithe éigin ort.

Bhí go maith is ní raibh go holc. An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa — nó an cúnamh is mó a fuaireas uathu — ná gur aithníos sa deireadh nach galar éinne amháin é. Ní bheadh a fhios agat cé air a mbeadh an galar sin, duine a bheadh suite trasna uait ar an traein cuir i gcás. Ní haon deimhniú é an galar sin a bheith ort fáinne na Gaeilge a chaitheamh, abair, nó — an rud is annamh is ­iontach — dá bhfeicfí thú agus ­leabhar Gaeilge á léamh agat in áit phoiblí. Ní haon chruthúnas é a ­leithéid sin gur maith leat an Ghaeilge fiú amháin; cruthaíonn sé go bhfuil Gaeilge agat, nó go bhfuil tú ag ligean ort go bhfuil, sin uile; ní hionann san is a rá go bhfuil do chroí is d’anam ar fad inti, gur luachmhaire ná do smúsach féin gach siolla di, gach amhrán a cumadh riamh sa teanga, gach seanfhocal, gach ciúta cainte, gur luachmhaire ná d’anam iad gach ainmfhocal, gach aidiacht… an gá dom dul níos faide? An gá dom an Uimhir Dhé is an Modh Foshuiteach a tharraingt isteach sa scéal?

Éinne a chuaigh leis an eagraíocht sin Gaeil gan Ainm is mar sin a bhí sé, scafa ar fad chun na Gaeilge, nó ‘scúite’ mar a deir daoine áirithe. Cad a theastaigh uainn? Cad a chomáin isteach sa chlinic sinn? Chun go leigheasfaí sinn, ab ea? Ní hea in aon chor ach chun go mbeadh cothromaíocht éigin sa saol arís againn, nach ag smaoineamh ar an teanga ó dhubh go dubh agus i lár na hoíche féin a bheimis ar feadh ár saoil go léir. Teacht ar an tuiscint de réir a chéile go raibh saol eile ann lasmuigh den Ghaeilge.

Glac uaimse é, bhí sé sin dian orainn, an-dian ar fad. Geall le ­bheith dodhéanta. Níos deacra ar dhaoine áirithe seachas a chéile, ar ndóigh. Thuigeamar nach mbeadh faoiseamh ceart i ndán do mhórán againn go deo. Bhíomar mallaithe ag milseacht na teanga, tumtha ró­dhomhain inti. Dulta chun ainsil.

Cathain a fuairis amach go raibh greim ag an nGaeilge ort, an chéad cheist a cuireadh orainn ag an ngrúptheiripe. Samplaí de na ­freagraí a tugadh:
• Nuair a léigh mé dán le Cathal Ó Searcaigh. Gafa a bhíos ón nóiméad sin ar aghaidh.

• Bhí mé ag freastal ar choláiste samhraidh i Ros Muc agus bhraitheas tarraingt éigin aisteach idir mé féin agus an Piarsach. Is lasmuigh de Theach an Phiarsaigh a fuaireas mo chéad phóg.

• Freagra uaimse: Bhí cóip d’Fhoclóir an Duinnínigh ag m’athair. Andúileach ab ea é siúd chomh maith, gan fhios dom. D’osclaíos é lá le teann fiosrachta. Im dhéagóir a bhíos ag an am. Táim á léamh ó shin. Tá sé cois na leapa agam. B’fhusa éirí cortha den saol ná éirí cortha den Duinníneach. Braithim ceangal diamhair éigin le m’athair nuair a léim na focail a bhí marcáilte aigesean ann: focail ar nós buarach bháis, seicimín, ullastráth, móg.
An freagra a thug Hiúdaí: Ní ag iarr­aidh a bheith smairteáilte atáim, ach ní cuimhin liomsa cathain nach raibh greim ag an teanga orm. Géillim don athionchollú. Bhíos anseo cheana. Im Ghael. Aimsir Chromail. Chonac cad a bhí ag titim amach. Níor tugadh saol sách fada dom ag an am chun uisce mo chinn a shileadh ná chun aon ghaisce ceart a dhéanamh ach an oiread. Gheallas dom féin go dtiocfainn ar ais.

Fastaoim! Ní dhéanfaidh sé sin cúis in aon chor, arsa an teiripeoir. Níl ansin ach leithscéal agus baothchaint. Cathain a fuair an Ghaeilge greim ort? Tá greim aici orm ó rugadh mé, arsa Hiúdaí. Lig sí osna fhadaríonach. Conas a chuirfinn síos ar an teiripeoir áirithe sin? Bhí sí ar nós an chait úd sa seanfhocal: ‘Chonac cheana thú, mar a dúirt an cat leis an mbainne beirithe.’ B’in an saghas í. Gach rud cloiste aici, gach rud feicthe aici, dar léi. Ainbhiosán! Ní raibh puinn Gaeilge aici ná aon mheas aici ar an teanga ná aon tuiscint in aon chor aici don ghrá as cuimse a d’fhéadfadh mo leithéidse agus leithéidí Hiúdaí a bheith againn don séimhiú, don urú is don síneadh fada. (Dá mbeadh síneadh gearr ann bheadh grá agam dó!) Ba leasc léi a admháil go raibh a leithéid de ghalar ann in aon chor. Ach bhí — agus tá — agus nach mé féin a chruthaigh gurbh ann di mar andúil sna tástálacha stairiúla a deineadh orm i gClinic na Carraige Duibhe, scéal a chuaigh timpeall an domhain ag an am. Scéal is ea é (ar nós a lán lán scéalta nuachta eile) atá dearmadta ag daoine anois, ach dóibh siúd nár chuala trácht air is mar seo a tharla.

Iarradh orm sliocht as leabhar Béarla a léamh agus díreach ina ­dhiaidh sin deineadh scanadh inchinne orm. Ba é an leabhar a tugadh dom The Conscience of the Rich le C. P. Snow. Is maith is cuimhin liom an sliocht a roghnaíos mar is mion minic a léas ina dhiaidh sin é:

As soon as I got back to London after that week-end, Ann asked me to dine with her. Once more she took me out in luxury, this time to the Ritz. I took it for granted, going out with her, that the waiters would know her by name: I was not surprised when other diners bowed to her. As usual, she set herself out to buy me expensive food and wine…

Nuair a bhí an méid sin léite agam cuireadh isteach i meaisín mé, saghas spásárthaigh mheasas-sa, agus deineadh scanadh inchinne orm. Ní raibh puinn de na sceitimíní sin ar a dtugtar ionoirfiní ag snámh thart i m’inchinn. Oiread is frídín amháin. Patuar, ar nós cuma liom, a bhíos i ndiaidh Snow. Amach liom as an spásárthach. Tugadh gloine uisce dom agus an chéad rud eile síneann an bhanaltra cóip de Eachtra Phinocchio chugam, leagan Phádraig Uí Bhuachalla. D’osclaíos ar Chaibidil 27 é:

Nuair a shrois Pinocchio an tráigh d’iniúch sé an fharraige go géar, ach má dhein ní fheacaigh sé Míol Draide ná éinní mar é. Bhí an fharr­aige chomh sleamhain le gloine.

‘Cá bhfuil an Míol Draide?’ ar seisean lena chomrádaithe.

‘Ní foláir nó tá scroid bheag aige á chaitheamh,’ arsa duine acu agus é ag gáirí.

‘Ní dóichí rud a dhein sé ná é féin a chaitheamh sa leabaidh chun greas beag a chodladh,’ arsa duine eile, agus sceart sé ar gháirí. Thuig Pinocchio go rabhthas tar éis bob a bhualadh air. Ní dheaghaidh san síos rómhaith leis agus duairt sé go teasaí:

‘Cad ’na thaobh díbh an cleas san a imirt orm? Ní fheicimse go bhfuil aon tsulth ann.’

‘Tá, agus sulth go tiubh,’ ar siad san d’aon ghuth...

Leanfainn ar aghaidh go brách ach cuireadh stop liom. Ar ais sa mheaisín ansin liom. Scanadh eile. An uair seo bhí m’inchinn ar maos le hionoirfiní. Ar maos, a dhuine. Ionoirfiní ag teacht amach as an bhfaireog phiotútach, isteach i ­gcorda an dromlaigh agus suas leo go breá meidhreach ansin go dtí an inchinn. Caithfidh gurb é an focal ‘sulth’ faoi ndeara é!

Dheineadar a thuilleadh tástálacha ormsa agus ar go leor daoine eile i mo dhiaidh. Gaeilge na Mumhan amháin a dhúisigh na hionoirfiní ionamsa aisteach go leor. Is beag éifeacht a bhí ag na canúintí eile orm.

Ar aon chuma, cuireadh go dtí ­clinic eile mé chun mé a leigheas ach caitheadh amach mé nuair a fuarthas an dá imleabhar de Gaeilge an Chláir faoim philiúr. Ní rabhas thar n-ais ann ó shin.

Luaigh mé gur tháinig mé agus mé i mo dhéagóir ar chóip m’athar d’Fhoclóir an Duinnínigh agus go gcaithfidh go raibh seisean ina andúileach millteach chomh maith liom féin. Tar éis a bháis, ransálas trína chuid leabhar go léir féachaint an dtiocfainn ar leid éigin a d’inseodh dom cén saghas duine ab ea é. Sciorras tríd an gcóip d’Fhoclóir Uí Dhónaill aige féachaint an bhfaighinn a thuilleadh focal marcáilte aige ann, focail a thabharfadh léargas breise dom air. Focal amháin a bhí marcáilte aige ann: canúnaí, ‘person interested in, addicted to, dialect.’ Bhí dhá líne faoin bhfocal ‘addicted’ aige agus comhartha ceiste ar imeall an leathanaigh.

Lean sé ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin mé, an comhartha ceiste sin. Cad a bhí á cheistiú ag m’athair, ­n’fheadar: sainmhíniú an fhocail sin, canúnaí? A shaol???

Feasta, Meitheamh 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais