Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Aodh Buí Mac Cruitín, 1680-1755


le Seán Ó Ceallaigh


Fianaise ar chúlú tubaisteach cháil na bhfilí i measc an phobail i gContae an Chláir i lár an ochtú haois déag is ea an rann seo leanas a chum Aodh Buí Mac Cruitín, nuair a thug sé cuairt ar a cheantar dúchais in aois a trí scór. Deirtear gur tháinig sé ar a chamachuarda go doras tí feirmeora; bhí pota ar an tine inar chuir sé dúil, ach sciobadh as radharc é chomh luath is chonaic bean an tí Aodh chuichi isteach. ‘Bhfuil aon scéal agat? arsa fear an tí leis ag béal an dorais ag cur moille air. D’fhreagair Aodh:

Táim bliain is trí fichid um Inid tá chughainn ag triall,
Mar chomhartha go bhfuilim níl ribe i mo chúl nach liath,
Aon iontas ní fhaca in amharc mó shúlsa riamh,
Ach an siúl a tháinig don phota sa tseomra siar.
D’fhear go raibh cáil air mar mhúinteoir gineal­ais agus mar fhile a raibh ainm in airde i measc a chomhfhilí agus lucht scoláireachta a linne, ba mhór an bhéim síos dó nach roinnfeadh bean tí feirmeora gé leis agus é ina fhile fáin.
Rugadh Mac Cruitín i gCill Mhic Creiche in aice le Lios Ceannúir i 1680. Bhí a mhuintir ina n-ollúna agus seanchaithe ag na Brianaigh, príomhtheaghlach an Chláir ag an am. D’fhoghlaim sé Gaeilge agus Béarla óna athair agus chuaigh sé ar scoil ag a fhear gaoil Aindrias Mac Cruitín i gCill Mhuire Uí Bhreacáin, mar ar múineadh dó conas Laidin a léamh.
Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir, ach bhí cáil an léinn agus na filíochta ar na Cruitínigh siar ar feadh 20 glúin. Bhí pátrúnacht á dhéanamh ag Donncha Ó Briain, Tiarna Léim an Eich, ar na Cruitínigh, an fear ar thug Ciarán Ó Murchadha ‘The Richest Commoner in Ireland’ air, ach thit sé amach leis agus b’éigean dó teitheadh go Ciarraí ar feadh achair. Tharla seo thart ar 1717.
Is i gCiarraí a casadh bean air a raibh dúil mhór aici ann, ach ní raibh a grá sise á chúiteamh ag Aodh Buí. Déanann sé iarracht thréan í a chur ó dhoras agus é ag áireamh liosta a dhuáilcí:
Is buí mo ghné is mo dhlaoi mar sméar
Is bím i gcéill easpaitheach,
Ní binn óm mhéir foinn ar théid
Is ní grinn óm bhéal aiste ar bith.
Ní léir gur mhúch an féindíspeagadh sin spréach an ghrá inti: tharraing sé smaoineamh eile chuige.
Is ná smaoin gurb áit dod bhuaibh im láimh,
Gach a bhfuaireas tá scaipithe.
Ach ar fhaitíos nach ndéanfadh na véarsaí sin splanc an ghrá a mhúchadh, chuir sé buille feille sa cheathrú deireanach:
A chiabh chas bhán na mbriathra sámh,
Cuir srian led ghrá is admhaím
Go bhfuil triar do mhná in iath an Chláir
Is nach fiadaim fáil scartha leo.
Rinne sé cóip de Eochair-Sciath an Aifrinn le Seathrún Céitinn. Bhí sé i gceist aige a bheatha a thuilleamh lena pheann agus d’fhreastail sé ar a phatrúin, Brianaigh agus Lochlannaigh, agus chum sé roinnt dánta á moladh mar go raibh sé faoi chomaoin acu as ucht a bpátrúntacht. Bhí dhá nós cumadóireachta aige ar bhain sé leas astu: rímeanna scoileanna na mBard agus cuid mhaith dánta i meadaracht an amhráin, rud a d’oir don choitiantacht agus a chuir a ainm i mbéal an phobail. D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1713, ­lonnaigh sé sna Liberties ar feadh deich mbliana agus chleachtaigh a cheird in éineacht le Tadhg Ó Neachtain.
Ba mháistir scoile agus scoláire Gaeilge Tadhg Ó Neachtain – agus a mhac Seán – a tháinig ó Chontae Ros Comáin. Mhúin Aodh Buí seal sna scoileanna i mBaile Átha Cliath. Le linn an ama seo sea a chuidigh sé le Jonathan Swift, a bhí an tráth sin ag cur ábhair le chéile le haghaidh leabhair ar stair na hÉireann. Fostaíodh Muintir Neachtain agus Aodh Buí chun cabhrú le hathscríobh agus aistriú na dtéacsanna Gaeilge a bhain leis an tionscadal seo. Bhí thart ar scór scríobhaithe agus filí i gcomhluadar Mhic Neachtain. Molann Ó Neachtain iad i ndán dá chuid, ach is ardmholadh a thugann sé d’Aodh Buí sa véarsa:
Aodh Mhac Curtán, an crann os coill,
Ailgmheasach Mumhan ’nois chanaim
An file faobhrach i bhfriotal Fáil,
Feas a bhreath bheith i measc na mórdháil.
Is meafar an crann os coill a thóg Ó Neachtain as ceann de dhánta Aodh Buí nuair a bhí seisean ag moladh ceann fine Uí Lochlainn i dTuaisceart an Chláir.
Chruthaigh Aodh Buí an acmhainn léinn a bheith ann nuair a chuir sé eagar ar dhánta Mhag Uidhir Fhearmanach, agus nuair a chuir sé tráchtas léannta leis ag míniú mheadaracht an Dáin Dhírigh. Chuir An Craoibhín eagar air seo sa Lia Fáil i 1932.
Is i 1717 le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath a scríobh sé an leabhar A Brief Discourse in Vindication of the Antiquity of Ireland. Tá an leabhar seo bunaithe ar ábhar a thóg sé ón Leabhar Gabhála agus Foras Feasa Ar Éirinn le Céitinn, leabhair a raibh saineolas aige orthu. B’é seo an chéad saothar i mBéarla ó dhuine de lucht léinn na mBardscoileanna, fear a bhí oilte sa bhFéineachas, sa Seanchas agus sa bhFilíocht.
Thiomnaigh sé an saothar do William O’Brien 3rd Earl of Inchiquin (1666-1719) mar ba dhual d’fhile Cláiríneach. Mhol sé na teaghlaigh mhóra Gall-Ghaelacha as ucht a bhflaithiúlachta agus a meas ar an léann dúchais, agus rinne sé mórmholadh ar léann agus gaiscí catha agus cumas riaracháin Bhriain Bhórú. Bhí éileamh mór ar an leabhar óir bhí cuid mhór de na tiarnaí Gall-Ghaelacha mar shíntiúsóirí aige. Ní chló­bhuailfí leabhar an uair sin gan costas a chlóbhuailte a bheith ag an gclódóir roimhré. Chruinnigh Aodh Buí 95 díobh chuige.
Níor scríobhadh an leabhar gan údar aighnis leis: d’fhoilsigh Sir Richard Cox, Corcaíoch, Chief Justice of the Queen’s Bench, leabhar dar teideal Hibernia Anglicana, inar chaith sé anuas ar chine Gael agus inar úsáid sé teanga an-mhaslach ina leith. Dar leis ba cheart d’Éireannaigh bheith buíoch beannachtach gur deineadh sibhíalú orthu faoi smacht choróin Shasana: ‘The Irish were beholden to God for being conquered.’
Bhí Cox le bánaí cion is go raibh sé de mhisneach ag máistir scoile Caitliceach a leabhar a cháineadh, agus ceacht poiblí a thabhairt dó i stair na hÉireann. Cuireadh Aodh Buí i bpríosúin i Newgate ar feadh bliana chun ceacht a mhúineadh dó, agus bhíothas ag súil go stopfaí foilsiú ‘An Vindication’, ach is amhlaidh go raibh an-éileamh ar an Vindication agus saoradh Aodh Buí gan chúiseamh trí idirghabháil a phátrúin, Sir Edward O’Brien, Drom Ólainn. Cuireadh Cox féin as a phost go gearr ina dhiaidh sin. Deineadh imeacht Cox a cheiliúradh le haoir ó Aodh Buí ar ar tugadh Sciath-Liúireach an Choxaigh, ina nguíonn sé go sábh­álfaí an breitheamh ó shraith d’eachtraí áiféiseacha: ‘Ná raibh tú i do shuí ar an láir bháin – is neascóid chaoch ar do leathmhás – nára thitifidh do bhríste dhíot i gcath – ag scuabadh sráide nára fheictear thusa.’
D’fhill sé ar ais go Cill Mhic Creiche in 1721 agus ní i bhfeabhas a bhí cúrsaí a shaoil ag dul de réir chríoch cheann dá dhánta:
Ós duine mé atá ag imeacht le fán faoi mhaithibhse clár Feidhlim,
A Dhonnchadh Uí Bhriain, ar lorg na dtriath, tabhair ­foscadh dhamh bliain éigin.
Is beag de theacht isteach a bhí aige as a shaothair pinn, ach amháin ar son na ndánta moltacha a scríobh­adh sé in ómós do Mhuintir Uí Bhriain agus Muintir Uí Lochlainn, agus ar son dánta magaidh a d’fhéadfadh sé a dhíol leis an gcoitiantacht. Is fíorbheagán díobh sin atá tagtha chugainn. Ina theannta sin, bhí cuid de mhuintir an cheantair ag athrú béasaí agus ag glacadh le nósmhaireacht ghallda. Ba mhiondaoine dalba iad óna dhúthaigh féin a chuir fraoch feirge ar Aodh Buí, daoine a ghlac seilbh ar áit na gCruitíneach, iad ag ligint orthu gur de shliocht na dtaoiseach Gaelach iad, ach ag umhlú don bhfaisean gallda i dteanga agus i mbéasa. D’aor Aodh Buí go nimhneach iad:
Gur éirigh Gallda agus ceannuithe caola an chruas
Is tréimhse eatorra ag teagasc a mbéas don tslua;
Do réir mar mealladh a mbailte do b’aolda snua,
Tá Béarla i bhfaisean go tairis is an Ghaeilge fuar.
Nó níos géire fós dúirt sé i ndán eile:
Má éiríonn ballach go beacht ina éadaigh nua
’S go bhféadfadh hata do cheannach má daor a luach;
’S Béarla a labhairt is gairid go ndéarfadh an fuad:
Dar faith! Má mhairim beidh gairm Uí Néill dom uaidh.’
Ach cá raibh lucht éisteachta Aodha Bhuí? Bhíodar ag dul i laghad, i laige agus cuid mhór dá phobal féin ag sodar i ndiaidh na mbodach a raibh seisean á gcáineadh.
Ba mhór idir an aoir thuas agus friotal adhmholtach an fhile ar dhea-thréithe mná óige i gcás Isabelle O’Brien, iníon Christopher O’Brien agus Somhairle Mac Domhnaill, Cill Chaoi, ar lá a bpósta i 1718: ‘A ghéis ghártha ghlégheal,/ A bhé mhaiseadh bhéasach.’ D’aistrigh James Clarence Magan an dán sin : ‘A swan of white plumage.’
Bhí Aodh Buí 50 bliain d’aois nuair a chuaigh sé go dtí Coláiste na bProinsiasach, Lováin. Ba de thoradh teagmhála leis na Proinsiasaigh Ó hÍcí agus Maitiú Mac Mathúna a tharla sin; bhí Mac Mathúna ina chaomhnóir ar mhainistir na hInse agus thug sé cúnamh airgid dó leabhar gramadaí a fhoilsiú, agus réitigh an bealach go dtí Lováin dó. Bhí cáil na clódóireachta agus na foilsitheoireachta ar mhanaigh Lováin agus is iad a chabhraigh leis an graiméar Gaeilge The Elements of The Irish Language Gramatically Explained in English a thabhairt amach in 1728. Mhol Seán Ó Donnabháin an Graiméar as a bhunúlacht – ‘originality’, ach dar le Vincent Morley athscríobh agus eagar nua ó bhonn a chuir Aodh Buí ar graiméar lámhscríofa an Athar de Bhailís as Baile Átha Cliath, fear a bhí ag obair leis i gcomhluadar Mhic Neachtain na blianta roimhe sin.
D’fhág Aodh Buí Lováin chun dul chun na Fraince i 1728, agus liostáil sé i Reisimint An Tiarna de Clare. Seanfhear a bhí ann ag saighdiúireacht le fir óga, ach is léir gur uireasa airgid a spreag é. B’iad Mac Conmara agus Ó Seachnasaigh a bhí i gceannas na reisiminte. Cláirínigh ab ea iad beirt agus rinne Aodh Buí a dhícheall teagmháil a dhéanamh le Séarlas Ó Briain, Tiarna de Clare, bíodh is go ndúirt seisean i litir nár chuala sé faoin ‘famous Antiquary Hughue Mac Curtain.’ Is léir go ndeachaigh clú Aodh Buí níos faide ná a chos. Le linn an ama bhorr an tírghrá in Aodh Buí mar is léir ón dán moltach:
An Brianach calma ár dTiarna ceannasach
Dian in eagar an ármhaigh,
Is an fialmhac fleadhach ár dtriath Ó Seachnasaigh
Aniar ó shleasaimh an bhán-Ghoirt.
Sa véarsa deiridh thuar an fhile go ndéanfadh an reisimint ionradh thar sáile:
Is dóigh má ghabhaimse an cóta dearg so,
Leo go rachad tar sáile,
A scóda leathna, a seolta scartha
’S a sróll ’na mbratachaibh arda,
Cóir ná ceannach ní ghobhaidh ó Ghallaibh
Go dtógaid sealbh a n-áitreabh,
Is Seoirse a thachtadh le corda casta
’S is ceolmhar a screadfas an chláirseach.
Cruthaíonn an véarsa go raibh faghairt agus fraoch breise ag borradh in Aodh Buí anois thar mar a bhíodh i gCill Mhic Creiche. Cé gur ghabh sé an cóta dearg, ní dhearna sé mórán de dhualgas an tsaighdiúra agus scaoileadh chun siúil é i 1729.
Trí bliana ina dhiaidh sin bhí lámh aige in ullmhú an fhoclóra Béarla-Gaeilge a chuir an tAthair Conchúr Ó Beaglaoich le chéile agus a foilsíodh i bPáras i 1732. Tá ráite ag údair go mba chomh-údar an fhoclóra é Aodh Buí, ach ní fíor sin, mar deirtear sa leathanach tosaigh: ‘arna cur in eagar ag Conchúr Ó Beaglaoich maraon le cúnamh ó Aodh Buí Mac Cruitín.’
Bhí cáil an ghinealeolaí ar Aodh Buí agus le linn dó bheith i bPáras rinne sé craobh ghinealaigh na mBuitléireach a ríomh agus a scríobh. (D’éirigh idir Mhuintir de Buitléir agus Uí Bhriain i dtaobh fhírinne an ghinealaigh seo. Chríochnaigh an chonspóid dar le T.J. Westropp: ‘By proving nothing and leaving a more than doubtful ­pedigree.’) Theastaigh a leithéid seo ó na huaisle lena chruthú gur uaisle iad, agus é go léir faofa ar phár chun go bhféadfaidís a gcraobha ginealaigh a ríomh go hoifigiúil nuair a bheadh pósadh mór le rá nó meall­adh chun pósadh i gceist. Ní haon ionadh go raibh tóir ag Aodh Buí ar an obair; d’íoctaí suimeanna chomh mór le míle giní ar shaothar fónta.
D’fhill sé ar Chill Mhic Creiche i 1739. chuir sé críoch le ginealach Mhuintir Fhionnúchain agus thosaigh ag múineadh scoile chun slí bheatha a bhaint amach, rud a bhí i bhfad níos deacra toisc go raibh staid an phobail imithe chun donais an tráth sin. I 1739 milleadh an fómhar de bharr doininne agus an samhradh dar gcionn milleadh é de bharr ­tirimeachta, agus bhí gorta forleathan sa tír. Bliain an Áir a baisteadh ar 1741 de bhrí go bhfuair 200,000 duine bás den ocras agus den bhflosc fola, agus bhí an Clár ar cheann de na contaetha ba mheasa a d’fhul­aing. I ndán leis ag moladh Isobel Ní Bhriain is léir go raibh drochbhail air ó thaobh sláinte agus airgid:
A ríoghain tofa de bhorbfhuil uaisle Táil,
Tá an aois dom tholladh ’s fogas dom guais an bháis,
Tá caoiche im roscaibh ’s is follas mo ghruaig gur bán,
’S níl brí im chosa ó chlocha an chrua-chasáin.
Is beag gaisce a rinne sé sna blianta ina dhiaidh sin. Fuair sé bás i 1755 agus cuireadh é i reilig Chill Mhic Creiche, bíodh is nach bhfuil tuairisc ar a uaigh ná ­cuntas oifigiúil faoi. D’fhág sé a scríbhinní ag a bheirt iníon a bhí ina gcónaí i gCora Finne, ach ní heol dúinn ar bhaineadar riamh leas astu. Chum sé 46 dán, ríomh sé roinnt craobha ginealaigh, chuir sé eagar ar ghraiméar Béarla-Gaeilge, chabhraigh sé le foclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil. Ba dhuine é d’aos léinn Chontae an Chláir a chuir beatha, brí agus filíocht sa teanga a ghráigh sé chomh mór sin.

Foinsí

• An Crann Os Coill, Vincent Morley
• Léas Eile ar ár Litríocht, Pádraig Ó Fiannachta
• Clare’s Gaelic Bardic Tradition, Michael McMahon.


Feasta, Meitheamh 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais