Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Trí Dhán
le Deirdere Brennan

Daortha chun Báis

D’fhás an seiceamar róghasta,
An stoc crainn ag méadú ar a dhúbailt,
Ag fo-roinnt arís is arís eile
Go raibh na fuinneoga báite i nduilleoga,
Muintir an tí bodhraithe ag scréachadh
Na gcolúr ag cúpláil sna craobhacha.

Inniu tá téadracha ag luascadh ón gcrann,
Á chiorclú mar chrann Bealtaine,
Lucht a leagtha ar chrampóin ag dreapadh,
Ag breith ar na géaga le téad rothaigh,
Min sáibh ag titim i gceathanna óna dtoirisc
Go luascann chuile chraobh amhail a crochta
Sula dtarraingítear go talamh í.

An t-inneall stollta ciúin faoi dheireadh,
Bloc ar bhloc ardaíonn cual adhmaid
San áit inar chaith an crann a shaol
Is laistiar d’fhuinneoga an tí
Scaipeann solas marbh ó na seomraí
Go dtuirlingíonn ar chaonach liath
Faoi bhinn sheanpháipéir balla.

Anois, nua-sholas ag breith barróige orainn
A chuireann le himní muid,
Slíocaimid ár gcraiceann, ár gcnámha tanaí
Ag iarraidh a bheith ar ár suaimhneas
Ach ní féidir éalú ó chaitheamh is chuimilt ár gcorp
Caite i ’chuile scáthán, ná ó na céadta súl
Sa chual adhmaid ag faire an tí.


Fiosracht

Bothán ar thaobh an bhóithrín,
Iata, dorcha ar imeall m’óige,
Fuinneog ar chlé, cláracha á dúnadh,
M’aghaidh sé bliana leata agam
Ar ghloine na fuinneoige eile,
Ag breathnú ar spóirseach bhreá thine
Ina chaor sa dorchacht istigh.

Ansin an doras ag oscailt de sciotán,
Seanbhean ina scamall dubh
Ag teacht de ruathar faoi mo dhéin
Gur thugas mo bhonnaí liom
Ó mhallachtaí is sceana a teanga,
Sula slogfadh an talamh mé
Go mbeinn faoina scim dhraíochta.

Chonac an fhoraois i gcaonach a súl,
Cosáin chonaire na coille ina rachfá ar fán
I gcraiceann casta a haghaidh;
Ba í uaill chaointe an mhic tíre sa sneachta,
Ba í an lámh ag tairiscint úll nimhe,
An scáil os cionn an chliabháin,
An leasmháthair gan lé gan trócaire
A d’athródh id iarlais thú.
Ba í an tseanchailleach, a haigne de shíor luite
Ar pháiste rósta ina corcán sa ghríosach.


Grianghraf do Shinsear

Gafa ina gcuid éadaí Domhnaigh in aois eile,
Reoite gan fáthadh an gháire ar an duine acu,
Stánann siad amach as nóiméad stalcaithe:
An t-athair faoi mhalaí púiceacha ina shuí sa lár,
Ag borradh le mórchúis amhail duine de na boic mhóra;
An mháthair, gúna bombaisín ró-fháiscthe ar a cabhlach,
Ina seasamh laistiar sa dara sraith ag iarraidh folú
I measc a naonúr clainne fásta.
Iniúchaim iad duine ar dhuine
Is níl oiread is smid as béal amháin faoina saol.
Ar airigh na buachaillí an ghairm slógaidh,
An raibh siad bodhar ar na drumaí cogaidh,
Ar threabhaigh siad an talamh faoi bhogha ceatha,
Ar luíodar ag ól tae faoi scáil choca féir,
An raibh cumha ar an athair i gcoim na hoíche?

Feasta, Meitheamh 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo