Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
A leithéid de sheachtain a bhí againn i gceartlár na Bealtaine. Níor thúisce an Bhanríon Eilís II na Breataine ar an mbóthar abhaile ná go raibh Uachtarán na Stát Aontaithe chugainn. Conas go raibh an aird seo ar fad tuillte againn in aon tseachtain bheag amháin? Ar a laghad is fearr linn chugainn iad ná na cuairteoirí sin ón AE, ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, a rabhamar dulta ina dtaithí le tamall anuas.
Deineadh ábhar mór ionadh de, rómhór b’fhéidir, nuair a labhair ár gcuairteoirí oirirce linn inár dteanga dhúchais, an teanga ársa sin nach bhfuil fós ar bhonn slán againn, agus go deimhin go bhfuil siad inár measc a shíleann í bheith mar bhac orainn agus go m’fhearrde sinn mar phobal agus mar náisiún í a ligean i ndearmad, mar iarsma de shaol agus de shaíocht a bhfuil a ré tugtha.
Tá seantaithí um an dtaca seo againn ar nós an ‘chúpla focal’. Is cuid dár mbéarlagair é. Nach bhfuil ár bpolaiteoirí féin oilte air agus á chleachtadh le 90 bliain, agus gan mórán dá thairbhe ag an teanga! D’fhéadfaí a rá um an dtaca seo go bhfuil ciall cheannaithe againn maidir leis an gcineál siombalachais atá i gceist leis mar nós.
Is fada ráite leis é gur breá ar fad linn mar phobal go mbeadh daoine móra le rá ón iasacht dár moladh, nó ag bronnadh séala a bhformheasa ar ár n-iarrachtaí. Ní leor linn ár mbreithiúnas féin inár gcúrsaí féin. Is féidir nach tréith í sin atá le moladh in aon chine, agus go ndeirtear linn ina theannta sin gur easpa féinmhuiníne is cúis leis.
Bíodh sin mar atá. B’fhéidir don iarracht amháin seo nár chóir dúinn diúltú do pé aird bhreise atá dírithe ar an teanga mar thoradh ar bhriathra blasta na Banríona agus an Uachtaráin. Fiú go raibh sí ina gceannlínte móra ar leathanach tosaigh an Irish Independent an mhaidin tar éis na hóraide i bhFaiche an Choláiste. Dia ár sábháilt: cén mhíorúilt nach bhféadfadh tarlú!
Mar a dúradh go minic, is furasta cluain a chur orainn, agus seachnaímis a bheith ag déanamh mórán as an mbeagán. Tá ár ndeacrachtaí le réiteach againn go fóill agus tógfaidh san tamall eile aimsire agus cur chuige, pé an mbaineann siad lenár ndrochstaid eacnamaíoch nó le fadhbanna cultúir agus teanga. Maith is eol dúinn nach leor na briathra blasta úd, pé an ó bhanríon nó ó uachtarán a thagann siad.
Ach ba mhór an ní gur tharla na cuairteanna gan aon róshuaitheadh ná aon mhíthapa, a bhuíochas sin do gach duine a bhí bainteach leo agus don phobal féin go háirithe. Tár eis an tsaoil ní bhíonn cuairteanna mar seo riamh saor ar fad ó chonspóid.
|