Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Siombalachas agus eile
le Seán Ó Loingsigh


Bhí an chuairt seo, mar sin, ag cur thar maoil le ­siombalachas, agus nach é sin is bun agus barr don ríochas féin?

——◊——

Bhí oiread sin ag tarlú i gcaitheamh na Bealtaine nár mhór ná gur díbríodh ár gcúrsaí eacnamaíocha as na nuachtáin agus na seomraí nuachta ar feadh cúpla seachtain. B’fhaois­eamh é sin don rialtas agus dúinn ar fad, gan amhras, bíodh gur maith a fhios againn nach fada a leanfaidh sé.

Dá mhéid a bhí ag tarlú ní fhéadfadh aon cholún a bhíonn ag plé le polaitíocht gan tús áite a thabhairt do bhás an iar-Thaoisigh Gearóid Mac Gearailt. D’imigh sé uainn obann go maith sa deireadh. Bíodh an aois mhór a bhí aige, ba dhóigh leat go raibh sé ar a sheanléim beag­nach go dtí an deireadh, ag freastal ar ócáidí poiblí nó ag scríobh a cholúin ar an Irish Times, ag díospóireacht, ag cur agus ag cúiteamh mar ba dhual dó ina bhealach suaithinseach féin, uair­eanta ag cur níos mó oilc ar bhaill a sheanpháirtí ná a chuireadh sé orthu sin i bpáirtithe eile. Ba mhinic ar fiarlaoid é, ach ba chuid dá phearsantacht é sin. Mar a b’eol don saol, níorbh ionann san ar aon chor agus aon easpa géarchúise.

Má ba theideal don chéad cholún a scríobh sé don Irish Times i 1954 ná ‘Decline of the Irish Language’, ba bheag a shuim i gcaomhnú nó i gcur chun cinn na teanga. Ba mhó é a shuim i staitisticí i ndáiríre, agus ba iad ba mhó a bhí i gceist sa cholún sin. Ní lia duine ná tuairim!

Mar a bheifí ag súil leis, bhíodh go leor le rá aige maidir lenár ngéarchéim eacnamaíoch. Bhíodh sé gearánach go maith fúthu sin a bhíodh de shíor ag tuar an donais agus ag cur an dreach ba mheasa a b’fhéidir ar ár gcúrsaí. Ba chuid dá phearsantacht agus dá dhearcadh é sin freisin. Fear dóchais agus inspior­áide a bhí ann, fiú nach n-aontófá i gcónaí leis.

Níl aon amhras ná gur thuill sé meas thar an ngnáth mar pholaiteoir agus mar thaoiseach, ní hamháin anseo ar oileán na hÉireann ach thar lear. Is boichte go mór an tír dá éagmais.

Ní mór ná go bhfuil­imid ag dul i dtaithí ar chuairteanna ó Uachtaráin na Stát Aontaithe agus mar sin ba mhó suntais an iarracht seo cuairt na Banríona Eilís II na Breataine, gan ligean i ndearmad, ar ndóigh, go bhfuil sí chomh maith céanna ina banríon ar sciar den oileán seo. Ní miste dúinn cuimhneamh leis go mbímis ag maíomh dlínse chríche ar an sciar sin inár mBunreacht go dtí gur athraíomar é sin roinnt bheag blianta ó shin. Murach gur tharla an t-athrú sin is é is dóichí ná go mbeadh sí fanta sa bhaile.

Bhí an chuairt seo, mar sin, ag cur thar maoil le siombalachas, agus nach é sin is bun agus barr don ­ríochas féin. Agus ní raibh aon éaló ón stair, agus an bhraistint go raibh an chuairt mar shéala oifigiúil ar shíocháin agus dea-chaidreamh idir an dá oileán tar éis imreas na gcianta. Ní hé ‘normálú’ an téarma is taitneamhaí dár nua-théarmaíocht, ach bhí sé go mór in úsáid ag na tráchtairí le linn na cuairte seo.

Tabhair faoi deara leis gur cuairt fhada a bhí ann, agus gur chuir sé sin le tábhacht na hócáide. Ní hé ba lú suime ar aon chor ná conas a sheas an bheirt an-aosta seo an strus, agus ní foláir an tuirse a bhain leis an turas féin agus leis na dualgaisí a bhí le comhlíonadh acu. Ní fhéadfaí ach oiread gan iontas a dhéanamh de choincheap an ríochais, agus go háirithe i gcás na banríona seo, gan iontas a dhéanamh den saol fíorfhada atá caite aici ó bhí sí ina cailín óg ag plé le dualgais a bhaineann beagnach go huile le deasghnátha agus cúrsaí searmanais.

Is léir nach dtagann a tuairimí pearsanta i gceist, pé an mbeadh siad aici nó nach mbeadh, agus is cinnte go bhfuil. Is ­cinnte leis nach bpléitear cúrsaí poiblí nó polaitíochta d’aon chineál. Ná bí ag caint ar shiombalachas. Is siombail ar a cosa í. Pé ní faoi sin, níl aon cheist ná go ndeineann sí a cúram le dínit agus le héifeacht agus go fiú le daonnacht. Níl aon amhras ná go bhuil meas agus cion ag a pobal féin uirthi.

Pé iontas a bhíothas ag déanamh anseo den bheagán Gaeilge a d’úsáid sí, cá hionadh é sin i ndáiríre. Ba chuid dá dualgaisí é agus rinne sí é go nádúrtha agus gan stró. Tar éis an tsaoil is í an Ghaeilge an chéad ­teanga oifigiúil sa tír seo de réir an Bhunreachta. Níor mhiste dúinn éirí as an ­ró-ionadh.

Ach ag caint dúinn ar normáltacht ba léir ó na sráideanna folmha nach bhfuil an t-am tagtha inar féidir le teaghlach ríoga na Breataine iad a thaisteal agus a bheith cinnte nach mbeadh aon bhaol dóibh ann.

Níorbh amhlaidh le turas an Uachtaráin Obama. Cé bheartaigh ar an gcoirm cheoil mór i bhFaiche an Choláiste agus na mílte a thabh­airt amach ar na sráideanna? An iad na húdaráis anseo nó na Meiriceánaigh ba chúis leis sin? Ó thaobh slándála agus sábh­áil­teachta, ba dhóigh leat go mb’fhearr go háirithe leis na Meiriceánaigh tranglam sráide mar a tharla sé a sheachaint, agus go mba oiriúnaí go mór dá dtabharfadh an tUachtarán aitheasc do chomhchruinniú den Dáil agus den Seanad nó searmanas éigin dá leithéid.

Déarfaidh an Taoiseach gur éirigh thar barr le cúrsaí mar a tharla, agus gur thug sé deis don phobal freastal ar choirm cheoil agus bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, agus fiú lámh a chrothadh leis. Ina ­theannta sin ní mór a chur san áireamh nár bheag an bhaint a bhí ag cuairt an Uachtaráin le cúrsaí toghchán­aíochta ina thír féin. B’fhéidir gur oir an choirm cheoil agus an óráidíocht sráide go breá don Taoiseach agus don Uachtarán araon.

Ach seachas aon duine eile níl amhras ná go bhfuil Éanna Ó Cionnaith i dteideal a bheith sásta leis an dá chuairt, agus níos tábh­achtaí ná sin fós, gur cosúil de réir na pobalbhreithe is déanaí go bhfuil formhór an phobail sásta leis féin agus lena rialtas chomh maith.

Má tá ábhar imní aige is é nach bhfuil a sheasamh i mBaile Átha Cliath i ngar don leibh­éal ina bhfuil sé sa tír i gcoitinne, agus mar a luadh níos luaithe is féidir go raibh baint ag an óráidíocht seanfhaise­anta i bhFaiche an Choláiste leis sin. Cá raibh Richard Bruton agus Leo Varadkar?

Is fearr gan amhras cloí leis na fíricí seachas na luaidreáin. Is fíric go bhfuil cúrsaí polaitíochta na tíre seo athraithe ó bhonn tar éis an olltoghcháin i mí Feabhra. Tá an t-ionad a bhí ag Fianna Fáil le hochtó bliain gafa anois ag Fine Gael. Le sciar réasúnta den ádh, agus go dtagann an feabhas réas­únta a bhfuiltear ag súil leis ar chúrsaí eacnamaíocha, is é is dóichí ar fad ná go leanfaidh an forlámhas atá ag Fine Gael anois tar éis an chéad olltoghcháin eile. Le fiche suíochán níl aon chosúlacht go ndéanfaidh Fianna Fáil athghabháil ar an stádas sin a bhí acu le hochtó bliain. Is é lán a ndíchill anois dul chun cinn ar an Lucht Oibre, atá sa dara háit ó thaobh líon Teachtaí Dála.

Níl duine a thuigeann é sin níos fearr ná Mícheál Ó Máirtín. Ní ceist í a bhaineann lena chumas ná lena dhícheall. Tá sé soiléir go bhfuil an struchtúr eagraíochta, go hairithe na cumainn áitiúla, a mbíodh an páirtí chomh bródúil as titithe as a chéile. Ní i mBaile Átha Cliath amháin atá sé sin tar éis tarlú ach tríd an tír ar fad. Tá sé go mór in amhras anois an gcuirfidh an páirtí iarrthóir chun cinn i dtoghchán na huachtaránachta níos déanaí sa ­bhliain.

Déanfaidh an Máirtíneach, ar ndóigh, gach iarracht atá ar a ­chumas an páirtí a atógáil ach is féidir anois gur iarracht é sin atá thar acmhainn aon cheannaire dá fheabhas.

Nach minic cheana a chualamar tairngreachtaí dá leithéid sin ag lucht scrioblála! Ní hé go bhfuil sé chomh fada sin ó bhíodh an dream céanna ag tuar go raibh deireadh go deo le Fine Gael mar pháirtí polaitíochta.

Feasta, Meitheamh 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais