Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Féirín
Scéal Nollag
le Mícheál Ó hUanacháin
Ba chuimhin leis an lá a insíodh dó é, nó b’fhéidir gur chruinne a rá gur deimhníodh dó é. Bhí sé gairid roimis an Nollaig, rud a d’fhágfadh go raibh sé timpeall deich mbliana go leith d’aois.
Bhí ráflaí agus biadán cloiste aige ó na leaids ar scoil le tamall roimhe sin, ach ba leasc leis aon mhuinín a chur ina leithéid: bhí scéalta gan bunús cloiste cheana uathusan aige. Uaireanta, shíleadh sé go mbídís ag spocadh as, mar go dtí an samhradh roimhe chreideadh sé gach a ndeirtí leis. Ach bhí ciall cheannaigh faighte aige ó bhí cuid acu tar éis cluain a chur air maidir leis an gcaoi a mbeirtí lao. Tharraing an méid a dúirt sé leis an gcuid eile na múrtha gáire, ach de réir a chéile thuig sé nach raibh i gceist ach gáire an aineolais, mar ní raibh éinne ina measc a raibh taithí feirme aige — ach an oiread leis féin, garsún cathrach gur ar éigean, ag breathnú siar anois ar an eachtra dó, a d’fhéadfaí ‘buachaill’ a thabhairt air in aon chor, i bhfianaise bhunús an fhocail.
Go bunúsach, níor fhéad siad a shamhlú gur ar an dóigh a thuairiscigh seisean a bhéarfaí lao don bhó, ná gurbh ar an gcur chuige a insíodh dóibh a chuirfí an lao sa bhó sa chéad áit.
Pé sceal é, bhí na luaidreáin is na líomhaintí seo sa timpeall le tamall faoi Shan Nioclás, nó faoi Dhaidí na Nollag mar a b’fhearr aithne air. Agus bhí sé go tréan ag iarraidh gan smaoineamh orthu ró-mhinic ar eagla go gcreidfeadh sé as a dheireadh iad.
Tráthnóna amháin, áfach, thóg a athair is a mháthair suas staighre leo é isteach ina seomra codlata siadsan, rud nach raibh tarlaithe le fada an lá, — b’fhéidir ón uair a d’inis siad dó go raibh báibín eile le teacht ar an saol agus go mbeadh cuidiú de dhíth ar Mhamaí nuair a thiocfadh.
Chuir a Dhaidí in airde é ar an leaba mór dúbailte s’acusan, agus sheas an bheirt os a chomhair amach, ag breathnú an-sollúnta ar fad. Bhraith sé go mbeadh cibé rud a bhí le teacht níos tromchúisí, níos goilliúnaí fós, ná scéal an bháibín: ní raibh aon mhaith leis siúd go fóill, é ag lámhachán chuile háit is gan focal as a thuigfeadh éinne. Go fiú deireadh sé ‘Ma-Ma-Ma’ lena Dhaidí agus ‘Da-Da-Da’ lena mháthair. Na báibíní sin, ní raibh nóisean acu!
‘Anois, a Mhánais,’ arsa a mháthair, ‘Tá a fhios agat faoi Dhaidí na Nollag ...’
Thit a chroí ina chliabhrach. Bhraith sé mar a bheadh an croí ag bualadh in aghaidh bhun a ghoile, cé go raibh a fhios aige nach bhféadfadh sin.
‘Tá’s agam, a Mhamaí!’ ar seisean, ag iarraidh an drochscéal a chur ó dhoras. ‘Tagann sé Oíche Nollag le bronntanaisí do na páistí maithe ar fad, téann sé timpeall an domhain ar charr sleamhnáin mór groí á tharraingt ag fianna draíochta, Rudolf sa phríomh-áit agus tá’s agam na hainmneacha eile chomh maith: Dancer, Prancer ...’ Bhí a fhios aige go raibh sé ag roiseadh leis, ach ní raibh neart aige air.
Bhris a athair isteach ar an sruth cainte air.
‘A Mhánais, scéalta do pháistí iad sin,’ ar seisean. ‘Ní páiste níos mó tusa, beidh tú ag dul isteach sa mheánscoil an bhliain seo chugainn, agus tá sé in am go dtuigfeá cúrsaí mar seo.’
Níor theastaigh uaidh an chuid eile a chloisint, ach ní raibh dul as aige. Mhíníodar dó gurb iad na tuismitheoirí a thugann bronntanaisí na Nollag do na páistí, agus go maireann an scéal mar go dteastaíonn ó thuismitheoirí go mbeadh draíocht sa bhféile sin do leanaí.
A thiarchais! Bhí an Nollaig millte acu! Ní bheadh riamh arís draíocht sa bhféile dósan, cinnte nach mbeadh. Ach bhí a thuilleadh le teacht, é níos measa, dá bhféadfadh sin, ná a ndeachaigh roimhe.
‘Caithfimid gar ar leith a iarraidh ort as seo amach, a mhic,’ a dúirt a mháthair. ‘Ba mhór againn é mura scaoilfeá an rún do na páistí eile. Ní theastódh uait an draíocht a mhilleadh orthu san, an dteastódh?’ Agus rinne sí an meangadh mór ceana nár theip riamh roimhe sin air fonn a chur air rud a dhéanamh uirthi.
Bhí a cheann ina chíor thuathail ag an scéal. Ní raibh rud ar bith gur mhó fonn a bhí air é dhéanamh ach rith síos staighre agus an scéal ar fad a sceitheadh leis an gcuid eile — fiú leis an mbáibín, mura dtuigfeadh sé siúd féin é. Ach mhúch sé an mhian sin, agus — ainneoin go raibh na deora leis, deora a cheil sé ach ar éigean ar a thuismitheoirí — dúirt sé go ndéanfadh sé mar a d’iarr siad.
Bliain ar bith roimhe sin, b’fhada leis go mbeadh an Nollaig ann. An bhliain sin (agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin), b’fhada leis go mbeadh an Nollaig thart. Ba chuma go bhfuair sé féin ó ‘Dhaidí na Nollag’ mian a chroí, a chéad rothar ‘fásta suas’; bhí an mhaith bainte de ag scaoileadh an rúin, nárbh ann do Shan Nioclás, ach mar shean-easpag tur áit éigin iargúlta in aimsir na Rómhánach.
Ag breathnú siar air, thuig sé go raibh torthaí níos domhaine ar an eachtra ar fad. Bhí cead tugtha dó —ní hea, ach bhí iarrtha ag a thuismitheoirí air — bréag a insint. Ba dhóigh leis gurbh é sin an míniú ar cén fáth go raibh sé chomh héasca sin aige, agus chomh hinghlactha, é cheilt ar na gasúir eile, de réir a chéile, nuair nach raibh sé ag dul ar an aifreann níos mó.
Blianta ina dhiaidh sin, ar ndóigh, d’inis siad dó go raibh a fhios acu ar fad céard a bhí ar bun, agus gur dhócha go raibh a fhios ag na tuismitheoirí chomh maith. Le cead nó gan cead, níor bhréagadóir maith riamh é.
Ach tháinig an lá go raibh clann air féin, agus go mbíodh Daidí na Nollag ag teacht chucu sa doircheacht sin roimh chasadh na bliana. Creideamh ann nó as, ní fhéadfadh sé an beagán beag draíochta sin a cheilt orthu agus iad óg. Bhí sé pléite go mion aige féin agus ag a bhean, agus ó thús rinneadar iarracht a chur ina luí ar na páistí go raibh láimh éigin ag na tuismitheoirí sa scéal, ach ar ais nó ar éigean ní fhéadfaí neart an mhiotais a chloí go hiomlán.
Chuir an triúr a gcuid litreacha impí le hais an tsimléir go maith roimh an Nollaig — ach gan cead acu labhairt ar na cúrsaí sin go mbíodh Oíche Shamhna curtha díobh acu. Bhí athrú ar an gcineál bronntanaisí a mbítí á n-éileamh anois, agus méadú mór ar an bpraghas a ghabh leo. Power Rangers, Barbie, Playstation agus cluichí ríomhaireachta, éadaí brandáilte, ticéid le haghaidh choirmeacha na réaltaí saorga pop-cheoil.
Ach fós féin, bhí an gairdeas agus an t-iontas i súile na leanaí gach aon mhaidin Nollag mar leor-chúiteamh ar an gcaiteachas agus ar an stró a bhain go minic leis na bronntanaisí cearta a aimsiú is a charnadh faoi rún san áiléar. Agus fós féin, nuair a bhíodh na bronntanaisí feicthe acu, rachaidís amach ar chúl an tí féachaint ar ith Rudolf an cairéad, agus ar ól Daidí na Nollag an bhainne — bhí lá na gloine leanna don sean-rógaire imithe ar fad.
Ansin tháinig lá eile aniar aduaidh air, an lá arbh éigean dó an rún a scaoileadh leis an duine ba shine dá chlann. Bhí sí ag druidim ar an aon déag, agus níor theastaigh uaidh go mbeadh bulaíocht á déanamh uirthi nuair a rachadh sí isteach sa mheánscoil dá maífeadh sí gur chreid sí fós i nDaidí na Nollag, i measc scéalta eile (muintir an tSí, na leipreacháin agus mar sin de). Ní raibh fonn ar bith ar a bhean bheith páirteach, agus thit an t-ualach ar fad air féin.
Bhí ceisteanna géarchúiseacha go maith curtha aici faoi Dhaidí na Nollag go gairid i ndiaidh na féile roimhe sin, ach níor dheacair, nó ar a laghad ar bith níor ró-dheacair, iad a fhreagairt ar bhealach a raibh sé féin compordach leo, sa chéill go raibh ruainne éigin den fhírinne ag baint leis na freagraí. Mar sin féin, ba léir dó fiú an uair sin go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar an mbun-fhreagra gan mórán moille.
Fós féin, bhí sé go mór trí chéile agus í á tionlacan suas staighre chun ná beadh seans ag an gcuid eile an comhrá a chloisint. Bhí sé ag tosú ar a lán a thuiscint faoi chur chuige a mhuintire féin fadó. Bhí sé spéisiúil, ach go háirithe, a mhéid a bhraith sé cuimhne a athar ar a ghualainn — an uair seo mar chuidiú seachas mar ualach.
Chuir sé iontas air cé chomh réidh is a ghlac sí leis an nuacht a bhris a chroí féin agus é óg. Níor rith sé leis go dtí an mhaidin dar gcionn gur dhócha go raibh sí cheana féin tar éis glacadh leis nach raibh i nDaidí na Nollag ach finscéal. Cuma cibé an ó pháistí na timpeallachta nó óna cuid comhghleacaithe scoile a chuala sí é, ba léir gur thuig sí —agus b’fhéidir go raibh sé tuigthe aici an bhliain roimhe sin, ach gur leasc léi a admháil ar fhaitíos nach bhfaighfeadh sí rud ar bith sa bhreis ar bhronntanaisí na dtuismitheoirí!
Mar sin féin, níor luigh sé go maith leis a iarraidh uirthi an rún a choinneáil, ar mhaithe leis an draíocht a bhain leis an bhféile i measc na bpáistí ní b’óige. B’shin, dar leis, an chuid den eachtra ba mhó a dhein dochar dó féin fadó, ach ní fhacthas dó go raibh bealach eile le déileáil leis.
Bhí sé níos éasca an rún a scaoileadh leis na páistí eile ar a seal — ach gur shamhlaigh sé (ní fhéadfadh sé seo bheith fíor, an bhféadfadh?) gur níos óige a bhí siad duine ar dhuine nuair a fuaireadar an scéal.
Ach faoi dheireadh, bhí an páiste is óige ar an eolas, agus lig sé osna buíochais nach mbeadh air riamh arís an drochscéala sin a roinnt le gasúr nó le girseach bheag shoineanta, agus an draíocht a bhaint den Nollaig go deo orthu.
Más ea féin, bhraith sé arís go raibh rud éigin caillte aige féin san insint: go raibh an draíocht curtha ar ais sa Nollaig aige dó féin agus é ag glacadh ról Dhaidí na Nollag, draíocht a bhí ceilte air le fada an lá, ón uair a d’inis a athair féin an drochscéala dó. Agus arís ar ais, go raibh an draíocht bainte den Nollaig air athuair, an dreas seo aige féin.
D’fhás na páistí agus scaipeadar, agus fágadh an tsean-bheirt leo féin, ag gliogarnach thart ar an tigh a bhí anois i bhfad ró-mhór dá gcúraimí. Thugaidís bronntanaisí Nollag dá chéile, rudaí beaga fánacha, ó ‘Dhaidí na Nollag’ go ‘Mamaí na Nollag’ agus droim ar ais, ach ní raibh aon draíocht ann.
Ach mar a tharlaíonn ar na saolta seo, b’éigean dóibh fáiltiú ar ais roimh dhuine acu, an cailín is óige, Áine. Theip ar an bpósadh uirthi, agus fágadh ar an trá fholamh í lena mac.
Ar ndóigh, deineadh cúram maith di féin agus dá páiste, cad eile a dhéanfadh tuismitheoirí maithe? Agus de réir mar a d’imigh an t-am, ba chosúla Eoin le mac breise acu féin, tharla Áine amuigh ag obair de ló is d’oíche, shílfeá, ag iarraidh a slí a dhéanamh ar ais sa saol tar éis na tubaiste a bhain di.
Chuir siad an Nollaig ar bun arís, crann mór groí, eidhneán, maisiúcháin i ngach seomra, turcaí agus liamhás, an mhilseog speisialta Nollag, pléascóga —agus an draíocht ar ais mar aon le Daidí na Nollag, seal amháin eile.
D’fhás Eoin ina lead deas múinte meabhrach, agus ró-luath ar fad bhraith a sheanathair go raibh sé in am an rún Nollag a scaoileadh leis an bpáiste agus é ar tí iompú ina fhear óg. Ní bheadh aon cheist faoin rún a choinneáil ar mhaithe le páistí níos óige an uair seo, a bhuí le Dia!
Áine bhocht, ní raibh aon chosúlacht uirthi fear eile a fháil, ná aon dealramh uirthi fiú go raibh sí ag lorg a leithéid. Bhí an nimh sa bhfeoil aici d’fhir, agus dá dtarlódh go dtiocfadh sí ar cheann arbh fhiú é bheith aici, chomh dócha le rud chuirfeadh sí ó dhoras é, bhí a scéal chomh hachrannach sin le hathair Eoin.
Pé ar bith, tar éis a phlé idir iníon agus athair, socraíodh gurbh fhearr gur ó ‘dhaideo’ a thiocfadh an droch-scéala. Ní raibh a bhean i mbarr na sláinte an bhliain sin, agus b’fhearr an strus a sheachaint uirthi.
‘Ba ghar orm é dá ndéanfása é,’ arsa Áine, ‘mar níor thaitin sé liom féin nuair a fuaireas-sa an t-eolas, agus más buan mo chuimhne agus más cruinn mo thuiscint oraibh, ní raibh aon chosúlacht oraibhse gur mó puinn a thaitin sé libh é roinnt liom. Ach bíodh sin mar atá, is mó taithí atá agaibhse ar an insint sin ná tá agamsa.’
Ghéill sé di, agus tráthnóna amháin — an gcaithfimid i gcónaí, a d’fhiafraigh sé de féin agus é tosaithe cheana féin air, an cur chuige ársa céanna a leanúint? — thug sé Eoin suas staighre go dtí an seomra codlata s’aigesean.
Chuir sé in airde é ar an leaba, agus sheas os a chomhair amach, ag iarraidh gothaí an-sollúnta ar fad a chur air féin.
‘Anois, a Eoin,’ ar seisean, ‘Tá a fhios agat faoi Dhaidí na Nollag ...’
‘Tá’s agam go maith, a Dhaideo,’ arsa an gasúr, agus lean air mar bheadh athsheinm taifead den tráthnóna úd fadó agus é féin i seomra leapa na dtuismitheoirí. ‘Tagann sé Oíche Nollag le bronntanaisí do na páistí maithe ar fad, téann sé timpeall an domhain ar charr sleamhnáin mór groí á tharraingt ag fianna draíochta, Rudolf sa phríomháit agus tá’s agam na hainmneacha eile chomh maith.’
Stop sé, agus bhreathnaigh go hamhrasach ar a sheanathair. Shíl sé go bhfaca sé deora ina shúile, ach ní fhéadfadh sin bheith ceart, an bhféadfadh?
Mhínigh an seanfhear an fhírinne don bhuachaill, agus bhí iontas arís air cé chomh réidh a ghlac Eoin leis. Bhí a fhios aige gur bheag nár bhris na deora air féin díreach roimh an insint, ach ba chosúil nach raibh sé sin tugtha faoi deara ag a gharmhac. Bhí gach rud mar ba chóir.
Ach bhí casadh fós le teacht ar an scéal. Go tobann, léim Eoin suas chuige agus rug barróg mhór air.
‘Ná bí buartha, a Dhaideo,’ ar seisean. ‘Ní abróidh muid tada le Mamó, ach leanúint leis na bronntanaisí mar a bhíodh. Cuideoidh mise leat. Beidh sé ina rún eadrainn, tusa agus mise agus Mamaí. Tá’s agam go mbrisfeadh sé croí Mhamó dá gceapfadh sí nach raibh aon Daidí na Nollag ann.’
Feasta, Nollaig 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|