Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Micheál Ó Coimín
(c. 1676-1760)



le Seán Ó Ceallaigh


I lár na seachtú haoise déag, thit pátrúnacht d’fhilí an Chláir as a chéile, agus bhí an-chás na bhfilí ag dul in olcas in aghaidh na bliana, de réir mar a bhí ionradh an Bhéarla ag fáil an ceann is fearr ar an nGaeilge i gcúrsaí léinn agus cumarsáide. Bhí lucht léinn na Gaeilge ag cúlú siar go dtí scáth an ghnáthphobail, agus bhí siadsan faoi léigear ag an mBéarla chomh maith.

Léiríonn ráiteas Bhreandáin Uí Dhoibhlin staid éadóchasach na bhfilí Gaeilge agus an seachadadh fíor dhona a rinneadh ar a gcuid filíochta agus lámhscríbhinní:

‘Fairíor, rinne ainbhios daoine a bhí iompaithe ar an Bhéarla lot agus díothú ar na molltaí den oidhreacht lámhscríofa sin. I gCo. an Chláir i dtús an 18ú haois, mar shampla, rinne bean chéile Mhicheál Coimín, Elizabeth Creagh, ar shiúl lena bhailiúchán lámhscríbhinní le drochmheas ar an Ghaeilge. An bailiúchán a bhí ag Seán Clárach Mac Dónaill agus a d’fhág sé le huacht ag an máinlia clúiteach Silbhester Ó hAllmhuráin, scaipeadh gan tuairisc iad i 1754. Céad bliain ina dhiaidh sin, más fíor scéal, tugadh duanaire Art Mac Bionaid dá gharpháistí mar bhréagán agus rinne siad báid bheaga dá dhánta le seoladh ar an abhainn. Oidhreacht lámhscríbhinní Mhuintir Uí Cheallaigh i mBaile na Scríne i gContae Dhoire, a bhí ina n-ollúna ag Ó Néill Ghleann Chon Cadhain, an teach ar mhair an taisce sin slán ann go dtí amach san 19ú haois, bhí suí faoistine le bheith ann agus dódh an t-iomlán nuair a bhí an teach á réiteach, mar gur cheap an máistir scoile go raibh baint acu leis an dubh-ealaín!’ (Foinse: Manuail de Litríocht na Gaeilge V, Breandán Ó Doibhlin)

Rugadh Micheál Ó Coimín c. 1676 i gCill Chorcráin in aice le Sráid na Cathrach. Patrick Comyn ab ainm dá athair. Coigistíodh a eastát, mar ba ríogaí é, in aimsir Chromail. Fuair sé feirm ó Iarla Thuamumhan i gCill Chorcráin i bparóiste Chill Fear Buí. Protastúnach ab ea é. Tá sé ráite gur fhuadaigh sé Harriet Stackpoole, duine de chlann mheasúil a chónaigh i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh, agus is ina honóir siúd a scríobh sé roinnt dánta:
A ainnir mhiochair bhláith go dtug mo chroí dhuit grá,
Is grá é gan bhaois gan bhréagadh,
Grá gan tnúth le tréad, grá gan súil le séad,
Is grá gan smúit gan éilneadh.
Grá ó thús go fás, is grá ó aois go bás.
Is grá a raghaidh go dlúth i gcré liom,
A chumainn dhil mo lár, ná diúltaigh-se mo pháirt,
Is gur b’annamh é le fáil ag aon bhean.
B’éigean dó í a scaoileadh ar ais lena muintir tar éis roinnt mhaith argóna agus bagartha, nuair a tháinig Stackpoole agus slua fear á héileamh. Mar a dúirt Daniel Corkery in the Hidden Ireland faoi:

Michael Coimín shared, it seemed, in some of the fleshy doings of the Squireens and hearing of these incidents, we would be perplexed if we did not know of his different station in life; even though a Gael, he could afford to have his fling, even to the breaking of the law.

I 1702 sin phós sé Elizabeth Creagh, neacht le Sir Michael Creagh, Iar-Mhéara Bhaile Átha Cliath, caitliceach le linn réim Shéamuis II. Bhí beirt mhac acu, Micheál, dochtúir leighis, agus Éamonn, a d’fhan sa bhaile.

Ba dhuine measúil é agus acmhainn saibhris aige thar aon cheann de na filí a bhí comhaimseartha leis sa Chlár, agus dá bharr tugadh gradam giúistís dó. Bhí sé umhal ina aigne do na húdráis Shasanacha, agus ní léir ar a chuid dánta go raibh féith an réabhlóideachais ann, mar a bhí ina chomhfhilí: na Cruitínigh agus Ó hUaithnín.

Dhiúltaigh sé do dhán tairngreachta Andrias Mhic Cruitín agus é ag spreagadh muintir na hÉireann chun éirí amach in aghaidh na Sasanach:
Go cúig roimh luis dá dtugadh grásta Dé
Dúinn gan dul, gan truisle d’fháil ón éag,
Ba súgach dhom ag cur husá san aer
Trí smaoineamh an chluiche coir atá le téacht.
Más súgradh san, ní himirt amhail é,
Lé mbrúfar coirp, cloigeanna, cnámha is cléibh,
Ag múchadh i muirt na droinge atá go tréan,
Is a Dhúilimh dhil, fád coimirce fágaim Gaeil.
Seo freagra an Choimínigh:
Inár sost go fóill is fearr sinn
’s an tórmach seo ’nár n-intinn,
ua na dtriath ba tréine i dtreas,
ar eagla céim dár n-aimhleas.
Dúirt an Rathaileach:

It would seem just then at least, Micheál Coimín was inclined to be very circumspect, if not timid, in his relations towards the English Authorities and did not relish a seditious document, like the poem in question, being addressed to him.’

Níl ach deich gcinn de dhánta fágtha d’fhilíocht Uí Choimín, óir dhóigh a bhean a chuid scríbhinní, toisc go raibh sí in éad le mac an Choimínigh, a bhí aige le bean eile, nó mar a dúradh os ard, gur shíl sí go mba ‘seditious documents’ iad. D’éirigh thar barr lena plean mar d’imigh an mac ó bhaile chun na Fraince nuair a cuireadh ina leith gur dhóigh sé scríbhinní a athar. Scrios sí na scríbhinní, ruaig sí an mac agus bhí an craiceann agus a luach aici. Tá fírinne na n-eachtraí sin folaithe i gceo na staire.

Is é Laoi Oisín ar Thír na nÓg an saothar is mó a luaitear leis an gCoimíneach. Is é Brian Ó Luanaigh faoi deara an cló a cuireadh amach i dTrá Lí in 1863, The Land of Youth, An Ossianic Poem, saothar filíochta 636 líne. Seo an t-aon laoi filíochta gur eol dúinn cé chum é agus ceaptar go bhfuil an saothar filíochta a rinne Ó Coimín ar chomhcéim leis na seanlaoithe filíochta arbh shaothar iliomad údar iad. Insíonn Oisín do Naomh Pádraig faoi ghaisce na Féinne, agus go háirithe faoin turas a rinne Oisín go Tír na nÓg in éineacht le Niamh Chinn Óir.
Pádraig: A Oisin bhaoith, tréig go fóill
De do ghaisce mhór ar an bhFéinn –
Conas do chuais go Tír na nÓg?
Lean dúinn gan ghó anois ar do scéal.
O vain old Oisín dwell no more
On thy deeds of yore in the Fenian ranks;
How didst thou go to Tír na nÓg?
Come let me know and I’ll owe much thanks.
Oisín: Do thugamar ár gcúl don tír
Is ár n-aghaidh go díreach glan siar,
Do thráigh an mhín-mhuir romhainn
Is do líon ina bróinntibh in ár ndiaidh.
We turned away as I truly said
And our horses head we gave to the west,
When lo! The deep sea opened before,
While behind us bore the billows that pressed.
Coinníonn Ó Coimín an ghluaiseacht sa dán agus an díocas chun eolas a fháil ar ceard a tharla sa bhealach dóibh:
Do chonaiceamar iontais in ár siúl,
Cathracha, cúirteanna ’s caisleáin,
Pioláite geala ’gus dúinte,
Grianáin lonnracha ’gus páláis.
Anon we saw in our path strange sights,
Cities on heights and castles fair,
Palaces brilliant with lights and flowers,
The brightest of bowers were gleaming there.
Bhí Piaras Beaslaí an-cháinteach ar shaothar Mhichíl:

Bhí an bua ag Micheál nár bhac le focail ársa ná le fuaimeanna ársa. Scríobh sé an Laoi de réir fuaimeanna a ghnáthaimsire féin, sin an chúis gur thaitin sé leis an ghnáthphobal. Bhí an easpa leoice ann. Dá mbeadh an mín-mhuir tráite rompu, conas a chífidís ‘ainnir ag siúl ar bharr na dtonn.

Dar leis gurb é an rann ab fhearr sa laoi an ceann a thugann cuntas ar theacht Oisín go hAlmhain, tar éis filleadh dó ó Thír na nÓg.
Ba mhór é m’iontas ansiúd
Nach bhfacthas cúirt Fhinn na sló,
Ní raibh ina hionad ann go fíor
Ach fiadhaile, flí agus neantóg.
Scríobh Ó Coimín dhá scéal rómánsaíochta ar an stíl Fiannaíochta agus 13,000 focal iontu. Chuir Eoghan Ó Neachtain ar fáil iad i 1922. Úrscéilín próis atá ann faoin teideal Eachtra Thorolbh Mhic Stairin, mac deartháir le Rí Lochlainn. Níl aon slí dó ina thír féin agus téann sé ar fud an domhain ag réiteach aighnis. Is tráthúil go mbíonn cogadh ar tí briseadh amach gach áit a mbuaileann a long an cuan, long draíochta atá dofheicthe, rud a thugann buntáiste iontach dó i gcúrsaí cogaidh. Nuair a bhíonn an cogadh buaite agus an chreach roinnte, léiríonn Ó Coimín go réalaíoch an duais atá roimhe amach:

Bhí bantracht an ríogh ann rómpa, caogad ban búidhe agus lachtna dubh agus gorm agus iad leath-lomnochtuighthe, ach amháin stráic shíoda nó cadáis casta timcheall a gcorp. Ní raibh orlach ar fad ins an bhfionnadh cas ciardubh do bhí mar ghruaig ortha amhail olann uain duibh i gcionn míosa d’aois. Do bhí lámha gach mná dhíobh, agus cheithre cuir do shuas dá n-uillionn agus fáinne fairsing óir ar crochadh as sróin gach mná acu go sroichfeadh a smigín, agus ag sin an t-iorradh agus an t-éadach do bhí ar bhantracht Ríogh na hIorruaidhe an tráth sin.

Téann sé sa tóir ar bhean álainn darbh ainm Fionnabhartach agus bíonn air teacht go hÉirinn chun í a fháil agus pósann sé í. Tar éis dó naimhde Rí na hIoruaí a chloí san Afraic Theas, santaíonn an Rí Fionnabhartach dó féin agus éilíonn sé í. Ach seolann Torolbh í ar an mbád draíochta go hÉirinn. Filleann sé féin agus maraíonn sé an Rí agus téann i gceannas na ríochta. Ach mo léann, éiríonn Fionnabhartach tinn ar bhord na loinge draíochta agus faigheann sí bás i dtír iasachta. Briseann seo croí Thoroilbh agus caoineann sé a chaill:
D’ob fhoras aithne damh-sa a bás,
An uair d’fhágas slán ag searc mo chléibh.
As mo shrón do thit trí bhraon
D’fhuil mo chroí mar chomhartha léin.

Do chailleas ríocht le cáil mná
Is gan í dá bharr agam, dá éis;
Is ormsa do rinneadh an feall,
Abhus agus thall do chailleas é.
Bíodh is go gcailleann Torolbh a bhean leanann sé ar a chamchuairt timpeall an domhain ag cur ár ar naimhde agus ag réiteach aighnis, nó gur casadh Giúdach air a d’inis scéal Íosa Chríost dó, agus scéal Pharthais: shocraigh Torolbh go bhfaigheadh sé bás, agus dá bharr go bhfeicfeadh sé Fionnarbhartach sna flaithis. Tá an ceathrú seo os cionn a uaigh:
Anso tá an laoch ina choladh go suan Tháinig chugainn ar sáil thar lear, Is mar do géill do Dhia na ndúl Tá a anam súd go sámh ar neamh.

Dar le Cathal Ó hÁinle, bhain Ó Coimín casadh as an traidisiún rómánsúil. Ní féidir úrscéal a thabhairt ar cheachtar den dá scéal, áfach, mar a dúirt Bruford: ‘Coimín’s two romances are virtually sentimental novels on the English pattern,’ ach níl aon iarracht iontu ar scagadh a dhéanamh ar charachtair na bpearsana. Fós is álainn na píosaí scríbhneoireachta iad, toisc an luas a ghabhann leo, na heachtraí agus na coimhlintí iomadúla, prós den scoth agus stíl bhreá shimplí.

Mhair eachtra áirithe i saol an Choimínigh i gcuimhne na ndaoine, eachtra a bhain le dán tírghrách ‘Ar Imirt na gCártaí’, a chum a chomhfhile Seon Ó hUaithnín as Cill Seanaigh. Cuireadh i leith an dáin agus an fhile úd gur tréas a bhí ina chuid cumadóireachta, agus cúisíodh é sa chúirt in Inis dá dheasca. Níor thuig an Giúistís an dán, agus iarradh ar Mhicheál Ó Coimín teacht agus an dán a aistriú go Béarla. Is léir go raibh muinín ag lucht údaráis as an gCoimíneach, toisc go mba thoice saibhir é, agus bhí muinín ag Ó hUaithnín as toisc go mba fhile Gaeilge agus cara é. Bhí cos aige sa dá champa.

Tháinig Ó Coimín agus cóta mór d’olann na gcaorach air, rud a tharraing scigeadh ón nGiúistís: ‘How full of frieze you are, Mr Comyn.’ ‘It’s the wool of my own sheep I wear, my Lord,’ d’fhreagair an file.

Le linn don aistriúchán a bheith ar bun ag an gCoimíneach, ghlaoigh Ó hUaithnín amach: ‘Dá gcrochtaí in aghaidh mo chos mé, tabhair a cheart dom dhán.’

Ní gá a rá gur chuir an Coimíneach leagan neamhurchóideach Béarla ar an dán agus gur saoradh Ó hUaithnín dá bharr.

Bíodh is nach raibh cáil air ó thaobh a dhearcadh polaitíochta de, bhí sé ar aon aigne le filí an Chláir agus na hÉireann, é ag móradh an Stíobhartaigh, mac Shéamuis III, agus ag tnúth lena theacht go hÉirinn go scaoilfeadh sé ár muintir ó smacht na Sasanach:
Leoghan meanmnach ceannasach lúthmhar óg
De mhór-fhuil Alban, Bhreatan is Dún an Óir,
Is cródha calma chasfaidh ’na chúirt i gcoróin,
Is Seoirse ceangailte i nglasa is gach búr dá shórt.

D’aistrigh sé cuid de Foras Feasa ar Éirinn le Céitinn go Béarla ag súil go bhfoilseofaí é, ach fuair sé bás sular foilsíodh é, agus cailleadh an lámhscríbhinn. Fuair sé bás i 1760 agus tá sé curtha i reilig Chill Fear Buí, in aice le Sráid na Cathrach agus leac os a chionn.

Foinsí

• Léas ar Ár Litríocht. Pádraig Ó Fiannachta
• Promhadh Pinn. Cathal Ó hÁinle
• Torolbh Mac Stairn, in eagar ag Eoin Ó Neachtain (gan dáta).
• Micheál Coimín. Muiris Ó Rócháin
• Micheál Ó Raghallaigh, Éilís Ní Dheá: Micheál Coimín: Jacobite, Protestant and Gaelic Poet 1676-1760
• Seon Ó hUaithnín. Eoghan Ó hAnluain
• Éigse Nua-Ghaedhilge. Piaras Béaslaí
• Laoi Oisín ar Thír na nÓg. Tomás Ó Flannghaile

Feasta, Nollaig 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais