Dán
Bráthair Bocht
le Seán Ó Leocháin
Ní raibh sé ceadaithe, a dúirt sé,
faic na ngrást a iarraidh,
ach sa chás ina gcuirfí ceist orainn
an raibh aon rud ag teastáil uainn,
idirdhealú a dhéanfadh naoimh dínn,
bhí sé ceadaithe freagra a thabhairt.
Agus nuair a d’fhiafraigh siad díom, i litir
a bhí oscailte is léite aige,
cén féirín Nollag ba mhaith liom
d’ainmnigh mé leabhar filíochta,
an chéad iomramh a rinne mé riamh
ar thonn thrioblóideach an dáin,
é léite ó chlúdach go clúdach agam
sular múchadh an Dá Lá Dhéag orainn:
Margadh na Saoire, atá i mo ghlac de thaisme
leathchéad bliain ina dhiaidh,
focail nua ó lámh nua is ó bhéal nua
agus an seanscéal céanna go deo,
é léite is seanléite ó shin agam,
chomh glan is a bhí sé riamh
ach an clúdach deannaigh ar iarraidh,
na briathra nár bheathaigh na bráithre
á méarú aon uair amháin eile,
smál dúigh ar an leathanach tosaigh
ó ainm a scriosadh amach
ach nár scriosadh amach go hiomlán,
an t-aon déirc a d’iarr mé riamh
is an t-aon déirc a tugadh riamh dom.
Feasta, Nollaig 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo