Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Ar Ár nAire! - -

Is sa tráth seo trí bliana ó shin i 2008 a cuireadh ina luí i gceart orainn chomh priaclach agus a bhí ár ngéarchéim eacnamaíoch. Seo anois an ceathrú bliain againn i ndiaidh a chéile agus sinn ar an bport céanna. Ag Dia féin atá a fhios cé mhéid bliain eile a leanfaimid amhlaidh.

Is cinnte gur beag tuairim atá ag ár n-eacnamaithe gaoismhara, ach an oiread lenár bpolaiteoirí géarchúiseacha, an fada gearr a mhairfidh ár ngéarchéim, ach is beag ina measc ná i measc an ghnáthphobail a chreideann gur beag ar fad an seans go mbeidh malairt phoirt againn go ceann dorn maith de na blianta atá romhainn.

An bhfuil aon ábhar dóchais ann dúinn mar sin, aon léas beag solais a bhainfeadh dár ngruaim? Nach léir ónár stair gur rug gábha cheana orainn agus gur thugamar na cosa linn. Ar a laghad anois, agus cé shéanfadh nach ábhar maíte agus fiú mórtais dúinn é, is gnó dúinn féin i gcónaí ár leas féin a dhéanamh. Tá an méid sin á rá go tomhaiste, agus beag beann ar lucht an doichill agus na soiniciúlachta a deireann gur mó fós de ghnó anois é do lucht maorlathais an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, nó níos measa ná sin do bhaill an Bundestag i mBeirlín.

Má tá fainic le cur orainn is é gur dual dúinn a bheith ar ár n-aire nach mbeimis ag lútáil le haon den dá dhream atá luaite, ná le haon dream eile ach oiread leo. Ní hé go bhfuilimid ag diúltú dár bhfreagracht féin maidir lenár bhfadhbanna féin, ná i ndeireadh na dála go bhfuil aon chomaoin mhór curtha ag ceachtar den dá dhream orainn, pé sa Bhruiséil nó i mBeirlín. Táimid agus beimid ag aisíoc go trom as pé botúin atá déanta againn nó iasachtaí atá faighte againn.

Gan amhras agus an oiread sin béime ar ár bhfadhbanna eacnamaíocha níl sé éasca díriú ar chúrsaí na Gaeilge mar is gnách linn ag deireadh na bliana. Is léir go bhfuil na fadhbanna sin ag cur isteach ar chás na teanga leis, agus tá baol ann go mbeifí ag teacht i dtír orthu chun faillí a dhéanamh sa chás sin. Ba thubaist bhreise é dá dtarlódh sé sin.

In am na práinne is tábhachtaí ná riamh nach ndéanfaí dearmad ar luach na teanga. Conas mar a bheadh againn dá mbeadh ár bhfadhbanna eacnamaíocha réitithe againn, ach go mbeadh an Ghaeilge caillte. Cad a bheadh le rá fúinn sa chás sin? Tá sé níos riachtanaí ná riamh go mbeadh na heagrais Ghaeilge i dteagmháil leanúnach lenár bpolaiteoirí de gach uile pháirtí agus go háirithe leis an rialtas.

B’fhéidir gur tráth é leis chun athmhachnamh a dhéanamh, ní hamháin do na heagrais ach do phobal na Gaeilge, nó fiú don phobal uile. An bhfuil teipthe orainn cás agus tábhacht na teanga a chur i láthair mar ba chóir nó mar atá riachtanach?

Nollaig shona dár léitheoirí uile.

Feasta, Nollaig 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo