Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Aontas níos Cruálaí feasta
le Seán Ó Loingsigh


Gan amhras bhí sé dlisteanach go ndíreodh na cláir seo ar an Taoiseach, ar a neamhéifeacht i gcúrsaí cumarsáide, …

****************

Ba mhór an oscailt súl dúinn é le déanaí nuair a chuir an Banc Ceannais Eorpach de cheangal orainn breis agus €700,000,000 de bhannaí neamhurraithe a aisíoc le sealbhóirí na mbannaí sin i gceann dár mbainc. Ceacht eile dúinn gan amhras ar an gcaoi a bhfuilimid anois faoi chuing ag an mBanc sin sa Bhruiséil, ach ina fhochair sin tá sé suimiúil ar chúiseanna eile ar fad.

Is cuimhin linn nuair a bhí an tAire Airgeadais Micheál Ó Nuanáin sa bhfreasúra gur shíl sé gur chóir na sealbhóirí céanna ‘a dhó’. Ní chun é a chasadh leis atáthar á lua sin: tuigimid chomh maith le duine ar bith eile nach ionann a mbíonn le rá ag polaiteoir sa bhfreasúra agus conas mar a fheidhmíonn sé i rialtas, go háirithe agus é ina Aire Airgeadais. Ní bhíonn, is léir, an scóip chéanna aige.

Ach tugann sé chun cuimhne an tréimhse chinniúnach sin bliain ó shin nuair a bhí an tAire a bhí ann roimis, Brian Ó Luineacháin, suaimhneas dá anam, ar a dhícheall ag iarraidh an tír seo a choinneáil glan ar chrúcaí an AE, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta —triaracht an mhíchlú. Bhí an Luineachánach féin ag súil go gcuirfí cuid den fhreagracht ar na bannashealbhóirí.

Aisteach go leor bhí tacaíocht áirithe aige ó dhream nach mbeifí ag súil leis, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Is ansin a chuir Timothy Geithner, Rúnaí an Státchiste sna Stáit Aontaithe, a ladar sa scéal agus é go tréan ar son go n-íocfaí gach euro rua leis na sealbhóirí. Bhí an dearcadh sin ag teacht go huile le tuairimí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus mar is eol dúinn is mar sin a tharla.

Bhí dhá chlár ar RTÉ le déanaí ag plé na ceiste seo. Bhí na cláir seo dírithe beagnach go huile ar an rúndacht a bhain leis na comhráití idir lucht an rialtais anseo agus an ‘troika’, ach go háirithe conas mar a bhí an Taoiseach agus an tAire Airgeadais ag séanadh go dtí an nóiméad deireanach ar fad go raibh staid airgeadais na tíre chomh dona sin go gcaithfí dul i muinín tarrthála nó ‘bailout’, mar a tugadh air.

Gan amhras bhí sé dlisteanach go ndíreodh na cláir seo ar an Taoiseach, ar a neamhéifeacht i gcúrsaí cumarsáide, nó fiú gur neamhshuim a bhí i gceist. Scéal eile ar fad é conas mar a dhírigh na ceamaraí isteach ar a cheannaithe nó ar a dhreach, nó an bhfuil a leithéid de chur chuige in ord ar aon chor. Gan amhras ba chomhráití fíor-thromchúiseacha maidir le saol eacnamaíoch na tíre seo a bhí i gceist agus maidir le leas an phobail sna blianta romhainn, agus d’fhéadfadh sé go mb’fhearrde an clár dá gcloítí leis na hargóintí in áit na ceamaraí a bheith chomh gafa sin le haghaidh an Taoisigh.

Pé ní faoi leithéidí Noel Dempsey agus Dermot Ahern, ba dheacair a bheith i dtrua le hiar-airí mar Mháire Ní Ainiféin nó Willie O’Dea gur fágadh ar easpa eolais iad agus iad suite ar a dtóin sa bhaile. Is léir go raibh cluiche an-chrua á imirt, go háirithe ag an Aire Airgeadais, agus nár ghéill sé an fód go dtí an nóiméad deireanach ar fad. Is dócha gur shíl sé dá dtabharfaí aon leid go raibh aon ghéilleadh i gceist go mbeadh an cluiche caillte.

Ach sin go díreach mar a tharla. Dá mhéid a dhíchill, theip ar iarrachtaí Bhriain Uí Luineacháin ‘troika’ an drochthuair a choinneáil ó dhoras. Ba léir gur shíl sé gur caitheadh go dona leis an tír seo ag na comhráití, go mór mór i gcás an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Tá an fear maith sin ar shlí na fírinne; tá Brian Cowen réidh le saol polaitiúil na tíre seo, agus tá Fianna Fáil ar strae i bhfásach polaitiúil.

Is fíor leis go bhfuil an rialtas faoi láthair ag leanacht leis na polasaithe a bhí ag an rialtas deireanach agus iad ag dul i ngleic lenár ngéarchéim eacnamaíoch, bíodh nach féidir a bheith cinnte go n-éireoidh leis an gcur chuige sin. Ní leanann sé uaidh sin, ar ndóigh, gur obair in aisce é an t-athrú rialtais a tharla i dtús na bliana!

Ach tá ceacht crua múinte dúinn ó thaobh an Aontais Eorpaigh leis. Is áit i bhfad níos crualaí é feasta, agus go háirithe níl i gceist ag an nGearmáin go mbeidh airgead ar fáil dúinn i dtreo go mbeidh slí agus stíl mhaireachtála níos fearr againn ná mar atá ag saoránaigh na tíre sin. Ní féidir milleán a leagadh ar Angela Merkel dá bharr seo. Tá sé soiléir go bhfuil polaiteoirí eile i bpáirtithe eile sa tír sin nach gceadódh é.

Is léir go bhfuil dearcadh dobhogtha na Gearmáine, an diúltú d’aon chóras bannaí Eorpacha a thiocfadh i gcabhair ar thíortha eile an Aontais a mbeadh fadhbanna acu, ina ábhar mór imní i mballtíortha eile. Is deacair a shamhlú go mbeidh ar chumas an Aontais teacht slán in éagmais a leithéid de chóras. Ag tagairt do Angela Merkel, tá sí ar dhuine de na polaiteoirí is tábhachtaí agus is cumhachtaí sa domhan faoi láthair. B’fhéidir go bhfuil cluiche dian á imirt aici maidir leis na bannaí Eorpacha, ach ní mór a bheith ag súil go bhfuil sí fadradharcach go leor go dtuigeann sí go bhfuil géarchéim ann anois atá ag méadú in aghaidh an lae.

Ní hamháin anois go bhfuil an Euro mar chóras airgeadais i mbaol, ach tá an tAontas Eorpach mar struchtúr polaitiúil i mbaol freisin. Is sa chomhthéacs sin atáthar ag caint go hoscailte ar athruithe bunúsacha ar struchtúr polaitiúil an Aontais, mura bhfuil sé le titim as a chéile ar fad. Táimid ar ais ag plé le comhdhlúthú polaitiúil nó Aontas Feidearálach Eorpach de chineál amháin nó eile.

Ní fios an mbeadh a leithéid sin aon phioc níos measa ná mar atá againn faoi láthair, nuair atá ár mbuiséad á phlé sa Bhruiséil agus sa Bhundestag i mBeirlín sula dtagann sé faoi bhráid na Dála i mBaile Átha Cliath. Nach ag Brian Ó Luineacháin a bhí an ceart agus é ag troid in aghaidh na ‘tarrthála’ úd!

Is cinnte gur beag fáilte a bheadh ag an rialtas anseo roimh an gconspóid a bheadh mar thoradh ar aon ghluaiseacht a bhféadfadh stát feidearálach a bheith mar thoradh air. Thuigfeá dóibh. Gan amhras bheadh reifreann riachtanach, ach ár gcúrsaí mar atá, agus go leor leor den tuairim nach go maith a chaith an tAontas linn le tamall anuas agus sinn i dteannta, ba shoirbhíoch an té a déarfadh go n-éireodh lena leithéid de reifreann.

Ach scéal eile ar fad, ar ndóigh, go mb’fhearr dúinn dá mbeadh an reifreann ann, agus go mb’fhearrde fós dúinn dá ndéarfaí leis an Eoraip greadadh leo! Bheimis uile ansin ar aon lenár rialtas, mar a deirtear sa Bhéarla, idir an charraig agus an blár crua.

Ó sea, tá an buiséad úd romhainn. Dá laghad a deirtear mar gheall air sea is fearr, ach go mbeidh sé go mór níos measa ná an ceann inar bhain Earnán de Blaghd dhá scilling de na seanphinsinéiri. D’éirigh sé as an bpolaitíocht go gairid ina dhiaidh sin. Nach bhféadfaí é fhágáil go mbeadh an Nollaig thart mar a bhíodh tráth!
—◊—
I measc na gciorruithe i bplean tarrthála an Rialtais tá an clár díláraithe a bhí ar bun ag an rialtas deireanach i gcás ranna rialtais agus comhlactaí fo-stáit. Thuigfí go huile go dtarlódh sé agus ár gcúrsaí eacnamaíocha mar atá. Scríobhamar cheana anseo maidir leis an drochphreas a fuair an polasaí seo, ach go háirithe san Irish Times. Mar a dúramar cheana bhí an páipéar sin drochmheastúil amach is amach, ní hamháin faoin bpolasaí féin ach chomh maith céanna faoin mbealach a bhí sé á chur i bhfeidhm.

Arís cúpla seachtain ó shin bhí siad ar an téad céanna agus a n-eagarthóirí comhshaoil agus eacnamaíochta araon ag déanamh ionsaithe fíochmhara arís eile ar an bpolasaí, agus an cur amú airgid a bhí i gceist leis.

Anois glacaimid go huile leis go raibh airí rialtais ag baint úsáide as an bpolasaí seo chun tarraingt ar a muillte féin, nó go sonrach ag aistriú oifigí go dtí a ndáilcheantair féin agus ag déanamh neamhairde den Straitéis Náisiúnta Spásúlachta ba chóir a bheith mar threoir acu.

Ach séanaimid go diongbháilte, mar a rinneadh anseo cheana, gur drochpholasaí a bhí ann i bprionsabal, dá gcuirtí i bhfeidhm é go cothrom agus go héifeachtach agus le hintinn an leas is fearr a b’fhéidir a bhaint as.

Ní chreidimid focal de go gcuirfeadh sé isteach ar éifeachtúlacht na státseirbhíse, nó go gcaithfeadh na státseirbhísigh uile a bheith i gcóngar a chéile i mBaile Átha Cliath. Nach fastaím fhollasach é sin! Nach bhfuil na daoine a aistríodh cheana féin ag obair go héifeachtach agus go lánsásúil? Nó cén fáth nach bhféadfadh comhlachtaí fo-stáit, go háirithe, feidhmiú i gCorcaigh nó i bPort Láirge, i Luimneach, i nDun Dealgan, sa Ghaillimh, in Átha Luain nó i gCill Chainnigh, nó go leor áiteanna nach iad? Is trua go gcaithfí stop a chur leis.

Feasta, Nollaig 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais