Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Luíochán ar an Aud

An tráth nár scriosadh Trá Lí
le Cian Ó Sé


Caitheann Cian Ó Sé súil siar ar eachtraí Aoine an Chéasta 1916

Le linn di a bheith ag feidhmiú ar Mhuir Bhailt, díreach tar éis meánoíche ar an 24ú Lúnasa 1914, agus í faoi luas 15 mhuir-mhíle, sháinnigh an cúrsóir Gearmánach Magdeburg í féin ar chladach ar Oileán Osmussaar. Cuid den Eastóin an t-oileán sin inniu, ach an uair úd ba chuid d’impireacht na Rúise é. Tháinig dhá chúrsóir Rúiseach, Bogatyr agus Pallada, suas léi agus scriosadar í.

D’aimsigh buíon bhordála na cóid rúnda a bhí aici ar bord. Roinn na Rúisigh na cóid sin leis na Sasanaigh. Bhí sé seo tubaisteach go leor do na Gearmánaigh, ach sara raibh deireadh na bliana istigh bhí iomlán na dtrí chód a bhí in úsáid ag cabhlach na Gearmáine i seilbh Sheomra 40 de Sheirbhís Faisnéise na Breataine. Dá thoradh seo, bhí sé ar chumas na Sasanach beagnach gach uile theachtaireacht raidió le cabhlach na Gearmáine a léamh. Cuireadh an t-eolas seo ar fáil don Aimiréal Fisher agus do mhéid áirithe dá íochtaráin, fo-oifigigh agus comhairleoirí.

Thóg sé tamall ar na Sasanaigh feidhm cheart a bhaint as an mbuntáiste seo, agus ní raibh toradh sásúil acu gur tháinig forbairt agus fás ar Sheirbhís ‘Y’ d’áisínteacht faisnéise an chabhlaigh faoi stiúir an Aimiréil Sir W. R. Hall. Sar i bhfad bhíodar in ann gach teachtaireacht raidió dar chraol Údaráis na Gearmáine a léamh, idir theachtaireachtaí cabhlaigh, ambasáide, consalacha agus eile.

Níl aon dabht, dá réir seo, ach go rabhadar in ann teachtaireachtaí idir Óglaigh na hÉireann agus na Gearmánaigh a léamh, go háirithe iad siúd trí ambasáid na Gearmáine sna Stáit Aontaithe. Bhí beagnach gach eolas acu ar an Aud, fiú sarar chuir sí chun farraige in aon chor. Cad a bheartaíodar mar sin?

Seans gur shamhlaíodar go ndéanfadh na Gaeil aithris ar ar thit amach i Latharna. Beagnach dhá bhliain roimhe sin, chruinnigh Dílseoirí an Tuaiscirt mórthimpeall an chuain. Bhí an-slua acu i dteannta a chéile agus gluaisteáin, leoraithe agus córacha eile iompair acu chun na gunnaí agus armlóin a thabhairt chun siúil as an long S. S. Clyde Valley. D’éirigh leo os cionn 200 tonna d’arm lóin, idir ghunnaí agus philéir, a thabhairt i dtír agus a dháileadh.

Is léir go raibh na Sasanaigh ag súil go dtabharfadh na Gaeil faoi bheart dá leithéid chéanna. Sheoladar cuid dá gcabhlach go hIarthar na hÉireann, á lonnú díreach fada go leor ón gcósta le nach mbeifí le feiscint ón mórthír. An long ba chumhachtaí a chuireadar anall ná an H. M. S. Gloucester. Inár gcuntaisí féin ar Éirí Amach na Cásca i 1916, tugtar ‘gun-boat’ ar an long seo. Níl sin cruinn. D’fhéadfaí ‘gun-boat’ a thabhairt ar an Helga , a sheol suas an Life agus a dhein scrios ar Bhaile Átha Cliath. Níor úsáid sí sin ach a gunna 3 orlach, ach mar sin féin, ní raibh freagra ar bith ag fórsaí na nÓglach uirthi. Ní bád dá leithéid seo an Gloucester.

Gearrchúrsóir nó light cruiser ab ea an Gloucester a bhain leis an rannóg Town Class. I longchlós William Beardmore & a Chomhlacht a tógadh í, agus ar an 28 Deireadh Fómhair 1909 a seoladh í. Ag tús an Chéad Chogaidh Mhóir is sa Mheánmhuir a bhí sí. Bhí sí páirteach san iarracht na cúrsóirí Gearmánacha SMS Goeben agus SMS Breslau a chur go tóin poill. Tharla roinnt eachtraí idir an dá chabhlach, ach d’éirigh leis na Gearmánaigh farraigí na Tuirce a bhaint amach, agus bhí ar an Gloucester filleadh ar Scapa Flow in Inse Orc, áit a raibh príomhchabhlach na Breataine lonnaithe.

I gcaitheamh mhí Mhárta agus Aibreáin cuireadh ar dualgas í amach ó chósta thiar na hÉireann. Ina teannta bhí ceithre scriosaire nó destroyers, mar chosaint in aghaidh fhomhuireáin na Gearmáine. Chomh maith leis sin bhí cúpla céad saighdiúir ar láimh ag na Sasanaigh, iad réidh le teacht i dtír áit ar bith ar an gcósta chun buíon ar bith Óglach a thimpeallú.

Le linn don Aud a bheith ar a slí go hIarthar na hÉireann, ghabh sí thar longa patróil de chuid na Sasanach, ach ligeadar léi. I gcás amháin fiú, tháinig oifigeach Sasanach ar bord. Sa leabhar a scríobh an Captaen Spindler, captaen an Aud, ina dhiaidh sin, deir sé gur chuir sé an dallamullóg ar na Sasanaigh, ach b’fhéidir gur air féin a cuireadh an dallamullóg. Níor theastaigh ó na Sasanaigh an Aud a ghabháil ag an bpointe sin. Theastaigh uathu a chinntiú go raibh an long cheart acu, agus go sroisfeadh sí ceann scríbe mar a bhí beartaithe. B’fhéidir nach rabhadar lánchinnte cén ceann scríbe a bhí i gceist, ach ba chuma cén cuan a bhainfí amach — bhíodar féin ullamh.

An amhlaidh go raibh na Sasanaigh ag súil agus ag tnúth le ‘Latharna’ eile ar an gcósta thiar? Dá ligfidís don Aud dul i dtír, na scuainí móra de na hÓglaigh a theacht chun í a dhíluchtú, agus iad féin a theacht orthu san le gunnaí móra an Gloucester, bheidís in ann smidiríní a dhéanamh de gach ní agus ár a imirt ar na hÓglaigh.

B’fhéidir go gceapann sibh nach bhfuilim ach ag tuairimíocht! Tá sé seo ag an Aimiréal Sasanach E. Keble Chatterton ina leabhar Danger Zone: The Story of the Queenstown Command:

I still have vivid recollections of that Thursday (tamall roimh an gCáisc)…. Whilst patrolling west of Berehaven… who should come along but the H.M.S. Onslow, the latest thing in destroyers, fresh from the Clyde. This lithe, grey creature, fifty feet longer than the biggest submarine, was a great surprise, for the destroyers off this coast were as rare as waterfalls in the Sahara… she had been detached by the light cruiser Gloucester… but what was H.M.S. Gloucester doing off the coast somewhere around the corner?’

Go díreach! Tá an freagra ar fáil i stair oifigiúil na loinge úd: ‘H.M.S. Gloucester lay in ambush for the Aud, and the volunteers [who] intended to collect its cargo, in the vicinity of Tralee Bay, March / April, 1916.’

Nuair nár chuaigh an Aud in aice leis an bhFianait, ní foláir nó go raibh na Sasanaigh i bponc. B’fhéidir gur cheapadar go raibh dul amú orthu gur long Gearmánach a bhí inti in aon chor. Níor dheineadar ach comhartha a thabhairt di an H.M.S. Bluebelll a leanúint go dtí an Cabha, Cóbh an lae inniu. Dá mbeidís lánchinnte gur long Gearmánach a bhí acu, bheidís i bhfad níos déine léi.

Ní raibh a fhios ag na Sasanaigh go raibh an deis caillte acu ár a imirt ar na hÓglaigh gur shéid an Captaen Spindler an tóin as an Aud ag béal Chuan Chorcaí agus gur gabhadh Ruairí Mac Easmainn.

Dá mba rud é gur tháinig an Aud isteach go dtí an Fhianait, thógfadh sé tamall ar na Gaeil í a dhiluchtú. Samhlaigh, mar sin, an Gloucester ag seoladh isteach Bá Thrá Lí. Bheadh ar a cumas an baile mór féin a bhualadh leis na gunnaí 6 orlach agus 4 orlach a bhí aici, agus bheadh sí in ann aon neach beo ar an tóchar fada amach go dtí an Aud, agus an Aud féin agus aon sprioc eile laistigh de raon ceithre go leith míle, a shéideadh san aer. Mar chomparáid: ní raibh ach gunna 3 orlach ar an Helga i mBaile Átha Cliath Seachtain na Cásca tráth ar scrios sí Halla na Saoirse. B’fhéidir go raibh an t-ádh leis na Gaeil gur chuaigh na socruithe go léir in aimhréidh.

In ionad sliogáin a chaitheamh ar an bhFianait agus ar an mbóthar go Trá Lí, thug an Gloucester aghaidh ar Chuan na Gaillimhe le linn an Éirí Amach féin, áit ar scaoil sí leis na hÓglaigh a bhí ag druidim i dtreo na Gaillimhe. Cuireadh an-chuid saighdiúirí mara i dtír uaithi, agus chaith sí sliogáin leis na páirceanna mórthimpeall ar Bhaile Áth an Rí. Tá an baile seo tamall maith istigh faoin tír agus ní mórán éifeachta a bhí leis an ngunnadóireacht seo. Ní raibh a fhios go beacht ag lucht na loinge cá raibh na Gaeil, agus ní raibh aon duine ar fáil acu le marc sprice a sholáthar dóibh agus na gunnaí a threorú. Bheadh a mhalairt de chás ann i mBá Thrá Lí, áit a mbeadh radharc oscailte acu ar gach ní.

Faoi mar a thit amach, níor chaill na Gaeil ach ceathrar: Con Keating as Cathair Saidhbhín; Charlie Monaghan as Béal Feirste; Dónal Sheehan as an gCaisleán Nua Thiar, agus is féidir Ruairí Mac Easmainn a áireamh leo san. Dá mbeadh na Sasanaigh in ann a bplean a chur i gcrích, an-seans gur ceithre scór nó ceithre chéad Óglach a bheadh séidte san aer, gaolta liom féin san áireamh. Dá dtarlódh slad dá leithéid, cá bhfios an mbeadh cogadh na Saoirse againn in aon chor. B’fhéidir gurbh é deonú Dé nár éirigh leis an Aud teacht i dtír ar an Aoine úd fadó!

Feasta, Aibreán 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais